Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



SANAS GRAMADAIGH.



Leabhar beag é seo do chnuasuigh Tomás O Nualláin a seanleabhraibh
Ghaedhilge. I bhfuirm foclóra atá, agus tá samhlaídí ar n-a gcur síos aige dá
lán focal ann.



Sin mar adeir Tomás i mbrollach an leabhair. Deimhniughadh air sin iseadh
an leabhar féin. Molaimíd saothar Thomáis do léightheoiríbh an IRISLEABHAIR.
Ná bíodh aon duine aca in éaghmuis. Muinntir Ghill atá ghá chur amach, agus
scilling a fhiacha.



THE DUNDALGAN PRESS.



Fuaireamar ón bhfear gur leis an Dundalgan Press .i. Mr. W. Tempest
roinnt cart i gcóir na Gaedhilge a mhúineadh ar an modh díreach. "The
Cuchulainn Modh Díreach Charts" a tugtar ortha. Táid siad ar n-a gcur le
chéile go maith is go hoireamhnach, agus soin fé réir múinteóra de sna múin-
teóiríbh is fearr i nÉirinn. Tá an sreath roinnte i ndtreanaibh:



Coróinn, fiacha gach coda. I nÉirinn do ceapadh is do deineadh an uile bhlogha
dhíobh. Ní beag soin.



Tá "County Louth Archaeological Journal" ar láimh againn ón bhfear
gcéadna. Déanfam tagairt dó an mhí seo chughainn.



THE IRISH POEMS OF ALFRED PERCIVAL GRAVES.



Tá's ag gach éinne gur bh'é Graves a cheap an t-amhrán Béarla úd "Father
O'Flynn". Tá ár dtuairim féin againn i dtaobh an t-amhráin sin agus i dtaobh
amhrán nach é de chuid Graves. Acht seo dhá cheann de leabhraibh taitneamhacha go
bhfuighfar ionnta seoda a thaitneoghaidh leis an uile dhuine. Tá rian saothair
Chonnradh na Gaedhilge ar na leabhraibh seo go soiléir. Is maith an comhartha é
sin. Ní dóigh linn go bhfuil Gaedheal i nÉirinn d'fhéadfadh a rádh go bhfuil
leabharlann aige agus é i n-easnamh an dá leabhar so. Badh mhaith an dheise ar
aon leabharlainn iad.



THE CONDEMNED READER.



Tá súil againn go gcuirfidh gach léightheóir den IRISLEABHAR fios ar an
leabhar so. Is féidir é fhagháil ó Mhuinntir Bhrúin is Nualláin ar scilling is
leathréal. In' fhochair sin gheobhain an t-éilightheóir leabhrín ag cur síos ar an
bpléidhe atá ghá dhéanamh amuigh mar gheall air.



Badh mhór an éagcóir ar scoláiríbh scoile na ceachtanna breághtha san
leabhar so a cheilt ortha. Gan amhrus tá an ceart dá dhéanamh ag Muinntir
Bhrúin is Nualláin agus an cheist a phléidhe os comhair an tsaoghail. Tá súil
agam go n-éireóghaidh leo.



MÁIRE BHUIDHE.



THE BELL-BRANCH



I measc lucht saothruighthe leabhar i nÉirinn ní dóigh liom go bhfuil le fagháil
indiu samhail na druinge ar dtugtar Maunsel and Co., Ltd. Aon duine gur mian
leis leabhar deas deaghchlúduighthe, go ndearna an uile ruaine de i nÉirinn, is
ann gheobhaidh sé é. B'fhéidir ná taitneoghadh leat an earradh bhíonn sa leabhar i
gcomhnuidhe; ní baoghal ná go dtaitneoghaidh leat deilbh agus déanamh an
leabhair. Seo leabhar beag deas filidheachta. Fóríor gur i mBéarla atá sé.
The Bell-Branch an ainm atá air; agus James H. Cousins .i. Séamus O Coisín


L. 620


a scríbh is a cheap a bhfuil ann. Seo mar chuireann sé síos ar "thinfeith" an
fhile:



Dóigh gur sa Ghaedhilg do fríth. Ná dubhairt descipul de dhesciplaibh
Óengusso:




Ba clos damhsa gnímha
Iar n-ól fína fáidhe;
Dúibhse an céadol chuala:
Limm na duana dáimhe.



SONGS OF ORIEL.



