Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Oidhre an Fheasa.

Title
Sgéal Oidhre an Fheasa.
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1909
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sgéal Oidhre an Fheasa.



MÍCHEÁL MAG RUAIDHRÍ
do shaothruigh.



A bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir bhí oidhre óg ann agus bhí
sé an-ghlic. Bhí eolas aige ar a lán neithe nár fhéad na hógánaigh
bhí ann le n-a linn meabhair ar bith a bhaint astú. Bhí go maith is
ní raibh go dona. Budh é bunáite a chuid oibre i rith an gheimhridh
ag léigheadh na bpláinéad is ag baint mórán eolais astú. Bhí sé
mar sin ar feadh tamaill fhada agus, a dhearbhráthair mo chroidhe
thú, thug sé faoi deara aon oidhche amháin, l'éis ceann de na réal-
taibh dul os cionn an bhuaile-bhodach, go mbeith sé pósta ag inghin
ceárduidhe. Níor thaithnigh an t-eolas sin leis - fear ríoghamh-
lachta mar é, é bheith 'n-a gheineamhaint inghean bhodaigh a bheith aige
mar chéile mná - agus tar éis an eolais sin, staid sé gan a bheith
ag léigheadh na bpláinéad is thoisigh sé ag seilg mar bhí gléas
seilge aige. Bhí sé ag smaoineadh i gcomhnuidhe i dtaobh an
chailín a bhí le fagháil aige agus bhí imnidhe mhór air, lá ar lá, le
faitchíos nach mbeith an óig-bhean seo gnaoidheamhail.



Tar éis cúrsa seilge a chur ó n-a chosaibh aon lá amháin, nuair
d'fhill sé a-bhaile, bhí sgéala roimhe 'ghá fhiafruighe ina leithéid seo
dh'áit, lá ar n-a bhárach. Bhí an áit thimcheall is leith-chéad míle
óna bhaile féin ins an áit a rabh oidhrí na gconndae ag fiadhach is
ag fionn-sgaradh is ag pionnsuidheacht le aclaidheacht cos agus
lámh. Mar ba mac ríogh le bainríoghain a bhí ann, ní loicfeadh sé
gan a dhul ann, cébí bás a bhí i ndán dó; agus annsin, a dhearbh-
ráthair mo chroidhe, thug sé focal na faire dá chuid searbhfhoghan-
taidhe cuirp iad a bheith 'na suidhe le sgread na maidne is a chuid
caiple seilge bheith úmaighste acú agus go mbeith seisean
ollmhuighthe an t-am céadna.



Lá ar n-a bhárach ghluais sé féin is a dhá shearbhfhoghantaidhe
déag cuirp ar a n-aisdir fhada, agus, gan bhréig is gan mhagadh,


L. 598


bhí caiple maithe fútha 'gá n-iomchar. Bhí siad ag imtheacht is ag
síor-imtheacht, agus leis an fhuadar a bhí fútha níor fhéad le fear
acú an fear eile fheiceál le ceo de stúir an bhóthair bhí siad a'
thógail, agus, a ghrádh mo chroidhe, ní rabh siad a bhfad ná i ngearr
ag sroitheachtáil faithche na pionnsuidheachta.



Ar an móiméid a thainic siad i láthair na n-oidhrí a bhí cruinn
rómpa, thoisigh siad ag búirthíl "Oidhre an Feasa!" mar b'in é
a ainm imeasg na n-oidhrí eile, agus mar gheall ar a bheith
i n-ann fios a innsint roimh ré, ní raibh spéis ar bith acú ann.
Acht cébí sin de, smaoinigh Oidhre an Fheasa air féin, mar gheall
orthú a bhúirthíl, gur cuireadh fealltach a thug siad dhó, is dubhairt
sé leis féin cébí fear a dtuitfeadh sé ar achrann seasamh ina
aghaidh, go dtuitfeadh an tOidhre sin le urrudhas a láimhe.



Thainic an cóimh-rí agus bhuail sé a dhá bhois faoi chéile. Chuir
sé cnó ina bhéal agus leig sé fead, mar b'in é an fheadóg a bhí
aige le comhartha an chatha a thabhairt uaidh. Ar an móiméid
thainic an bheirt ghaisgidheach ag bruach luirg an chuaille comhraic,
agus sheas an cóimh-rí ina bhfiadhnaise.



"Caithidhidh crainn," ar seisean leobhtha, "go bhfeicidh sinn cé
air a thuiteas do réir an gcrann a dhul 'un creasa i dtoiseach."



Bhí go maith. Tarnuigheadh na crainn, agus budh é Oidhre an
Fheasa agus Gaisgidheach Giobach na nGleannta a bhí leis an
gcéad shracadh claidhimh a thabhairt i n-aghaidh a chéile.



