Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal Oidhre an Fheasa.
Title
Sgéal Oidhre an Fheasa.
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéal Oidhre an Fheasa. MÍCHEÁL MAG RUAIDHRÍ do shaothruigh. A bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir bhí oidhre óg ann agus bhí sé an-ghlic. Bhí eolas aige ar a lán neithe nár fhéad na hógánaigh bhí ann le n-a linn meabhair ar bith a bhaint astú. Bhí go maith is ní raibh go dona. Budh é bunáite a chuid oibre i rith an gheimhridh ag léigheadh na bpláinéad is ag baint mórán eolais astú. Bhí sé mar sin ar feadh tamaill fhada agus, a dhearbhráthair mo chroidhe thú, thug sé faoi deara aon oidhche amháin, l'éis ceann de na réal- taibh dul os cionn an bhuaile-bhodach, go mbeith sé pósta ag inghin ceárduidhe. Níor thaithnigh an t-eolas sin leis - fear ríoghamh- lachta mar é, é bheith 'n-a gheineamhaint inghean bhodaigh a bheith aige mar chéile mná - agus tar éis an eolais sin, staid sé gan a bheith ag léigheadh na bpláinéad is thoisigh sé ag seilg mar bhí gléas seilge aige. Bhí sé ag smaoineadh i gcomhnuidhe i dtaobh an chailín a bhí le fagháil aige agus bhí imnidhe mhór air, lá ar lá, le faitchíos nach mbeith an óig-bhean seo gnaoidheamhail. Tar éis cúrsa seilge a chur ó n-a chosaibh aon lá amháin, nuair d'fhill sé a-bhaile, bhí sgéala roimhe 'ghá fhiafruighe ina leithéid seo dh'áit, lá ar n-a bhárach. Bhí an áit thimcheall is leith-chéad míle óna bhaile féin ins an áit a rabh oidhrí na gconndae ag fiadhach is ag fionn-sgaradh is ag pionnsuidheacht le aclaidheacht cos agus lámh. Mar ba mac ríogh le bainríoghain a bhí ann, ní loicfeadh sé gan a dhul ann, cébí bás a bhí i ndán dó; agus annsin, a dhearbh- ráthair mo chroidhe, thug sé focal na faire dá chuid searbhfhoghan- taidhe cuirp iad a bheith 'na suidhe le sgread na maidne is a chuid caiple seilge bheith úmaighste acú agus go mbeith seisean ollmhuighthe an t-am céadna. Lá ar n-a bhárach ghluais sé féin is a dhá shearbhfhoghantaidhe déag cuirp ar a n-aisdir fhada, agus, gan bhréig is gan mhagadh,
bhí caiple maithe fútha 'gá n-iomchar. Bhí siad ag imtheacht is ag síor-imtheacht, agus leis an fhuadar a bhí fútha níor fhéad le fear acú an fear eile fheiceál le ceo de stúir an bhóthair bhí siad a' thógail, agus, a ghrádh mo chroidhe, ní rabh siad a bhfad ná i ngearr ag sroitheachtáil faithche na pionnsuidheachta. Ar an móiméid a thainic siad i láthair na n-oidhrí a bhí cruinn rómpa, thoisigh siad ag búirthíl "Oidhre an Feasa!" mar b'in é a ainm imeasg na n-oidhrí eile, agus mar gheall ar a bheith i n-ann fios a innsint roimh ré, ní raibh spéis ar bith acú ann. Acht cébí sin de, smaoinigh Oidhre an Fheasa air féin, mar gheall orthú a bhúirthíl, gur cuireadh fealltach a thug siad dhó, is dubhairt sé leis féin cébí fear a dtuitfeadh sé ar achrann seasamh ina aghaidh, go dtuitfeadh an tOidhre sin le urrudhas a láimhe. Thainic an cóimh-rí agus bhuail sé a dhá bhois faoi chéile. Chuir sé cnó ina bhéal agus leig sé fead, mar b'in é an fheadóg a bhí aige le comhartha an chatha a thabhairt uaidh. Ar an móiméid thainic an bheirt ghaisgidheach ag bruach luirg an chuaille comhraic, agus sheas an cóimh-rí ina bhfiadhnaise. "Caithidhidh crainn," ar seisean leobhtha, "go bhfeicidh sinn cé air a thuiteas do réir an gcrann a dhul 'un creasa i dtoiseach." Bhí go maith. Tarnuigheadh na crainn, agus budh é Oidhre an Fheasa agus Gaisgidheach Giobach na nGleannta a bhí leis an gcéad shracadh claidhimh a thabhairt i n-aghaidh a chéile. Ba mhian leis an gcóimhrí is leis na hoidhríbh go léir Oidhre an Fheasa a chlaoidhe, agus bhí siad chomh meilmeach