Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.
Title
Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.
Author(s)
Ó hÉigeartaigh, Diarmaid,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.</title><author><persName>Ó hÉigeartaigh, Diarmaid</persName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG19-11701</note> <note type="L">337</note> <note type="B">1909</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Lughnasa, 1909</date><idno>IG19-11701</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">19</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ó hÉigeartaigh, Diarmaid</author><title>Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Domhnall Gabha agus a Ingheanacha. II.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Lughnasa, 1909</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Domhnall Gabha agus a Ingheanacha.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>II.</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>DIARMAID Ó hÉIGEARTAIGH </span> <lb n="5"/><span>do scríobh.</span></p> <lb n="6"/> <lb n="7"/><p><span>Thar éis breacfasta lá, dubhairt sí le Cáit </span> <lb n="8"/><span>go raibh mórán gnótha ar láimh ag á </span> <lb n="9"/><span>máthair, agus, ó ná raibh aon deithineas</span> <lb n="10"/><span>ortha féin, go raghadh sí chum cabhrughadh léi.</span> <lb n="11"/><span>Sin mar bhí. D'imthigh sí léi, acht má imthigh,</span> <lb n="12"/><span>ní ar thigh a máthar thug sí aghaidh acht ar </span> <lb n="13"/><span>Chóbh Chorcaighe. Ní tháinig sí a mbáireach</span> <lb n="14"/><span>ná amanarthar, ná an lá n-a dhiaidh. Mheas Cáit gur i dteannta </span> <lb n="15"/><span>a máthar a bhí sí, agus shíl an mhuinntir sa bhaile gur i dteannta</span> <lb n="16"/><span>Cháit a bhí sí go dtáinig an Domhnach. Nuair tháinig Nóra isteach</span> <lb n="17"/><span>sa tsiopa ar maidin Dia Domhnaigh d'fhiafraigh Cáit di cád n-a </span> <lb n="18"/><span>thaobh ná raibh Sighle ag teacht go dtí an Aifreann.</span></p> <lb n="19"/> <lb n="20"/><p><span>"It is you ought to know that," arsa Nóra, go neam-</span> <lb n="21"/><span>shuimeamhail.</span> <lb n="22"/></p> </div> <pb n="338"/> <div><lb n="23"/><p><span>"O! she left me Wednesday morning to go to help ye, as </span> <lb n="24"/><span>she said ye were very busy, and I did not see her since," arsa </span> <lb n="25"/><span>Cáit, go ceistinneach.</span></p> <lb n="26"/> <lb n="27"/><p><span>"Joking you are," arsa Nóra.</span></p> <lb n="28"/> <lb n="29"/><p><span>"Faith it is no joking; she left here Wednesday after </span> <lb n="30"/><span>breakfast and did not return since."</span></p> <lb n="31"/> <lb n="32"/><p><span>"We didn't see her since Sunday," arsa Nóra, go hiongantach.</span></p> <lb n="33"/> <lb n="34"/><p><span>"'Tis a curious state of things," arsa Cáit.</span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>Le linn na bhfocal soin tháinig a n-athair agus a máthair an </span> <lb n="37"/><span>doras isteach.</span></p> <lb n="38"/> <lb n="39"/><p><span>"A leithéid seo," arsa Nóra leó, agus d'innis dóibh láithreach </span> <lb n="40"/><span>bonn an méid bhí thar éis tuitim amach idir í féin agus Cáit.