Ba mhian leis an gcóimhrí is leis na hoidhríbh go léir Oidhre an
Fheasa a chlaoidhe, agus bhí siad chomh meilmeach sin is gur thais-
beán siad beagán lághaidheamhlachta os comhair an oidhre seo.
Mar dubhairt an sean-fhocal: "bhí lámh ag losgadh agus lámh ag
tárrtháil acú." Ní rabh rud ar bith ag dul idir iad agus a
suaimhneas acht an tOidhre seo a chlaoidhe, agus leis sin a
dhéanamh, chuir siad fios ar Ghaisgidheach Giobach na nGleannta le
cor pionnsuidheachta fhéachaint le Oidhre an Fheasa, mar nár sheas
aon athach os a chomhair ariamh nach sgoiltfeadh sé ó chluais go
básta é leis an gcéad bhuille. Bhí fuath ag oidhrí na tíre ar
Oidhre an Fheasa agus dá mhéid fuath dá rabh acú air, bhí a sheacht
n-oirid sin grádh ag óige na tíre air. B'in é an t-ádhbhar a rabh
rún díoghaltais ag gach uile dhuine acú ina aghaidh.



Bhí go maith, a dhearbhráthair. Nuair a chonnaic Oidhre an
Fheasa an gaisgidheach a thuit sé air, l'éir a chrainn, a throid,


L. 599


d'eirigh sé an-cholgach, agus ní rabh aon bhraon fola i n-a chorp
nach rabh ag bruith i gceart-lár a éadain le mhéid a bháinidhe.



Tuiseadh an talamh dóbhtha. Shiubhladar amach, mar ba ghnáthach
do lucht pionnsuidheachta, agus sheas siad os comhair a chéile.



"Cé leis an chéad sháthadh," arsa Gaisgidheach Giobach na
nGleannta.



"Déanadh 'ach éinne as dó fhéin," arsa Oidhre an Fheasa
go borb.



Leis sin tharruing an Gioballach buille marbhtha aniar ó chúl a
chinn, agus "dheamhan ar chríonna an cat ná an coiméad." Ba
mhaith an mhaise sin don Oidhre. Nuair a chonnaic sé an buille
marbhtha ag tidheacht os cionn mullaigh a chinn, lúb sé a chaol ar
leagain do shúl, is chuaidh sé den iarraidh sin amach idir dhá chois
an Ghioballaigh. Thóig sé do chothrom talmhan an Gioballach, agus
chaith sé áirde crainn luinge insa spéir é. Mar bhí an Gioballach
ina bhruilthín an-bheathuighthe, fuair sé tuairt iongantach i n-aghaidh
na talmhan, agus ba diabhalta is ba domáisteach an crathadh a
baineadh as a chumallach.



Tar éis na tuairte fuair sé, chuir sé roimhe éirghe agus
tharraing an t-Oidhre a chlaidheamh an treas fhaobhair leis an
ceann a chaitheamh de.



"Fóill! fóill!" ars' an cóimhrí, "agus ná marbhuigh gais-
gidheach go héagcórach atá fút ar an talamh."



Leig an t-Oidhre 'na shuidhe é, agus má leig, ba bheag le rádh
é mar bhí clochar an bháis ina sgórnach. Thug an Gioballach
truslóg ar a chúl, léim ar aghaidh is fádhbóg ar gach aon taobh de,
agus ar thionntódh an tsoip, thug sé iarraidh dá chlaidheamh faoi
an Oidhre, agus dá seasadh sé roimhe, dá mbeith urrudhas na
gcéadta ina cheithre chreatalachaidhe, réabfaidhe ó chéile é leis an
iarraidh thug sé faoi. Acht mar dubhairt an sean-fhocal: "ní
námhaid luadar na gcos a bheith ag fear." D'fhóir aclaidheacht
na n-alt don Oidhre uair a ghéibhinn, agus ar an toirt thug sé
léim os cionn gualann chlí an Ghioballaigh, is ag dul thar a
ghualainn dó sgaith sé an ceann dá cholainn le sracadh dá
chlaidheamh, agus leis sin ba tuar téighte do Oidhre é, ná ar a'
móiméid d'éirigh na hOidhrí ar a gcosaibh, is barróg fhuinte chruaidh
acú ar chumhdallach dá gclaidheamh le éiric a bhaint as an Oidhre,
agus bhí sé na sheasamh istigh idir a gceartlár: -


L. 600


"Fóill! - fóill!" ars an cóimhrí. "Ná bídhidh cionntach i
n-aon dó-bheart tútach. Má tá rún pionnsuidheacht agaibh, ionn-
suighidh an tOidhre duine ar dhuine."



Níor thug siad cluas ar bith don chóimhrí, acht d'ionnsuigh siad
é chomh madramhail is d'fhéad siad.



Nuair a chonnaic an tOidhre an cruadhchás i rabh sé, ní rabh le
dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige, acht a námhaid a ionnsuidhe ar
gach uile thaobh dhe.



