Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe. XI - Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.

Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. XI - Nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí rith.
Author(s)
Ó Conchubhair, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe.



MICHEÁL Ó CONCHUBHAIR
do scríobh.



XL. - "NUAIR IS CRUAIDH DON CHAILLIGH CAITHFIDH SÍ
RITH"



Tá sé isteach is amach le dafhichid bliadhain ó
bhí tigh comhnuidhthe 'san láthair mar a bhfuil
an cheárdcha anois ar chiumhais an bhóthair,
leathmhíle slighe soir ó phort na traeneach i
nDoire na Saor. Tigh aonair a b'eadh é.
Mar is gnáthach le tigh i mbéal bóthair
phuiblidhe, bhíodh siubhal ag a lán daoine air.
'San tsaoghal úd, bhíodh lucht déirce seacht n-uaire níos iomad-
amhla 'ná mar atáid indiu. Ní fheadar cia aca deaghchomhartha nó
drochchomhartha ar saoghal na haimsire seo é na daoine bochta
bheith ag dul i ndísc. Is fánach a chíotar aon truaghbhochtán ag
taisteal na mbóthar indiu - is gnáthaighe go fada stailicidhe
láidre lúthmhara leisceamhla ag imtheacht ó thigh go tigh ar lorg a


L. 242


gcoda; agus - ní dhá mhaoidheamh ortha é - gan fiú sailm na
mbacach ná paidear d'aon tsaghas ina bpus ag a bhfurmhór.



Bhí rud eile fós a tharraing aghaidh na mbocht ar an dtigh seo
áirithe. Níor tugadh riamh diúltadh d'éinne a d'iarr óstaidheacht
oidhche ann ar son Dé. Níor charthannaighe Tadhg Ó Móinéal -
fear an tighe - 'ná Síghle a bhean; agus níor thruaighe le Sighle
naoidhe an dealbhais 'ná le Tadhg. Bhí rath dá réir sin ortha féin
is ar a gcuid.



Bhailigheadh buachaillidhe óga na háite isteach go tigh an
Mhóinéalaigh gach oidhche gheimhridh is earraigh. Is iomdha greann
is sult is caitheamh aimsire bhíodh ann aca. Dheineadh na taist-
ealuidhthe a lán grinn dóibh; acht níor ghreann go dtí an greann
a baineadh as imtheachtaibh mná áirithe a thóg Sighle isteach chum a
bheith ina banaltra leanbh aici.



Bhí sé ag druideam amach le haimsir chrúidhte na mbó tráth-
nóna lae samhraidh an uair do rith ceann de leanbhaíbh an Mhóin-
éalaigh isteach an doras chum a mháthar, agus saothar air.



"Cad tá ort, a leanbh?" ars' an mháthair.



"Ó! a mham," ar seisean, "tá bacach mná ag gabháil anoir
ó Thobar na gCeann, agus tháinig scannradh orm roimpe."



"Go deimhin, ní gábhadh dhuit sin, a thaisce. Nách minic roimis
seo a chonnaicís mná bochta, agus féach nár dheineadar aon
dóighbháil duit. Bean mhacánta is eadh í seo, leis, geobhad-sa
orm."



"Ní fheadar, a mham. Ní fheaca riamh im' shúilibh cinn a léith-
éid seo de mhnaoi. Tá a ceann is a cosa beagnach buailte ar a
chéile. Tá maide croise fé n-a hascall aice agus mála mór ar
a drom. Ní fheacaís oidhre ar an gcamall go bhfuil a phictiúir i
leabhar Mháirín acht í, acht an ceathramhadh cos a bheith i n-easnamh
uirthe, mar gur cosmhail leis an dtríomhadh cois na maide
croise."



"Á! a leinbh mo chroidhe," ars an mháthair, "ní ceart bheith ag
déanamh magaidh fé n-a leithéid. Nách é Dia na glóire do chúm
agus do cheap í siúd chomh maith linne!"



"Ó, a mháthair, nílim-se ag déanamh magaidh fúithe. Agus
nách de dhéantús láimhe Dé an camall bocht leis?"



"Éist, a dhalta, tá sí chughainn."



D'airigheadh coiscéim na mná agus cnag-cnag an mhaide
croise ar na leachachaibh páile ar an dtaobh amuigh dhen doras.