</span> <lb n="41"/><span>D'fhéachadar araon ar Cháit go ceistinneach, agus nuair dheimhnigh</span> <lb n="42"/><span>sí dhóibh go raibh an scéal mar mhínigh Nóra é, chrith Domhnall </span> <lb n="43"/><span>ó thalamh i n-áirde, agus do leog a máthair caolscread aisti;</span> <lb n="44"/><span>agus an nóimeat 'na dhiaidh dubhairt sí: "where could she go?".</span> <lb n="45"/><span>I gcionn tamaill bhig chuaidh Cáit go bosca an airgid, agus fuair</span> <lb n="46"/><span>sí amach go raibh cúig phúint déag i n-easnamh air. Bhí tuairim</span> <lb n="47"/><span>annsan aca cad a bhí déanta aici. T'réis Aifrinn chuireadar a </span> <lb n="48"/><span>tuairisc ins gach aon bhall, agus an lá 'n-a dhiaidh sin fuaradar </span> <lb n="49"/><span>scéala le congnamh na gconnstábla gur sheol sí amach ó Chóbh</span> <lb n="50"/><span>Chorcaighe an Satharn roimhe sin ar bhórd luinge ag dul go </span> <lb n="51"/><span>Mericeá. Ó an lá soin go lá a mbáis ní bhfuaradar a thuilleadh</span> <lb n="52"/><span>tásc ná tuairisc ar Shighle.</span></p> <lb n="53"/> <lb n="54"/><p><span>"Acht cad do imthigh ar Bhueldon?" adéarfaidh duine éigin.</span></p> <lb n="55"/> <lb n="56"/><p><span>D'fhág sé Pórtsmut ar maidin Diardaoin go moch ar an </span> <lb n="57"/><span>traen go Libherpúl, agus shroich sé an baile cuain sin ar an </span> <lb n="58"/><span>dódhéag. Bhí dulús maith airgid taiscithe aige, mar nár scaip-</span> <lb n="59"/><span>theóir é ar chor ar bith. I dteannta an airgid, bhí ualach asail de </span> <lb n="60"/><span>bhréagánaibh agus de sheódaibh beaga bailighthe aige ós gach áit </span> <lb n="61"/><span>ina raibh sé na trí bliadhna roimhe sin. Bhí an oiread málaí agus </span> <lb n="62"/><span>boscaí beaga agus móra aige agus chífidhe ag sean-mhangaire </span> <lb n="63"/><span>saidhbhir.</span></p> <lb n="64"/> <lb n="65"/><p><span>D'fhág sé iad go léir ag oifig na traenach nuair tháinig </span> <lb n="66"/><span>sé amach i Libherpúl. Cé gur mór a bhí siubhalta aige, níor chuir </span> <lb n="67"/><span>sé a shúil ar an mbaile cuain sin riamh roimhe sin. Siúd chum </span> <lb n="68"/><span>siubhail é ag feicsint na cathrach. Bhí sé ag cur tuairisc ar thigh </span> <lb n="69"/><span>annso agus ar shráid annsúd, acht níor bh'fhada dó mar seo nuair </span></p> </div> <pb n="339"/> <div><lb n="70"/><p><span>bhuail fear beag deas eolgaiseach uime bhí i n-ann eólas a </span> <lb n="71"/><span>thabhairt dó ar gach nídh bhí uaidh. Ní raibh a dhóthain de sna bréag-</span> <lb n="72"/><span>ánaibh fós aige, agus an fhaid bhí an giolla i n-éinfheacht leis</span> <lb n="73"/><span>cheannuigh sé dó nó trí cinn eile aca. Thomhais an giolla</span> <lb n="74"/><span>láithreach é.</span></p> <lb n="75"/> <lb n="76"/><p><span>Rug sé síos sráid é agus suas sráid eile é; thasbeáin </span> <lb n="77"/><span>sé siopa breagh i n-áit do, agus ceann níos breághtha i n-áit eile </span> <lb n="78"/><span>i n-a raibh rudaí ghá ndíol 'ná feaca sé fós. Níor fhág sé siopa </span> <lb n="79"/><span>gan rud beag éigin a cheannach ann.