Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.

Title
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Diarmaid,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Domhnall Gabha agus a Ingheanacha.



II.



DIARMAID Ó hÉIGEARTAIGH
do scríobh.



Thar éis breacfasta lá, dubhairt sí le Cáit
go raibh mórán gnótha ar láimh ag á
máthair, agus, ó ná raibh aon deithineas
ortha féin, go raghadh sí chum cabhrughadh léi.
Sin mar bhí. D'imthigh sí léi, acht má imthigh,
ní ar thigh a máthar thug sí aghaidh acht ar
Chóbh Chorcaighe. Ní tháinig sí a mbáireach
ná amanarthar, ná an lá n-a dhiaidh. Mheas Cáit gur i dteannta
a máthar a bhí sí, agus shíl an mhuinntir sa bhaile gur i dteannta
Cháit a bhí sí go dtáinig an Domhnach. Nuair tháinig Nóra isteach
sa tsiopa ar maidin Dia Domhnaigh d'fhiafraigh Cáit di cád n-a
thaobh ná raibh Sighle ag teacht go dtí an Aifreann.



"It is you ought to know that," arsa Nóra, go neam-
shuimeamhail.


L. 338


"O! she left me Wednesday morning to go to help ye, as
she said ye were very busy, and I did not see her since," arsa
Cáit, go ceistinneach.



"Joking you are," arsa Nóra.



"Faith it is no joking; she left here Wednesday after
breakfast and did not return since."



"We didn't see her since Sunday," arsa Nóra, go hiongantach.



"'Tis a curious state of things," arsa Cáit.



Le linn na bhfocal soin tháinig a n-athair agus a máthair an
doras isteach.



"A leithéid seo," arsa Nóra leó, agus d'innis dóibh láithreach
bonn an méid bhí thar éis tuitim amach idir í féin agus Cáit.
D'fhéachadar araon ar Cháit go ceistinneach, agus nuair dheimhnigh
sí dhóibh go raibh an scéal mar mhínigh Nóra é, chrith Domhnall
ó thalamh i n-áirde, agus do leog a máthair caolscread aisti;
agus an nóimeat 'na dhiaidh dubhairt sí: "where could she go?".
I gcionn tamaill bhig chuaidh Cáit go bosca an airgid, agus fuair
sí amach go raibh cúig phúint déag i n-easnamh air. Bhí tuairim
annsan aca cad a bhí déanta aici. T'réis Aifrinn chuireadar a
tuairisc ins gach aon bhall, agus an lá 'n-a dhiaidh sin fuaradar
scéala le congnamh na gconnstábla gur sheol sí amach ó Chóbh
Chorcaighe an Satharn roimhe sin ar bhórd luinge ag dul go
Mericeá. Ó an lá soin go lá a mbáis ní bhfuaradar a thuilleadh
tásc ná tuairisc ar Shighle.



"Acht cad do imthigh ar Bhueldon?" adéarfaidh duine éigin.



D'fhág sé Pórtsmut ar maidin Diardaoin go moch ar an
traen go Libherpúl, agus shroich sé an baile cuain sin ar an
dódhéag. Bhí dulús maith airgid taiscithe aige, mar nár scaip-
theóir é ar chor ar bith. I dteannta an airgid, bhí ualach asail de
bhréagánaibh agus de sheódaibh beaga bailighthe aige ós gach áit
ina raibh sé na trí bliadhna roimhe sin. Bhí an oiread málaí agus
boscaí beaga agus móra aige agus chífidhe ag sean-mhangaire
saidhbhir.



D'fhág sé iad go léir ag oifig na traenach nuair tháinig
sé amach i Libherpúl. Cé gur mór a bhí siubhalta aige, níor chuir
sé a shúil ar an mbaile cuain sin riamh roimhe sin. Siúd chum
siubhail é ag feicsint na cathrach. Bhí sé ag cur tuairisc ar thigh
annso agus ar shráid annsúd, acht níor bh'fhada dó mar seo nuair


L. 339


bhuail fear beag deas eolgaiseach uime bhí i n-ann eólas a
thabhairt dó ar gach nídh bhí uaidh. Ní raibh a dhóthain de sna bréag-
ánaibh fós aige, agus an fhaid bhí an giolla i n-éinfheacht leis
cheannuigh sé dó nó trí cinn eile aca. Thomhais an giolla
láithreach é.



Rug sé síos sráid é agus suas sráid eile é; thasbeáin
sé siopa breagh i n-áit do, agus ceann níos breághtha i n-áit eile
i n-a raibh rudaí ghá ndíol 'ná feaca sé fós. Níor fhág sé siopa
gan rud beag éigin a cheannach ann.