Chuir sé a mhéar ina bhéal agus leig sé fead glaice. Mar a
bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile, bhí a dhá shearbhfoghantaidhe déag
cuirp insa bhfaithche ar fud na bhfud, is gháir sé ortha a gcosa a
chur le taca is fabhairt is fuinneamh a gclaidheamh a thabhairt do
na fealltóiríbh a bhí ag tabhairt iarraidh mharbhthach faoi go héag-
córach.



D'ionnsuigh an tOidhre is a dháréag fear iad, agus, leis an
fhírinne a dhéanamh, a dhearbhráthair, ní raibh a leithide de shlad ná
de mharbhadh ó thiar an domhain go dtí thuar an domhain is bhí i
bhfaithche na pionnsuidheachta; agus, le dhá fhocal a chur i n-aon
fhocal amháin, ní raibh an tOidhre agus a dháréag fear fhad 's
beitheá ag rádh "Deo gratias" ag déanamh mion is luaithe dá
gcnámha.



Nuair a chonnaic an cóimhrí go rabh a chuid oidhre uile marbh,
thoisigh sé ag teicheadh, is mheas sé go mba tuar téighte dhó é, is
bhí sé ag brath ar éalódh uatha. Lean Oidhre an Fheasa é, agus
chaith an cóimhrí é féin ar an talamh faoi n-a chosaibh agus sgread
sé amach de ghlór chráidhte:



"Maith dhom," ar seisean, "agus ná fág "Bláth na hAim-
sire" in a dílleachtaidhe. Ní rabh mise in d'aghaidh insan gcath
fealltach so, mar tugadh annso mé i n-aghaidh mo tholach, leis an
dó-bheart a bhí cothuighthe acú a bhualadh ort. Agus goirm mo
chroidhe thú agus annsacht mo chléibh thú! Ní bréag Oidhre an
Fheasa agus Oidhre an Urrudhais Chumhachtamhla a thabhairt ort.
Mise coimhrí na n-oidhrí do réir riaghail mo ríoghachta. Níl agam
insa domhan acht aon inghean amháin, agus sin í "Bláth na hAim-
sire". Geallaim duit annso ó mo chroidhe amach go dtiubhraidh
mé "Bláth na hAimsire" dhuit, agus an méid is fiú mé amuigh is
istigh ar fhad is ar leithead mo ríoghachta."



"Tá mé buidheach dhíot ar son do thairgsint," ars' an tOidhre,


L. 601


"acht, ar a shon sin, caithfidh mé í dhiúltadh; agus, le dul níos
fuide leis an gcaint, ná bíodh fuacht ná faitchíos ort romham-sa.
Mac ríogh le bainríoghain mise, is níor geineadh ariamh in mo
gheineamhain-sa aon ghníomh tútach a dhéanamh. Ar an ádhbhar sin
de, fágfaidh mise do smachtughadh-sa ar dhuine icínt eile níos
suaraighe 'ná thú fhéin. Ní raibh Gaisgidheach Giobach na nGleanntaí
'ná do chuid oidhrí suaracha eile i n-ann mise a chur ó rath, agus,
dá mbeith mise chomh fealltach libh-se, ní thiubhrainn faill eagla
dhuit-se ar an saoghal so. Chathuigh sibh an dó-bheart in m'aghaidh-
sa, acht ní dheachaidh libh. A-bhaile leat anois, agus dearc romhat
sul má dtiubhraidh tú cuireadh fealltach do mo leitheide-sa
de ghaisgidheach aríst."



'nDomhnach! nuair a fuair an cóimhrí cead a chos, bhí bruith a
ladhar air ag imtheacht, agus báinidhe mhór air faoi n-a chubhair-
fhiachail nuair a dhiúltaigh an tOidhre do "Bhláth na hAimsire".



L'éis an cóimhrí imtheacht, shuidh an tOidhre is a chuid searbh-
fhoghantaidhe cuirp fútha, agus, l'éis iad a chuid loit a nighe 'sa
ghlanadh, agus an fhuil a chosg, d'éirigh siad 'na seasamh go lúth-
mhar aigeanta, agus chuaidh 'ach aon acú de léim reatha i n-áirde
ina ndiallaid. Thug siad a n-aghaidh ar an mbaile agus as go
bráth leo.



Bhí siad ag imtheacht is ag síorimtheacht i mbárr na bhfásg-
aidhthe, agus dheamhan mórán féir ná uisge a chomhnuigh faoi n-a
gcosaibh.