sin is gur thais- beán siad beagán lághaidheamhlachta os comhair an oidhre seo. Mar dubhairt an sean-fhocal: "bhí lámh ag losgadh agus lámh ag tárrtháil acú." Ní rabh rud ar bith ag dul idir iad agus a suaimhneas acht an tOidhre seo a chlaoidhe, agus leis sin a dhéanamh, chuir siad fios ar Ghaisgidheach Giobach na nGleannta le cor pionnsuidheachta fhéachaint le Oidhre an Fheasa, mar nár sheas aon athach os a chomhair ariamh nach sgoiltfeadh sé ó chluais go básta é leis an gcéad bhuille. Bhí fuath ag oidhrí na tíre ar Oidhre an Fheasa agus dá mhéid fuath dá rabh acú air, bhí a sheacht n-oirid sin grádh ag óige na tíre air. B'in é an t-ádhbhar a rabh rún díoghaltais ag gach uile dhuine acú ina aghaidh. Bhí go maith, a dhearbhráthair. Nuair a chonnaic Oidhre an Fheasa an gaisgidheach a thuit sé air, l'éir a chrainn, a throid,
d'eirigh sé an-cholgach, agus ní rabh aon bhraon fola i n-a chorp nach rabh ag bruith i gceart-lár a éadain le mhéid a bháinidhe. Tuiseadh an talamh dóbhtha. Shiubhladar amach, mar ba ghnáthach do lucht pionnsuidheachta, agus sheas siad os comhair a chéile. "Cé leis an chéad sháthadh," arsa Gaisgidheach Giobach na nGleannta. "Déanadh 'ach éinne as dó fhéin," arsa Oidhre an Fheasa go borb. Leis sin tharruing an Gioballach buille marbhtha aniar ó chúl a chinn, agus "dheamhan ar chríonna an cat ná an coiméad." Ba mhaith an mhaise sin don Oidhre. Nuair a chonnaic sé an buille marbhtha ag tidheacht os cionn mullaigh a chinn, lúb sé a chaol ar leagain do shúl, is chuaidh sé den iarraidh sin amach idir dhá chois an Ghioballaigh. Thóig sé do chothrom talmhan an Gioballach, agus chaith sé áirde crainn luinge insa spéir é. Mar bhí an Gioballach ina bhruilthín an-bheathuighthe, fuair sé tuairt iongantach i n-aghaidh na talmhan, agus ba diabhalta is ba domáisteach an crathadh a baineadh as a chumallach. Tar éis na tuairte fuair sé, chuir sé roimhe éirghe agus tharraing an t-Oidhre a chlaidheamh an treas fhaobhair leis an ceann a chaitheamh de. "Fóill! fóill!" ars' an cóimhrí, "agus ná marbhuigh gais- gidheach go héagcórach atá fút ar an talamh." Leig an t-Oidhre 'na shuidhe é, agus má leig, ba bheag le rádh é mar bhí clochar an bháis ina sgórnach. Thug an Gioballach truslóg ar a chúl, léim ar aghaidh is fádhbóg ar gach aon taobh de, agus ar thionntódh an tsoip, thug sé iarraidh dá chlaidheamh faoi an Oidhre, agus dá seasadh sé roimhe, dá mbeith urrudhas na gcéadta ina cheithre chreatalachaidhe, réabfaidhe ó chéile é leis an iarraidh thug sé faoi. Acht mar dubhairt an sean-fhocal: "ní námhaid luadar na gcos a bheith ag fear." D'fhóir aclaidheacht na n-alt don Oidhre uair a ghéibhinn, agus ar an toirt thug sé léim os cionn gualann chlí an Ghioballaigh, is ag dul thar a ghualainn dó sgaith sé an ceann dá cholainn le sracadh dá chlaidheamh, agus leis sin ba tuar téighte do Oidhre é, ná ar a' móiméid d'éirigh na hOidhrí ar a gcosaibh, is barróg fhuinte chruaidh acú ar chumhdallach dá gclaidheamh le éiric a bhaint as an Oidhre, agus bhí sé na sheasamh istigh idir a gceartlár: -
"Fóill! - fóill!" ars an cóimhrí. "Ná bídhidh cionntach i n-aon dó-bheart tútach. Má tá rún pionnsuidheacht agaibh, ionn- suighidh an tOidhre duine ar dhuine." Níor thug siad cluas ar bith don chóimhrí, acht d'ionnsuigh siad é chomh madramhail is d'fhéad siad. Nuair a chonnaic an tOidhre an cruadhchás i rabh sé, ní rabh le dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige, acht a námhaid a ionnsuidhe ar gach uile thaobh dhe. Chuir sé a mhéar ina bhéal agus leig sé fead glaice. Mar a bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, bhí a dhá