Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. SANAS GRAMADAIGH. Leabhar beag é seo do chnuasuigh Tomás O Nualláin a seanleabhraibh Ghaedhilge. I bhfuirm foclóra atá, agus tá samhlaídí ar n-a gcur síos aige dá lán focal ann. Sin mar adeir Tomás i mbrollach an leabhair. Deimhniughadh air sin iseadh an leabhar féin. Molaimíd saothar Thomáis do léightheoiríbh an IRISLEABHAIR. Ná bíodh aon duine aca in éaghmuis. Muinntir Ghill atá ghá chur amach, agus scilling a fhiacha. THE DUNDALGAN PRESS. Fuaireamar ón bhfear gur leis an Dundalgan Press .i. Mr. W. Tempest roinnt cart i gcóir na Gaedhilge a mhúineadh ar an modh díreach. "The Cuchulainn Modh Díreach Charts" a tugtar ortha. Táid siad ar n-a gcur le chéile go maith is go hoireamhnach, agus soin fé réir múinteóra de sna múin- teóiríbh is fearr i nÉirinn. Tá an sreath roinnte i ndtreanaibh: Coróinn, fiacha gach coda. I nÉirinn do ceapadh is do deineadh an uile bhlogha dhíobh. Ní beag soin. Tá "County Louth Archaeological Journal" ar láimh againn ón bhfear gcéadna. Déanfam tagairt dó an mhí seo chughainn. THE IRISH POEMS OF ALFRED PERCIVAL GRAVES. Tá's ag gach éinne gur bh'é Graves a cheap an t-amhrán Béarla úd "Father O'Flynn". Tá ár dtuairim féin againn i dtaobh an t-amhráin sin agus i dtaobh amhrán nach é de chuid Graves. Acht seo dhá cheann de leabhraibh taitneamhacha go bhfuighfar ionnta seoda a thaitneoghaidh leis an uile dhuine. Tá rian saothair Chonnradh na Gaedhilge ar na leabhraibh seo go soiléir. Is maith an comhartha é sin. Ní dóigh linn go bhfuil Gaedheal i nÉirinn d'fhéadfadh a rádh go bhfuil leabharlann aige agus é i n-easnamh an dá leabhar so. Badh mhaith an dheise ar aon leabharlainn iad. THE CONDEMNED READER. Tá súil againn go gcuirfidh gach léightheóir den IRISLEABHAR fios ar an leabhar so. Is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Bhrúin is Nualláin ar scilling is leathréal. In' fhochair sin gheobhain an t-éilightheóir leabhrín ag cur síos ar an bpléidhe atá ghá dhéanamh amuigh mar gheall air. Badh mhór an éagcóir ar scoláiríbh scoile na ceachtanna breághtha san leabhar so a cheilt ortha. Gan amhrus tá an ceart dá dhéanamh ag Muinntir Bhrúin is Nualláin agus an cheist a phléidhe os comhair an tsaoghail. Tá súil agam go n-éireóghaidh leo. MÁIRE BHUIDHE. THE BELL-BRANCH I measc lucht saothruighthe leabhar i nÉirinn ní dóigh liom go bhfuil le fagháil indiu samhail na druinge ar dtugtar Maunsel and Co., Ltd. Aon duine gur mian leis leabhar deas deaghchlúduighthe, go ndearna an uile ruaine de i nÉirinn, is ann gheobhaidh sé é. B'fhéidir ná taitneoghadh leat an earradh bhíonn sa leabhar i gcomhnuidhe; ní baoghal ná go dtaitneoghaidh leat deilbh agus déanamh an leabhair. Seo leabhar beag deas filidheachta. Fóríor gur i mBéarla atá sé. The Bell-Branch an ainm atá air; agus James H. Cousins .i. Séamus O Coisín