Bí siad ar a gcuma sin - tamall ag siubhail, sgathamh ar
sodarnuigheal, agus ar uairibh 'na gcos i n-áirde - ag giorrachán
an bóthair i ngach uile léim is truslóg a dtugadh siad. Níor
bh'fhada dhóibh go dtáinic an oidhche fuar fliuch, agus sinneán
gaoithe adtuaidh a bhainfeadh na hadharca de bha mhaola, agus
sioc ag tidheacht anuas glan díreach ón spéir a bhainfeadh géim
as feithidí an tsaoghail. Casadh isteach iad i mbléin coilleadh,
agus chuir siad fútha go maidin. Is mó a ghoill fuacht na hoidhche
sin ar an Oidhre ná ghoill sáidhte is srachta na n-oidhrí air i
bhfaithche na pionnsuidheachta.



Bhí go maith 's ní rabh go dona, a chumainn na gcumann. Shroich
sé a áit comhnuidhthe lag claoidhte. L'éis an gníomh gníomhamhail
a rinne an tOidhre, chuaidh a cháil go fada is go gearr, agus ní
rabh aon rí ar fud na ríoghachta nár mhian leo é bheith acu mar


L. 602


chliamhain. Acht, mar gheall ar an Oidhre meabhair a bhaint as na
pláinéid gur inghean ceárduidhe a bheith aige mar chéile, diúltaigh
sé do na ríoghanta uile go léir; agus, tamall beag l'éis an
gníomh sin a dhéanamh, mar gheall ar easbhuidh fola, b'éigean dó a
leabaidh a thógáil, agus tháinic feileamhan ar a chois. Bhí sé faoi
na sguilthí ar feadh bliadhna nó mar sin, agus dheamhan aghaidh
bhisigh a bhí air i ndeireadh na bliadhna thar mar bhí sé as tús.



Chuir sé gairm sgoile amach annsin bean ar bith a thiocfadh, ba
chuma íseal ná uasal í, bocht ná nocht, acht an feileamhan a
leigheas, go bpósfadh sé í.



Bhí go maith is ní raibh go dona. Le sgéal gearr a dhéanamh
de sgéal fhada, a ghrádh mo chroidhe, bhí a theach is a shráid líonta
ins gach uile lá le mnáibh uaisle na tíre agus a leigheas féin le
gach aon acú. Acht dheamhan maith a bhí ann. Níor fhéad ceachtar
acú é leigheas, acht é ag dhul 'un donacht gach uile lá. Tamall
'na dhiaidh sin annsin dhiúltuigh sé do na ríoghanta bheith ag teacht.
Chuir sé de choimrighe ar lucht freastail na ngeataidhe gan aon
bhean uasal a leigint isteach, acht gan bac ar bith a chur ar
na mná bochta. Bhí na mná bochta ag tidheacht annsin ina sluaigh-
tibh, agus ceirthín ar leith le gach aon acú, agus bhí sé ag
dul beagán 'un feabhais, acht dheamhan a mó 'ná sin.



Nuair a chonnaic sé nach rabh sé ag feabhsughadh ró-mhaith
tháinic brón is dólás air, ag smaoinedh ar an urrudhas a bhí ann,
is ar aclaidheacht a cholna, agus go mb'fhorust a dhul 'un cainte
leis an t-am a bhí i láthair.



Bhí sé mar sin ag smaoineadh ar an oidhche bhí sé ag baint
meabhrach as na pláinéid, agus ar bhuille boise tugadh cnaig don
doras is thainic cailín bláthamhail le aghaidh dheas shochma uirthi
isteach ina sheomra codlata. Ar a móiméid ar mhuithigh sé
torann a cos ar an urlár, thug sé cúlamharc uirthi as deireadh a
shúile. Ar a móiméid phreab a chroidhe i gceartlár a chléibhe
agus d'airigh sé é féin insa riocht nár chuir sé a leitheide de spéis
in aon bean óg ariamh is chuir sé insa mnaoi óig seo a bhí 'na
seasamh as a chomhair le hais colbhan na leabhta. Ar sise leis:



"A rí agus aphrionnsa, maith dhom le mo leithide-sa d'inghin
cheárduidhe bhocht seasamh i bhfiadhnaise mic ríogh le bainríogháin,
acht mar dubhairt an sean-fhocal: "ní lúghaide an trócaire
a roinn." Ar an ádhbhar sin de, nuair a chuala mé trácht faoi an


L. 603


gairmscoile bhí fógraithe agat agus nach rabh duine ar bith do do
leigheas, thainic mé féin le obair thrócaireach a dhéanamh is
réidhe an achair a thabhairt dhuit-se, agus an feileamhan a chneas-
ughadh mar is baoghlach an galra é. Atá ceirthín liomsa déanta
do shlámas agus bog-lus agus flidh agus fréamhachaidhe an
bhúchaill agus sugh na gcnádán. A mhic ríogh le bainríoghain, sé
m'udhacht-sa dhuit má tá i ndán leigheas go deo dhuit, go ndíbreó'
mise do ghalra.