shearbhfoghantaidhe déag cuirp insa bhfaithche ar fud na bhfud, is gháir sé ortha a gcosa a chur le taca is fabhairt is fuinneamh a gclaidheamh a thabhairt do na fealltóiríbh a bhí ag tabhairt iarraidh mharbhthach faoi go héag- córach. D'ionnsuigh an tOidhre is a dháréag fear iad, agus, leis an fhírinne a dhéanamh, a dhearbhráthair, ní raibh a leithide de shlad ná de mharbhadh ó thiar an domhain go dtí thuar an domhain is bhí i bhfaithche na pionnsuidheachta; agus, le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, ní raibh an tOidhre agus a dháréag fear fhad 's beitheá ag rádh "Deo gratias" ag déanamh mion is luaithe dá gcnámha. Nuair a chonnaic an cóimhrí go rabh a chuid oidhre uile marbh, thoisigh sé ag teicheadh, is mheas sé go mba tuar téighte dhó é, is bhí sé ag brath ar éalódh uatha. Lean Oidhre an Fheasa é, agus chaith an cóimhrí é féin ar an talamh faoi n-a chosaibh agus sgread sé amach de ghlór chráidhte: "Maith dhom," ar seisean, "agus ná fág "Bláth na hAim- sire" in a dílleachtaidhe. Ní rabh mise in d'aghaidh insan gcath fealltach so, mar tugadh annso mé i n-aghaidh mo tholach, leis an dó-bheart a bhí cothuighthe acú a bhualadh ort. Agus goirm mo chroidhe thú agus annsacht mo chléibh thú! Ní bréag Oidhre an Fheasa agus Oidhre an Urrudhais Chumhachtamhla a thabhairt ort. Mise coimhrí na n-oidhrí do réir riaghail mo ríoghachta. Níl agam insa domhan acht aon inghean amháin, agus sin í "Bláth na hAim- sire". Geallaim duit annso ó mo chroidhe amach go dtiubhraidh mé "Bláth na hAimsire" dhuit, agus an méid is fiú mé amuigh is istigh ar fhad is ar leithead mo ríoghachta." "Tá mé buidheach dhíot ar son do thairgsint," ars' an tOidhre,
"acht, ar a shon sin, caithfidh mé í dhiúltadh; agus, le dul níos fuide leis an gcaint, ná bíodh fuacht ná faitchíos ort romham-sa. Mac ríogh le bainríoghain mise, is níor geineadh ariamh in mo gheineamhain-sa aon ghníomh tútach a dhéanamh. Ar an ádhbhar sin de, fágfaidh mise do smachtughadh-sa ar dhuine icínt eile níos suaraighe 'ná thú fhéin. Ní raibh Gaisgidheach Giobach na nGleanntaí 'ná do chuid oidhrí suaracha eile i n-ann mise a chur ó rath, agus, dá mbeith mise chomh fealltach libh-se, ní thiubhrainn faill eagla dhuit-se ar an saoghal so. Chathuigh sibh an dó-bheart in m'aghaidh- sa, acht ní dheachaidh libh. A-bhaile leat anois, agus dearc romhat sul má dtiubhraidh tú cuireadh fealltach do mo leitheide-sa de ghaisgidheach aríst." 'nDomhnach! nuair a fuair an cóimhrí cead a chos, bhí bruith a ladhar air ag imtheacht, agus báinidhe mhór air faoi n-a chubhair- fhiachail nuair a dhiúltaigh an tOidhre do "Bhláth na hAimsire". L'éis an cóimhrí imtheacht, shuidh an tOidhre is a chuid searbh- fhoghantaidhe cuirp fútha, agus, l'éis iad a chuid loit a nighe 'sa ghlanadh, agus an fhuil a chosg, d'éirigh siad 'na seasamh go lúth- mhar aigeanta, agus chuaidh 'ach aon acú de léim reatha i n-áirde ina ndiallaid. Thug siad a n-aghaidh ar an mbaile agus as go bráth leo. Bhí siad ag imtheacht is ag síorimtheacht i mbárr na bhfásg- aidhthe, agus dheamhan mórán féir ná uisge a chomhnuigh faoi n-a gcosaibh. Bí siad ar a gcuma sin - tamall ag siubhail, sgathamh ar sodarnuigheal, agus ar uairibh 'na gcos i n-áirde - ag giorrachán an bóthair i ngach uile léim is truslóg a dtugadh siad. Níor bh'fhada dhóibh go dtáinic an oidhche fuar fliuch, agus sinneán gaoithe adtuaidh a bhainfeadh na hadharca de bha mhaola, agus sioc ag tidheacht anuas glan díreach ón spéir a bhainfeadh géim as feithidí an tsaoghail. Casadh isteach iad i mbléin coilleadh, agus chuir siad fútha go maidin. Is mó a ghoill fuacht na hoidhche sin ar an Oidhre ná ghoill sáidhte is srachta na n-oidhrí air i bhfaithche na pionnsuidheachta. Bhí go maith 's ní rabh go dona, a chumainn na gcumann. Shroich sé a áit comhnuidhthe lag claoidhte. L'éis an gníomh gníomhamhail a rinne an tOidhre, chuaidh a cháil go fada is go gearr, agus ní rabh aon rí ar fud na ríoghachta nár mhian leo é bheith acu mar
