Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nGréasuidhe.
Title
Ár nGréasuidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ár nGréasuidhe. "CONÁN MAOL" do scríbh. Fear is eadh Diairmín Riabhach agus ní héan. Gréasuidhe is eadh leis é. "Is oth liom," arsa mise leis, "cearduidhe maith mar thusa d'fhágaint na hÉireann agus an gábha tá ann led leithéid. "Chuiris biorán i mbeó ionam leis an méid sin," adeir Diairmín agus faghairt 'na shúilibh. "D'fhágas Éire nuair d'fhág an chéill mo chómharsain, acht raghad ar n-ais roimh Bheallthaine seo chúghainn le congnamh Dé, mar cloisim go bhfuil an taom ag éirghe dhíobh ag baile. Munab amhlaidh é, d'fhanfainn mar a bhfuil agam, mé fhéin is Tadhg so ag tuilleamh ár gcoda." Sgaoileas a chenn leis an ngréasuidhe is níor ghriogas arís é. "Is cuimhin leat," adeir sé, "an uair a tháinig na gutí peircí chun Neidín, agus dhíoltaí gach feidhre aca ar sheacht is raol. Tómhaisinnse is ghearrainn feidhre bróg as seithe ghlan leathair, d'fhuaghainn féin is triúr preabairí bhí agam iad, is dhíolainn ar
a naoi is dhá thuisdiún an feidhre. Bhíodh tuarasdal na bhfear is sochar beag dhom fhéin ag teacht as an méid sin. Ní raibh easba oibre 'ná easba bídh orainn, is bhíodh sult is sgéilp is caitheamh aimsire againn. Bhíodh na glacaidhe go flúirseach ag gabháil chúghainn isteach idir mhnáibh cúmtha is fhearaibh córacha, is aosánaigh is gearrachailí. Thógadar go léir an taom gach fear is bean diaidh ar ndiaidh. Fá cheann dhá bhliadhan bhí na gutí peircí ar gach n-aon aca. Shnámhas féin i gconnibh na tuile acht b'éigean dom mo thriúr fear a sgaoileadh uaim ceann ar cheann. "Dhearbhuigheas do chách ná raibh i mbonnaibh na nua-bhrógaibh acht súghlach neimhneach crann, 'ná ins na huachtaraibh acht coirt is scubhadh adhmaid is páipéar ruadh. Acht mo thruagh mhór thú, bhítheas ag magadh fúm agus fá dheire bhuaileas orm mo cháibín, seo chum siubhail mé, acht bheirim míle buidheachas do Dhia ní raibh pinginn fiacha orm is ní fhuil indiu. "Ba bhrón liom a chlos gur thrúig easlánte dá lán aca na bróga gutí peircí. Fuaradar cailicín ins na súilibh is puchóidí is neasgóidí." "Cionnus d'éirigh liomsa, adeirir." D'fhéachan gréasuidhe ar a cheap. Ní fhuil aga ar an sgéal a dh'innsin, adeir sé. "Ocras? An raibh ocras ort féin riamh? Nách bhfuil trí fichid míle duine sa chathair seo is ocras ortha gan fiú amháin pinginn aca acht ag brath ar dhéirc le n-a gcoinghbheáil ón mbás leis an ocras. Féach ar Bheitnil Ghruín sin mar ar chaitheas an chéad Oidhche Shamhna thugas annso. Bhí trí déag is dhá phinginn im phóca nuair a thángas, agus fonn chum oibre, ní hamháin ar ghréasuidh- eacht acht aon tsaghas gnótha. Chaitheas gach pinginn dem stór roimh Nodlaig agus pádh aon lae amháin 'na theannta. Creid mé nár chuir an méid sin póit orm acht chómh beag. Agus bhí na bróga go haindis orm roimh Nodlaig le coisidheacht mar ná raibh luach na dtaoibhíní le caitheamh agam. "Deirthí linn sa bhaile ná feicfimís aon lá bocht ar faid an tsaoghail acht ceárd is Béarla bheith againn. Ailliliú! nár mhór é ar mealladh! Ba bheag an bhrígh do Thadhg so leis a chuid Béarla, cé go rugadh sa chathair shaidhbhir seo é is go bhfuil tuinn na cainnte ar a theangain. B'é Tadhg an cúl-báire bhíodh agam- sa. Ní chuireadh sráideanna 'ná láinidhe cúmhanga ceómhara
