Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. VII - Muiris Ó Murchadha agus an "SIGNUM."
Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. VII - Muiris Ó Murchadha agus an "SIGNUM."
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seanchus Grinn na Tuaithe. MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR do scríobh. VII. - MUIRIS Ó MURCHADHA AGUS AN "SIGNUM." Bhí Seán an Chipín ar na feirmeóiríbh ba thábhachtaighe i bpar- óisde an Chlocháin. Tuigeadh gach n-aon nách Seán an Chipín a bhaist an sagart air, acht Seán Ó Murchadha; acht ní raibh áil- theóiridhe na háite sásta gan a n-athbhaiste féin a dhéanamh air agus ar gach fear agus buachaill ar fuid na paróisde. Siúinéir a b'eadh athair Sheáin, agus dá bhrígh sin do tugadh Seán an Chipín mar leas-ainm ar an mac, cé nár chuaidh sé i n-aon chor leis an gcéird. Níor chuir sé riamh suas den ainm. Bhí sé chomh maith aige. Dá gcuireadh ní fhágfadh sain go mbeadh sé scartha leis. Acht ní hé sin mo scéal. Oidhche áirithe i gcaitheamh an Abráin bhí Seán agus a bhean ina suidhe cois na teineadh go seascair sóghach. Bhí na leanbh- aidhe ina gcodladh le tamall, agus gan éinne san gcistin acht an bheirt chéadna. An oidhche seo luaidhte, ámhthach, ní raibh aon obair idir lámhaibh aca. "A Mháire," arsa Seán as a machtnamh amach dó, "ó's rud é go bhfuil an aimsear bhreagh anois againn agus an samhradh chughainn, ná beadh sé chomh maith Muiris a chur ar scoil? Tá a sheacht mbliadhna slánuighthe aige, agus ní ghortóghadh sé é siubhal as so go scoil an Mháma." Muiris an mac ba shine bhí aca. "Táim-se ar aon aigne leat san méid sin," arsa Máire. "Go deimhin do raghadh suaimhneas ar mo chroidhe dá mbeadh sé thoir nó thiar aca i n-áit go gcuirfidhe smacht air. Ní théigh- eann lagar ais, Dia dá bheannachadh, ó éirgheann sé ar maidin go tuiteam oidhche acht ag déanamh cros. An uair bhíonn gnóthaidhe an tighe ag rith orm-sa is minic ná féadaim súil a bheith ina dhiaidh agam, agus ar ball b'fhéidir gurab í Nóra Ní Mhathghamhna bhuail- fidh chugham isteach dá ghearán gur mhairbh sé cearc uirthi. Cá bhfuaireas indé é, an dóigh leat? Theastuigh uaim é chur siar go
dtí an pháirc ag glaodhach chun bídh ar na fearaibh. Chuadhas amach féachaint an bhfeicfinn é. Ní raibh sé amuigh ar an gclaidhe ná ar an mbóthar. Do stadas neómat. Do chualadh an liughaireacht thuas i nGarraidhe na gCupóg. Cad a bheadh ann ná Muiris agus gabhar an Cheannuidhe ar adhastar aige agus é ag marcaigheacht air. B'fholláin dó ná feacaidh an Ceannuidhe é: ní chloisfimís deireadh uaidh go fóill." "Tá a fhios agam," arsa Seán, "ná téigheann suidhe suaimhnis air i rith an lae. Cuirimís ar scoil é an tseachtmhain seo chughainn, i n-ainm Dé. Tiocfaidh ciall fós dó, agus ní fheadaraís nách ádhbhar sagairt a bheadh ann. Má ritheann linn d'fhéadfaimís scoláireacht a dhóthain a thabhairt dó." "Seadh," arsa Máire, "agus an ar an scoil seo thíos nó ar scoil an Mháma chuirfeam é? Dá raghadh sé chum scoile na Carraige Duibhe d'fhéadfadh sé bheith le cois Mháire Nic Sheoin ag dul is ag teacht dó gach lá. Má chuirtear ar an Mám é ní bheidh acht buachaillidhe mar chuideachtain aige, agus tá eagla orm go gcuirfidh siad fuath na scoile air." "Deirim-se," arsa Seán, "ná raghaidh aon chos leis ar dtaoibh