a scríbh is a cheap a bhfuil ann. Seo mar chuireann sé síos ar "thinfeith" an fhile: Dóigh gur sa Ghaedhilg do fríth. Ná dubhairt descipul de dhesciplaibh Óengusso: Ba clos damhsa gnímha Iar n-ól fína fáidhe; Dúibhse an céadol chuala: Limm na duana dáimhe. SONGS OF ORIEL. Cnuasach beag de dhántaibh Béarla is eadh é seo. Tá éin-nídh amháin n-a bhfabhar ar aon chuma; baineann a bhfurmhór le hÉirinn. Tá's againn gur Gaedheal maith agus Gaedhilgeóir an t-ughdar .i. Seán Leslie, agus b'fhéidir go bhfuighmís giota nó dhó uaidh i dteangain na nGaedheal sa chéad leabhar eile chuirfe sé uaidh. Dhéanfadh an leabhar beag so feidhm mar bhronntanus Nodlag. Tá féith mhaith filidheachta i Seán, agus an mheanma is an dírghe nóis is dual d'Oirghiallach. Go maire sé a ghradam. Muinntir Mhaunsel atá gá chur amach, agus scilling a fhiacha. BROWNE'S DIARIES FOR 1909. Is beag duine sa ré seo an léighinn is na leabhar ná cleachtann cunntuisí agus tuairiscí a choimeád. Táid áisí iongantacha chuige seo dá ndíol ag Muinntir Bhrúin is Nualláin, agus is dóigh liom gur cheart mhuinntir na hÉireann earraidhe a deintar i nÉireann a cheannach, agus na hearraidhe iasachta a shéanadh. Iad féin a clóbhualann na leabhair seo, agus a chlúduigheann iad. Cuirid ionnta páipéar a deintear i nÉireann. Agus an bhfuil Éireannach ann a iarrfadh a thuilleadh? Táim deimhnitheach dhe ná fuil. Is féidir leabhar aca d'fhagháil ar scilling ná féadfaidh a bhárr a sholáthar i n-aon bhall. Beidh an t-an-éileamh ortha. LON AN CHAIRN. CÁRTAÍ NODLAG. Chuir Muinntir Bhrúin is Nualláin ag triall orainn cnuasach de chártaí Nodlag chun go mbeadh fhios aca cad is dóigh linn díobh. Tá a bheag nó a mhór den Ghaedhilg ortha go léir, agus cuid aca ná fuil ortha acht Gaedhilg ar fad. Cártaí iad so nár nár do Ghaedheal feidhm a bhaint asta. Muinntir Bhrúin is Nualláin féin a dhein an clóbhualadh ortha agus furmhór den deilbhghrafadh. Tá cuid aca greannta de réir sean-cheárdaidheacht na nGaedheal agus badh dheacair iad-san a shárúghadh. Táid cártaí ortha a oirfidh do gach n-aon, agus an té ná fuigheadh a shásamh ann, ní dócha gur féidir é shásamh. CÚIRT AN MHEADHÁN-OIDHCHE. Táid Muinntir Maunsel chun an "Chúirt" a chur amach arís dúinn. Tá cúram na hoibre ar an Oirbh. Frainsias Ó Conaill, Canónach, darab comhainm dílseachta is urrama An tÁrddhraoi. Na daoine go bhfuil aithne aca ar an Árddhraoi déarfaid nach miste an obair d'fhágaint fé. Bíodh súil agaibh leis gan moill, a léightheóirí. IMLEABHAR XIX. Isé seo an chéad uimhir den naomhadh imleabhar déag againn. An mhí seo chughainn, le congnamh Dé cuirfam amach clár innste agus leathanach i gcóir teidil an leabhair.
NA PRÍOMH-RUDAÍ. I. - CLÓ. An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin. Tá anois i dtigh clódóireacht cló miotaileach de gach aon tsaghas. Is miar soin DÚINNE. I n-ár monarcha tá na clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir- eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair thar barr a cheap. Mar soin níl agat le deanamh acht an obair sin atá agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn agus labhróchamuid mar gheall uirthi. AN CLÓ-CHUMANN, TEO., SR. MHÓR NA TRÁGHA 68-71, BAILE ÁTHA CLIATH. GUTHÁN 1555.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services