Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Mac Mallachtain.

Title
An Mac Mallachtain.
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádhraic,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

An Mac Mallachtain.



PÁDHRAIC Ó DOMHNALLÁIN do scríobh.



I.



Aimsear na Nodlag seadh bhí ann. Bhí sgata de na comhur-
sannaibh bailighthe i dteannta a chéile fá dhíon tíghe Bhríghid Ní
Fhathaig - "Bhríghid Mháirtín", mar ghlaoidhidís uirthi. B'iomdha
sin sgéal agus sguan bhíodh le cloisteál ann. Bí ag cainnt ar
dheagh-chainnt, acht is ann a bhíodh sí. B'iomdha bail bharamhail
cuirtí ar mhuinntir na háite ar an teallach céadna.



"Ó! an bitheamhnach bradach," arsa Partholán Breathnach,
"céard eile bheiththeá ag súil leis? Táim-se ag dul amudha go
mór, nó sé an rópa bhéas aige fá'n a mhuineál sul aireóchas sé é
féin."



"Tuilleadh tubaiste chuig an mac céadna gach lá éireóchas
air! Sin í mo phaidir-sa dhó ó mo chroidhe amach," arsa Seaghán
Ó Máille.



"Ní bhéidh ifreann líonta go deó go bhfeichtear taobh istigh de
na geataibh an buachaill céadna," ars' an "Yank". "Agus
rachaidh sé rithte leis an diabhal é féin má bhíonn sé i n-ann smacht
a chongbháil air. Go bhfóiridh Dia anuas ar a mháthair bhoicht. Is
mór an díol truaighe í, go bhfuil uirthi cur suas le n-a leithéide
de rifíneach - is mór sin!"



"Muise! nár leige Dia go dtiocfadh sé sa lá go rachadh an
buachaill bocht ann," arsa Bríghid, agus í ag gabháil leithsgéil an
ghasúir. "Céard tá sé ag déanamh as bealach acht an oiread le
stóicín ar bith eile sa mbaile. Tá sé breágh cróidheamhail agus
beagáinín dithchéillidhe, b'fhéidir; acht tiocfaidh ciall chuige go
fóill, feicfidh sibh féin."



"Acht féach, a Bhríghid," arsa Pádhraic Ó Dorchaigh, "a dtug
tusa riamh fá deara" -



"Seadh! ní bhéadh an sgéal ceart go mbuailfeá-sa do ladar
isteach sa gcomhrádh. 'Mór an t-iongnadh nach mbéadh múnadh
eicínt ar dhaoinibh, agus tuisgint ionnta thar a bheith i gcomhnuidhe


L. 553


'gcomhnuidhe ag cur rudaí i leith daoine nach dtag leobhtha a
chruthughadh? Is olc an béas a bheith ag cúlchainnt ar dhaoinibh
agus ag rádh seo agus siúd fútha. Má bhíonn sé chomh maith is
tá cuide de na daoinibh atá ag cur síos air, ní mórán gaisge
dhó é! Tá daoine sa saoghal anois agus níl uatha acht a bheith ag
clamhsán faoi seo agus faoi siúd ó mhaidin go faoidhchinn. Dhá
mbeidís breágh croidheamhail greannmhar subháilceach b'amhlaidh
b'fhearr dhóibh féin agus don tír é," arsa Bríghid.



"Greann agus spóirt go deimhin! Tá greann agus greann
ann, agus duine ar bith a chéapas sic nach maith liom-sa croidheamh-
lacht na hóige is mór an dul amudha atá air," arsa Pádhraic
(agus fonn air a chuid féin den chainnt a bheith aige). "Acht
nuair nach mbíonn acht cúpla ubh le tabhairt isteach agad ar maidin
agus chomh maith le sgór ceart agat, agus nuair sguabtar an
coileach breágh Márta tá agat uait; agus nuair" -



"Ní hiongnadh go mbéadh aimhreas ag duine ar dhaoinibh
áithridhe," arsa Partholán Breathnach.



"Ní headh, ná chor ar bith," arsa Máirtín Mac Gabhann, "agus
céard fá na daoinibh ar goideadh a mbuidéal poitín uatha bhí i
bhfolach sa gcruaich mhónadh aca. Is furusta go leor do bhoicínibh
áithride a bheith ag caitheamh tobac agus saoghal duine uasail
aca. Mo chonsias! dhá n-oibreóchaidís chomh cruaidh is oibrigheas
cuide de na daoine go siúbhalóichidís níos réichte agus gur fíor-
bheagán bhéadh aca, b'fhéidir, le cur sa bpíopa t'réis a dtrioblóid
agus a gcuid anróigh."



