Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. XI - Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. XI - Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. XL. - "NUAIR IS CRUAIDH DON CHAILLIGH CAITHFIDH SÍ RITH" Tá sé isteach is amach le dafhichid bliadhain ó bhí tigh comhnuidhthe 'san láthair mar a bhfuil an cheárdcha anois ar chiumhais an bhóthair, leathmhíle slighe soir ó phort na traeneach i nDoire na Saor. Tigh aonair a b'eadh é. Mar is gnáthach le tigh i mbéal bóthair phuiblidhe, bhíodh siubhal ag a lán daoine air. 'San tsaoghal úd, bhíodh lucht déirce seacht n-uaire níos iomad- amhla 'ná mar atáid indiu. Ní fheadar cia aca deaghchomhartha nó drochchomhartha ar saoghal na haimsire seo é na daoine bochta bheith ag dul i ndísc. Is fánach a chíotar aon truaghbhochtán ag taisteal na mbóthar indiu - is gnáthaighe go fada stailicidhe láidre lúthmhara leisceamhla ag imtheacht ó thigh go tigh ar lorg a
gcoda; agus - ní dhá mhaoidheamh ortha é - gan fiú sailm na mbacach ná paidear d'aon tsaghas ina bpus ag a bhfurmhór. Bhí rud eile fós a tharraing aghaidh na mbocht ar an dtigh seo áirithe. Níor tugadh riamh diúltadh d'éinne a d'iarr óstaidheacht oidhche ann ar son Dé. Níor charthannaighe Tadhg Ó Móinéal - fear an tighe - 'ná Síghle a bhean; agus níor thruaighe le Sighle naoidhe an dealbhais 'ná le Tadhg. Bhí rath dá réir sin ortha féin is ar a gcuid. Bhailigheadh buachaillidhe óga na háite isteach go tigh an Mhóinéalaigh gach oidhche gheimhridh is earraigh. Is iomdha greann is sult is caitheamh aimsire bhíodh ann aca. Dheineadh na taist- ealuidhthe a lán grinn dóibh; acht níor ghreann go dtí an greann a baineadh as imtheachtaibh mná áirithe a thóg Sighle isteach chum a bheith ina banaltra leanbh aici. Bhí sé ag druideam amach le haimsir chrúidhte na mbó tráth- nóna lae samhraidh an uair do rith ceann de leanbhaíbh an Mhóin- éalaigh isteach an doras chum a mháthar, agus saothar air. "Cad tá ort, a leanbh?" ars' an mháthair. "Ó! a mham," ar seisean, "tá bacach mná ag gabháil anoir ó Thobar na gCeann, agus tháinig scannradh orm roimpe." "Go deimhin, ní gábhadh dhuit sin, a thaisce. Nách minic roimis seo a chonnaicís mná bochta, agus féach nár dheineadar aon dóighbháil duit. Bean mhacánta is eadh í seo, leis, geobhad-sa orm." "Ní fheadar, a mham. Ní fheaca riamh im' shúilibh cinn a léith- éid seo de mhnaoi. Tá a ceann is a cosa beagnach buailte ar a chéile. Tá maide croise fé n-a hascall aice agus mála mór ar a drom. Ní fheacaís oidhre ar an gcamall go bhfuil a phictiúir i leabhar Mháirín acht í, acht an ceathramhadh cos a bheith i n-easnamh uirthe, mar gur cosmhail leis an dtríomhadh cois na maide croise." "Á! a leinbh mo chroidhe," ars an mháthair, "ní ceart bheith ag déanamh magaidh fé n-a leithéid. Nách é Dia na glóire do chúm agus do cheap í siúd chomh maith linne!" "Ó, a mháthair, nílim-se ag déanamh magaidh fúithe. Agus nách de dhéantús láimhe Dé an camall bocht leis?" "Éist, a dhalta, tá sí chughainn." D'airigheadh coiscéim na mná agus cnag-cnag an mhaide croise ar na leachachaibh páile ar an dtaobh amuigh dhen doras.