Nuair a chualaidh an t-oidhre an comhrádh deagh-chroidheach bhí sí
l'éis innsin dó, thainic lúthgháir ar a chroidhe, agus ar seisean
léithi, "Sé beatha an sgéal".



Le sgéal gearr a dhéanamh den sgéal fhada chuaidh sí i gcionn
a cuid oibre, agus l'éis í an treas cheirthín a chuir leis, bhí sé chomh
saor ó angadh is bhí sé sul már choithigh an fheileamhan chor ar bith.
Ní rabh sé i bhfad ná i ngearr 'na dhiaidh sin go rabh an tOidhre
i n-anna leabaidh a fhágáil. Nuair a thoisigh snuadh beag ag
tidheacht ar a chnámh, ar seisean léithi aon lá amháin:



"Cé mhéid do luach saothair anois?"



"Maise," ar sise, mur mbeithinn ag labhairt as bealach,
badh mhaith liom thú fhéin mar chompánach."



Ar an toirt thoisigh sé ag maolgháiridhe, is rug sé ar ghreim
láimhe uirri, agus ar seisean:



"Sin é bhí uaim thú bheith chomh meisneamhail is an cheist sin a
chur chugam."



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Shocruigh siad an lá
a rabhthar le n-a bpósadh, is chuaidh sise a-bhaile go héasgaidh
aigeanta 'uig a máthair, is í ag fanmhaint go foighdeamhail go
dtiocfadh an lá. Tháinic an lá, a dhearbhráthair, agus pósadh iad.
Gan bhréig is gan mhagadh, bhí bainis acu, agus níor bhainis go
dtí í.



Tamall gearr l'éis a bpósta, fuair siad cuireadh le dhul 'un
féasta. D'fhreastail siad an cuireadh is chuaidh siad ann, agus,
ar mh'fhocal duit, a chéile mo chróidhe thú, do réir mar deir an
sgéal, ní rabh aon ríoghan ann ba bhreághaichte ná ba slachtamhla
'ná bean an Oidhre. Acht, mar sin féin, bhí cineál gráin is glonn
ag na ríoghantaibh eile ina haghaidh nuair nár bhain sí do shliocht
ríoghamhail mar bhaineadar féin. L'éis proinn na hoidhche a chaith-
eamh, sul mar thoisigh na fir ar a ngíomhamhlacht, d'éirigh siad is


L. 604


chuaidh siad i seomra ar leith dhóbhtha fhéin ó n-a mnáibh, mar b'in é
gnás an tsaoghail ins an am sin. Chomh fhad is bhí siad i gceann
a chéile, bhí a gcainnt is a gcómhrádh aca; agus, rith an ama sin,
bhí gach éinne acú ag baint sglámh is aithis as Oidhre an Fheasa
mar bhí sé pósta ag inghín ceárduidhe. Cráidheadh croidhe an
Oidhre l'éis a gcuid cainnte, acht níor theasbáin sé múisiam ar
bith ina thaobh.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Nuair a d'fhág siad an
seomra sin, is chuaidh siad go dtí "gamhna an urrudhais," mar
b'in é an t-ainm a bhí air mar gheall ar na gaisgidhigh a bheith ag
féachaint a n-urrudhais i n-aghaidh a chéile, thoisigh siad ar a
ngaisgeamhlacht, agus hobair nár marbhuigheadh an t-oidhre mar
nach rabh an bhrígh ann, mar gheall ar a bheith faoi sguilthí an fheile-
amhain ar feadh bliadhna. Nuair a rinneadh eadarasgáin
sgaipeadar ó chéile, is chuaidh gach uile lánamhain a mbealach féin.
Tháinic an t-Oidhre agus a bhean a-bhaile. Go deimhin is go
dearbhtha, b'fhurust a dhul 'un cainnte leis do bhárr an mhaslaidh a
fuair sé, is gan é ollmhaighthe faoi n-a chomhair. Ghoill sé go
mór air an aithis baineadh as i dtaobh a mhná, acht bhí sí chomh slacht-
mhar is chomh croidheamhail sin, ar an móiméid a bhainfeadh sé lán
a dhá shúl aisti, bhí a chroidhe chomh héadtrom le gealbhan mar
gheall ar a breághaichte.



Acht, a bhaiste, bhí siad roinnpháirteach catharnach le chéile ar
feadh tamaill. Anois is aríst smaoinigheadh sé nach bean uasal
do réir geinte bhí ina mhnaoi, agus is mór a bhí na smaointe sin
ag goilleamhaint air. Bhí sé ag smaoineadh aon lá amháin go
dtiubhradh sé gach a bhfaca sé ariamh acht fios fhagháil an rabh
baint ar bith ag éinne de bhunadh a mhná le ríoghamhlacht, agus ar
leagan do shúl, chonnaic sé sgáile duine ag múchadh solais an
dorais, is ar thionntódh an tsuip, sheas sean-bhean chríon chaithte
ina láthair.



