Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Mac Mallachtain.
Title
An Mac Mallachtain.
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádhraic,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Mac Mallachtain. PÁDHRAIC Ó DOMHNALLÁIN do scríobh. I. Aimsear na Nodlag seadh bhí ann. Bhí sgata de na comhur- sannaibh bailighthe i dteannta a chéile fá dhíon tíghe Bhríghid Ní Fhathaig - "Bhríghid Mháirtín", mar ghlaoidhidís uirthi. B'iomdha sin sgéal agus sguan bhíodh le cloisteál ann. Bí ag cainnt ar dheagh-chainnt, acht is ann a bhíodh sí. B'iomdha bail bharamhail cuirtí ar mhuinntir na háite ar an teallach céadna. "Ó! an bitheamhnach bradach," arsa Partholán Breathnach, "céard eile bheiththeá ag súil leis? Táim-se ag dul amudha go mór, nó sé an rópa bhéas aige fá'n a mhuineál sul aireóchas sé é féin." "Tuilleadh tubaiste chuig an mac céadna gach lá éireóchas air! Sin í mo phaidir-sa dhó ó mo chroidhe amach," arsa Seaghán Ó Máille. "Ní bhéidh ifreann líonta go deó go bhfeichtear taobh istigh de na geataibh an buachaill céadna," ars' an "Yank". "Agus rachaidh sé rithte leis an diabhal é féin má bhíonn sé i n-ann smacht a chongbháil air. Go bhfóiridh Dia anuas ar a mháthair bhoicht. Is mór an díol truaighe í, go bhfuil uirthi cur suas le n-a leithéide de rifíneach - is mór sin!" "Muise! nár leige Dia go dtiocfadh sé sa lá go rachadh an buachaill bocht ann," arsa Bríghid, agus í ag gabháil leithsgéil an ghasúir. "Céard tá sé ag déanamh as bealach acht an oiread le stóicín ar bith eile sa mbaile. Tá sé breágh cróidheamhail agus beagáinín dithchéillidhe, b'fhéidir; acht tiocfaidh ciall chuige go fóill, feicfidh sibh féin." "Acht féach, a Bhríghid," arsa Pádhraic Ó Dorchaigh, "a dtug tusa riamh fá deara" - "Seadh! ní bhéadh an sgéal ceart go mbuailfeá-sa do ladar isteach sa gcomhrádh. 'Mór an t-iongnadh nach mbéadh múnadh eicínt ar dhaoinibh, agus tuisgint ionnta thar a bheith i gcomhnuidhe
'gcomhnuidhe ag cur rudaí i leith daoine nach dtag leobhtha a chruthughadh? Is olc an béas a bheith ag cúlchainnt ar dhaoinibh agus ag rádh seo agus siúd fútha. Má bhíonn sé chomh maith is tá cuide de na daoinibh atá ag cur síos air, ní mórán gaisge dhó é! Tá daoine sa saoghal anois agus níl uatha acht a bheith ag clamhsán faoi seo agus faoi siúd ó mhaidin go faoidhchinn. Dhá mbeidís breágh croidheamhail greannmhar subháilceach b'amhlaidh b'fhearr dhóibh féin agus don tír é," arsa Bríghid. "Greann agus spóirt go deimhin! Tá greann agus greann ann, agus duine ar bith a chéapas sic nach maith liom-sa croidheamh- lacht na hóige is mór an dul amudha atá air," arsa Pádhraic (agus fonn air a chuid féin den chainnt a bheith aige). "Acht nuair nach mbíonn acht cúpla ubh le tabhairt isteach agad ar maidin agus chomh maith le sgór ceart agat, agus nuair sguabtar an coileach breágh Márta tá agat uait; agus nuair" - "Ní hiongnadh go mbéadh aimhreas ag duine ar dhaoinibh áithridhe," arsa Partholán Breathnach. "Ní headh, ná chor ar bith," arsa Máirtín Mac Gabhann, "agus céard fá na daoinibh ar goideadh a mbuidéal poitín uatha bhí i bhfolach sa gcruaich mhónadh aca. Is furusta go leor do bhoicínibh áithride a bheith ag caitheamh tobac agus saoghal duine uasail aca. Mo chonsias! dhá