</span></p> <lb n="80"/> <lb n="81"/><p><span>Sular fhág sé port na traenach ar maidin fuair sé eolas </span> <lb n="82"/><span>cathain a sheolfadh an chéad long i mbáireach go hiath ghlas</span> <lb n="83"/><span>na hÉireann. Go Baile Átha Cliath bhí an chéad cheann ag dul,</span> <lb n="84"/><span>agus bhí sí chum cuan fhágaint ar a haon a chlog. Bhí an céibh go </span> <lb n="85"/><span>raibh sí le fágaint suas le míle go leith ó phort na traenach, agus </span> <lb n="86"/><span>ba mhó ba mhór le Bhuillí an méid sin slighe ar maidin. Cheap sé </span> <lb n="87"/><span>go dtógfadh sé lóistín i n-áit éigin láimh leis an gcéibh.</span></p> <lb n="88"/> <lb n="89"/><p><span>"Tá dhá nídh eile uaim anois," ar seisean le n-a ghiolla; "tá </span> <lb n="90"/><span>ocras ag teacht orm agus badh mhaith liom rud beag d'fhagháil le </span> <lb n="91"/><span>n-ithe, agus táim ag dul go Baile Átha Cliath i mbáireach agus </span> <lb n="92"/><span>badh mhaith lóistín fhagháil láimh leis an gcéibh, i gcás ná beadh an </span> <lb n="93"/><span>iomad aistir ar maidin orm."</span></p> <lb n="94"/> <lb n="95"/><p><span>"Teasbánfad-sa toghadh lóistín duit i n-aice leis an luing,</span> <lb n="96"/><span>áit ina bhfuighir ionad codlata agus biadh chomh maith agus chomh</span> <lb n="97"/><span>saor agus táid siad le fagháil i Libherpúl," dubhairt an fear </span> <lb n="98"/><span>eile.</span></p> <lb n="99"/> <lb n="100"/><p><span>"Is fearr ná riamh é," arsa Bhueldon 'na aigne féin.</span></p> <lb n="101"/> <lb n="102"/><p><span>"Siubhlaigh leat, máiseadh," ar seisean.</span></p> <lb n="103"/> <lb n="104"/><p><span>"Gaibh mar seo," ars' an fear beag.</span></p> <lb n="105"/> <lb n="106"/><p><span>Lean sé é agus budh ghearr gur iompuigh sé isteach i dtigh</span> <lb n="107"/><span>deas glan go raibh nuadhfhéachaint agus cosamhlacht siopa air.</span> <lb n="108"/><span>Ní raibh puinn earraí ar an bhfuinneóig, ná ar na cúilíní taobh </span> <lb n="109"/><span>thiar den gconntabhairt. Bhí bean óg áluinn i mbun an tsiopa,</span> <lb n="110"/><span>agus nuair d'iarr Bhueldon lóistín uirthi dubhairt sí go raibh soin</span> <lb n="111"/><span>le fagháil aige agus fáilte. Bhí soin go maith.</span></p> <lb n="112"/> <lb n="113"/><p><span>"An dteastóidh dinnéar uait," dubhairt sí.</span></p> <lb n="114"/> <lb n="115"/><p><span>"Teastóidh," arsa Bhueldon.</span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>"Seadh anois," ars' an giolla, "faid bheidh an biadh ghá </span> <lb n="118"/><span>ullmhughadh raighmíd síos go dtí an luing."</span> <lb n="119"/></p> </div> <pb n="340"/> <div><lb n="120"/><p><span>"Téanam ort mar sin," arsa Bhueldon.</span></p> <lb n="121"/> <lb n="122"/><p><span>Chuadar síos agus níor bh'fhada uatha é. Nuair bhí féachta aca</span> <lb n="123"/><span>ar an árthach deas triopalach, dubhairt an giolla leis:</span></p> <lb n="124"/> <lb n="125"/><p><span>"Slán agat anois, níl a thuilleadh gnótha agat díomsa."</span></p> <lb n="126"/> <lb n="127"/><p><span>"Ná himthigh mar sin uaim," arsa Bhueldon, "fan agus beidh </span> <lb n="128"/><span>dinnéar againn i dteannta a chéile, tá an lá caithte agat liom."</span></p> <lb n="129"/> <lb n="130"/><p><span>"Ó! go raibh maith agat, go raibh maith agat," ars' an fear</span> <lb n="131"/><span>beag, "tá mo dhinnéar féin ullamh um an taca so romham sa </span> <lb n="132"/><span>bhaile agus ní thógaim dinnéar i n-aon bhall eile."</span></p> <lb n="133"/> <lb n="134"/><p><span>"Beidh deoch againn mar sin," arsa Bhueldon.