Ár nGréasuidhe.
"CONÁN MAOL" do scríbh.
Fear is eadh Diairmín Riabhach agus ní héan. Gréasuidhe is
eadh leis é.
"Is oth liom," arsa mise leis, "cearduidhe maith mar thusa
d'fhágaint na hÉireann agus an gábha tá ann led leithéid.
"Chuiris biorán i mbeó ionam leis an méid sin," adeir
Diairmín agus faghairt 'na shúilibh. "D'fhágas Éire nuair d'fhág
an chéill mo chómharsain, acht raghad ar n-ais roimh Bheallthaine
seo chúghainn le congnamh Dé, mar cloisim go bhfuil an taom
ag éirghe dhíobh ag baile. Munab amhlaidh é, d'fhanfainn mar
a bhfuil agam, mé fhéin is Tadhg so ag tuilleamh ár gcoda."
Sgaoileas a chenn leis an ngréasuidhe is níor ghriogas
arís é.
"Is cuimhin leat," adeir sé, "an uair a tháinig na gutí peircí
chun Neidín, agus dhíoltaí gach feidhre aca ar sheacht is raol.
Tómhaisinnse is ghearrainn feidhre bróg as seithe ghlan leathair,
d'fhuaghainn féin is triúr preabairí bhí agam iad, is dhíolainn ar
"Dhearbhuigheas do chách ná raibh i mbonnaibh na nua-bhrógaibh
acht súghlach neimhneach crann, 'ná ins na huachtaraibh acht coirt
is scubhadh adhmaid is páipéar ruadh. Acht mo thruagh mhór thú,
bhítheas ag magadh fúm agus fá dheire bhuaileas orm mo cháibín,
seo chum siubhail mé, acht bheirim míle buidheachas do Dhia ní raibh
pinginn fiacha orm is ní fhuil indiu.
"Ba bhrón liom a chlos gur thrúig easlánte dá lán aca na
bróga gutí peircí. Fuaradar cailicín ins na súilibh is puchóidí
is neasgóidí."
"Cionnus d'éirigh liomsa, adeirir." D'fhéachan gréasuidhe
ar a cheap. Ní fhuil aga ar an sgéal a dh'innsin, adeir sé.
"Ocras? An raibh ocras ort féin riamh? Nách bhfuil trí fichid
míle duine sa chathair seo is ocras ortha gan fiú amháin pinginn
aca acht ag brath ar dhéirc le n-a gcoinghbheáil ón mbás leis an
ocras. Féach ar Bheitnil Ghruín sin mar ar chaitheas an chéad
Oidhche Shamhna thugas annso. Bhí trí déag is dhá phinginn im phóca
nuair a thángas, agus fonn chum oibre, ní hamháin ar ghréasuidh-
eacht acht aon tsaghas gnótha. Chaitheas gach pinginn dem stór
roimh Nodlaig agus pádh aon lae amháin 'na theannta. Creid mé
nár chuir an méid sin póit orm acht chómh beag. Agus bhí na
bróga go haindis orm roimh Nodlaig le coisidheacht mar ná raibh
luach na dtaoibhíní le caitheamh agam.
"Deirthí linn sa bhaile ná feicfimís aon lá bocht ar faid
an tsaoghail acht ceárd is Béarla bheith againn. Ailliliú! nár
mhór é ar mealladh! Ba bheag an bhrígh do Thadhg so leis a chuid
Béarla, cé go rugadh sa chathair shaidhbhir seo é is go bhfuil tuinn
na cainnte ar a theangain. B'é Tadhg an cúl-báire bhíodh agam-
sa. Ní chuireadh sráideanna 'ná láinidhe cúmhanga ceómhara
"Is furusda do bheirt réidhteach le chéile nuair a bhíonn an
goile sásta, agus cé nár mhar sin dúin-ne níor thugamair droch-
fhreagra ar a chéile acht amháin Oidhche Nodlag mór, thar a
bhfeachaís riamh. Bhí seacht bpingne agam-sa fós agus leathraol
ag Tadhg. Ní chaithimís aon nídh ar loisdín oidhche toisg go raibh
eólas ag Tadhg ar lochta féir capall, agus d'éaluighmís thre píb
adhmaid ar chul an tighe isteach ar an lochta seal den oidhche an
uair a bhíodh an consábla ag míogarnaigh.