chliamhain. Acht, mar gheall ar an Oidhre meabhair a bhaint as na pláinéid gur inghean ceárduidhe a bheith aige mar chéile, diúltaigh sé do na ríoghanta uile go léir; agus, tamall beag l'éis an gníomh sin a dhéanamh, mar gheall ar easbhuidh fola, b'éigean dó a leabaidh a thógáil, agus tháinic feileamhan ar a chois. Bhí sé faoi na sguilthí ar feadh bliadhna nó mar sin, agus dheamhan aghaidh bhisigh a bhí air i ndeireadh na bliadhna thar mar bhí sé as tús. Chuir sé gairm sgoile amach annsin bean ar bith a thiocfadh, ba chuma íseal ná uasal í, bocht ná nocht, acht an feileamhan a leigheas, go bpósfadh sé í. Bhí go maith is ní raibh go dona. Le sgéal gearr a dhéanamh de sgéal fhada, a ghrádh mo chroidhe, bhí a theach is a shráid líonta ins gach uile lá le mnáibh uaisle na tíre agus a leigheas féin le gach aon acú. Acht dheamhan maith a bhí ann. Níor fhéad ceachtar acú é leigheas, acht é ag dhul 'un donacht gach uile lá. Tamall 'na dhiaidh sin annsin dhiúltuigh sé do na ríoghanta bheith ag teacht. Chuir sé de choimrighe ar lucht freastail na ngeataidhe gan aon bhean uasal a leigint isteach, acht gan bac ar bith a chur ar na mná bochta. Bhí na mná bochta ag tidheacht annsin ina sluaigh- tibh, agus ceirthín ar leith le gach aon acú, agus bhí sé ag dul beagán 'un feabhais, acht dheamhan a mó 'ná sin. Nuair a chonnaic sé nach rabh sé ag feabhsughadh ró-mhaith tháinic brón is dólás air, ag smaoinedh ar an urrudhas a bhí ann, is ar aclaidheacht a cholna, agus go mb'fhorust a dhul 'un cainte leis an t-am a bhí i láthair. Bhí sé mar sin ag smaoineadh ar an oidhche bhí sé ag baint meabhrach as na pláinéid, agus ar bhuille boise tugadh cnaig don doras is thainic cailín bláthamhail le aghaidh dheas shochma uirthi isteach ina sheomra codlata. Ar a móiméid ar mhuithigh sé torann a cos ar an urlár, thug sé cúlamharc uirthi as deireadh a shúile. Ar a móiméid phreab a chroidhe i gceartlár a chléibhe agus d'airigh sé é féin insa riocht nár chuir sé a leitheide de spéis in aon bean óg ariamh is chuir sé insa mnaoi óig seo a bhí 'na seasamh as a chomhair le hais colbhan na leabhta. Ar sise leis: "A rí agus aphrionnsa, maith dhom le mo leithide-sa d'inghin cheárduidhe bhocht seasamh i bhfiadhnaise mic ríogh le bainríogháin, acht mar dubhairt an sean-fhocal: "ní lúghaide an trócaire a roinn." Ar an ádhbhar sin de, nuair a chuala mé trácht faoi an
gairmscoile bhí fógraithe agat agus nach rabh duine ar bith do do leigheas, thainic mé féin le obair thrócaireach a dhéanamh is réidhe an achair a thabhairt dhuit-se, agus an feileamhan a chneas- ughadh mar is baoghlach an galra é. Atá ceirthín liomsa déanta do shlámas agus bog-lus agus flidh agus fréamhachaidhe an bhúchaill agus sugh na gcnádán. A mhic ríogh le bainríoghain, sé m'udhacht-sa dhuit má tá i ndán leigheas go deo dhuit, go ndíbreó' mise do ghalra. Nuair a chualaidh an t-oidhre an comhrádh deagh-chroidheach bhí sí l'éis innsin dó, thainic lúthgháir ar a chroidhe, agus ar seisean léithi, "Sé beatha an sgéal". Le sgéal gearr a dhéanamh den sgéal fhada chuaidh sí i gcionn a cuid oibre, agus l'éis í an treas cheirthín a chuir leis, bhí sé chomh saor ó angadh is bhí sé sul már choithigh an fheileamhan chor ar bith. Ní rabh sé i bhfad ná i ngearr 'na dhiaidh sin go rabh an tOidhre i n-anna leabaidh a fhágáil. Nuair a thoisigh snuadh beag ag tidheacht ar a chnámh, ar seisean léithi aon lá amháin: "Cé mhéid do luach saothair anois?" "Maise," ar sise, mur mbeithinn ag labhairt as bealach, badh mhaith liom thú fhéin mar chompánach." Ar an toirt thoisigh sé ag maolgháiridhe, is rug sé ar ghreim láimhe uirri, agus ar seisean: "Sin é bhí uaim thú bheith chomh meisneamhail is an cheist sin a chur chugam." Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Shocruigh siad an lá a rabhthar le n-a bpósadh, is chuaidh sise a-bhaile go héasgaidh aigeanta 'uig a máthair, is í ag fanmhaint go foighdeamhail go dtiocfadh an lá. Tháinic an lá, a dhearbhráthair, agus pósadh iad. Gan bhréig is gan mhagadh, bhí bainis acu, agus níor bhainis go dtí í. Tamall gearr l'éis a bpósta, fuair siad cuireadh le dhul 'un féasta. D'fhreastail siad an cuireadh is chuaidh siad ann, agus, ar mh'fhocal duit, a chéile mo chróidhe thú, do réir mar deir an sgéal, ní rabh aon ríoghan ann ba bhreághaichte ná ba slachtamhla 'ná bean an Oidhre. Acht, mar sin féin, bhí cineál gráin is glonn ag na ríoghantaibh eile ina haghaidh nuair nár bhain sí do shliocht ríoghamhail mar bhaineadar féin. L'éis proinn na hoidhche a chaith- eamh, sul mar thoisigh na fir ar a ngíomhamhlacht, d'éirigh siad is
chuaidh siad i seomra ar leith dhóbhtha fhéin ó n-a mnáibh, mar b'in é gnás an tsaoghail ins an am sin. Chomh fhad is bhí siad i gceann a chéile, bhí a gcainnt is a gcómhrádh aca; agus, rith an ama sin, bhí gach éinne acú ag baint sglámh is aithis as Oidhre an Fheasa mar bhí sé pósta ag inghín ceárduidhe. Cráidheadh croidhe an Oidhre l'éis a gcuid cainnte, acht níor theasbáin sé múisiam ar bith ina thaobh. Bhí go maith 's ní rabh go dona. Nuair a d'fhág siad an seomra sin, is chuaidh siad go dtí "gamhna an urrudhais," mar b'in é an t-ainm a bhí air mar gheall ar na gaisgidhigh a bheith ag féachaint a n-urrudhais i n-aghaidh a chéile, thoisigh siad ar a ngaisgeamhlacht, agus hobair nár marbhuigheadh an t-oidhre mar nach rabh an bhrígh ann, mar gheall ar a bheith faoi sguilthí an fheile- amhain ar feadh bliadhna. Nuair a rinneadh eadarasgáin sgaipeadar ó chéile, is chuaidh gach uile lánamhain a mbealach féin. Tháinic an t-Oidhre agus a bhean a-bhaile. Go deimhin is go dearbhtha, b'fhurust a dhul 'un cainnte leis do bhárr an mhaslaidh a fuair sé, is gan é ollmhaighthe faoi n-a chomhair. Ghoill sé go mór air an aithis baineadh as i dtaobh a mhná, acht bhí sí chomh slacht- mhar is chomh croidheamhail sin, ar an móiméid a bhainfeadh sé lán a dhá shúl aisti, bhí a chroidhe chomh héadtrom le gealbhan mar gheall ar a breághaichte. Acht, a bhaiste, bhí siad roinnpháirteach catharnach le chéile ar feadh tamaill. Anois is aríst smaoinigheadh sé nach bean uasal do réir geinte bhí ina mhnaoi, agus is mór a bhí na smaointe sin ag goilleamhaint air. Bhí sé ag smaoineadh aon lá amháin go dtiubhradh sé gach a bhfaca sé ariamh acht fios fhagháil an rabh baint ar bith ag éinne de bhunadh a mhná le ríoghamhlacht, agus ar leagan do shúl, chonnaic sé sgáile duine ag múchadh solais an dorais, is ar thionntódh an tsuip, sheas sean-bhean chríon chaithte ina láthair. Ar an móiméid ar dhearc sé uirri, d'umhluigh sí dó, ag tabhairt umhluigheacht dhó, mar bhí a fhios aici go mba chóir dhí sin a dhéanamh nuair a sheas sí os comhair Oidhre na Fheasa. Ar sise leis de ghlór árd-ghlórach. "A Rí agus a phrionnsa, ná tóig de ghuith orm é, má tá mé ró-shotalach thidheacht in do láthair, acht mheas mé go raibh sé riachtanach agam sin a dhéanamh, agus an fhírinne ghlan a dhéanamh os do chomhair.