</span></p> <lb n="135"/> <lb n="136"/><p><span>"Ní theighim isteach i dtighthibh tábhairne i n-aon-chor," dubhairt </span> <lb n="137"/><span>an fear beag ag iompáil ar a sháil agus ag cur de.</span></p> <lb n="138"/> <lb n="139"/><p><span>Thar éis filleadh thar n-ais go dtí an lóistín agus a dhinnéar </span> <lb n="140"/><span>d'ithe chuaidh Bhueldon ar lorg a chuid earraidhe go port na </span> <lb n="141"/><span>traenach, agus do thug leis iad go dtí an lóistín. Chaith sé an </span> <lb n="142"/><span>chuid eile den tráthnóna ag siubhal le hais an chuain ag éisteacht</span> <lb n="143"/><span>agus ag féachaint ar na faoilinn, agus na cúirliúin, agus </span> <lb n="144"/><span>na seagaí ag cur an tsaoghail társa mar do órduigh Dia dhóibh.</span> <lb n="145"/><span>Shroich sé an lóistín ar thuitimín na hoidhche agus chuaidh a </span> <lb n="146"/><span>chodladh. Roimh dhul chum suain dó, dubhairt sé le bean an tighe </span> <lb n="147"/><span>gan glaodhach air go dtí a deich a chlog ar maidin; acht mara </span> <lb n="148"/><span>mothóghach sí ag éirighe um an taca soin é, gan leogaint dó </span> <lb n="149"/><span>codladh níos sia. Gheall sí dhó go ndéanfadh, agus do ghuid </span> <lb n="150"/><span>codladh fé chompórd dó i gcomhair na hoidhche. Sin mar fághadh</span> <lb n="151"/><span>an scéal. Ní túisce sa leabaidh Bhuillí ná mar bhí sé 'n-a</span> <lb n="152"/><span>chodladh. Dhúisigh sé ag amharc an lae, acht bhí an uile nídh chomh</span> <lb n="153"/><span>ciúin sin nár bh'fada 'na dhúiseacht é nuair thuit toirchim throm </span> <lb n="154"/><span>eile air, agus níor dhúisigh sé as go dtí abhfad amach sa lá.</span></p> <lb n="155"/> <lb n="156"/><p><span>Fé dheire dhúisigh sé agus phreab sé 'na shuidhe. Bhí gach aon</span> <lb n="157"/><span>nídh chomh ciúin leis an uaigh agus nuair fhág sé a sheómra féin</span> <lb n="158"/><span>chonnaic sé doirse na seomraí eile go léir dúnta. Bhí fhios aige </span> <lb n="159"/><span>ná raibh sé ró-mhoch, agus gan moill chuaidh sé síos go dtí an </span> <lb n="160"/><span>siopa, as soin go dtí an chistin, agus ón gcistin go dtí an áit i </span> <lb n="161"/><span>n-ar fhág sé a thriomaga an oidhche roimhe sin, acht má chuaidh </span> <lb n="162"/><span>ní raibh roimis i ngach áit aca acht na fallaí follamha. Do bhuail </span> <lb n="163"/><span>agus do ghlaoidh. Ní raibh maith ann. Ní raibh freagra le fagháil</span> <lb n="164"/><span>i n-aon bhall aige. Chuaidh sé suas an staidhre agus do bhuail </span> <lb n="165"/><span>agus do ghlaoidh, acht má dhein ní bhfuair sé duine ná daonaidhe</span> <lb n="166"/><span>beó ná marbh ann.</span> <lb n="167"/></p> </div> <pb n="341"/> <div><lb n="168"/><p><span>Siúd amach é agus ghlaoidh isteach an chéad connstábla bhuail</span> <lb n="169"/><span>uime. D'oscladar an uile sheómra agus an uile phóirse; níor</span> <lb n="170"/><span>fhágadar cúil ná cúinne gan innfiúchadh go géar agus go cruinn; </span> <lb n="171"/><span>acht ní raibh sciot le fagháil. Bhí a raibh aige imthighthe gan tásc </span> <lb n="172"/><span>gan tuairisc. Scrios an líon tighe leó am éigin den oidhche, </span> <lb n="173"/><span>agus sciobadar leó a raibh faoi iadh an tighe acht amháin na rudaí</span> <lb n="174"/><span>bhí sa seómra 'n-ar chodail sé.