n-oibreóchaidís chomh cruaidh is oibrigheas cuide de na daoine go siúbhalóichidís níos réichte agus gur fíor- bheagán bhéadh aca, b'fhéidir, le cur sa bpíopa t'réis a dtrioblóid agus a gcuid anróigh." "Mh'anam péin fhéin gur fíor duit," arsa Pádhraic. "Tá a fhios againn go maith cé hiad féin, is cuma cé thóigfeas a bpáirt. Ró-fhada tá an sgéal ag dul," ar seisean. "Ró-fhada, go cinnte," arsa Máirtín, "acht, mo chraiceann- sa ó'n d-l! ní rachaidh sé mórán níos fuide nó caillfidh mise leagan leis." "Óra! a Thighearna an domhain! a gcualaidh duine na deóraidhe a leithéide de chainnt riamh, nó céard atá ag tidheacht orraibh. Níl ag ceachtar agaibh acht baramhail - buille fá thuairim - agus ní ceart ná cóir dhíbh a bheith ag cainnt mar sin. Tá Dia ag éisteacht libh! Bíodh a fhios agaibh gur bh'iomdha sin duine crochadh 'san éagcóir agus ní mise an chéad duine ar mhaith liom é a rádh gur gaduidhe é "An Mac Mallachtain," agus
má thógann sibh mo chomhairle dúnfaidh sibh bhur mbéal feasta. Níl a fhios ag daoine cá mbeadh "poll ar an teach", agus ní hé an déagh fhocal cloistear i gcomhnuidhe," arsa Bríghid. "Muise, go dtugaidh Dia ciall dhuit annsin, a Bhríghid, cé'n maith dhuit a bheith ag cainnt mar sin. Nach bhfaca Máirtín Ruadh é Dia Sathairn seo chuaidh thorainn ag teacht amach as an roilig, i Sean-Teach a' Phobail. Bhí cárr na n-uibheacha ag dul thart agus ghlaoidh sé ar fhear an cháirr. Bhí sé annsin ag comhaireamh is ag comhaireamh, is ag baint as an gciseán bhí aige go rabh cúig sgór comhairighthe aige má bhí ceann," arsa Máirtín. "Ha! ha!" arsa Partholán. "Tá uibheacha ocht bpighinn déag an sgór fá láthair. Sin -" "Nach maith atá fhios agat?" arsa Bríghid. "Máire Neillí, chualaidh mé dhá rád, tigh Bheairtlí Uí Neachtain aréir agus mé i gcoinne gráinne tobac ann. Fuair sé a sheacht is sé pighinne as an gcruinniughadh sin ar chaoi ar bith. Leabhar- sa féin, ní iongnadh ar bith go dtag le daoinibh neart tobac a bheith aca agus saoghal ar a gcomhairle féin; ag iasgaireacht agus ag bualadh liathróide láimhe agus gach cleas eile ar mhian leobhtha." "Is beag a bhéadh le déanamh agam, muis'," arsa Brighid, "an lá chreidfinn céard déarfadh Máirtín Ruadh, an spiadóir salach, an té a mhionnuigh ar Sheaghán Mhór agus ar Mhicheál Thaidhg an tráth seo anuraidh, nuair mharbhuighdear cúpla bradán beag dhóibh féin le haghaidh na haimsire beannuighthe bhí ann. Mara bhfuil d'fhiadhnaise agat acht Máirtín Ruadh, tá sé chomh maith dhuit do bhéal a dhúnadh agus gan níos mó a bheith agat le rádh faoi - tá sin," ar sise go teann banamhail. "Go deimhin is go dearbhtha, ní meas thar bhárr mar sin atá agam-sa ar Mháirtín Ruadh, nó ar a chineál chabach," arsa Máirtín; "acht dheamhan blas níos measa é 'ná "An Mac Mall- achtain," creid mise ann." "Tá an ceart agat. Cé'n chaoi sa tubaiste a dtag leis a bheith ag spaisdeoireacht thart ó Luain go chéile agus a dhá láimh chomh fada le chéile aige? Tá a phíopa i n-órdughadh i gcomhnuidhe aige, pé ar bith cé'r b'as a dtagann an tobac, agus, maidir le teinidh, is aige a bhíos an teine, a dhuine! Cé chonnaic é ag baint lá mónadh dhó féin riamh?" arsa Seaghán Ó Máille, agus é ag smaoineadh ar cé'n bhail cuireadh ar an mbuidéal poitín.