"A bhean chroidhe"! ars' an rí, "tá fáilte agat seasamh os mo choinne-sa, agus má tá tú cionntach in aon choir, tá mise ollmhaighthe le brígh do chionntamhlachta a chlons." "Ara, a Oidhre an Fheasa," ar sise, "níl mise cionntach i n-aon choir, acht thainic mé ugat le sgéala innsin dhuit a thóig- feas an ceo trom atá ar chroidhe dhíot. L'éis thú brígh mo chionn- tamhlachta chlons, ó's sin é an t-ainm a thug tú air, tiocfaidh urrudhas na gcéadta in do chnámhaibh do bhárr an ughdair a bhéarfas mise dhuit." "I dtoiseach, a Oidhre, is fearr dhom mo chaidreamh a dhéanamh leat. Mise máthair mhór do mhná. Níl éinne beo den bhunadh sin acht mise, do bhean, agus a hathair. Budh é ainm athar mhóir do mhná Gearrghaisgidheach Donn Buidhe na nÁrdán. Ní rabh aon fhear le n-a linn ba domáistighe buille claidhimh 'ná é, agus ní dheachaidh aon fhear 'un treasa ariamh leis nach marbhuigheadh sé den chéad iarraidh a thugadh sé faoi. "Bhí go maith is ní rabh go dona, a rí, bhí sé ar an gcuma sin ar feadh tamaill fhada. Bhí a cháil go fada 's go geárr i dtaobh urrudhais a aclaidheachta is a shaidhbhris, agus bhí sé chomh cumhacht- amhlach sin l'éir fabhairt' is fuinnimh agus go rabh sé i n-ann na gleanntrachaí a líonadh le buille amháin dá chuaille comhraic ar fhad na gcnoc, mar budh in é an obair a bhíodh air nuair nach bhfuigheadh sé a dhóthain pionnsuidheachta le claidheamh ná cuail- leach. "Bhí go maith, a Oidhre na cruinne, go dtainic cailleach na stair-fhiacla cúbtha as ríoghachtaibh na Riffeléise, agus a cabhlach loingis is fir cogaidh léithi. Chuala sí trácht faoi athair mhór do mhná, agus ní dhearna siad stad mara ná comhnuidhe go dtainic siad go dtí sráid an Gheárrghaisgidhigh Dhonnbhuidhe, agus d'fhuagair an tseanchailleach fuagradh catha ar an móiméid. Mar bhí an Gearrghaisgidheach Donnbhuidhe borb árd-inntinneach, d'ionnsuigh sé an chailleach is a cuid seadairí cogaidh ar bhuille boise. Mhair an cogadh naoi lá, agus le héirghe na gréine ar an deicheadh lá ní rabh éinne a bhain do mo bhunadh-sa beo an mhaidin sin acht mise agus athair do mhná. A Oidhre mo chroidhe, bhí mise i gcruadhchás ghéar an mhaidin sin dá mbeith fhios agat air. "Nuair a marbhuighedh seadairí an Ghearrghaisgaidhigh bhí sé a méanrac os comhair na caillighe agus iad ag gabháil fabharineadh
ar a chéile. Bhí mé féin ag breathnughadh orthú, agus mé i gcomh- nuidhe 'gcomhnuidhe ag braith ar imtheacht acht mar bhí cineál bacail orm mar gheall ar an "gceárduidhe slinneán cóimh- chliteáilte" a bheith agam i bhfolach faoi mo phráisgín, ní rabh luadar na gcos agam mar badh mhian liom. Acht "nuair is cruaidh don chailligh caithfidh sí seanrith a dhéanamh," agus b'anann sin liomsa. "Nuair a chonnaic mé an chailleach mhí-stuamdha ghránda ag fagháil lámh i n-uachtar ar an ngaisgidheach a bhí 'na haghaidh, mheas mé go "mb'fheárr dhom luadar mo dhá phontán fín 'ná caraid na Féinne uilig," agus, a Oidhre na gcumann, gan aon bhréag a dhéanamh, thug mé do na cosaibh é. Níor mhór dhom é, mar bhí dáréag de ghaisgidhigh na caillighe agus í fhéin 'mo dhiaidh. Shíl mé gach uile choiscéim dá dtugann go dtuitfeadh an gárlach ó mo phráisgín faoi mo chosaibh; acht, mar gheall ar easbhuidh fola is d'oireasbhuidh bídh ar an tóir a bhí ag cur teichidh orm, d'éirigh siad lag agus bhuail mé an corr orthú. B'éigean dom a dhul isteach i lúb coilleadh agus m'árus a dhéanamh faoi