</span></p> <lb n="175"/> <lb n="176"/><p><span>Faoi uair a' chluig bhí connstábla ins gach áird ag cur </span> <lb n="177"/><span>tuairisc agus ag cuardach, acht ní raibh bean an tighe ná an fear</span> <lb n="178"/><span>beag a thug go dtí an lóistín é, ná an cailín aimsire, ná </span> <lb n="179"/><span>an garsún bhí i bhfeidhil an chapaill le fagháil thíos ná thuas. Lean</span> <lb n="180"/><span>an cuardach mar seo ar feadh dhá lá. D'fhan Bhueldon fé dhídion </span> <lb n="181"/><span>na gconnstáblaithe feadh an scaithimh sin, agus gan suaimhneas </span> <lb n="182"/><span>nóimit aige, acht ag síormhachtnamh cad badh cheart dó dhéanamh.</span> <lb n="183"/><span>Ní raibh de airgead aige thar éis an léirscrios acht dosaon </span> <lb n="184"/><span>éigin scillingí, agus níor fágadh de shaidhbhreas aige acht an </span> <lb n="185"/><span>t-éadach a bhí ar a chnámhaibh. Bhí an scéal go dona aige. Ní </span> <lb n="186"/><span>fhéadfadh sé suidhe agus scríobh chun Sighle Ní Shíocháin. Ní leog-</span> <lb n="187"/><span>fadh náire dhó an fhírinne do innsint dí, agus ní raibh ann leath-</span> <lb n="188"/><span>scéal creideamhnach a cheapadh. Níor fágadh sa ghuais seo i</span> <lb n="189"/><span>bhfad é.</span></p> <lb n="190"/> <lb n="191"/><p><span>Bhí na Sínigh agus daoine nách iad de sna náisiúnaibh buidhe ag </span> <lb n="192"/><span>imirt bhradghaile ar Sheaghán Buidhe i n-imeallaibh na hIndiacha </span> <lb n="193"/><span>Thoir. Chuir an Riaghaltas fógradh amach go raibh árdughadh páidh</span> <lb n="194"/><span>agus céime dos na saighdiúirí agus do sna márnéalachaibh raghadh</span> <lb n="195"/><span>soir, le na dtoil, chun smacht do chur ar an nDream Buidhe. Cé </span> <lb n="196"/><span>go raibh Bhueldon tuirseach a dhóthain de sna tíorthaibh iasachta,</span> <lb n="197"/><span>tháinig an tapa so go hádhbharach chuige. Chuir sé isteach air mar</span> <lb n="198"/><span>chuirfeadh duine isteach ar phost do chuirfeadh Dia féin 'na threó.</span> <lb n="199"/><span>Chuaidh sé thar n-ais ar an gcéad traen bhí ag dul go Pórtsmut </span> <lb n="200"/><span>agus do sheól sé amach ar a trí a chlog an lá 'na dhiaidh ar bórd</span> <lb n="201"/><span>an chéad luing d'fhág cuan ag triall ar na hIndiachaibh. Dé </span> <lb n="202"/><span>Domhnaigh d'fhill sé thar n-ais ó Libherpúl - b'é seo an lá bhí ceap-</span> <lb n="203"/><span>aithe aige dul chun cainte le hathair Shighle. Bhí sé ar seól thríd</span> <lb n="204"/><span>an Muir Toirrian sular sgríobh Sighle an chéad litir ar a </span> <lb n="205"/><span>thuairisc. Nuair shroich sé deire a chúrsa bhí sé ró-ghnóthach chun</span> <lb n="206"/><span>scríobhnóireachta, agus 'na theannta san bhí fhios aige ná raibh caoi </span> <lb n="207"/><span>aige ar phost fhaghail chun litir a stiúradh go hÉirinn.</span> <lb n="208"/></p> </div> <pb n="342"/> <div><lb n="209"/><p><span>Bhí leathbhliadhain caithte sul fuair sé post oireamhnach chun </span> <lb n="210"/><span>litir a stiúradh go Portláirge, cé go raibh an litir scríobhtha</span> <lb n="211"/><span>ráithe, nach mór. Sa litir seo chuir sé síos go beacht ar gach</span> <lb n="212"/><span>matalanng a theangmhaigh dó, agus ar na seódannaibh luachmhara</span> <lb n="213"/><span>bhí aige ag teacht go hÉirinn. Agus fós, d'innis sé an teacht ar </span> <lb n="214"/><span>aghaidh bhí gealltha dhó de bhárr an chúrsa thug sé. Acht bhí Sighle</span> <lb n="215"/><span>imhthighthe ráithe sular shroich an litir seo siopa Cháit Ní Shíocháin.