"Mh'anam péin fhéin gur fíor duit," arsa Pádhraic. "Tá a
fhios againn go maith cé hiad féin, is cuma cé thóigfeas a bpáirt.
Ró-fhada tá an sgéal ag dul," ar seisean.



"Ró-fhada, go cinnte," arsa Máirtín, "acht, mo chraiceann-
sa ó'n d-l! ní rachaidh sé mórán níos fuide nó caillfidh mise
leagan leis."



"Óra! a Thighearna an domhain! a gcualaidh duine na
deóraidhe a leithéide de chainnt riamh, nó céard atá ag tidheacht
orraibh. Níl ag ceachtar agaibh acht baramhail - buille fá
thuairim - agus ní ceart ná cóir dhíbh a bheith ag cainnt mar sin.
Tá Dia ag éisteacht libh! Bíodh a fhios agaibh gur bh'iomdha sin
duine crochadh 'san éagcóir agus ní mise an chéad duine ar
mhaith liom é a rádh gur gaduidhe é "An Mac Mallachtain," agus


L. 554


má thógann sibh mo chomhairle dúnfaidh sibh bhur mbéal feasta.
Níl a fhios ag daoine cá mbeadh "poll ar an teach", agus ní hé
an déagh fhocal cloistear i gcomhnuidhe," arsa Bríghid.



"Muise, go dtugaidh Dia ciall dhuit annsin, a Bhríghid, cé'n
maith dhuit a bheith ag cainnt mar sin. Nach bhfaca Máirtín Ruadh
é Dia Sathairn seo chuaidh thorainn ag teacht amach as an roilig, i
Sean-Teach a' Phobail. Bhí cárr na n-uibheacha ag dul thart agus
ghlaoidh sé ar fhear an cháirr. Bhí sé annsin ag comhaireamh is ag
comhaireamh, is ag baint as an gciseán bhí aige go rabh cúig sgór
comhairighthe aige má bhí ceann," arsa Máirtín.



"Ha! ha!" arsa Partholán. "Tá uibheacha ocht bpighinn
déag an sgór fá láthair. Sin -"



"Nach maith atá fhios agat?" arsa Bríghid.



"Máire Neillí, chualaidh mé dhá rád, tigh Bheairtlí Uí Neachtain
aréir agus mé i gcoinne gráinne tobac ann. Fuair sé a sheacht
is sé pighinne as an gcruinniughadh sin ar chaoi ar bith. Leabhar-
sa féin, ní iongnadh ar bith go dtag le daoinibh neart tobac a
bheith aca agus saoghal ar a gcomhairle féin; ag iasgaireacht
agus ag bualadh liathróide láimhe agus gach cleas eile ar mhian
leobhtha."



"Is beag a bhéadh le déanamh agam, muis'," arsa Brighid, "an
lá chreidfinn céard déarfadh Máirtín Ruadh, an spiadóir salach,
an té a mhionnuigh ar Sheaghán Mhór agus ar Mhicheál Thaidhg an
tráth seo anuraidh, nuair mharbhuighdear cúpla bradán beag dhóibh
féin le haghaidh na haimsire beannuighthe bhí ann. Mara bhfuil
d'fhiadhnaise agat acht Máirtín Ruadh, tá sé chomh maith dhuit do
bhéal a dhúnadh agus gan níos mó a bheith agat le rádh faoi - tá
sin," ar sise go teann banamhail.



"Go deimhin is go dearbhtha, ní meas thar bhárr mar sin atá
agam-sa ar Mháirtín Ruadh, nó ar a chineál chabach," arsa
Máirtín; "acht dheamhan blas níos measa é 'ná "An Mac Mall-
achtain," creid mise ann."



"Tá an ceart agat. Cé'n chaoi sa tubaiste a dtag leis a
bheith ag spaisdeoireacht thart ó Luain go chéile agus a dhá láimh
chomh fada le chéile aige? Tá a phíopa i n-órdughadh i gcomhnuidhe
aige, pé ar bith cé'r b'as a dtagann an tobac, agus, maidir le
teinidh, is aige a bhíos an teine, a dhuine! Cé chonnaic é ag
baint lá mónadh dhó féin riamh?" arsa Seaghán Ó Máille, agus
é ag smaoineadh ar cé'n bhail cuireadh ar an mbuidéal poitín.