bhun crainn rilleóg agus fanacht annsin in mo dheoraidhe cráidhte gan fear mo chaointe ná mo shínte le fagháil acht an leanbh a thug mé liom faoi mo phráisgín. Sin é athair do mhná-sa anois, agus deirim-se leat-sa gur shaothruigh mise an gárlach sin, má shaothruigh bean leanbh. "Le sgéal gearr a dhéanamh den sgéal fada, níor fhág an chailleach ná a lucht cogaidh fionna feanna a bhain do mo shliocht daoine-sa nár bhailigh siad leobhtha go Ríoghacht na Riffeléise, agus, an rud níos measa, dhóigh siad is loisg siad gach uile theach, beag agus mór, a bhain dúinn. D'fhág sí slám draoidh- eachta orm-sa is ar an ngárlach a bhí faoi mo choimirc nár fhéad linn a thidheacht ar ais ná sinn féin aimhdeachtáil do éinne beo gur bhain sinn le ríoghamhlacht ar bith. Acht amháin, dá maireadh an gárlach, agus é bheith ina gheineamhaint glacadh le bean mar chéile mná is sliocht clainne a bheith acú, agus iad a bheith chomh hádhamhail sin is go dtiocfadh rí ná ríoghain le cuid den mhuirighin iarraidh 'un a bpósta, agus mise a bheith beo le n-a linn sin - annsin, agus ní go dtí sin - a thiocfadh liom ughdar mo bhunaidh daoine innsin dhon rígh a bheith pósta ag ball ar bith den mhuirighin a bhain le Gearrghaisgidheach Donnbhuidhe na nÁrdán.
"Ar an adhbhar sin de, a Oidhre na Cruinne, go bhfuil tusa in do mhac ríogh le bainríoghan pósta ag inghin mhic don Gheárr- ghaisgidheach, mheas mise go rabh sé ceadmhach agam ar deireadh thiar thidheacht in do láthair is innsin duit go ceart cneasta ó chroidhe feileamhnach gur inghean mic ríogh le bainríoghain do bhean ó cheart. "Agus, a rí, le dhul níos fuide leis an sgéal, 'dtaobh athar do mhná, nuair a bhí mise agus é fhéin ins an gcoill, ní rabh mórán de shogh an tsaoghail againn; acht, ar a shon sin, l'éir mar bhí sé ag méadughadh bhí sé ag dul 'un feabhas. An inntleacht chinn nach gcuimhnigheadh sé uirri insa lá smaoinigheadh sé uirri insan oidhche. Leis an sgéal a ghiorrachan, a chumhlódair mo chroidhe thú, sul má sgaith sé an dómhadh bliadhain déag ní rabh aon cheárduidhe le fagháil ba mheabhraighe ná ba fadcheannaighe 'ná é. Nuair nach rabh tabhartas ar bith de mhaoin an tsaoil aige, acht oibriughadh le allas a chnámh, agus gan bhréig d'oibrigh sé go dúthrachtach is gan drogal ar bith air in a chionn; agus a rí, le urrudhas a chnámh is le brigh a smior shaothruigh sé a chuid go ceart cneasta, le mise agus a inghean bhláthamhail a bheathughadh is a thógáil agus snuadh ar gcodach a chur orainn; agus gan gláithféis ar bith, thóig sé a inghean duineamhail dóigheamhail. Deirim anois agus aríst, nach bhfuil a leithide le fagháil ar fhad is ar leithead na ríoghachta seo; agus tá mé lán-chinnte, a Oidhre an Fheasa, go bhfuil bród agus sólás ort l'éis mise a chur i n-umhail duit gur ríoghain óg atá agat in do mhnaoi i n-áit inghean ceárduidhe." "Ara, a théagair mo chroidhe thú agus shearc mo chléibhe, má tá an t-ughdar a thug tú dhom fíor, agus sé mo bharamhail go bhfuil, ní bhéidh aon tsean bhanalae insa ríoghacht so a bhéas chomh saidhbhir leat, le sócamhal a thabhairt do do shean chnámha i ndeireadh do laetheannta i n-áit an dócamhail atá saothruighthe agat leis na bliadhantaibh. Agus ná síl go bhfuil mé ag déid- ghearradh ort i dtaobh d'ughdair acht amháin go mbudh mhaith liom dá dtuibharthá duine eicínt eile annso agam, a mhair le linn an chatha a bhí idir an chailleach is an Gearrghaisgidheach, ar an gcaoi go gcuirfidh mé i n-umhail do ríghthibh an oileáin atá ag baint aithise asam-sa anois agus aríst, gur inghean ríogh mo bhean, i leabaidh inghine ceárduidhe." Dhearc an tseanbhanalae de aon chlár amháin air, agus ar sise go feargach:
"Feicthear dom go bhfuil tú ag déidghearradh ar mo chuid cainnte." "Ní fhuil," ars' an rí, "acht deirim leat gur fearr dhúinn an darna duine a bheith annso le do chuid cainnte-sa do chóimh- cheartughadh." "'Sé mo bharamhail-sa," ars' an Chailleach, "go bhfuil tú ceart." D'fhág sí an tOidhre ar bhuille boise, agus i leath-uair an chluig bhí sí ar ais, agus iongóir aosta léithi bhí chomh sean leis an gceo. Thoisigh an t-iongóir seo ag innsint don Oidhre, agus, a dhearbhráthair mo chroidhe thú, b'fhearr an bhrigh a chuir sí i n-ughdar an chatha ná chuir an bhanalae í féin. Nuair a coimhcheartuigheadh cainnt na caillighé i láthair an Oidhre, chuir sé gairmsgoile amach ag cur i n-umhail do mhuinntir na ríoghachta an bunadh daoine a bhain a bhean leis. D'fhan sé go foighdeamhail ag feitheamh lá ar lá go ndí-cheartóchadh duine eicínt de na ríghthibh an t-ughdarthás a bhí sé ag cur i n-iumhail dóbhtha i dtaobh bunaidh a mhná. Nuair nár dí-cheartuigheadh a ghairmsgoile, bhí a fhios aige annsin go rabh cainnt na caillighe fíor agus ní rabh aon rí le fagháil faoi ríoghachtaibh na gréine ba bhródamhla 'ná é; agus gan bhréig is gan mhagadh chuir sé suidheachan maith sócamhlach ar an gcailligh, agus bhí sócamhal aice fhad is mhair sí. Le comaoin a chur ar an gcailligh chuir sé gairmsgoile amach ath-uair ag innsint do na daoinibh go rabh sé ag déanamh comóradh le haghaidh na banalae a d'innis dó faoi'n sliocht daoine a rabh gaol ag a mhnaoi leobhtha. Ar an ádhbhar sin de, thug sé chuireadh do bhocht is do nocht thidheacht go dtí an comóradh sin, agus go mbeith fearadh na fáilte roimh gach uile dhuine acú. Chruinnigh na sluaighte seacht míle ar 'ach aon taobh dá chathair, agus ní'l aon ríoghain ná aon óighe dar tháinic go dtí an comóradh nach rabh a seachadadh féin leobhtha le tabhairt do ríoghan an Oidhre, mar bhéarfaidhe do bhruinnill le catharnas a dhéanamh léithi mar gheall orthú drochmheas a chaitheamh uirri as tús, mar shíl siad gur inghean ceárduidhe bocht a bhí innti, i leab- aidh ríoghna l'éir ríoghamhlachta. Le críoch a chur ar an sgéal gearr so, tar éis an ríoghain na seachadaidh seo uile a ghlacadh, rinne sí caidreamh leis na ríogh-
antaibh go léir. Thoisigh an t-ithe is an t-ól, an changailt is an slughadh. A leithide-sin d'ithe ní rabh sa domhan ariamh. Maidir leis an rinnce is an ceol, níl léigheadh ná innsint sgéil air; agus dheamhan duine dá rabh sa teach nach rabh sásta leis an gcomóradh a cuireadh ar an gcailligh. Ghlac siad buidheachas leis an Oidhre is an ríoghain. D'fhág siad a slán is a mbeannacht acú nuair a críochnuigheadh deireadh an fhíona. Sin deireadh sgéil an Oidhre, acht chuala mé ó bhéal na sean- seanchaidhthe go bhfuil sgéal níos fearr 'ná é seo faoi mhac an Oidhre. Ar dheireadh an ithe tháinic mé féin ag dúil leis an slomairt, acht le mhéad a n-ithe ní raibh agam le fagháil acht baladh an fhuighligh. (A chríoch.) NUAIR I SMÓ AN ANACAIN, agus rl. Dá mhéid a bhíonn sa scamall dubh An fuacht 's an fliuchra a leathann, Soillseóidh an ghrian arís ar chnoc - Níl ann acht cith beag reatha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services