L. 243


Bheannuigh an bhean bhocht do mhuinntir an tighe i n-ainm Dé
agus Mhuire. Do tugadh an bheannacht chéadna dhi, agus d'iarr
Sighle uirthe teacht isteach agus a scíth do leogaint.



Bhí an ceart ag an leanbh ó chianaibh an uair adubhairt go raibh
a ceann is a cosa beagnach buailte ar a chéile. Pé máchail a bhí
ar chnáimh a droma bhí a ceann ar cromadh aici agus an t-ualach
ar a muin, i dtreo nár mhíochosmhail le camall an leinbh í,
acht amháin ná raibh an ceann caol uirthe.



Dhein Sighle truagh an domhain di. D'fhiafruigh sí dhi cá
gcuirfeadh sí fúithe an oidhche sin.



"Mhaise, ní fheadar san fós," ar sise; "níor ghabhas an treo
so riamh roimhe seo, agus, dá bhrígh sin, ní heolach dom aon tigh
go bhfaghainn bheith istigh go maidin ann. Ní'l agam acht a bheith
ag cuardach rómham."



"Dhe, ná fágadh san gan lóistín oidhche thú," arsa Sighle.
"Níor eitigheamair-na riamh díon na hoidhche ar éinne iarr é ar
son Dé. Gheobhair adhbhar leabthan agus do leordhóthain le n-ithe
agus le n-ól. Féach, suidh annsan cois an chliabháin, agus
ní gábhadh dhuit corruighe as an dtoirt sin go mbeir a
cóiriughadh do leabthan pé uair is mian leat do chnámha bochta
do shíneadh."



"Dar mo mhóide, a bhean mhórchroidheach," ars' an bhean
tsiubhail, "nach é do chuireadh-se cuireadh mná an doichill. Ar a
shon gur cromtha é mo chuma agus gur mall é mo thriall
is iomdha áit siubhalta agam i gcaitheamh mo shaoghail, agus riamh
go dtí so níor tairgeadh lóistín oidhche i n-aiscidh dhom gan
é iarraidh ar dtúis."



"Tá fairsinge tighe annso againn," arsa Sighle, "agus ó's é
Dia a bhronn orainn é is é ár ndualgas é roinnt leis na
bochtaibh, A theachtairaidhe féin. Acht cad é an saghas cuireadh
é siúd a fuairis ó bhean an doichill?"



"Ó, náire chúiche, ní dhom-sa thug sí é. Bean a b'eadh í gur
bhuail taom breoidhteachta í. Deir an seanfhocal gur fearr an
t-imreas ná an t-uaigneas, acht b'fhearr leis an mnaoi seo an
t-uaigneas 'ná éinne bheith ag déanamh cumhangais tighe uirthe.
Tháinig cara mná di dá féachaint. Bhí an bhean bhreiodhte i n-a
luighe go tréith ar a leabaidh. Ba ghairid Dia le n-a thuilleadh
bhéadh i n-a cás cara nó comhursa do theacht dá bhfiosrughadh.


L. 244


Níor bh'amhlaidh di-si. Chuir sí comharthaidhe sóirt d'fháilte roimh a
caraid agus annsan adubhairt:




"Suidh, má shuidheann tú,
Acht ní deallramhthach go suidhfir,
Mar bíonn deabhadh ar do leithéid choidhche
Dá mbeinn-se ag ad' thigh-se,
Fé mar taoi-se ag am' thigh-se,
Ní stadfainn den rith sin go rachainn dtí
m'thigh féin."



"Nár mhíochuibhsach an t-ainmhidhe mná í" arsa Sighle, "agus
nách mór an truagh éinne ná féadann an droichmhianach atá i n-a
chroidhe do mhúchadh. Nár chóir go mbeadh áthas uirthe siúd duine
do theacht dá fiosrughadh. Is greannmhar é meón daoine áirithe.
Dá mbmeinn-se i n-inead na mná eile úd, is ró-fhada arís go
dtiocfainn idir mhnaoi an doichill agus solas a dorais féin."



Im briathar nach fada bhí an bhean déirce istigh gur dhein sí
muinnteardhas le leanbhaíbh óga an tighe. Mheall sí chúiche i n-a
hucht an té a b'óige ortha. Thug sí an maide croise mar bhréag-
án do dhuine eile aca. Níor ghnáthach leo bheith chomh suaimhneasach
is bhíodar an oidhche sin. Ní raibh de chabhair ban san dtigh acht
Sighle bhocht féin, agus ba dheacair di teacht ar ghnóithíbh an tighe
thall is abhus. Ba mhinic í dá cháiseamh go raibh sí an-chiotach gan
cailín aimsire no duine éigin a thabharfadh aire dho sna leanbhaíbh
dhi.