Ar an móiméid ar dhearc sé uirri, d'umhluigh sí dó, ag
tabhairt umhluigheacht dhó, mar bhí a fhios aici go mba chóir dhí sin a
dhéanamh nuair a sheas sí os comhair Oidhre na Fheasa. Ar sise
leis de ghlór árd-ghlórach.



"A Rí agus a phrionnsa, ná tóig de ghuith orm é, má tá mé
ró-shotalach thidheacht in do láthair, acht mheas mé go raibh sé
riachtanach agam sin a dhéanamh, agus an fhírinne ghlan a dhéanamh
os do chomhair.


L. 605


"A bhean chroidhe"! ars' an rí, "tá fáilte agat seasamh os
mo choinne-sa, agus má tá tú cionntach in aon choir, tá mise
ollmhaighthe le brígh do chionntamhlachta a chlons."



"Ara, a Oidhre an Fheasa," ar sise, "níl mise cionntach i
n-aon choir, acht thainic mé ugat le sgéala innsin dhuit a thóig-
feas an ceo trom atá ar chroidhe dhíot. L'éis thú brígh mo chionn-
tamhlachta chlons, ó's sin é an t-ainm a thug tú air, tiocfaidh
urrudhas na gcéadta in do chnámhaibh do bhárr an ughdair a
bhéarfas mise dhuit."



"I dtoiseach, a Oidhre, is fearr dhom mo chaidreamh a dhéanamh
leat. Mise máthair mhór do mhná. Níl éinne beo den bhunadh
sin acht mise, do bhean, agus a hathair. Budh é ainm athar mhóir
do mhná Gearrghaisgidheach Donn Buidhe na nÁrdán. Ní rabh
aon fhear le n-a linn ba domáistighe buille claidhimh 'ná é, agus
ní dheachaidh aon fhear 'un treasa ariamh leis nach marbhuigheadh sé
den chéad iarraidh a thugadh sé faoi.



"Bhí go maith is ní rabh go dona, a rí, bhí sé ar an gcuma sin
ar feadh tamaill fhada. Bhí a cháil go fada 's go geárr i dtaobh
urrudhais a aclaidheachta is a shaidhbhris, agus bhí sé chomh cumhacht-
amhlach sin l'éir fabhairt' is fuinnimh agus go rabh sé i n-ann na
gleanntrachaí a líonadh le buille amháin dá chuaille comhraic ar
fhad na gcnoc, mar budh in é an obair a bhíodh air nuair nach
bhfuigheadh sé a dhóthain pionnsuidheachta le claidheamh ná cuail-
leach.



"Bhí go maith, a Oidhre na cruinne, go dtainic cailleach na
stair-fhiacla cúbtha as ríoghachtaibh na Riffeléise, agus a cabhlach
loingis is fir cogaidh léithi. Chuala sí trácht faoi athair mhór do
mhná, agus ní dhearna siad stad mara ná comhnuidhe go dtainic
siad go dtí sráid an Gheárrghaisgidhigh Dhonnbhuidhe, agus d'fhuagair
an tseanchailleach fuagradh catha ar an móiméid. Mar bhí an
Gearrghaisgidheach Donnbhuidhe borb árd-inntinneach, d'ionnsuigh
sé an chailleach is a cuid seadairí cogaidh ar bhuille boise. Mhair
an cogadh naoi lá, agus le héirghe na gréine ar an deicheadh lá
ní rabh éinne a bhain do mo bhunadh-sa beo an mhaidin sin acht
mise agus athair do mhná. A Oidhre mo chroidhe, bhí mise i
gcruadhchás ghéar an mhaidin sin dá mbeith fhios agat air.



"Nuair a marbhuighedh seadairí an Ghearrghaisgaidhigh bhí sé
a méanrac os comhair na caillighe agus iad ag gabháil fabharineadh


L. 606


ar a chéile. Bhí mé féin ag breathnughadh orthú, agus mé i gcomh-
nuidhe 'gcomhnuidhe ag braith ar imtheacht acht mar bhí cineál
bacail orm mar gheall ar an "gceárduidhe slinneán cóimh-
chliteáilte" a bheith agam i bhfolach faoi mo phráisgín, ní rabh
luadar na gcos agam mar badh mhian liom. Acht "nuair is
cruaidh don chailligh caithfidh sí seanrith a dhéanamh," agus b'anann
sin liomsa.