L. 555


"Sin í an chainnt a bhfuil an croiceann uirthi," arsa Par-
tholán, ag caitheamh leathshúil ar Bhrighid. "Ar ndóigh, mar deir-
eas Seaghán, bíonn teine aige an lá is teocha sa mbliadhain agus
d'fhéadfá mart a róstadh uirthi - d'fhéadfá sin."



"Ní buille fá thuairim é sin ar chaoi ar bith," ars' Máirtín.
"Sin lom-chlár na fírinne, dá ríribh píre," ar seisean.



"B'fhéidir gur b'eadh agus b'fhéidir nach headh," arsa Brighid.
Ní rabh a fhios aice céard a b'fhearr di a rádh. Bhí na fir ag cur
go cruaidh uirthi, acht ina dhiaidh sin is uilig ní fhéadfadh sí
d'fhagháil ó'n-a croidhe a rádh gur gaduidhe ná rógaire bhí sa "mac
mallachtain". "Má bhí sé aerach agus ar nós cuma liom fá go
leor rudaí féin níor bh'shin é an fáth go mba cheart go gceapfadh
daoine gur ab é ghníodh gach éan nídh as bealach gníthí sa
gceanntar.



"Dheamhan a stadfaidh sé go bráthach," ars' an Yank, "go
gcuirir críoch leis ar an gcroich. Chonnaiceas go leór mar é san
Oileán Úr agus ba shin é an bás fuaireadar. "Ní deagh-bhás a
gheibheas an mac céadna, creid mise ann," ar seisean.



"Seadh! céard eile bheiththeá ag súil leis," ar sa Máirtín,
"an rud oiltear go holc imthigheann sé go holc." Ní deagh-bhás
a thuilleas sé agus ní deagh-bhás a gheibheas sé. Ar ndóigh mar
dubhairt an tAthair Réamonn ó'n altóir an Domhnach seo ghabh
thorainn: "an rud gheibhtear go holc imthigheann sé go holc."
Leaghann sé mar leaghadh an leac-oidhre le teas na gréine. Ní
fhéadfadh an t-ádh ná an rath a bheith air, ní fhéadfadh sin."



"Go maithidh Dia dhuit é, a Mháirtín," arsa Brighid, "agus go
maithidh sé ar bpeacaigh dhúinn go léir an oidhche bheannuighthe seo.
Is sibh atá ag leagan go cruaidh ar an dílleacht bhocht agus ó
thárla gur bhain sibh asam é, níl sé blas níos measa ná sibh féin.
Cé goid an ghé bhreágh ramhar bhí ag mo mháthair an Fhéil Mhartain,
úd fadó, a Mháirtín? A gcuimhnigheann tú ar an oidhche sin, a
Mháirtín? Agus ó's ag cainnt ar uibheachaibh é, b'fhéidir go
gcuimhnigheann an Yank annsin ar an oidhche goideadh an cléibhín
uibheacha ó Nel Ghort an Chárnáin agus b'fhéidir go gcuimhnigheann
sé cár bruitheadh agus cár itheadh iad freisin. Maidir le
Pádhraic Ó Dorchaigh annsin, ar ndóigh rinne sé an oiread
diabhailidheachta le linn a óige is nach bhfuil cur síos air.
B'fhéidir nár chuala sibh faoi'n lá casadh an sagart air, nuair


L. 556


thairg sé an buidéal poitín as a phóca dhó. Ar innis tú riamh
céard dubhairt an sagart leat? Á, bhí baoghal ort! Mise 'mbann-
aidhe nár innis! Agus de dheamhan blas níos fearr bhí tusa,
a Phartholáin. Céard a rinne Seaghán Ó Catháin, agus an
Cléireach agus na buachaillí eile ort nuair chas tú orra as
baile? Ba dheas an chaoi chuireadar ort. Agus an tír ag
cainnt fút go ceann deich mbliadhna ina dhiaidh sin. Níl focal
ar bith fá na rudaíbh sin! Tuige a mbéadh? Má thógann sibh mo
chomhairle-sa fágfaidh sibh "an mac mallachtain" mar tá sé. Gheobh-
faidh sibh rud eicínt eile le déanamh thar a bheith ag cúl-chainnt is
ag cumadh na mbréag faoi. Ná cloisim focal níos mó faoi
feasta," ar sise.



Th'réis an mhéid sin cainnte a sgaoileadh uaithe, shuidh sí síos i
mbun a coda cárdála agus níor leig uirthi féin gur chualadh sí
focal de'n chómhrádh bhí idir na fearaibh reamhráidhte.



(Ní chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services