istigh de dhoras tighe scoile na Carraige Duibhe. Tá brealláinín de mháighistir ann a loitfeadh scoláiridhe an domhain. Cloisim nách mór go gcoisgeann sé aon leanbh ar Ghaedhilg a labhairt. Tá a rian ortha. Ní mór go n-airighthear focal Béarla uatha ag baile ná ar sráid. Ní mar sin do scoláiríbh an Mháma. Ann- soin atá an fear a chuireann smacht ortha. Tá cloigeann capaill i dtigh na scoile aige, agus aon leanbh go mbíonn sé de míádh air focal Gaedhilge do labhairt, crochtar an cloigeann óna mhuinéal ar feadh leath-uaire an chluig. I n-a theannta so tá "Signum" aige. Mo thruagh-sa an garsún go siubhlann an "Signum" air ó Luan go Satharn, ná ó Satharn go Luan arís. Tá a chómhartha sain ar a scoláiríbh. Cuirfeadh sé áthas is aoibhneas ort na cairgeacha breághtha Béarla aca dá gcaitheamh le chéile is iad ag teacht a-bhaile gach tráthnóna. Do phriocas féin suas abairt dá ndubhairt duine aca an lá fé dheireadh. "You pragnastickle jackdaw", ar seisean. ("You pragmatical jackdaw" is dócha. I scuimhn liom go mbíodh téarma éigin dá shamhail i gceann de sna leabharthaibh a bhíodh is na Scoileannaibh Náisiúnta le linn m'óige. - M. Ua C. ) Táim ag cleachtadh
na bhfocal sain ó chualadh iad. Nách breagh an fhuaim atá aca? Ní headh go dtuigim féin iad, ná an cúigmheadh focal dá ndeirid na garsúin. Acht cuirimís Muiris ar an Mám, agus gheóbhaidh sé Béarla agus léigheann ann." "Abair na focail úd ó chianibh sic arís dom, a Sheáin," arsa Máire. "An amhluidh ba mhaith leat-sa leis iad a bpriocadh suas, a Mháire? Seo dhuit iad. "You pragnastickle jackdaw" - trí focail." "Ó, a Sheáin, caithfir iad a mhúineadh dho Mhuiris," ar sise, agus chrom sí féin ar iad a chleachtadh go dícheallach. B'é toradh tháinig as díospóireacht na hoidhce úd ná Muiris do chur ar scoil an Mháma. Anois b'fhéidir nár mhisde focal a rádh i dtaobh an t-"Signum". Ní raibh ann acht blúirín adhmuid, saghas cómhartha. An uair bhíodh na scoláiridhe ag fágaint tighe na scoile tráthnóna do roinntí na cómharthaidhe seo ortha. Thugadh an máighistir ceann do gharsún praitneamhail go mbeadh Bóthar na Léime aige le gabháil agus é ag dul a-bhaile, cuir i gcás. Théigheadh "Signum" mar chúram air, bhí sé fé gheasaibh é bhronnadh ar an gcéad scoláire chloisfeadh sé ag labhairt na Gaedhilge. D'fhéadh- fadh sé seo an cleas céadna do dhéanamh le scoláire eile. An uair ghlaodhadh an máighistir ortha so gheibheadh "Signum", chaitheadh ceachtar aca admhughadh cia dhó gur thug sé é; agus ba ghearr an mhoill na peachaigh ar fad d'fhagháil amach. Gheibheadh gach ceann aca luach a shaothair. Do théithtí na deárnain go maith aca i gcómhair an lae agus níor bh'fhánach cairidhe deór le Gaedhilgeóríbh óga na haimsire úd. Chuaidh Muiris ar scoil an Mháma. Do rith leis ar feadh abhfad gan an "Signum" a theacht ina threó, cé gur mhinic Gaedhealg ina phus. B'fhéidir ó thárla óg é go mbíodh truagh ag coimeádaidhe an t-"Signum" dó. Deireadh fé féin nách ar a óige badh cheart a bhuidheachas a beith, acht go mbíodh mílseáin aige gach lá beagnach agus go mbreabadh sé na garsúin eile leó. Agus tá a fhios ag an saoghal go raghadh garsúin fé'n roth ar mhílseán. Ní bréag a rádh go raibh teanga bhlasta Ghaedhilge ag Muiris dá óige é. Bhíodh buachaill aimsire ag a athair i rith na bliadhna.