Sular fhág sé port na traenach ar maidin fuair sé eolas
cathain a sheolfadh an chéad long i mbáireach go hiath ghlas
na hÉireann. Go Baile Átha Cliath bhí an chéad cheann ag dul,
agus bhí sí chum cuan fhágaint ar a haon a chlog. Bhí an céibh go
raibh sí le fágaint suas le míle go leith ó phort na traenach, agus
ba mhó ba mhór le Bhuillí an méid sin slighe ar maidin. Cheap sé
go dtógfadh sé lóistín i n-áit éigin láimh leis an gcéibh.



"Tá dhá nídh eile uaim anois," ar seisean le n-a ghiolla; "tá
ocras ag teacht orm agus badh mhaith liom rud beag d'fhagháil le
n-ithe, agus táim ag dul go Baile Átha Cliath i mbáireach agus
badh mhaith lóistín fhagháil láimh leis an gcéibh, i gcás ná beadh an
iomad aistir ar maidin orm."



"Teasbánfad-sa toghadh lóistín duit i n-aice leis an luing,
áit ina bhfuighir ionad codlata agus biadh chomh maith agus chomh
saor agus táid siad le fagháil i Libherpúl," dubhairt an fear
eile.



"Is fearr ná riamh é," arsa Bhueldon 'na aigne féin.



"Siubhlaigh leat, máiseadh," ar seisean.



"Gaibh mar seo," ars' an fear beag.



Lean sé é agus budh ghearr gur iompuigh sé isteach i dtigh
deas glan go raibh nuadhfhéachaint agus cosamhlacht siopa air.
Ní raibh puinn earraí ar an bhfuinneóig, ná ar na cúilíní taobh
thiar den gconntabhairt. Bhí bean óg áluinn i mbun an tsiopa,
agus nuair d'iarr Bhueldon lóistín uirthi dubhairt sí go raibh soin
le fagháil aige agus fáilte. Bhí soin go maith.



"An dteastóidh dinnéar uait," dubhairt sí.



"Teastóidh," arsa Bhueldon.



"Seadh anois," ars' an giolla, "faid bheidh an biadh ghá
ullmhughadh raighmíd síos go dtí an luing."


L. 340


"Téanam ort mar sin," arsa Bhueldon.



Chuadar síos agus níor bh'fhada uatha é. Nuair bhí féachta aca
ar an árthach deas triopalach, dubhairt an giolla leis:



"Slán agat anois, níl a thuilleadh gnótha agat díomsa."



"Ná himthigh mar sin uaim," arsa Bhueldon, "fan agus beidh
dinnéar againn i dteannta a chéile, tá an lá caithte agat liom."



"Ó! go raibh maith agat, go raibh maith agat," ars' an fear
beag, "tá mo dhinnéar féin ullamh um an taca so romham sa
bhaile agus ní thógaim dinnéar i n-aon bhall eile."



"Beidh deoch againn mar sin," arsa Bhueldon.



"Ní theighim isteach i dtighthibh tábhairne i n-aon-chor," dubhairt
an fear beag ag iompáil ar a sháil agus ag cur de.



Thar éis filleadh thar n-ais go dtí an lóistín agus a dhinnéar
d'ithe chuaidh Bhueldon ar lorg a chuid earraidhe go port na
traenach, agus do thug leis iad go dtí an lóistín. Chaith sé an
chuid eile den tráthnóna ag siubhal le hais an chuain ag éisteacht
agus ag féachaint ar na faoilinn, agus na cúirliúin, agus
na seagaí ag cur an tsaoghail társa mar do órduigh Dia dhóibh.
Shroich sé an lóistín ar thuitimín na hoidhche agus chuaidh a
chodladh. Roimh dhul chum suain dó, dubhairt sé le bean an tighe
gan glaodhach air go dtí a deich a chlog ar maidin; acht mara
mothóghach sí ag éirighe um an taca soin é, gan leogaint dó
codladh níos sia. Gheall sí dhó go ndéanfadh, agus do ghuid
codladh fé chompórd dó i gcomhair na hoidhche. Sin mar fághadh
an scéal. Ní túisce sa leabaidh Bhuillí ná mar bhí sé 'n-a
chodladh. Dhúisigh sé ag amharc an lae, acht bhí an uile nídh chomh
ciúin sin nár bh'fada 'na dhúiseacht é nuair thuit toirchim throm
eile air, agus níor dhúisigh sé as go dtí abhfad amach sa lá.