"Tiomáineadh as súd sinn Oidhche Nodlag agus is mise ba
chionntach leis. Lean triúir eile sinn go dtí ár leabaidh
codlata le súil go raibh airgead agam-sa is go roinnfainn
leó; agus chualaidh na consáblaithe sinn ag achrann le chéile.
"Sin a bhfuaireas as mo fhearamhlacht, nó mo amadántacht fá
mar adeireadh Tadhg. Is amhlaidh a bhí ceobhrán glas fuar ann
an oidhche úd agus sinne ag gabháil anuas cois tearmon bóthair
Phancras. Bhí bean 'sa draoib amuich cois na leacach is dath
glas uirthe is dath mílítheach liath ar ghárlach a bhí ar a cuis-
linn aici. Bhí a glaic thanaidhe chreathach ar síneadh amach aici,
is buisgín lasán ar a bois aici. Phulc na céadtha fear
is ban amach as an dteármon bóthair is gol asda, is
cótaidhe móra ar na fearaibh is cochaillíní ar cheannaibh na mban,
is chrom giollaí ar amhastraigh, is capaill ar phramsáil, is carbaid
aibhligh ar shranntarnaigh is ar fhothram, is bh'ruigh scaoth daoine
isteach ins na carbadaibh, is sgaip an maithshluagh fá mara shloig-
feadh an talamh iad.
"D'fhan an bhean aonarach mar a raibh aici, díreach mar
a bheadh sí 'na stalcadh marbh, is shéid an ghaoth 'na timcheall is
chrom an pluda righin ar shnámh ar an tsráid mar bhí an ceobhrán
ag tuitim 'n-a bháisdigh. Pé rud a tháinig dhómh-sa bhíos ag cur
na súl thríd an mnaoi. D'fhéach sise suas ar an spéir is tháinig
srannán ar an ngárlach is chrom an bhean ar a bhréagadh, is a
luasgadh leis an láimh chlé, is chogair sí leis an ngárlach is chuala
an cogar as Gaedhilg - "huis a leinbh, huis a bhuidheanaigh mo
chléibh!" - agus pé rud a tháinig dómh-sa sháthas láithreach bonn na
seacht bpiginne bhí agam isteach i bpilirín an leinbh.
"Tharraing Tadhg leis mé mar airighim go raibh an t-ocras
'ghá chrádh. Cúis gháire chúghainn; lean triúr bioránach sinn, mar
cheapadar go rabhas-sa lán d'ollmhaitheas. Thug Tadhg íde bhéil
orm is dubhairt go gcaithfimís goid nó fuadach nó go bhfaghmuis
bás leis an ngorta. Mhaith sé dhom, ámhthach, nuair admhuigheas
go mb'fhéidir go rabhas ró-bhog; acht chrom sé ar challaireacht
arís nuair a tiomáineadh amach as lochta féir na gcapall sinn.
Bhí trí pingne aige, agus greim an duine bháidhte ortha aige,
mar cheap sé go gcaithfimís maireachtan ar an méid sin go
ceann seachtmhaine. Bhriseamair isteach air lá'r n-a bháireach -
bhí Tadhg bocht fial riamh - agus fuair sé réise breágh de thraidhp
ar leath-phinginn.
"Oidhche Lae 'le Steafáin chuir an t-ocras go dian orainn.
Ceapaim dá mbeadh airgead id' phóca siúd is go mbeiththeá
bolg-folamhach, ná goillfeadh an t-ocras chómh mór soin ort.
Nuair a bhíonn na pócaidhe folamh, ámh, tagann ampla thar bárr
ar dhuine agus tagann sgannradh air a laguigheann é.