"Sin í an chainnt a bhfuil an croiceann uirthi," arsa Par- tholán, ag caitheamh leathshúil ar Bhrighid. "Ar ndóigh, mar deir- eas Seaghán, bíonn teine aige an lá is teocha sa mbliadhain agus d'fhéadfá mart a róstadh uirthi - d'fhéadfá sin." "Ní buille fá thuairim é sin ar chaoi ar bith," ars' Máirtín. "Sin lom-chlár na fírinne, dá ríribh píre," ar seisean. "B'fhéidir gur b'eadh agus b'fhéidir nach headh," arsa Brighid. Ní rabh a fhios aice céard a b'fhearr di a rádh. Bhí na fir ag cur go cruaidh uirthi, acht ina dhiaidh sin is uilig ní fhéadfadh sí d'fhagháil ó'n-a croidhe a rádh gur gaduidhe ná rógaire bhí sa "mac mallachtain". "Má bhí sé aerach agus ar nós cuma liom fá go leor rudaí féin níor bh'shin é an fáth go mba cheart go gceapfadh daoine gur ab é ghníodh gach éan nídh as bealach gníthí sa gceanntar. "Dheamhan a stadfaidh sé go bráthach," ars' an Yank, "go gcuirir críoch leis ar an gcroich. Chonnaiceas go leór mar é san Oileán Úr agus ba shin é an bás fuaireadar. "Ní deagh-bhás a gheibheas an mac céadna, creid mise ann," ar seisean. "Seadh! céard eile bheiththeá ag súil leis," ar sa Máirtín, "an rud oiltear go holc imthigheann sé go holc." Ní deagh-bhás a thuilleas sé agus ní deagh-bhás a gheibheas sé. Ar ndóigh mar dubhairt an tAthair Réamonn ó'n altóir an Domhnach seo ghabh thorainn: "an rud gheibhtear go holc imthigheann sé go holc." Leaghann sé mar leaghadh an leac-oidhre le teas na gréine. Ní fhéadfadh an t-ádh ná an rath a bheith air, ní fhéadfadh sin." "Go maithidh Dia dhuit é, a Mháirtín," arsa Brighid, "agus go maithidh sé ar bpeacaigh dhúinn go léir an oidhche bheannuighthe seo. Is sibh atá ag leagan go cruaidh ar an dílleacht bhocht agus ó thárla gur bhain sibh asam é, níl sé blas níos measa ná sibh féin. Cé goid an ghé bhreágh ramhar bhí ag mo mháthair an Fhéil Mhartain, úd fadó, a Mháirtín? A gcuimhnigheann tú ar an oidhche sin, a Mháirtín? Agus ó's ag cainnt ar uibheachaibh é, b'fhéidir go gcuimhnigheann an Yank annsin ar an oidhche goideadh an cléibhín uibheacha ó Nel Ghort an Chárnáin agus b'fhéidir go gcuimhnigheann sé cár bruitheadh agus cár itheadh iad freisin. Maidir le Pádhraic Ó Dorchaigh annsin, ar ndóigh rinne sé an oiread diabhailidheachta le linn a óige is nach bhfuil cur síos air. B'fhéidir nár chuala sibh faoi'n lá casadh an sagart air, nuair
thairg sé an buidéal poitín as a phóca dhó. Ar innis tú riamh céard dubhairt an sagart leat? Á, bhí baoghal ort! Mise 'mbann- aidhe nár innis! Agus de dheamhan blas níos fearr bhí tusa, a Phartholáin. Céard a rinne Seaghán Ó Catháin, agus an Cléireach agus na buachaillí eile ort nuair chas tú orra as baile? Ba dheas an chaoi chuireadar ort. Agus an tír ag cainnt fút go ceann deich mbliadhna ina dhiaidh sin. Níl focal ar bith fá na rudaíbh sin! Tuige a mbéadh? Má thógann sibh mo chomhairle-sa fágfaidh sibh "an mac mallachtain" mar tá sé. Gheobh- faidh sibh rud eicínt eile le déanamh thar a bheith ag cúl-chainnt is ag cumadh na mbréag faoi. Ná cloisim focal níos mó faoi feasta," ar sise. Th'réis an mhéid sin cainnte a sgaoileadh uaithe, shuidh sí síos i mbun a coda cárdála agus níor leig uirthi féin gur chualadh sí focal de'n chómhrádh bhí idir na fearaibh reamhráidhte. (Ní chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services