I gcaitheamh na hoidhche do léirigh Gobnait, an bhean tsiubhail,
a stair bheathadh do mhuinntir an tighe. Mangaire do b'eadh a
fear, acht bhí sé ag tabhairt an fhásaigh le corraidheacht is dhá
bhliadhain. Ní raibh éinne cloinne aca. Bhí sí i n-a mairtíneach
ag na dathachaibh le chúig bliadhna.



Cad a dhéin Sighle lá ar na bháireach 'ná margadh dhéanamh le
Gobnait. D'fhanfadh Gobnait i mbun na leanbh go ceann
bliadhna ar an áirmhithe sin tuarastail.



Ní raibh aon teora le n-a feabhas chum na leanbhaidhe do
bhréagadh. Is fánach a ghabhadh sí amach, acht go dtéigheadh sí chun
aifrinn uair no dhó 'san mhí. Lá Fhéile Pádraig na bliadhna bhí
chúcha, ámhthach, do chroith sí suas í féin, agus má dhéin is í chuir
iongnadh agus alltacht ar an bpobul.


L. 245


Lá breagh grianmhar a b'eadh an Lá Fhéile Pádraig sin. Bhí
na sluaighte daoine ag déanamh ar an mbaile mór. Bhí coisidhthe
agus marcaigh agus trucaillidhe lán de dhaoinibh ag gabháil thar
brághaid ó mhaidin. Nuair bhí na ba crúidhte ag Sighle, dubhairt
an bhanaltra léi go rachadh sí féin ar an mbaile mór mar gur
theastuigh uaighe adhbhar gúna do cheannach.



"An í do mheabhair a bheadh agat dá cailleamhaint, a bhean?"
arsa Sighle. "Ciannos a mheasann tú dul ann? Ní'l trucaill
a gheobhaidh an bóthar indiu ná fuil gabhtha siar fadó, agus thógfadh
sé an lá uait é shiubhal; ní áirmhighim-se go mbeadh an oiread
san coisidheachta ró-mhaith dhuit."



"Is dóigh," arsa Gobnait, "tá bogadh agus faoiseamh agam
ó sna piantaibh le cúpla lá ó chuaidh an aimsear i bhfeabhas.
Beidh mé ag ciorrughadh an bhóthair liom ar mo shuaimhneas,
agus béarfaidh trucaill éigin orm a thabharfaidh marcaidheacht
dom."



D'imthigh sí, agus bhí ag cur an bhealaigh di ar a socaracht.
Do casadh Nóra Ní Mhodhráin uirthe ag crosaire an Phóna Bháin,
agus má deineadh ba shuarach í an fháilte bhí ag an mnaoi eile
roimpe féin ná roimh a chuideachtain. Gheobhadh duine aca
marcaidheacht an uair ná faghadh beirt í, agus ba lag le
tiománuidhe trucailleach duine eile d'fhágaint i n-a dhiaidh.
Níor ró-fhada ag coisidhecht i dteannta chéile iad gur ghearán
Gobnait ar an dtuirse.



"Bí-se ag bogadh leat, a laogh," ar sise leis an mnaoi eile;
"ní fhéadfad-sa coiscéim do shiubhal choidhche go n-imtheochaidh an
greim tinnis seo atá i mbéal mo chléibh."



Chrom Nóra ar thruaighíntheacht léi. "Ní fhágfad-sa annso id
aonar thú," ar sise. "Dá dtiocfadh laige no fanntais ort, ní
mhaithfeadh Dia go deo dhom é."



"Ní baoghal dom, a thaisce; gread leat ar do dhicheall, nó
beir déadhnach chun Aifrinn. Béad-sa id dhiaidh sara fada."



B'fhearr léi anois ná rud maith go mbéadh sí scartha le Nóra.
Ní fheadar sí cad é an neoimeat ina mbeadh trucaill chucha. Ba
ró-ghearr ámhthach gur baineadh geit asta araon a chuir ar a
mbonnaibh iad.



D'airigheadar an liughraigh agus an fothrom ar an mbóthar
tamall siar uatha. D'airigheadar leis sceamh gadhair, agus


L. 246


chonncadar an gadhar féin ag déanamh ortha aniar agus ceo aige
dá bhaint as an mbóthar.