"Chuadhmar ar scáth an oidhche bhí chúghainn fá shúil droichid an
mhargaidh ag Spitalfilds, agus laistiar de chífir manrach ina
gcuirthear trucaillidhe is ualaighe i gcoimeád. Dhruideamair
isteach, mar bhí Tadhg ar baille-chrith. Tá leacht cloiche is muirt-
aoil annsúd, is ceann gadhair iarrainn ar gach cliathán de, agus
ní fhuil agat acht fadhb práis atá i mbéal cinn madra do dhing-
eadh isteach, is silfidh caise uisge amach chúghat. D'ólamair ár
sáith, acht ná creid éinne adéarfaidh leat go mbainfidh uisge an
t-ocras díot. Is amhlaidh a chloisinn an t-uisge ag glugarnaigh
im chliabh is im ghoile. D'at sé suas an bheirt againn, is tháinig
tonn taosgach orainn. Bhí mo chaoláin ceangailte do bhaic mo
dhroma, acht ní leiginn orm le Tadhg é; agus nuair a bhuailinn
bas ar mo bholg, bhaininn fuaim as ar nós criathair.
"Ní baoghal dúinn fós," adeireadh Tadhg, "tá pinginn go
leith againn do bhéarfaidh thar na laetheantaibh saoire sinn, agus
cá bh'fhios ná go mbeadh obair raidhseamhail."
"Ar chúinne thiar na manruighe úd bhuail cómhla linn, lúb
uirthi, is pionna sa lúib.
"D'osglamair an dorus toisg go raibh an smior reóidhte
'nár gcnáimh leis an ngaoith. Bhí asal ar cheannraigh ann is chrom
sé ar speachuigheal acht d'iadhmair an dorus is shínemair siar sa
"D'éaluigh an bitheamhnach asail leis féin, is nuair a fhéachamair
amach sa doircheacht is amhlaidh a bhí tón an asail linn, is a chluasa
'na seasamh aige, is é ag féachaint anonn ar chonsábla. "Fan
mar a bhfuil agat," arsa Tadhg ag druidim leis an dtáirsigh. Bhí
an t-asal ag cur na súl thríd an gconsábla; agus thabharfainn an
Leabhar Breac go ndubhairt an t-asal soin: "Halt! right-about-
face! quick march!" agus ceapaim go dtabharfadh an consábla
féin na mionna céadna mar leath a lámha is thuit an clogad dá
cheann leis an bpreib a baineadh as. Léim an t-asal as a chorp,
is as go bráth leis amach an mhanrach. Ní raibh ionnam-sa corruighe
le sgannradh, go bhfeaca Tadhg 'gá iomlasg féin 'san asair i
dtrithíbh gáiridhe. Tháinig tinneas cléibh orm fhéin le racht gáiridhe
nuair a thuigeas gur bha sgórnach-labharthach Tadhg agus do
b'iongantach an teas croidhe a chuir an scearta gáire sin ionainn.
"B'fhéidir, a Thaidhg," arsa mise, "go ndéanfamuis pinginn as an
gcleas soin agad-sa." "Mo thruagh thú," ar seisean, "tá breis ag
gabháil den chéird sin cheana féin. Ní fuláir dúinn bheith ag
druidim linn; béarfar ar an asal úd, mar cloisim feaduigheal."
Sceinneamair. Níor bh'fhada chuadhmair nuair a buaileadh crúca
ionainn agus bhíomair fá ghlas go Lá Coille.
"Nuair a glaodhadh ár gcúis bhí amhras i dtaobh chró an asail
orainn acht sin a raibh, agus ní raibh aithne ag aon consábla
orainn. Thug an giúistís seanmóin ghasda dhúinn i n-aisge agus
dubhairt linn dá mbadh cheárduidhthe macánta measardha sinn
ná'r ghábha dhúinn bheith ar seachrán sa cháthair sic seo ar easba oibre!
Mar sin féin, chuir sé fá chomaoine sinn, mar d'éirigh fear 'sa
chúirt is dubhairt go raibh beirt ghréasuidhthe bhí aige féin istigh le
hólachán is troid aimsir na Nodlag. "Féach go raibh an ceart
agam," ars' an giúistís, agus slaod air.
"Thairg an máighistir gréasuidhe úd beart don bheirt againn,
is bhí sé chomh geal im' shúilibh-se le haingeal cé gur bh'fear
reamhar buidhe droch-labharthach a bhí ann.
"D'fhanamar 'na theannta ar feadh dhá bhliadhan, go raibh
an oiread againn is cheannaigh stór leathair dúinn féin."
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11