Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Ní fhuil beirt fhear le faghail indiu is mó tá i mbéa- laibh daoine na Kruger agus Dreyfus agus b'fhéidir ná biadh éinne amháin bliadhain ó 'ndiu ag luasgadh béil ortha. Támuid bodhar leis an mbeirt anois go h-áirighthe agus go mór-mhór le comhradh baoth gach cabaire ná fuil púinn le déanamh aige. Dála an Fhranncaigh bhí sé le cheithre bliadhna i mbraigh- dineas ghéar mar gheall ar an gcraobh-sgaoileadh do cuireadh na leith - gur dhíol sé rúna a thíre le cúmhacht iasachta. Fuair taoiseacha an airm cionntach an fear so agus creideann a lán gur daoradh i n-éagcóir é. Sin é an fáth go mb'éigéan d'Árd-Chúirt na Fraince an cás d'aith-éisteacht agus do b'é a toil agus a riarughadh go raibh sé riachtanach ar thaoiseachaibh an airm an cimidh nó an príosúnach do thabhairt chum córa arís. Is maith an rud do'n fhear so go bhfuil árd-chúirt sa bhFrainc. Ní fhuil a leithéid ag baile againn-ne, agus dá ndaorfaidhe is ná críochaibh seo é bhí sé daortha go deo gan fóirithin. Tá dlighe mhaith sa bhFrainc agus gheobhaidh an fear so cóir agus ceart. Deir daoine gan chéill gan tuigsint gurab é an mairtíreacht is mí-ádhmharaidhe ar domhan é mar dar leo tá sé neamh-chionntach agus d'fhulaing sé braighdineas cheithre mbliadhan. Siúd agus go bhfuil is iomdha fear lem' linn féin do bualadh fá ghlas le feall agus le fiadhnaiseacht éithigh agus atá fós i gcuibhreach. Is é mo ghuidhe go saorfar an duine bocht so má tá sé neamh-chionntach acht is deacair a rádh go bhfuil agus is é mo thuairim féin go ndaorfar arís é agus go dtuilleann sé é. Bhí fear cosanta ag Dréafus darab ainm Labori an dlightheóir ceistiughadh is mó teist i bPáris agus do sgaoil malluightheoir meata piléar leis an lá eile i ndiaidh a chúil, d'aimsigh é idir an dá shlinneán agus atá an dligh- theóir bocht i mbéalaibh báis dá dheasagaibh. Níor rugadh fós ar an mbiothamhnach féill so mar do sceinn sé leis le cosa luath d'éis na coire. Thug beirt nó triúr iarracht ar thuisleadh bhaint as acht bhagair sé ortha le-n úirlis teineadh agus ghlan as a radharc. Fear cumasach, calma, is eadh Labóri, agus gidh go bhfuil an liathróid fós curtha ós cionn a chaoil agus pian agus teinneas air go leór tá súil go dtiocfaidh sé as. A ghnó féin gnó gach einneach, adeirthear, agus ní dócha, dá réir sin, go bhfuil Pól Kruger an aimsir seo ag machtnamh ar chúrsaidhe na Fraince mar tá sé ag faireadh ar Sheághan Bhuidhe. Is glic an mada ruadh Pól agus ní misde a rádh go bhfuil a dhóthain le déanamh aige chum é féin do sheachaint ar Sheághan, agus ar fhearaibh na sparán fada atá ar a thí. Deir páipéar i Sasana, an Phoenix go bhfuil eagla ortha go ngéillfidh Kruger do Riaghaltas Shasana agus dá réir sin ná beidh faill acu ar a thír do bhaint de, agus an mianach óir is breághdha ar domhain do bheith acu. Deir an Riaghaltas nách bhfuil amhras ar bith acu ar an dtír úd acht go gcuirfidh siad d'fhiachaibh ar Phól agus ar a chómhluadar ceart agus cóir do thabhairt do Shasanachaibh atá ag oibriughadh go dian ins na mianachaibh úd agus ag díol cíos trom agus cáin gan fiú gutha i ndlighe na tíre. Féirmeóirí is eadh na Dóraigh agus atá cradhsgal ortha dul fá thalamh, acht mar sin féin ní ghoilleann sé ortha íoc agus cíos do thógaint uatha so atá ag oibriughadh an mhianaigh. Rinne an cat ceannfhionn trosgadh Aoine an chéasda - "ithim feóil, acht ní ólaim bainne," ar seisean. Is contabhartach an tslighe bheatha obair i g-cuithe nó mianach. Bíonn iasg gann i dtighthibh ins na