Cnuasach beag de dhántaibh Béarla is eadh é seo. Tá éin-nídh amháin n-a
bhfabhar ar aon chuma; baineann a bhfurmhór le hÉirinn. Tá's againn gur
Gaedheal maith agus Gaedhilgeóir an t-ughdar .i. Seán Leslie, agus b'fhéidir go
bhfuighmís giota nó dhó uaidh i dteangain na nGaedheal sa chéad leabhar eile
chuirfe sé uaidh. Dhéanfadh an leabhar beag so feidhm mar bhronntanus Nodlag.
Tá féith mhaith filidheachta i Seán, agus an mheanma is an dírghe nóis is dual
d'Oirghiallach. Go maire sé a ghradam. Muinntir Mhaunsel atá gá chur amach,
agus scilling a fhiacha.



BROWNE'S DIARIES FOR 1909.



Is beag duine sa ré seo an léighinn is na leabhar ná cleachtann cunntuisí
agus tuairiscí a choimeád. Táid áisí iongantacha chuige seo dá ndíol ag
Muinntir Bhrúin is Nualláin, agus is dóigh liom gur cheart mhuinntir na
hÉireann earraidhe a deintar i nÉireann a cheannach, agus na hearraidhe iasachta
a shéanadh. Iad féin a clóbhualann na leabhair seo, agus a chlúduigheann iad.
Cuirid ionnta páipéar a deintear i nÉireann. Agus an bhfuil Éireannach ann a
iarrfadh a thuilleadh? Táim deimhnitheach dhe ná fuil. Is féidir leabhar aca
d'fhagháil ar scilling ná féadfaidh a bhárr a sholáthar i n-aon bhall. Beidh an
t-an-éileamh ortha.



LON AN CHAIRN.



CÁRTAÍ NODLAG.



Chuir Muinntir Bhrúin is Nualláin ag triall orainn cnuasach de chártaí
Nodlag chun go mbeadh fhios aca cad is dóigh linn díobh. Tá a bheag nó a mhór
den Ghaedhilg ortha go léir, agus cuid aca ná fuil ortha acht Gaedhilg ar fad.
Cártaí iad so nár nár do Ghaedheal feidhm a bhaint asta. Muinntir Bhrúin is
Nualláin féin a dhein an clóbhualadh ortha agus furmhór den deilbhghrafadh. Tá
cuid aca greannta de réir sean-cheárdaidheacht na nGaedheal agus badh dheacair
iad-san a shárúghadh. Táid cártaí ortha a oirfidh do gach n-aon, agus an té ná
fuigheadh a shásamh ann, ní dócha gur féidir é shásamh.



CÚIRT AN MHEADHÁN-OIDHCHE.



Táid Muinntir Maunsel chun an "Chúirt" a chur amach arís dúinn. Tá
cúram na hoibre ar an Oirbh. Frainsias Ó Conaill, Canónach, darab comhainm
dílseachta is urrama An tÁrddhraoi. Na daoine go bhfuil aithne aca ar an
Árddhraoi déarfaid nach miste an obair d'fhágaint fé. Bíodh súil agaibh leis
gan moill, a léightheóirí.



IMLEABHAR XIX.



Isé seo an chéad uimhir den naomhadh imleabhar déag againn. An mhí seo
chughainn, le congnamh Dé cuirfam amach clár innste agus leathanach i gcóir
teidil an leabhair.


L. 620a


NA PRÍOMH-RUDAÍ.



I. - CLÓ.



An uair a chéad-chuireadh clódóireacht ar bun ní raibh
ann acht cló adhmaid. Acht d'imthigh na laetheannta
so. Sul i bhfad do chumadh an cló miotaileach. Ní
baintear úsáid as an cló adhmaid anois acht do'n
bhfoillseán agus obair de'n tsaghas soin.



Tá anois i dtigh clódóireacht cló miotaileach de
gach aon tsaghas.



Is miar soin DÚINNE. I n-ár monarcha tá na
clodha is fearr atá ag baint le ceárd na clódóir-
eachta. Ar an ádhbhar soin is féidir dúinn obair
thar barr a cheap.



Mar soin níl agat le deanamh acht an obair sin atá
agat a chur chugainn INDIU. Nó buail isteach chugainn
agus labhróchamuid mar gheall uirthi.



AN CLÓ-CHUMANN, TEO.,
SR. MHÓR NA TRÁGHA 68-71, BAILE ÁTHA CLIATH.
GUTHÁN 1555.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services