Fé dheire dhúisigh sé agus phreab sé 'na shuidhe. Bhí gach aon
nídh chomh ciúin leis an uaigh agus nuair fhág sé a sheómra féin
chonnaic sé doirse na seomraí eile go léir dúnta. Bhí fhios aige
ná raibh sé ró-mhoch, agus gan moill chuaidh sé síos go dtí an
siopa, as soin go dtí an chistin, agus ón gcistin go dtí an áit i
n-ar fhág sé a thriomaga an oidhche roimhe sin, acht má chuaidh
ní raibh roimis i ngach áit aca acht na fallaí follamha. Do bhuail
agus do ghlaoidh. Ní raibh maith ann. Ní raibh freagra le fagháil
i n-aon bhall aige. Chuaidh sé suas an staidhre agus do bhuail
agus do ghlaoidh, acht má dhein ní bhfuair sé duine ná daonaidhe
beó ná marbh ann.


L. 341


Siúd amach é agus ghlaoidh isteach an chéad connstábla bhuail
uime. D'oscladar an uile sheómra agus an uile phóirse; níor
fhágadar cúil ná cúinne gan innfiúchadh go géar agus go cruinn;
acht ní raibh sciot le fagháil. Bhí a raibh aige imthighthe gan tásc
gan tuairisc. Scrios an líon tighe leó am éigin den oidhche,
agus sciobadar leó a raibh faoi iadh an tighe acht amháin na rudaí
bhí sa seómra 'n-ar chodail sé.



Faoi uair a' chluig bhí connstábla ins gach áird ag cur
tuairisc agus ag cuardach, acht ní raibh bean an tighe ná an fear
beag a thug go dtí an lóistín é, ná an cailín aimsire, ná
an garsún bhí i bhfeidhil an chapaill le fagháil thíos ná thuas. Lean
an cuardach mar seo ar feadh dhá lá. D'fhan Bhueldon fé dhídion
na gconnstáblaithe feadh an scaithimh sin, agus gan suaimhneas
nóimit aige, acht ag síormhachtnamh cad badh cheart dó dhéanamh.
Ní raibh de airgead aige thar éis an léirscrios acht dosaon
éigin scillingí, agus níor fágadh de shaidhbhreas aige acht an
t-éadach a bhí ar a chnámhaibh. Bhí an scéal go dona aige. Ní
fhéadfadh sé suidhe agus scríobh chun Sighle Ní Shíocháin. Ní leog-
fadh náire dhó an fhírinne do innsint dí, agus ní raibh ann leath-
scéal creideamhnach a cheapadh. Níor fágadh sa ghuais seo i
bhfad é.



Bhí na Sínigh agus daoine nách iad de sna náisiúnaibh buidhe ag
imirt bhradghaile ar Sheaghán Buidhe i n-imeallaibh na hIndiacha
Thoir. Chuir an Riaghaltas fógradh amach go raibh árdughadh páidh
agus céime dos na saighdiúirí agus do sna márnéalachaibh raghadh
soir, le na dtoil, chun smacht do chur ar an nDream Buidhe. Cé
go raibh Bhueldon tuirseach a dhóthain de sna tíorthaibh iasachta,
tháinig an tapa so go hádhbharach chuige. Chuir sé isteach air mar
chuirfeadh duine isteach ar phost do chuirfeadh Dia féin 'na threó.
Chuaidh sé thar n-ais ar an gcéad traen bhí ag dul go Pórtsmut
agus do sheól sé amach ar a trí a chlog an lá 'na dhiaidh ar bórd
an chéad luing d'fhág cuan ag triall ar na hIndiachaibh. Dé
Domhnaigh d'fhill sé thar n-ais ó Libherpúl - b'é seo an lá bhí ceap-
aithe aige dul chun cainte le hathair Shighle. Bhí sé ar seól thríd
an Muir Toirrian sular sgríobh Sighle an chéad litir ar a
thuairisc. Nuair shroich sé deire a chúrsa bhí sé ró-ghnóthach chun
scríobhnóireachta, agus 'na theannta san bhí fhios aige ná raibh caoi
aige ar phost fhaghail chun litir a stiúradh go hÉirinn.