"A Mhuire na ngrás, céad moladh go deo leat," arsa
Gobnait, "seo chughainn an madradh uilc. Cad a dhéanfam i
n-aon chor? Cad é an crann a bhí orm-sa agus gluaiseacht
amach ag aeridheacht dom féin, mise ná fuil siubhal na slighe
ionnam! Cosain mé, a Nóra, a bhuidheanach, nó stollfaidh an
annspioraid sin as a chéile mé. Ó, mhaise, nach ró-thruagh é mo
chás! Bean iolghalrach mar mé domh chur féin i bhfionntar an
bháis, agus gan sagart ná bráthair im ghaor!"



Níor mhór dóibh a bheith dá gcur féin i bhfuirm chosanta um an
dtaca so. Ní raibh an gadhar dhá chéad slat uatha. Is iontuigthe
go ndubhairt Gobnait ina haigne féin gur bhuaine an fear a
dheineann rith maith ná an té dheineann droichsheasamh. Chaith sí dhi
a clóca, d'fhág sí an maide croise i mbolg an bhóthair, agus siúd
fé dhéin an chlaidhe í. Ba ghearr an mhoill uirthe é chur di.
Dubhairt Nóra Ní Mhodhráin gur chuaidh sí de ghlanléim thairis;
acht bhí crot na háithbhéise ar chainnt Nóra, agus níor géilleadh
di.



Bhí Gobnait ag greadadh léi go mear trasna na ngort, agus
chun a ceart a thabhairt di ba mhaith chuige í. Níor fhéach sí
go raibh aon dathacha is na cnámhaibh aici, pé áit gur fhág sí i n-a
diaidh iad. Dá mbeadh súil i gcúl a cinn aici an lá soin thiocfadh
sí an-áiseamhail di, óir d'inneosadh sí dhi an fada uatha bhí
an tóir. Dá gcaitheadh sí súil thar a gualainn siar, chuirfeadh
san an iomarca moille uirthe. B'fhearr go mór fuireach no go
mbéadh sí as baoghal. Nuair bhí sí ag cur di beárnan a tháinig
roimpe, samhluigheadh di gur baineadh miotóg as a cois dheis.
Chur sí scread uamhnach aiste, acht níor stad sí dá dianghluais-
eacht ná níor tharraing srian go ndeachaidh ar bharr binne an
tsean-Teampuill Léith. Pé bóthar a thug an gadhar isteach
ní raibh aon radharc anois aici air.



"B'fhéidir le Dia," ar sise, "nár lean sé i n-aon chor mé ó
bhí Nóra aige."



D'fhéach sí síos ar a cois. Bhí mion-srothán fola ar sileadh go
talamh léi.



"Mhaise, moladh leat, a Aoin-Mhic!" ar sise, "is orm a bhí an
pláinéad an mhaidin bheannuighthe seo. Béarfaidh galar an


L. 247


ghadhair mhíofhoirtiúnaigh sain anois mé, agus má théighim i measg
leanbh na ndaoine úd a bhí go maith dhom nach baoghal dóibh mé!
Cad a dhéanfad! Go stiúraighidh Dia ar mo leas mé!"



Do theith Gobnait i ndeireadh a hanma ó chianaibh gan fiú
ceileabhradh do Nóra Ní Mhodhráin. Bhí Nóra féin dá cóiriughadh
féin chum reatha nó gur bhreathnuigh sí an gadhar. Ba ghéire a
radharc 'ná radharc Ghobnaite. D'aithin sí an gaidhrín, agus
chonnaic sí leis gur ar teicheadh bhí sé féin agus a chúis aige chuige.
Ba dhéine míle uair an tóir a bhí air 'ná ar Ghobnait. Is amhlaidh
a bhí galún stáin ceangailte go daingean doscaoilte dá ear-
ball, agus b'fhearr leis 'ná béile maith go bhféadfadh sé scar-
amhaint leis. Acht bhí san ag dul de. Níor ghábhadh d'éinne eagla
bheith air roimis. Bhí a dhá dhóthain cúraim air féin i n-éagmuis
bheith ag cur isteach ar Ghobnait.