Bheannuigh an bhean bhocht do mhuinntir an tighe i n-ainm Dé agus Mhuire. Do tugadh an bheannacht chéadna dhi, agus d'iarr Sighle uirthe teacht isteach agus a scíth do leogaint. Bhí an ceart ag an leanbh ó chianaibh an uair adubhairt go raibh a ceann is a cosa beagnach buailte ar a chéile. Pé máchail a bhí ar chnáimh a droma bhí a ceann ar cromadh aici agus an t-ualach ar a muin, i dtreo nár mhíochosmhail le camall an leinbh í, acht amháin ná raibh an ceann caol uirthe. Dhein Sighle truagh an domhain di. D'fhiafruigh sí dhi cá gcuirfeadh sí fúithe an oidhche sin. "Mhaise, ní fheadar san fós," ar sise; "níor ghabhas an treo so riamh roimhe seo, agus, dá bhrígh sin, ní heolach dom aon tigh go bhfaghainn bheith istigh go maidin ann. Ní'l agam acht a bheith ag cuardach rómham." "Dhe, ná fágadh san gan lóistín oidhche thú," arsa Sighle. "Níor eitigheamair-na riamh díon na hoidhche ar éinne iarr é ar son Dé. Gheobhair adhbhar leabthan agus do leordhóthain le n-ithe agus le n-ól. Féach, suidh annsan cois an chliabháin, agus ní gábhadh dhuit corruighe as an dtoirt sin go mbeir a cóiriughadh do leabthan pé uair is mian leat do chnámha bochta do shíneadh." "Dar mo mhóide, a bhean mhórchroidheach," ars' an bhean tsiubhail, "nach é do chuireadh-se cuireadh mná an doichill. Ar a shon gur cromtha é mo chuma agus gur mall é mo thriall is iomdha áit siubhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail, agus riamh go dtí so níor tairgeadh lóistín oidhche i n-aiscidh dhom gan é iarraidh ar dtúis." "Tá fairsinge tighe annso againn," arsa Sighle, "agus ó's é Dia a bhronn orainn é is é ár ndualgas é roinnt leis na bochtaibh, A theachtairaidhe féin. Acht cad é an saghas cuireadh é siúd a fuairis ó bhean an doichill?" "Ó, náire chúiche, ní dhom-sa thug sí é. Bean a b'eadh í gur bhuail taom breoidhteachta í. Deir an seanfhocal gur fearr an t-imreas ná an t-uaigneas, acht b'fhearr leis an mnaoi seo an t-uaigneas 'ná éinne bheith ag déanamh cumhangais tighe uirthe. Tháinig cara mná di dá féachaint. Bhí an bhean bhreiodhte i n-a luighe go tréith ar a leabaidh. Ba ghairid Dia le n-a thuilleadh bhéadh i n-a cás cara nó comhursa do theacht dá bhfiosrughadh.
Níor bh'amhlaidh di-si. Chuir sí comharthaidhe sóirt d'fháilte roimh a caraid agus annsan adubhairt: "Suidh, má shuidheann tú, Acht ní deallramhthach go suidhfir, Mar bíonn deabhadh ar do leithéid choidhche Dá mbeinn-se ag ad' thigh-se, Fé mar taoi-se ag am' thigh-se, Ní stadfainn den rith sin go rachainn dtí m'thigh féin." "Nár mhíochuibhsach an t-ainmhidhe mná í" arsa Sighle, "agus nách mór an truagh éinne ná féadann an droichmhianach atá i n-a chroidhe do mhúchadh. Nár chóir go mbeadh áthas uirthe siúd duine do theacht dá fiosrughadh. Is greannmhar é meón daoine áirithe. Dá mbmeinn-se i n-inead na mná eile úd, is ró-fhada arís go dtiocfainn idir mhnaoi an doichill agus solas a dorais féin." Im briathar nach fada bhí an bhean déirce istigh gur dhein sí muinnteardhas le leanbhaíbh óga an tighe. Mheall sí chúiche i n-a hucht an té a b'óige ortha. Thug sí an maide croise mar bhréag- án do dhuine eile aca. Níor ghnáthach leo bheith chomh suaimhneasach is bhíodar an oidhche sin. Ní raibh de chabhair ban san dtigh acht Sighle bhocht féin, agus ba dheacair di teacht ar ghnóithíbh an tighe thall is abhus. Ba mhinic í dá cháiseamh go raibh sí an-chiotach gan cailín aimsire no duine éigin a thabharfadh aire dho sna leanbhaíbh dhi. I gcaitheamh na hoidhche do léirigh Gobnait, an bhean tsiubhail, a stair bheathadh do mhuinntir an tighe. Mangaire do b'eadh a fear, acht bhí sé ag tabhairt an fhásaigh le corraidheacht is dhá bhliadhain. Ní raibh éinne cloinne aca. Bhí sí i n-a mairtíneach ag na dathachaibh le chúig bliadhna. Cad a dhéin Sighle lá ar na bháireach 'ná margadh dhéanamh le Gobnait. D'fhanfadh Gobnait i mbun na leanbh go ceann bliadhna ar an áirmhithe sin tuarastail. Ní raibh aon teora le n-a feabhas chum na leanbhaidhe do bhréagadh. Is fánach a ghabhadh sí amach, acht go dtéigheadh sí chun aifrinn uair no dhó 'san mhí. Lá Fhéile Pádraig na bliadhna bhí chúcha, ámhthach, do chroith sí suas í féin, agus má dhéin is í chuir iongnadh agus alltacht ar an bpobul.