faitchíos air istoidhche, 'ná radharc na dtighthe árda dorcha. Ghnídhmís cuideachta dhá chéile fá sgáth fárdorus, agus cé go mbíodh na hoidhcheanta fada fuar, d'ínsimís sgéala fiannuidh- eachta dhá chéile, agus tá beart aca ag Tadhg. "Is furusda do bheirt réidhteach le chéile nuair a bhíonn an goile sásta, agus cé nár mhar sin dúin-ne níor thugamair droch- fhreagra ar a chéile acht amháin Oidhche Nodlag mór, thar a bhfeachaís riamh. Bhí seacht bpingne agam-sa fós agus leathraol ag Tadhg. Ní chaithimís aon nídh ar loisdín oidhche toisg go raibh eólas ag Tadhg ar lochta féir capall, agus d'éaluighmís thre píb adhmaid ar chul an tighe isteach ar an lochta seal den oidhche an uair a bhíodh an consábla ag míogarnaigh. "Tiomáineadh as súd sinn Oidhche Nodlag agus is mise ba chionntach leis. Lean triúir eile sinn go dtí ár leabaidh codlata le súil go raibh airgead agam-sa is go roinnfainn leó; agus chualaidh na consáblaithe sinn ag achrann le chéile. "Sin a bhfuaireas as mo fhearamhlacht, nó mo amadántacht fá mar adeireadh Tadhg. Is amhlaidh a bhí ceobhrán glas fuar ann an oidhche úd agus sinne ag gabháil anuas cois tearmon bóthair Phancras. Bhí bean 'sa draoib amuich cois na leacach is dath glas uirthe is dath mílítheach liath ar ghárlach a bhí ar a cuis- linn aici. Bhí a glaic thanaidhe chreathach ar síneadh amach aici, is buisgín lasán ar a bois aici. Phulc na céadtha fear is ban amach as an dteármon bóthair is gol asda, is cótaidhe móra ar na fearaibh is cochaillíní ar cheannaibh na mban, is chrom giollaí ar amhastraigh, is capaill ar phramsáil, is carbaid aibhligh ar shranntarnaigh is ar fhothram, is bh'ruigh scaoth daoine isteach ins na carbadaibh, is sgaip an maithshluagh fá mara shloig- feadh an talamh iad. "D'fhan an bhean aonarach mar a raibh aici, díreach mar a bheadh sí 'na stalcadh marbh, is shéid an ghaoth 'na timcheall is chrom an pluda righin ar shnámh ar an tsráid mar bhí an ceobhrán ag tuitim 'n-a bháisdigh. Pé rud a tháinig dhómh-sa bhíos ag cur na súl thríd an mnaoi. D'fhéach sise suas ar an spéir is tháinig srannán ar an ngárlach is chrom an bhean ar a bhréagadh, is a luasgadh leis an láimh chlé, is chogair sí leis an ngárlach is chuala an cogar as Gaedhilg - "huis a leinbh, huis a bhuidheanaigh mo chléibh!" - agus pé rud a tháinig dómh-sa sháthas láithreach bonn na seacht bpiginne bhí agam isteach i bpilirín an leinbh.
"Tharraing Tadhg leis mé mar airighim go raibh an t-ocras 'ghá chrádh. Cúis gháire chúghainn; lean triúr bioránach sinn, mar cheapadar go rabhas-sa lán d'ollmhaitheas. Thug Tadhg íde bhéil orm is dubhairt go gcaithfimís goid nó fuadach nó go bhfaghmuis bás leis an ngorta. Mhaith sé dhom, ámhthach, nuair admhuigheas go mb'fhéidir go rabhas ró-bhog; acht chrom sé ar challaireacht arís nuair a tiomáineadh amach as lochta féir na gcapall sinn. Bhí trí pingne aige, agus greim an duine bháidhte ortha aige, mar cheap sé go gcaithfimís maireachtan ar an méid sin go ceann seachtmhaine. Bhriseamair isteach air lá'r n-a bháireach - bhí Tadhg bocht fial riamh - agus fuair sé réise breágh de thraidhp ar leath-phinginn. "Oidhche Lae 'le Steafáin chuir an t-ocras go dian orainn. Ceapaim dá mbeadh airgead id' phóca siúd is go mbeiththeá bolg-folamhach, ná goillfeadh an t-ocras chómh mór soin ort. Nuair a bhíonn na pócaidhe folamh, ámh, tagann ampla thar bárr ar dhuine agus tagann sgannradh air a laguigheann é. "Chuadhmar ar scáth an oidhche bhí chúghainn fá shúil droichid an mhargaidh ag Spitalfilds, agus laistiar de chífir manrach ina gcuirthear trucaillidhe is ualaighe