"Nuair a chonnaic mé an chailleach mhí-stuamdha ghránda ag
fagháil lámh i n-uachtar ar an ngaisgidheach a bhí 'na haghaidh, mheas
mé go "mb'fheárr dhom luadar mo dhá phontán fín 'ná caraid
na Féinne uilig," agus, a Oidhre na gcumann, gan aon bhréag a
dhéanamh, thug mé do na cosaibh é. Níor mhór dhom é, mar
bhí dáréag de ghaisgidhigh na caillighe agus í fhéin 'mo dhiaidh. Shíl
mé gach uile choiscéim dá dtugann go dtuitfeadh an gárlach ó
mo phráisgín faoi mo chosaibh; acht, mar gheall ar easbhuidh fola is
d'oireasbhuidh bídh ar an tóir a bhí ag cur teichidh orm, d'éirigh
siad lag agus bhuail mé an corr orthú. B'éigean dom a dhul
isteach i lúb coilleadh agus m'árus a dhéanamh faoi bhun crainn
rilleóg agus fanacht annsin in mo dheoraidhe cráidhte gan fear
mo chaointe ná mo shínte le fagháil acht an leanbh a thug mé liom
faoi mo phráisgín. Sin é athair do mhná-sa anois, agus deirim-se
leat-sa gur shaothruigh mise an gárlach sin, má shaothruigh bean
leanbh.



"Le sgéal gearr a dhéanamh den sgéal fada, níor fhág an
chailleach ná a lucht cogaidh fionna feanna a bhain do mo shliocht
daoine-sa nár bhailigh siad leobhtha go Ríoghacht na Riffeléise,
agus, an rud níos measa, dhóigh siad is loisg siad gach uile
theach, beag agus mór, a bhain dúinn. D'fhág sí slám draoidh-
eachta orm-sa is ar an ngárlach a bhí faoi mo choimirc nár fhéad
linn a thidheacht ar ais ná sinn féin aimhdeachtáil do éinne beo
gur bhain sinn le ríoghamhlacht ar bith. Acht amháin, dá maireadh
an gárlach, agus é bheith ina gheineamhaint glacadh le bean mar
chéile mná is sliocht clainne a bheith acú, agus iad a bheith chomh
hádhamhail sin is go dtiocfadh rí ná ríoghain le cuid den
mhuirighin iarraidh 'un a bpósta, agus mise a bheith beo le n-a
linn sin - annsin, agus ní go dtí sin - a thiocfadh liom ughdar mo
bhunaidh daoine innsin dhon rígh a bheith pósta ag ball ar bith den
mhuirighin a bhain le Gearrghaisgidheach Donnbhuidhe na nÁrdán.


L. 607


"Ar an adhbhar sin de, a Oidhre na Cruinne, go bhfuil tusa in
do mhac ríogh le bainríoghan pósta ag inghin mhic don Gheárr-
ghaisgidheach, mheas mise go rabh sé ceadmhach agam ar deireadh
thiar thidheacht in do láthair is innsin duit go ceart cneasta ó
chroidhe feileamhnach gur inghean mic ríogh le bainríoghain do bhean
ó cheart.



"Agus, a rí, le dhul níos fuide leis an sgéal, 'dtaobh athar
do mhná, nuair a bhí mise agus é fhéin ins an gcoill, ní rabh mórán
de shogh an tsaoghail againn; acht, ar a shon sin, l'éir mar bhí sé
ag méadughadh bhí sé ag dul 'un feabhas. An inntleacht chinn nach
gcuimhnigheadh sé uirri insa lá smaoinigheadh sé uirri insan oidhche.
Leis an sgéal a ghiorrachan, a chumhlódair mo chroidhe thú, sul má
sgaith sé an dómhadh bliadhain déag ní rabh aon cheárduidhe le
fagháil ba mheabhraighe ná ba fadcheannaighe 'ná é. Nuair nach
rabh tabhartas ar bith de mhaoin an tsaoil aige, acht oibriughadh
le allas a chnámh, agus gan bhréig d'oibrigh sé go dúthrachtach is
gan drogal ar bith air in a chionn; agus a rí, le urrudhas a chnámh
is le brigh a smior shaothruigh sé a chuid go ceart cneasta, le
mise agus a inghean bhláthamhail a bheathughadh is a thógáil agus
snuadh ar gcodach a chur orainn; agus gan gláithféis ar bith,
thóig sé a inghean duineamhail dóigheamhail. Deirim anois agus
aríst, nach bhfuil a leithide le fagháil ar fhad is ar leithead na
ríoghachta seo; agus tá mé lán-chinnte, a Oidhre an Fheasa, go
bhfuil bród agus sólás ort l'éis mise a chur i n-umhail duit gur
ríoghain óg atá agat in do mhnaoi i n-áit inghean ceárduidhe."



"Ara, a théagair mo chroidhe thú agus shearc mo chléibhe, má
tá an t-ughdar a thug tú dhom fíor, agus sé mo bharamhail go
bhfuil, ní bhéidh aon tsean bhanalae insa ríoghacht so a bhéas chomh
saidhbhir leat, le sócamhal a thabhairt do do shean chnámha i
ndeireadh do laetheannta i n-áit an dócamhail atá saothruighthe
agat leis na bliadhantaibh. Agus ná síl go bhfuil mé ag déid-
ghearradh ort i dtaobh d'ughdair acht amháin go mbudh mhaith liom
dá dtuibharthá duine eicínt eile annso agam, a mhair le linn an
chatha a bhí idir an chailleach is an Gearrghaisgidheach, ar an gcaoi
go gcuirfidh mé i n-umhail do ríghthibh an oileáin atá ag baint
aithise asam-sa anois agus aríst, gur inghean ríogh mo bhean, i
leabaidh inghine ceárduidhe."