Lá breagh grianmhar a b'eadh an Lá Fhéile Pádraig sin. Bhí na sluaighte daoine ag déanamh ar an mbaile mór. Bhí coisidhthe agus marcaigh agus trucaillidhe lán de dhaoinibh ag gabháil thar brághaid ó mhaidin. Nuair bhí na ba crúidhte ag Sighle, dubhairt an bhanaltra léi go rachadh sí féin ar an mbaile mór mar gur theastuigh uaighe adhbhar gúna do cheannach. "An í do mheabhair a bheadh agat dá cailleamhaint, a bhean?" arsa Sighle. "Ciannos a mheasann tú dul ann? Ní'l trucaill a gheobhaidh an bóthar indiu ná fuil gabhtha siar fadó, agus thógfadh sé an lá uait é shiubhal; ní áirmhighim-se go mbeadh an oiread san coisidheachta ró-mhaith dhuit." "Is dóigh," arsa Gobnait, "tá bogadh agus faoiseamh agam ó sna piantaibh le cúpla lá ó chuaidh an aimsear i bhfeabhas. Beidh mé ag ciorrughadh an bhóthair liom ar mo shuaimhneas, agus béarfaidh trucaill éigin orm a thabharfaidh marcaidheacht dom." D'imthigh sí, agus bhí ag cur an bhealaigh di ar a socaracht. Do casadh Nóra Ní Mhodhráin uirthe ag crosaire an Phóna Bháin, agus má deineadh ba shuarach í an fháilte bhí ag an mnaoi eile roimpe féin ná roimh a chuideachtain. Gheobhadh duine aca marcaidheacht an uair ná faghadh beirt í, agus ba lag le tiománuidhe trucailleach duine eile d'fhágaint i n-a dhiaidh. Níor ró-fhada ag coisidhecht i dteannta chéile iad gur ghearán Gobnait ar an dtuirse. "Bí-se ag bogadh leat, a laogh," ar sise leis an mnaoi eile; "ní fhéadfad-sa coiscéim do shiubhal choidhche go n-imtheochaidh an greim tinnis seo atá i mbéal mo chléibh." Chrom Nóra ar thruaighíntheacht léi. "Ní fhágfad-sa annso id aonar thú," ar sise. "Dá dtiocfadh laige no fanntais ort, ní mhaithfeadh Dia go deo dhom é." "Ní baoghal dom, a thaisce; gread leat ar do dhicheall, nó beir déadhnach chun Aifrinn. Béad-sa id dhiaidh sara fada." B'fhearr léi anois ná rud maith go mbéadh sí scartha le Nóra. Ní fheadar sí cad é an neoimeat ina mbeadh trucaill chucha. Ba ró-ghearr ámhthach gur baineadh geit asta araon a chuir ar a mbonnaibh iad. D'airigheadar an liughraigh agus an fothrom ar an mbóthar tamall siar uatha. D'airigheadar leis sceamh gadhair, agus
chonncadar an gadhar féin ag déanamh ortha aniar agus ceo aige dá bhaint as an mbóthar. "A Mhuire na ngrás, céad moladh go deo leat," arsa Gobnait, "seo chughainn an madradh uilc. Cad a dhéanfam i n-aon chor? Cad é an crann a bhí orm-sa agus gluaiseacht amach ag aeridheacht dom féin, mise ná fuil siubhal na slighe ionnam! Cosain mé, a Nóra, a bhuidheanach, nó stollfaidh an annspioraid sin as a chéile mé. Ó, mhaise, nach ró-thruagh é mo chás! Bean iolghalrach mar mé domh chur féin i bhfionntar an bháis, agus gan sagart ná bráthair im ghaor!" Níor mhór dóibh a bheith dá gcur féin i bhfuirm chosanta um an dtaca so. Ní raibh an gadhar dhá chéad slat uatha. Is iontuigthe