</span></p> <lb n="216"/> <lb n="217"/><p><span>Seachtmhain lom díreach, ó lá go á, i ndiaidh í chur sa phost, </span> <lb n="218"/><span>fuair sé na cúig litreacha scríobh Sighle ar a thuairisc sular </span> <lb n="219"/><span>sceinn sí ó dhídion tighe a hathar. Bhí sé anois ar a shuaimhneas i </span> <lb n="220"/><span>gcuan Mhadras, agus scríobh sé freagra fada lán go béal</span> <lb n="221"/><span>le grádh agus le hathtruagh, agus ag athchuingidhe uirthi gan bheith</span> <lb n="222"/><span>buartha ná neamhfoidhneach, agus ag deimhniughadh dhí ná buailfidhe</span> <lb n="223"/><span>bob an darna huair air nuair bheadh sé ag teacht go hÉirinn.</span> <lb n="224"/><span>Dubhairt sé léi gan scríobhadh chuige i n-aonchor, mar go mbeadh</span> <lb n="225"/><span>sé ag fágaint na háite sula shroichfeadh a litir é, agus go </span> <lb n="226"/><span>scríobhfadh sé arís an nóimeat bhuailfeadh a long cuan i Sasana.</span></p> <lb n="227"/> <lb n="228"/><p><span>Tháinig na litreacha so go siopa Cháit agus do fhoscail sí iad,</span> <lb n="229"/><span>agus theasbáin sí dá muinntir sa bhaile iad. Chuireadar a </span> <lb n="230"/><span>gcomhairle le chéile, agus fé na gcomhairle scríobh sí chuige</span> <lb n="231"/><span>go gearr, cruinn, géar, ghá chur i n-umhail dó ná raibh Sighle </span> <lb n="232"/><span>le fagháil, agus ar an ádhbhar san ná raibh aon ghnó aige chun</span> <lb n="233"/><span>a n-áit, ná aon fháilte ann roimis dó. Ní feacathas Bhueldon i </span> <lb n="234"/><span>bPortláirge ó shoin.</span></p> <lb n="235"/> <lb n="236"/><p><span>Ghoill an mífhortún so go mór ar an ngabha agus ar a mhnaoi. </span> <lb n="237"/><span>Chuadar deich mbliadhna i n-aostacht d'réir dollaibh i n-aon </span> <lb n="238"/><span>bhliadhain amháin. Níor dhein sé dochar ar bith do sna daoinibh óga.</span> <lb n="239"/><span>Siúd is go rabhadar tromchroidheach buartha n-a taobh, níor lean </span> <lb n="240"/><span>sé i bhfad dóibh. Bhí an t-aos ag druidim leis an tsean-</span> <lb n="241"/><span>lánamhain, agus ní raibh ionnta an oiread oibre a dhéanamh,</span> <lb n="242"/><span>ná an oiread airgid a thuilleamh agus thuillidís i n-aois a hóige.</span></p> <lb n="243"/> <lb n="244"/><p><span>'Na theannta soin dhein imtheacht Shighle míniughadh mór ar </span> <lb n="245"/><span>stáisiúntacht Dhomhnaill, i gcás, nuair hiarradh air é, gur thug sé </span> <lb n="246"/><span>cead do Nóra connstábla do phósadh.</span></p> <lb n="247"/> <lb n="248"/><p><span>Spriosán óg do b'eadh é seo, ná raibh de aimsir curtha isteach </span> <lb n="249"/><span>aige acht dhá bhliadhain go leith; agus dá dheascaibh sin ní raibh </span> <lb n="250"/><span>cead pósta aige ó na uachtaránaibh.