i gcoimeád. Dhruideamair isteach, mar bhí Tadhg ar baille-chrith. Tá leacht cloiche is muirt- aoil annsúd, is ceann gadhair iarrainn ar gach cliathán de, agus ní fhuil agat acht fadhb práis atá i mbéal cinn madra do dhing- eadh isteach, is silfidh caise uisge amach chúghat. D'ólamair ár sáith, acht ná creid éinne adéarfaidh leat go mbainfidh uisge an t-ocras díot. Is amhlaidh a chloisinn an t-uisge ag glugarnaigh im chliabh is im ghoile. D'at sé suas an bheirt againn, is tháinig tonn taosgach orainn. Bhí mo chaoláin ceangailte do bhaic mo dhroma, acht ní leiginn orm le Tadhg é; agus nuair a bhuailinn bas ar mo bholg, bhaininn fuaim as ar nós criathair. "Ní baoghal dúinn fós," adeireadh Tadhg, "tá pinginn go leith againn do bhéarfaidh thar na laetheantaibh saoire sinn, agus cá bh'fhios ná go mbeadh obair raidhseamhail." "Ar chúinne thiar na manruighe úd bhuail cómhla linn, lúb uirthi, is pionna sa lúib. "D'osglamair an dorus toisg go raibh an smior reóidhte 'nár gcnáimh leis an ngaoith. Bhí asal ar cheannraigh ann is chrom sé ar speachuigheal acht d'iadhmair an dorus is shínemair siar sa
n-asair agus bhíomair 'nár gcnap chodlata láithreach. "Músgail," arsa Tadhg i gcogar, "cloisim coiscéim lasmuich, is tá an dorus ar deargleathadh!" "D'éaluigh an bitheamhnach asail leis féin, is nuair a fhéachamair amach sa doircheacht is amhlaidh a bhí tón an asail linn, is a chluasa 'na seasamh aige, is é ag féachaint anonn ar chonsábla. "Fan mar a bhfuil agat," arsa Tadhg ag druidim leis an dtáirsigh. Bhí an t-asal ag cur na súl thríd an gconsábla; agus thabharfainn an Leabhar Breac go ndubhairt an t-asal soin: "Halt! right-about- face! quick march!" agus ceapaim go dtabharfadh an consábla féin na mionna céadna mar leath a lámha is thuit an clogad dá cheann leis an bpreib a baineadh as. Léim an t-asal as a chorp, is as go bráth leis amach an mhanrach. Ní raibh ionnam-sa corruighe le sgannradh, go bhfeaca Tadhg 'gá iomlasg féin 'san asair i dtrithíbh gáiridhe. Tháinig tinneas cléibh orm fhéin le racht gáiridhe nuair a thuigeas gur bha sgórnach-labharthach Tadhg agus do b'iongantach an teas croidhe a chuir an scearta gáire sin ionainn. "B'fhéidir, a Thaidhg," arsa mise, "go ndéanfamuis pinginn as an gcleas soin agad-sa." "Mo thruagh thú," ar seisean, "tá breis ag gabháil den chéird sin cheana féin. Ní fuláir dúinn bheith ag druidim linn; béarfar ar an asal úd, mar cloisim feaduigheal." Sceinneamair. Níor bh'fhada chuadhmair nuair a buaileadh crúca ionainn agus bhíomair fá ghlas go Lá Coille. "Nuair a glaodhadh ár gcúis bhí amhras i dtaobh chró an asail orainn acht sin a raibh, agus ní raibh aithne ag aon consábla orainn. Thug an giúistís seanmóin ghasda dhúinn i n-aisge agus dubhairt linn dá mbadh cheárduidhthe macánta measardha sinn ná'r ghábha dhúinn bheith ar seachrán sa cháthair sic seo ar easba oibre! Mar sin féin, chuir sé fá chomaoine sinn, mar d'éirigh fear 'sa chúirt is dubhairt go raibh beirt ghréasuidhthe bhí aige féin istigh le hólachán is troid aimsir na Nodlag. "Féach go raibh an ceart agam," ars' an giúistís, agus slaod air. "Thairg an máighistir gréasuidhe úd beart don bheirt againn, is bhí sé chomh geal im' shúilibh-se le haingeal cé gur bh'fear reamhar buidhe droch-labharthach a bhí ann. "D'fhanamar 'na theannta ar feadh dhá bhliadhan, go raibh an oiread againn is cheannaigh stór leathair dúinn féin."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services