go ndubhairt Gobnait ina haigne féin gur bhuaine an fear a dheineann rith maith ná an té dheineann droichsheasamh. Chaith sí dhi a clóca, d'fhág sí an maide croise i mbolg an bhóthair, agus siúd fé dhéin an chlaidhe í. Ba ghearr an mhoill uirthe é chur di. Dubhairt Nóra Ní Mhodhráin gur chuaidh sí de ghlanléim thairis; acht bhí crot na háithbhéise ar chainnt Nóra, agus níor géilleadh di. Bhí Gobnait ag greadadh léi go mear trasna na ngort, agus chun a ceart a thabhairt di ba mhaith chuige í. Níor fhéach sí go raibh aon dathacha is na cnámhaibh aici, pé áit gur fhág sí i n-a diaidh iad. Dá mbeadh súil i gcúl a cinn aici an lá soin thiocfadh sí an-áiseamhail di, óir d'inneosadh sí dhi an fada uatha bhí an tóir. Dá gcaitheadh sí súil thar a gualainn siar, chuirfeadh san an iomarca moille uirthe. B'fhearr go mór fuireach no go mbéadh sí as baoghal. Nuair bhí sí ag cur di beárnan a tháinig roimpe, samhluigheadh di gur baineadh miotóg as a cois dheis. Chur sí scread uamhnach aiste, acht níor stad sí dá dianghluais- eacht ná níor tharraing srian go ndeachaidh ar bharr binne an tsean-Teampuill Léith. Pé bóthar a thug an gadhar isteach ní raibh aon radharc anois aici air. "B'fhéidir le Dia," ar sise, "nár lean sé i n-aon chor mé ó bhí Nóra aige." D'fhéach sí síos ar a cois. Bhí mion-srothán fola ar sileadh go talamh léi. "Mhaise, moladh leat, a Aoin-Mhic!" ar sise, "is orm a bhí an pláinéad an mhaidin bheannuighthe seo. Béarfaidh galar an
ghadhair mhíofhoirtiúnaigh sain anois mé, agus má théighim i measg leanbh na ndaoine úd a bhí go maith dhom nach baoghal dóibh mé! Cad a dhéanfad! Go stiúraighidh Dia ar mo leas mé!" Do theith Gobnait i ndeireadh a hanma ó chianaibh gan fiú ceileabhradh do Nóra Ní Mhodhráin. Bhí Nóra féin dá cóiriughadh féin chum reatha nó gur bhreathnuigh sí an gadhar. Ba ghéire a radharc 'ná radharc Ghobnaite. D'aithin sí an gaidhrín, agus chonnaic sí leis gur ar teicheadh bhí sé féin agus a chúis aige chuige. Ba dhéine míle uair an tóir a bhí air 'ná ar Ghobnait. Is amhlaidh a bhí galún stáin ceangailte go daingean doscaoilte dá ear- ball, agus b'fhearr leis 'ná béile maith go bhféadfadh sé scar- amhaint leis. Acht bhí san ag dul de. Níor ghábhadh d'éinne eagla bheith air roimis. Bhí a dhá dhóthain cúraim air féin i n-éagmuis bheith ag cur isteach ar Ghobnait. Ní fheadar éinne ó shoin cá fada gairid a chaith Gobnait ar mhullach binne an Teampuill Léith. D'fhill sí a-bhaile díreach agus na daoine dá nglaodhach isteach chun Aifrinn. Ar Shighle is eadh bhí fanamhaint i mbun an tighe an lá soin. Baineadh preab aiste nuair chonnaic sí Gobnait chúiche isteach, gan fiú an mhaide croise aici. "Airiú, a Ghobnait," ar sise, "cad d'imthigh ort? Tá dath milítheach an bháis ort, agus na braonacha fuaralluis ag tuiteam go talamh