gleann- taibh toisg iad i bheith a bhfad ó'n bhfarraige agus ó'n margadh. Ba ghnáthach rádh iriseach i mbéal mhnaoi an tighe ag cur colmóir, nó aon tsaghas eile éisg ar bórd, agus do b'é an ghuidhe úd, "go saoraidh Dia na h-iasgairí." Ní dócha go ndeireas bean ná fear anois nuair do chuirid siad smiot guail ar teineadh, "go saoraidh Dia buainteóir an ghuail." Ba ghábhadh do'n bhuainteoir bhocht an ghuidhe sin mar is iomdha contabhairt atá ag feitheamh leis idir leónta agus tuisleadh, na frathacha ar tí tuitim air uisgí fíor-íochtair ag brúchtadh ar tí a bháthadh, agus mór-phléasgadh uathbhasach an ghailguail. Is minic do bhuaileann tubaistí de'n tsaghas so muintir na Breat- aine agus is dúbhach í an cheanntar ar uairibh dá dheasgaibh. Bhí deich bhfeara agus dá chéad ag obair ins an chuithe guail atá sa Chúm Gharbh i n-aice Níot i mBreatain theas an t-ochtmhadh lá déag de Lúghnasa. D'éaluigh an galguail ar na fearaibh bochta, d'adhain na troil- seáin do bhí ag tabhairt soluis dóibh an galguail agus bhí mór-phléasgadh uamhnach ann láithreach. Do marbhuigheadh agus do múchadh fiche fear acu agus do fuasgladh deich bhfeara fichead. Is cruaidh cródha an tréibh na Breathnaigh agus is teann do throidid ar muir nó ar tír acht is mó fear do sheasóchadh i mbearna an mbaoghail ná biadh misneach air preabadh síos i gcuithe i n-aimsir mór-phléasgadh. Níor mheath na Breathnaigh, níor mheathadar riamh agus bhí beirt acu i gcionn deich noimití thíos fá thalamh céad slat ag fóirithin ar a gcomharsanaibh. Ba dhílseadh, dán na bheart í. Dochtúir is eadh duine acu, Parry Jones is ainm do agus cuiteóir an fear eile, goirthear Herring air. Fuaradar fear thíos na chuid fola,
caitheadh i gcoinnibh na gcloch é leis an mór-phléasgadh, thógadar leo é go pholl na cuithe mar ar shéid an ghaoth ionfhuar air, bhuail mathshluagh leo sínte agus tabhartha amach, gan luadháil i gcois ná láimh, bhíodar féin leath- mhuchta ó'n aer truaillighthe acht mar sin féin tharrain- geadar leo na fir bhochta tráithe go béal na cuithe agus tháinig fir dána eile anuas ag cabhrughadh leo. Bhailigh mná agus leinbh go bhruach na cuithe ag éigheamh agus ag gol, bhí an fear tighe agus an t-athair i n-easbaidh ar chuid acu. Go bhfóiridh Dia ar an ndíleachtaidhe agus ar an mbain- treabhach. Is duairc an gnó bheith ag tráchtadh thar dhochar an tsaoghail agus béic buaidhirt agus cúmha i gcomhnuidhe ar aghaidh na talmhan acht tá gáire leathan ann leis agus beidh sult i measg an amhgair. Phós mórán daoine ins na hIndia- caibh Thiar le coicígheas gidh gur bhris gaoth mhór agus anfadh thar na hOileánaibh sin do mharbh agus do thraoch ós cionn dhá mhíle duine agus do chreach na mílte eile; acht fá mar dubhramar beidh duine a' gol agus duine a' gáire. Do chruinnigh buidhean mhór d'árm na Gearmáine ar machaire Ghrabhelotte, Lúghnasa an t-ochtmhadh déag, le h-aghaidh leacht cuimhne do chur ar bun i n-onóir an Ghárda Prus do marbhuigheadh ann ins an ár mhór naoi mbliadhna fichead ó shoin. Do thuit breis agus fiche míle Gearmánach ann agus dhá mhíle dhéag Franncach. Rinne Ímpire na nGearmánach fuighle nó cómhrádh ciallmhar, carthanach ann. Níor chuir sé an ceann faoi ar na Franncacha gidh gur bhuaidhigh na Gearmánacha ortha ins an gcath fuil- teach úd, acht do mhol a dtréineacht, agus adubhairt go mbiadh an leacht mar chómhartha cuimhne go deo ar na laochaibh go léir idir Franncach agus Gearmánach do chuaidh i n-éag ins an ár le fuinneamh na bpiléar. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services