Dhearc an tseanbhanalae de aon chlár amháin air, agus ar
sise go feargach:


L. 608


"Feicthear dom go bhfuil tú ag déidghearradh ar mo chuid
cainnte."



"Ní fhuil," ars' an rí, "acht deirim leat gur fearr dhúinn an
darna duine a bheith annso le do chuid cainnte-sa do chóimh-
cheartughadh."



"'Sé mo bharamhail-sa," ars' an Chailleach, "go bhfuil tú
ceart."



D'fhág sí an tOidhre ar bhuille boise, agus i leath-uair an
chluig bhí sí ar ais, agus iongóir aosta léithi bhí chomh sean leis an
gceo.



Thoisigh an t-iongóir seo ag innsint don Oidhre, agus, a
dhearbhráthair mo chroidhe thú, b'fhearr an bhrigh a chuir sí i n-ughdar
an chatha ná chuir an bhanalae í féin. Nuair a coimhcheartuigheadh
cainnt na caillighé i láthair an Oidhre, chuir sé gairmsgoile amach
ag cur i n-umhail do mhuinntir na ríoghachta an bunadh daoine a
bhain a bhean leis. D'fhan sé go foighdeamhail ag feitheamh lá ar
lá go ndí-cheartóchadh duine eicínt de na ríghthibh an t-ughdarthás
a bhí sé ag cur i n-iumhail dóbhtha i dtaobh bunaidh a mhná. Nuair
nár dí-cheartuigheadh a ghairmsgoile, bhí a fhios aige annsin go rabh
cainnt na caillighe fíor agus ní rabh aon rí le fagháil faoi
ríoghachtaibh na gréine ba bhródamhla 'ná é; agus gan bhréig
is gan mhagadh chuir sé suidheachan maith sócamhlach ar an gcailligh,
agus bhí sócamhal aice fhad is mhair sí. Le comaoin a chur ar an
gcailligh chuir sé gairmsgoile amach ath-uair ag innsint do na
daoinibh go rabh sé ag déanamh comóradh le haghaidh na banalae a
d'innis dó faoi'n sliocht daoine a rabh gaol ag a mhnaoi leobhtha.
Ar an ádhbhar sin de, thug sé chuireadh do bhocht is do nocht
thidheacht go dtí an comóradh sin, agus go mbeith fearadh na
fáilte roimh gach uile dhuine acú.



Chruinnigh na sluaighte seacht míle ar 'ach aon taobh dá chathair,
agus ní'l aon ríoghain ná aon óighe dar tháinic go dtí an
comóradh nach rabh a seachadadh féin leobhtha le tabhairt do
ríoghan an Oidhre, mar bhéarfaidhe do bhruinnill le catharnas a
dhéanamh léithi mar gheall orthú drochmheas a chaitheamh uirri as
tús, mar shíl siad gur inghean ceárduidhe bocht a bhí innti, i leab-
aidh ríoghna l'éir ríoghamhlachta.



Le críoch a chur ar an sgéal gearr so, tar éis an ríoghain na
seachadaidh seo uile a ghlacadh, rinne sí caidreamh leis na ríogh-


L. 609


antaibh go léir. Thoisigh an t-ithe is an t-ól, an changailt is an
slughadh. A leithide-sin d'ithe ní rabh sa domhan ariamh. Maidir
leis an rinnce is an ceol, níl léigheadh ná innsint sgéil air;
agus dheamhan duine dá rabh sa teach nach rabh sásta leis an
gcomóradh a cuireadh ar an gcailligh. Ghlac siad buidheachas leis
an Oidhre is an ríoghain. D'fhág siad a slán is a mbeannacht acú
nuair a críochnuigheadh deireadh an fhíona.



Sin deireadh sgéil an Oidhre, acht chuala mé ó bhéal na sean-
seanchaidhthe go bhfuil sgéal níos fearr 'ná é seo faoi mhac an
Oidhre. Ar dheireadh an ithe tháinic mé féin ag dúil leis an
slomairt, acht le mhéad a n-ithe ní raibh agam le fagháil acht
baladh an fhuighligh.



(A chríoch.)



NUAIR I SMÓ AN ANACAIN, agus rl.



Dá mhéid a bhíonn sa scamall dubh
An fuacht 's an fliuchra a leathann,
Soillseóidh an ghrian arís ar chnoc -
Níl ann acht cith beag reatha.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services