</span></p> <lb n="251"/> <lb n="252"/><p><span>Do fhan Nóra i dtigh a hathar an fhaid fágadh a fear san áit </span></p> </div> <pb n="343"/> <div><lb n="253"/><p><span>sin. Acht i gcionn bliadhna do haistrigheadh é go Cúig' Uladh,</span> <lb n="254"/><span>agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur thóg sé lóistín di i bPort an </span> <lb n="255"/><span>Dúin, an áit ina raibh sé féin suidhte - agus do rug sé leis </span> <lb n="256"/><span>ó thuaidh í. Fear macánta ciallmhar b'eadh é, agus bhí Nóra agus </span> <lb n="257"/><span>a beirt pháistí chomh socair sásta agus d'fhéadfaidís bheith. </span></p> <lb n="258"/> <lb n="259"/><p><span>B'fhearr le Domhnall anois ná rud mór Cáit a fheicsint</span> <lb n="260"/><span>pósta. Ní raibh sí ró-óg feasta, agus bhí na deirbhshéaracha</span> <lb n="261"/><span>b'óige ná í ag déanamh dóibh féin. Rud eile, níor mhaith leis í </span> <lb n="262"/><span>bheith n-a haonar i mbun siopa ar thaobh sráide. Is dócha nár </span> <lb n="263"/><span>mhiste léi féin leis taca éigin bheith aici i gcomhair an tsaoghail a</span> <lb n="264"/><span>bhí roimpi.</span></p> <lb n="265"/> <lb n="266"/><p><span>Bhí fear óg de mhuinntir Dhála thar eis teacht ó Chealafóirne </span> <lb n="267"/><span>agus na céadta airgid aige. Thug sé deich mbliadhna amuigh </span> <lb n="268"/><span>agus i rith na haimsire sin, ní raibh sé lá díomhaoin ná lá </span> <lb n="269"/><span>breóidhte. Bhí aithne mhaith ag Cáit agus é féin ar a chéile roimh</span> <lb n="270"/><span>imtheacht dó. Is iomdha lá fada thug sé ag ceardchain a hathar </span> <lb n="271"/><span>ag feitheamh le "peidhre" cruidhte nó le breacadh bhaint as ráinn</span> <lb n="272"/><span>nó as grafán. Tuairim comhnaos do b'eadh iad. Ní raibh </span> <lb n="273"/><span>aon tsúil aca i ndiaidh a chéile sular imthigh an Dálach go Merice </span> <lb n="274"/><span>agus ní dóca gur chuimhnigh duine aca ar an nduine eile feadh na </span> <lb n="275"/><span>ndeich mbliadhna bhí sé amuigh. Bhí sé sa bhaile mí sular casadh ar </span> <lb n="276"/><span>a chéile iad lá Domhnaigh ag doras an tsiopa. Bhí Cáit taobh</span> <lb n="277"/><span>thiar den chonntabhairt roimh Aifrinn nuair chuaidh a hathair thar an </span> <lb n="278"/><span>bhfuinneóig, agus i n-ionad teacht isteach mar ba ghnáthach leis do </span> <lb n="279"/><span>lean leis thar an doras. Bhí iongnadh uirthi cad ba fáth le na </span> <lb n="280"/><span>dhul thar an doras gan teacht isteach, agus chuaidh sí go dtí </span> <lb n="281"/><span>an thársigh ag amharc n-a dhiaidh. Cionus a bheadh, acht é féin</span> <lb n="282"/><span>agus Mac Uí Dhála ag caint le chéile i ngoireacht trí slata</span> <lb n="283"/><span>dhon doras; agus ní túisce chuir sí a ceann amach ná gur aithin</span> <lb n="284"/><span>an Dálach í, agus do bheannaigh dhi go carthannach muinteartha.</span></p> <lb n="285"/> <lb n="286"/><p><span>Tháinig sé féin agus an gabha isteach sa siopa, agus bhí caint </span> <lb n="287"/><span>agus comhrádh aca as soin go ham Aifrinn. Thug Cáit cuireadh</span> <lb n="288"/><span>dhóibh araon teacht isteach thar éis Aifrinn agus do ghlacadar an </span> <lb n="289"/><span>cuireadh. Chaitheadar an tráthnóna i dteannta a chéile, agus is </span> <lb n="290"/><span>ag dul i gceanamhlacht ar a chéile bhí an muintir óg. Ní raibh uair </span> <lb n="291"/><span>n-a dhiaidh sin go dtagadh an Dálach don tsráid ná go dtugadh sé </span> <lb n="292"/><span>cuaird ar Cháit. B'é críoch an scéil é gur pósadh iad, agus </span> <lb n="293"/><span>ní miste a rádh ná gur sásta an lánamhain Domhnaill Gabha agus </span></p> </div> <pb n="344"/> <div><lb n="294"/><p><span>Sighle Ní Chatháin an lá san. Ba bheag an iongnadh soin, mar bhí </span> <lb n="295"/><span>cliamháin anois aca go raibh meas ag gach éinne air, agus rud do </span> <lb n="296"/><span>b'fhearr 'ná soin, bhí meas aige fhéin air fhéin.