leat." "D'imthigh an donas orm, a Shighle," arsa Gobnait; agus d'eachtraigh sí a scéal féin agus scéal an ghadhair di. "Agus," ar sise, mar earball thiar as, "is fearra dhom dul siar go dtí an óispidéal amáireach. Má thagann gubh orm, rud a thiocfaidh, d'íosainn a bhfuil sa tigh agaibh idir óg agus críonna." "Árduigh do chos chugham go bhféachfad uirthe," arsa Sighle. Leag Gobnait a cos ar stól chúiche. D'infhiúch Sighle go géar í. "Go maithidh Dia dhuit é, a Ghobnait," ar sise, "níor bhain gadhar ná coileán greim asat, agus ní chreidim go rabhadar ar do thóir acht an oiread. Ná feiceann tú, a óinseach, gur scríobadh sceiche é seo. Dá chomhartha san féin tá dealg sceiche 'san ngearradh." Bhí a fhios ag an ndúthaigh roimh thuiteam oidhche cad iad na cúrsaidhe gur ghaibh Gobnait tríotha i gcaitheamh an lae sin.
Bhailigh cuid mhaith de sna comhursanaibh isteach i dtigh an Mhóin- éalaigh le súil go bhfaighdís nochtadh an scéil uaithe féin. "Seadh, a Ghobnait," arsa Seán Óg, máineáluidhe buachalla bhí ar an gcuideachtain, "is aoibhinn go léir linn a chlos gur chaithis díot na dathacha. Tá súil agam nach ormsa a bhronnfair iad. Tá dóthain triúir ar m'athair díobh, agus ní beag d'aon tigh aon mhairtíneach amháin ann." "Ní mór liom duitse ná d'éinne eile iad," arsa Gobnait. "Agus má theastuigheann maide croise uait, gheobhair iasacht mo mhaide-se, agus fáilte; ní bheidh aon ghnó agamsa dhe feasda. Ní fheadar an bhfuil fagháil air anois ámhthach." "Go raibh maith agat, a Ghobnait," arsa Seán. "Chuir Nóra Ní Mhodhráin do mhaide agus do chlóca i bhfolach i dtor aitinn. An inneósfá dhúinn, led' thoil, cionnus ar chaithis díot na dathacha chomh hobann san." "Ó," ar sise, "ní dócha gur i n-aoinfheacht a dh'imthigheadar. Gan amhras bhíodar ag bogadh dhíom le tamall, aganfhios dom. Nuair baintear a laincis de chaoirigh ní bhíonn a fhios aici ar dtúis í bheith bainte dhi, agus dá bhrigh sin siubhlann sí chomh crapaithe is dhein sí an fhaid a bhí an laincis fúithe. Sáthaidh gadhar léi, agus beidh fhios aici láithreach é. B'shin é díreach mo dhálta-sa. "Dar mo mhacántacht, a Ghobnait," arsa Tadhg Ó Móinéal, "acht go raghadh d'fhear dlighe freagra níos oireamhnaighe do sholáthairt do cheist Sheáin Óig." (CRÍOCH). Seo beannacht do chur Micheál Óg Ó Longáin go dtí Liam Mac Coitir, go Cluain Molt ar an 9adh lá de Bhealtaine na bliadhna 1831: Sin nochad ar chéad béithe is geanamhail gnúis, Gan foithin ar ghaéth fhraochta, ar ghailliomh ná ar dhrúcht, Go brostuightheach, béalbhéasach, dá seachaint ar phúir Don Choitireach chaomh léigheanta nach cealgach rún. Is áil liom bean cháirdeamhail óg, Is áil liom a beith ró-dheas suairc; Is áil liom a beith geanmnaidhe módhmhail, Is áil liom iomad óir léi mar dhuais.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services