Bhí buachaill aige um an am so agus ní mór go dtuigeadh sé focal Béarla, agus i dtaoibh é labhairt ní bheadh sé ag smearadh a bhéil leis. Dá bhfaghadh Muiris a thoil féin do chaithfeadh sé iomlán an lae agus gach uile lá ag éisteacht leis an mbuachaill seo ag gabháil dá chuid fiannaidheachta. Is minic nuair mheasadh a athair agus a mháthair Muiris a bheith imthighthe a chodladh go mbíodh sé sínte ar phunainn fhéir amuigh 'san stábla, agus cluas air ag éisteacht leis an mbuachaill agus leis na fearaibh oibre ag cur síos ar imtheachtaibh na Féinne nó ar aistear Oisín go Tír na nÓg. Bhí a rian air. Ba róannamh aon teanga ar siubhal aige acht Gaedhealg dá laighead é an meas a bhí ag a athair uirthi. Nuair bhí Muiris dhá bhliadhain déag d'aois ní raibh buachaill ar scoil a b'fhearr chum reatha 'ná é. Bhíodh éad ag na buachaillíbh eile leis mar gheall air san. Go dtí so, mar dubharthas cheana, ní raibh fear an "tSignum" dian air. Bheadh air aige feasda féachaint amach dó féin. Nár bhuaidh sé go fairsing ar Dhonnchadh Ó Domhnaill i rás a bhí aca o cheann Bhóthair na Lathaighe go binn tighe na scoile. B'é Donnchadh captaen na scoile i ngach cleas go dtí so. Chuirfeadh buaidh Mhuiris deireadh le n-a réim, acht bhainfeadh Donnchadh sásamh amach ar chuma éigin. Donnchadh is mincí bhíodh i bhfeighil an "tSignum" ar Bhóthar na Reanna Buidhe. Ní raibh Muiris ró-aireach air féin, agus níor bh'fhada gur scéith sruthán Gaedhilge uaidh i bhfiadhnaise Dhonnchadh. Tugadh cúram an "tSignum" láithreach dó. Máiseadh, níor chuir so mórán buaidheartha ar Mhuiris. Bhí a fhios aige cad a bhí ina chómhair an chéad lá raghadh sé ar scoil. Ba mhór aige é. "Ar mh'anam," ar seisean ós árd, "má tá leasughadh na ndeárnann i n-áirithe dhomh-sa ná fuighead é gan é thuilleamh, agus ná cloisfear focal Béarla uaim go raghad ar scoil Dia Luain. Agus, a bhuachaillidhe, tugaim mo lánchead díbhse bhur ndóthain Gaedhilge do labhairt, má tá dúil agaibh innti. Ní baoghal díbh an cipín seo: coingheobhadsa féin im sheilbh é." Chuir fearamhlacht na cainnte náire ar Dhonnchadh. "Níor mheasas riamh," ar seisean, "go raibh it chainnt acht gaoth mhór. Tuigim a mhalairt anois. Caith chugham a leith an cipín sin, agus coimeádfad féin é." Acht ní scarfadh Muiris leis." An Satharn a bhí ann lá ar n-a bháireach. Ráinig le Muiris
agus le garsún eile de scoláiríbh an Mháma casadhle chéile ar an mbóthar puiblidhe tamall slighe ó thigh Sheáin an Chipín. Ag seóladh na ngamhan a bhí Muiris agus gaidhrín le n-a chois an uair thárlaidh an buachaill eile leis. "A Mhuiris," arsa an buachaill seo, "is cuimhin liom na focail a dubhraís aréir, agus ní'l aon eagla orm go dtabharfair dom an "Signum" mar gheall ar mé bheith ag labhairt Gaedhilge leat. Tá an máighistir ag gabháil Árd an Bhóthair anois agus dhá bheithidheach roimis amach dá gcur ar féarach go hÁth na Croise. Coga, an mb'fhéidir aon chleas a dh'imirt air? Is minic a ghaibh sé orainn araon agus gan mórán cúise ar cheachtar againn. Cad deireann tú? Leig Muiris scearta gáire as. "Is fíor dhuit," ar seisean. "An fada soir uainn é?" "Beidh sé annso láithreach má shaothruigheann sé na beithidhigh leis, rud nách furuist dó." "Máiseadh, greadse