Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Ní fhuil beirt fhear le faghail indiu is mó tá i mbéa-
laibh daoine na Kruger agus Dreyfus agus b'fhéidir ná biadh
éinne amháin bliadhain ó 'ndiu ag luasgadh béil ortha.
Támuid bodhar leis an mbeirt anois go h-áirighthe agus go
mór-mhór le comhradh baoth gach cabaire ná fuil púinn
le déanamh aige.



Dála an Fhranncaigh bhí sé le cheithre bliadhna i mbraigh-
dineas ghéar mar gheall ar an gcraobh-sgaoileadh do
cuireadh na leith - gur dhíol sé rúna a thíre le cúmhacht
iasachta. Fuair taoiseacha an airm cionntach an fear
so agus creideann a lán gur daoradh i n-éagcóir é. Sin
é an fáth go mb'éigéan d'Árd-Chúirt na Fraince an
cás d'aith-éisteacht agus do b'é a toil agus a riarughadh go
raibh sé riachtanach ar thaoiseachaibh an airm an cimidh nó
an príosúnach do thabhairt chum córa arís. Is maith an
rud do'n fhear so go bhfuil árd-chúirt sa bhFrainc. Ní
fhuil a leithéid ag baile againn-ne, agus dá ndaorfaidhe is
ná críochaibh seo é bhí sé daortha go deo gan fóirithin.
Tá dlighe mhaith sa bhFrainc agus gheobhaidh an fear so cóir agus
ceart. Deir daoine gan chéill gan tuigsint gurab é
an mairtíreacht is mí-ádhmharaidhe ar domhan é mar dar
leo tá sé neamh-chionntach agus d'fhulaing sé braighdineas
cheithre mbliadhan. Siúd agus go bhfuil is iomdha fear lem'
linn féin do bualadh fá ghlas le feall agus le fiadhnaiseacht
éithigh agus atá fós i gcuibhreach. Is é mo ghuidhe go saorfar
an duine bocht so má tá sé neamh-chionntach acht is
deacair a rádh go bhfuil agus is é mo thuairim féin go
ndaorfar arís é agus go dtuilleann sé é.



Bhí fear cosanta ag Dréafus darab ainm Labori an
dlightheóir ceistiughadh is mó teist i bPáris agus do sgaoil
malluightheoir meata piléar leis an lá eile i ndiaidh a
chúil, d'aimsigh é idir an dá shlinneán agus atá an dligh-
theóir bocht i mbéalaibh báis dá dheasagaibh. Níor rugadh
fós ar an mbiothamhnach féill so mar do sceinn sé leis
le cosa luath d'éis na coire. Thug beirt nó triúr
iarracht ar thuisleadh bhaint as acht bhagair sé ortha le-n
úirlis teineadh agus ghlan as a radharc. Fear cumasach,
calma, is eadh Labóri, agus gidh go bhfuil an liathróid fós
curtha ós cionn a chaoil agus pian agus teinneas air go leór
tá súil go dtiocfaidh sé as.



A ghnó féin gnó gach einneach, adeirthear, agus ní dócha,
dá réir sin, go bhfuil Pól Kruger an aimsir seo ag
machtnamh ar chúrsaidhe na Fraince mar tá sé ag
faireadh ar Sheághan Bhuidhe. Is glic an mada ruadh Pól
agus ní misde a rádh go bhfuil a dhóthain le déanamh aige
chum é féin do sheachaint ar Sheághan, agus ar fhearaibh na
sparán fada atá ar a thí. Deir páipéar i Sasana, an
Phoenix go bhfuil eagla ortha go ngéillfidh Kruger do
Riaghaltas Shasana agus dá réir sin ná beidh faill acu ar
a thír do bhaint de, agus an mianach óir is breághdha ar
domhain do bheith acu. Deir an Riaghaltas nách bhfuil
amhras ar bith acu ar an dtír úd acht go gcuirfidh siad
d'fhiachaibh ar Phól agus ar a chómhluadar ceart agus cóir do
thabhairt do Shasanachaibh atá ag oibriughadh go dian ins
na mianachaibh úd agus ag díol cíos trom agus cáin gan fiú
gutha i ndlighe na tíre. Féirmeóirí is eadh na Dóraigh
agus atá cradhsgal ortha dul fá thalamh, acht mar sin
féin ní ghoilleann sé ortha íoc agus cíos do thógaint
uatha so atá ag oibriughadh an mhianaigh. Rinne an
cat ceannfhionn trosgadh Aoine an chéasda - "ithim
feóil, acht ní ólaim bainne," ar seisean.