L. 342


Bhí leathbhliadhain caithte sul fuair sé post oireamhnach chun
litir a stiúradh go Portláirge, cé go raibh an litir scríobhtha
ráithe, nach mór. Sa litir seo chuir sé síos go beacht ar gach
matalanng a theangmhaigh dó, agus ar na seódannaibh luachmhara
bhí aige ag teacht go hÉirinn. Agus fós, d'innis sé an teacht ar
aghaidh bhí gealltha dhó de bhárr an chúrsa thug sé. Acht bhí Sighle
imhthighthe ráithe sular shroich an litir seo siopa Cháit Ní Shíocháin.



Seachtmhain lom díreach, ó lá go á, i ndiaidh í chur sa phost,
fuair sé na cúig litreacha scríobh Sighle ar a thuairisc sular
sceinn sí ó dhídion tighe a hathar. Bhí sé anois ar a shuaimhneas i
gcuan Mhadras, agus scríobh sé freagra fada lán go béal
le grádh agus le hathtruagh, agus ag athchuingidhe uirthi gan bheith
buartha ná neamhfoidhneach, agus ag deimhniughadh dhí ná buailfidhe
bob an darna huair air nuair bheadh sé ag teacht go hÉirinn.
Dubhairt sé léi gan scríobhadh chuige i n-aonchor, mar go mbeadh
sé ag fágaint na háite sula shroichfeadh a litir é, agus go
scríobhfadh sé arís an nóimeat bhuailfeadh a long cuan i Sasana.



Tháinig na litreacha so go siopa Cháit agus do fhoscail sí iad,
agus theasbáin sí dá muinntir sa bhaile iad. Chuireadar a
gcomhairle le chéile, agus fé na gcomhairle scríobh sí chuige
go gearr, cruinn, géar, ghá chur i n-umhail dó ná raibh Sighle
le fagháil, agus ar an ádhbhar san ná raibh aon ghnó aige chun
a n-áit, ná aon fháilte ann roimis dó. Ní feacathas Bhueldon i
bPortláirge ó shoin.



Ghoill an mífhortún so go mór ar an ngabha agus ar a mhnaoi.
Chuadar deich mbliadhna i n-aostacht d'réir dollaibh i n-aon
bhliadhain amháin. Níor dhein sé dochar ar bith do sna daoinibh óga.
Siúd is go rabhadar tromchroidheach buartha n-a taobh, níor lean
sé i bhfad dóibh. Bhí an t-aos ag druidim leis an tsean-
lánamhain, agus ní raibh ionnta an oiread oibre a dhéanamh,
ná an oiread airgid a thuilleamh agus thuillidís i n-aois a hóige.



'Na theannta soin dhein imtheacht Shighle míniughadh mór ar
stáisiúntacht Dhomhnaill, i gcás, nuair hiarradh air é, gur thug sé
cead do Nóra connstábla do phósadh.



Spriosán óg do b'eadh é seo, ná raibh de aimsir curtha isteach
aige acht dhá bhliadhain go leith; agus dá dheascaibh sin ní raibh
cead pósta aige ó na uachtaránaibh.



Do fhan Nóra i dtigh a hathar an fhaid fágadh a fear san áit


L. 343


sin. Acht i gcionn bliadhna do haistrigheadh é go Cúig' Uladh,
agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur thóg sé lóistín di i bPort an
Dúin, an áit ina raibh sé féin suidhte - agus do rug sé leis
ó thuaidh í. Fear macánta ciallmhar b'eadh é, agus bhí Nóra agus
a beirt pháistí chomh socair sásta agus d'fhéadfaidís bheith.



B'fhearr le Domhnall anois ná rud mór Cáit a fheicsint
pósta. Ní raibh sí ró-óg feasta, agus bhí na deirbhshéaracha
b'óige ná í ag déanamh dóibh féin. Rud eile, níor mhaith leis í
bheith n-a haonar i mbun siopa ar thaobh sráide. Is dócha nár
mhiste léi féin leis taca éigin bheith aici i gcomhair an tsaoghail a
bhí roimpi.