</span></p> <lb n="297"/> <lb n="298"/><p><span>Níor bh'fhada dhóibh pósta nuair thosnuigheadar ar thigh nuadh a </span> <lb n="299"/><span>thógáilt. I gcionn bliadhna bhí siopa agus inead comhnuidhthe aca </span> <lb n="300"/><span>mhaith a dhóthain don tsráid is fearr i mBaile Átha Cliath. Bhí </span> <lb n="301"/><span>áthas agus mórdhálacht anois ar chroidhe an "Chailín Deas Donn",</span> <lb n="302"/><span>mar a ghlaodhadh Domhnall ar a mhnaoi, nuair bhíodh fonn spóirt</span> <lb n="303"/><span>air; agus go deimhin níor mhó a háthas agus a bród ná áthas</span> <lb n="304"/><span>agus bród Dhomhnaill fhéin.</span></p> <lb n="305"/> <lb n="306"/><p><span>Acht, fóiríor! Is annamh lá gréine gan scamall. Slán gach </span> <lb n="307"/><span>éinne chloiseann é, agus an áit i n-a n-innstear é! Bádhadh fear </span> <lb n="308"/><span>Nóra lá breagh gréine agus é féin agus beirt chonnstábhla eile</span> <lb n="309"/><span>ag snámh.</span></p> <lb n="310"/> <lb n="311"/><p><span>Ní raibh na seacht mbliadhna ar fad curtha isteach aige, agus, </span> <lb n="312"/><span>dá bhithin sin, ní raibh cead pósta faghálta aige. Ní raibh aon fhios </span> <lb n="313"/><span>ag á mháighistiríbh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath go raibh bean </span> <lb n="314"/><span>agus clann aige. Leis sin ní raibh phinnse ná cabhair eile le </span> <lb n="315"/><span>fagháil ag a mhnaoi ón Riaghaltas thar éis a bháis. Do fhág </span> <lb n="316"/><span>sé triúr clainne aici - beirt gharsún agus cailín beag. Chaith sí </span> <lb n="317"/><span>filleadh a-bhaile le n-a triúr páistí go teinnteán a máthar, go </span> <lb n="318"/><span>duairc agus go dealbh. Acht bhí aon mhaith amháin sa scéal: ba </span> <lb n="319"/><span>chneasta an t-inead di filleadh ar Dhomhnall agus ar Shighle, agus </span> <lb n="320"/><span>ba mhaith an chabhair dóibh í anois nuair bhí a lúth ag imtheacht leis </span> <lb n="321"/><span>na bliadhantaibh.</span></p> <lb n="322"/> <lb n="323"/><p><span>Mhaireadar i dteannta chéile go ceann dosaon éigin bliadhan </span> <lb n="324"/><span>chum go bhfuair an gabha bás. Dhíoladar an áit thar éis a bháis, </span> <lb n="325"/><span>agus chuadar chum comhnuidhthe go tigh Cháit. Bhí gnó ag Cáit </span> <lb n="326"/><span>anois díobh. Bhí mórsheisear cloinne aici, agus siopa mór, lán </span> <lb n="327"/><span>de shaidhbhreas agus de ghnó. Dá fheabhas í féin chum aghaidh</span> <lb n="328"/><span>na ndaoine a tharrac uirthi, b'fhearr 'ná san a fear. Ba mhó bhí </span> <lb n="329"/><span>dhá dhíol agus dhá cheannach 'na siopa ná sa sráid uile go léir.</span> <lb n="330"/><span>Níl acht achar gearr ó cuireadh an tseanbhean, agus ar leabaidh</span> <lb n="331"/><span>a báis thug sí moladh agus buidheachas agus altughadh do Dhia </span> <lb n="332"/><span>agus dá Mac Naomhtha mar gheall ar an sólás aigne thug sógh</span> <lb n="333"/><span>Cháit di.</span></p> <lb n="334"/> <lb n="335"/><p><span>(Críoch).</span></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services