Ní fheadar éinne ó shoin cá fada gairid a chaith Gobnait ar
mhullach binne an Teampuill Léith. D'fhill sí a-bhaile díreach agus
na daoine dá nglaodhach isteach chun Aifrinn. Ar Shighle is eadh
bhí fanamhaint i mbun an tighe an lá soin. Baineadh preab aiste
nuair chonnaic sí Gobnait chúiche isteach, gan fiú an mhaide croise
aici.



"Airiú, a Ghobnait," ar sise, "cad d'imthigh ort? Tá dath
milítheach an bháis ort, agus na braonacha fuaralluis ag tuiteam
go talamh leat."



"D'imthigh an donas orm, a Shighle," arsa Gobnait; agus
d'eachtraigh sí a scéal féin agus scéal an ghadhair di. "Agus,"
ar sise, mar earball thiar as, "is fearra dhom dul siar go dtí
an óispidéal amáireach. Má thagann gubh orm, rud a thiocfaidh,
d'íosainn a bhfuil sa tigh agaibh idir óg agus críonna."



"Árduigh do chos chugham go bhféachfad uirthe," arsa Sighle.



Leag Gobnait a cos ar stól chúiche. D'infhiúch Sighle go
géar í.



"Go maithidh Dia dhuit é, a Ghobnait," ar sise, "níor bhain
gadhar ná coileán greim asat, agus ní chreidim go rabhadar
ar do thóir acht an oiread. Ná feiceann tú, a óinseach, gur
scríobadh sceiche é seo. Dá chomhartha san féin tá dealg sceiche
'san ngearradh."



Bhí a fhios ag an ndúthaigh roimh thuiteam oidhche cad iad
na cúrsaidhe gur ghaibh Gobnait tríotha i gcaitheamh an lae sin.


L. 248


Bhailigh cuid mhaith de sna comhursanaibh isteach i dtigh an Mhóin-
éalaigh le súil go bhfaighdís nochtadh an scéil uaithe féin.



"Seadh, a Ghobnait," arsa Seán Óg, máineáluidhe buachalla bhí
ar an gcuideachtain, "is aoibhinn go léir linn a chlos gur chaithis
díot na dathacha. Tá súil agam nach ormsa a bhronnfair iad. Tá
dóthain triúir ar m'athair díobh, agus ní beag d'aon tigh aon
mhairtíneach amháin ann."



"Ní mór liom duitse ná d'éinne eile iad," arsa Gobnait.
"Agus má theastuigheann maide croise uait, gheobhair iasacht mo
mhaide-se, agus fáilte; ní bheidh aon ghnó agamsa dhe feasda.
Ní fheadar an bhfuil fagháil air anois ámhthach."



"Go raibh maith agat, a Ghobnait," arsa Seán. "Chuir Nóra
Ní Mhodhráin do mhaide agus do chlóca i bhfolach i dtor aitinn.
An inneósfá dhúinn, led' thoil, cionnus ar chaithis díot na dathacha
chomh hobann san."



"Ó," ar sise, "ní dócha gur i n-aoinfheacht a dh'imthigheadar.
Gan amhras bhíodar ag bogadh dhíom le tamall, aganfhios dom.
Nuair baintear a laincis de chaoirigh ní bhíonn a fhios aici ar
dtúis í bheith bainte dhi, agus dá bhrigh sin siubhlann sí chomh
crapaithe is dhein sí an fhaid a bhí an laincis fúithe. Sáthaidh
gadhar léi, agus beidh fhios aici láithreach é. B'shin é díreach mo
dhálta-sa.



"Dar mo mhacántacht, a Ghobnait," arsa Tadhg Ó Móinéal,
"acht go raghadh d'fhear dlighe freagra níos oireamhnaighe do
sholáthairt do cheist Sheáin Óig."



(CRÍOCH).



Seo beannacht do chur Micheál Óg Ó Longáin go dtí Liam Mac Coitir, go
Cluain Molt ar an 9adh lá de Bhealtaine na bliadhna 1831:



Sin nochad ar chéad béithe is geanamhail gnúis,
Gan foithin ar ghaéth fhraochta, ar ghailliomh ná ar dhrúcht,
Go brostuightheach, béalbhéasach, dá seachaint ar phúir
Don Choitireach chaomh léigheanta nach cealgach rún.



Is áil liom bean cháirdeamhail óg,
Is áil liom a beith ró-dheas suairc;
Is áil liom a beith geanmnaidhe módhmhail,
Is áil liom iomad óir léi mar dhuais.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services