Bhí fear óg de mhuinntir Dhála thar eis teacht ó Chealafóirne
agus na céadta airgid aige. Thug sé deich mbliadhna amuigh
agus i rith na haimsire sin, ní raibh sé lá díomhaoin ná lá
breóidhte. Bhí aithne mhaith ag Cáit agus é féin ar a chéile roimh
imtheacht dó. Is iomdha lá fada thug sé ag ceardchain a hathar
ag feitheamh le "peidhre" cruidhte nó le breacadh bhaint as ráinn
nó as grafán. Tuairim comhnaos do b'eadh iad. Ní raibh
aon tsúil aca i ndiaidh a chéile sular imthigh an Dálach go Merice
agus ní dóca gur chuimhnigh duine aca ar an nduine eile feadh na
ndeich mbliadhna bhí sé amuigh. Bhí sé sa bhaile mí sular casadh ar
a chéile iad lá Domhnaigh ag doras an tsiopa. Bhí Cáit taobh
thiar den chonntabhairt roimh Aifrinn nuair chuaidh a hathair thar an
bhfuinneóig, agus i n-ionad teacht isteach mar ba ghnáthach leis do
lean leis thar an doras. Bhí iongnadh uirthi cad ba fáth le na
dhul thar an doras gan teacht isteach, agus chuaidh sí go dtí
an thársigh ag amharc n-a dhiaidh. Cionus a bheadh, acht é féin
agus Mac Uí Dhála ag caint le chéile i ngoireacht trí slata
dhon doras; agus ní túisce chuir sí a ceann amach ná gur aithin
an Dálach í, agus do bheannaigh dhi go carthannach muinteartha.



Tháinig sé féin agus an gabha isteach sa siopa, agus bhí caint
agus comhrádh aca as soin go ham Aifrinn. Thug Cáit cuireadh
dhóibh araon teacht isteach thar éis Aifrinn agus do ghlacadar an
cuireadh. Chaitheadar an tráthnóna i dteannta a chéile, agus is
ag dul i gceanamhlacht ar a chéile bhí an muintir óg. Ní raibh uair
n-a dhiaidh sin go dtagadh an Dálach don tsráid ná go dtugadh sé
cuaird ar Cháit. B'é críoch an scéil é gur pósadh iad, agus
ní miste a rádh ná gur sásta an lánamhain Domhnaill Gabha agus


L. 344


Sighle Ní Chatháin an lá san. Ba bheag an iongnadh soin, mar bhí
cliamháin anois aca go raibh meas ag gach éinne air, agus rud do
b'fhearr 'ná soin, bhí meas aige fhéin air fhéin.



Níor bh'fhada dhóibh pósta nuair thosnuigheadar ar thigh nuadh a
thógáilt. I gcionn bliadhna bhí siopa agus inead comhnuidhthe aca
mhaith a dhóthain don tsráid is fearr i mBaile Átha Cliath. Bhí
áthas agus mórdhálacht anois ar chroidhe an "Chailín Deas Donn",
mar a ghlaodhadh Domhnall ar a mhnaoi, nuair bhíodh fonn spóirt
air; agus go deimhin níor mhó a háthas agus a bród ná áthas
agus bród Dhomhnaill fhéin.



Acht, fóiríor! Is annamh lá gréine gan scamall. Slán gach
éinne chloiseann é, agus an áit i n-a n-innstear é! Bádhadh fear
Nóra lá breagh gréine agus é féin agus beirt chonnstábhla eile
ag snámh.



Ní raibh na seacht mbliadhna ar fad curtha isteach aige, agus,
dá bhithin sin, ní raibh cead pósta faghálta aige. Ní raibh aon fhios
ag á mháighistiríbh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go raibh bean
agus clann aige. Leis sin ní raibh phinnse ná cabhair eile le
fagháil ag a mhnaoi ón Riaghaltas thar éis a bháis. Do fhág
sé triúr clainne aici - beirt gharsún agus cailín beag. Chaith sí
filleadh a-bhaile le n-a triúr páistí go teinnteán a máthar, go
duairc agus go dealbh. Acht bhí aon mhaith amháin sa scéal: ba
chneasta an t-inead di filleadh ar Dhomhnall agus ar Shighle, agus
ba mhaith an chabhair dóibh í anois nuair bhí a lúth ag imtheacht leis
na bliadhantaibh.



Mhaireadar i dteannta chéile go ceann dosaon éigin bliadhan
chum go bhfuair an gabha bás. Dhíoladar an áit thar éis a bháis,
agus chuadar chum comhnuidhthe go tigh Cháit. Bhí gnó ag Cáit
anois díobh. Bhí mórsheisear cloinne aici, agus siopa mór, lán
de shaidhbhreas agus de ghnó. Dá fheabhas í féin chum aghaidh
na ndaoine a tharrac uirthi, b'fhearr 'ná san a fear. Ba mhó bhí
dhá dhíol agus dhá cheannach 'na siopa ná sa sráid uile go léir.
Níl acht achar gearr ó cuireadh an tseanbhean, agus ar leabaidh
a báis thug sí moladh agus buidheachas agus altughadh do Dhia
agus dá Mac Naomhtha mar gheall ar an sólás aigne thug sógh
Cháit di.



(Críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services