Is contabhartach an tslighe bheatha obair i g-cuithe nó
mianach. Bíonn iasg gann i dtighthibh ins na gleann-
taibh toisg iad i bheith a bhfad ó'n bhfarraige agus ó'n
margadh. Ba ghnáthach rádh iriseach i mbéal mhnaoi an
tighe ag cur colmóir, nó aon tsaghas eile éisg ar bórd,
agus do b'é an ghuidhe úd, "go saoraidh Dia na h-iasgairí."
Ní dócha go ndeireas bean ná fear anois nuair do
chuirid siad smiot guail ar teineadh, "go saoraidh Dia
buainteóir an ghuail." Ba ghábhadh do'n bhuainteoir bhocht
an ghuidhe sin mar is iomdha contabhairt atá ag feitheamh
leis idir leónta agus tuisleadh, na frathacha ar tí tuitim
air uisgí fíor-íochtair ag brúchtadh ar tí a bháthadh, agus
mór-phléasgadh uathbhasach an ghailguail. Is minic do
bhuaileann tubaistí de'n tsaghas so muintir na Breat-
aine agus is dúbhach í an cheanntar ar uairibh dá dheasgaibh.



Bhí deich bhfeara agus dá chéad ag obair ins an chuithe
guail atá sa Chúm Gharbh i n-aice Níot i mBreatain
theas an t-ochtmhadh lá déag de Lúghnasa. D'éaluigh
an galguail ar na fearaibh bochta, d'adhain na troil-
seáin do bhí ag tabhairt soluis dóibh an galguail agus bhí
mór-phléasgadh uamhnach ann láithreach. Do marbhuigheadh
agus do múchadh fiche fear acu agus do fuasgladh deich bhfeara
fichead.



Is cruaidh cródha an tréibh na Breathnaigh agus is teann
do throidid ar muir nó ar tír acht is mó fear do
sheasóchadh i mbearna an mbaoghail ná biadh misneach
air preabadh síos i gcuithe i n-aimsir mór-phléasgadh.
Níor mheath na Breathnaigh, níor mheathadar riamh agus bhí
beirt acu i gcionn deich noimití thíos fá thalamh céad
slat ag fóirithin ar a gcomharsanaibh. Ba dhílseadh,
dán na bheart í. Dochtúir is eadh duine acu, Parry
Jones is ainm do agus cuiteóir an fear eile, goirthear
Herring air. Fuaradar fear thíos na chuid fola,


L. 371


caitheadh i gcoinnibh na gcloch é leis an mór-phléasgadh,
thógadar leo é go pholl na cuithe mar ar shéid an ghaoth
ionfhuar air, bhuail mathshluagh leo sínte agus tabhartha
amach, gan luadháil i gcois ná láimh, bhíodar féin leath-
mhuchta ó'n aer truaillighthe acht mar sin féin tharrain-
geadar leo na fir bhochta tráithe go béal na cuithe agus
tháinig fir dána eile anuas ag cabhrughadh leo. Bhailigh
mná agus leinbh go bhruach na cuithe ag éigheamh agus ag gol,
bhí an fear tighe agus an t-athair i n-easbaidh ar chuid acu.
Go bhfóiridh Dia ar an ndíleachtaidhe agus ar an mbain-
treabhach.



Is duairc an gnó bheith ag tráchtadh thar dhochar an
tsaoghail agus béic buaidhirt agus cúmha i gcomhnuidhe ar aghaidh
na talmhan acht tá gáire leathan ann leis agus beidh sult
i measg an amhgair. Phós mórán daoine ins na hIndia-
caibh Thiar le coicígheas gidh gur bhris gaoth mhór agus anfadh
thar na hOileánaibh sin do mharbh agus do thraoch ós cionn
dhá mhíle duine agus do chreach na mílte eile; acht fá mar
dubhramar beidh duine a' gol agus duine a' gáire. Do
chruinnigh buidhean mhór d'árm na Gearmáine ar machaire
Ghrabhelotte, Lúghnasa an t-ochtmhadh déag, le h-aghaidh
leacht cuimhne do chur ar bun i n-onóir an Ghárda Prus
do marbhuigheadh ann ins an ár mhór naoi mbliadhna
fichead ó shoin. Do thuit breis agus fiche míle Gearmánach
ann agus dhá mhíle dhéag Franncach. Rinne Ímpire na
nGearmánach fuighle nó cómhrádh ciallmhar, carthanach
ann. Níor chuir sé an ceann faoi ar na Franncacha gidh
gur bhuaidhigh na Gearmánacha ortha ins an gcath fuil-
teach úd, acht do mhol a dtréineacht, agus adubhairt go
mbiadh an leacht mar chómhartha cuimhne go deo ar na
laochaibh go léir idir Franncach agus Gearmánach do chuaidh
i n-éag ins an ár le fuinneamh na bpiléar.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services