let thar claidhe síos agus teighir i bhfolach ann. Ná feiceadh sé thú." D'imthigh an garsún eile. Bhí crann breagh fuinnseóige ag fás deich ráinne isteach ón mbóthar san bpáirc len' ais. Ba ghearraid an mhoill ar Mhuiris é féin a neadughadh i mbárr an chrainn. Ní fhéadfaidhe é fheicsint ón mbóthar bhí an duilleabhar chomh tiugh san. Níor bh'fhada i n-áirde dho go bhfeacaidh sé an máighistir ag gluaiseacht i leith, agus saothar is allus i dteannta a chéile air. Pé rud is dhéan- fadh scoláiridhe na scoile níor dheallramhaigh sé go raibh na beithidhigh rómhór fé shmacht aige. Aon fhonn ní raibh ortha an bóthar díreach do leanamhaint. Níor ghabhadar thar beárnain ná cros-bhóthar ó fhágadar an baile gan iarracht a thabhairt ar ghabháil ann. Ba chráidhte an fear é an máighistir an mhaidean úd. D'fhan Muiris chomh ciuin le luich choidhche go raibh an máighistir nách mór ar a aghaidh amach. Annsoin do labhair sé i gcogar leis an ngadhairín a bhí i n-a luighe go socair ag bun an chrainn. "Beir ortha, a ghadhairín," ar seisean. An deamhan faic d'airigh n máighistir nó gur preab gearra-mhadradh thar claidhe chuige, agus dhein fé sna beithidhigh'. Chasadar sain agus thug aghaidh ar an mbaile agus an gadhar greamuighthe i n-earball beithidhigh aca. Dhein an máighistir a dhícheall ar iad a chosc, acht bheadh sé chomh
maith aige bheith a d'iarraidh cosc do chur le gaoith ghlan-fhuar na Márta bhí ag séide thar a chluasaibh. Chaith sé é féin ar charn cloch agus bhain de a hata. "Ó mhaise, go mbeiridh an t-ainspioraid leis thú mar ghadhar," ar seisean, i nGaedhilg bhlasta. Le n-a linn sin phreab Muiris amach ar an mbóthar. "Rómpa," ar seisean leis an ugadhar: "Cas iad." B'é a b'fhearr chuige. Thiomáin sé roimis anoir arís iad. Thabharfá an leabhar gur balbhán a deineadh den mháighistir. Focal níor labhair nó gur seoladh na beithidhigh thairis siar. "Ba ghreannmhar an cleas é sin a dh'imris orm, má's tú sháith an gadhar sain," ar seisean; agus i nGaedhilg bhinn do labhair. Bhí Muiris lántsásta. Bhí beortha aige ar an máighistir, agus b'shin ar theastuigh uaidh. "A mháighistir," ar seisean, i mBéarla briste, "do cheapas go bhfaghainn amach pé aca labhrann tusa Gaedhealg nó ná deineann tú. Tugadh cúram an chipín seo dhomhsa aréir; bronnaim ortsa anois é. Ní córa dh'éinne é bheith aige 'ná dhuit féin. Caithfir a admhughadh anois gur comhgaraighe thagann an Ghaedhealg chughas-sa leis ná an Béarla. An aon iongnadh é má scéitheann sí uaimse agus óm leithéid eile, sinne ná fuil focal Béarla againn dhá chlos san mbaile." "Tá beortha go cruinn agat orm, a mhic ó," ars' an máighistir; "ní thuigeann tú mo chás, ámhthach. Ní'l ionnamsa, a dhalta, acht seirbhíseach. Is é fear an tighe mhóir, an tighearna talmhan, bainisteóir na scoile. Do thoigh sé mise mar mháighistir agus do chuir i mbun na scoile mé ar choingheall go ndíbreógh- ainn an Ghaedhealg aisti. Cad do b'fhéidir liom a dhéanamh? Bhí mo mháthair is mo bheirt dheirbhsheathar is mé féin go beó bocht ar an saoghal choidhche gur tháinig an bheart so im threosa. Do ghlacas le coingheall an bhainisteóra ar a shon gur ródheachair liom mo dhrom iompódh leis an nGaedhilg. Ní raibh cuimhne agam ar an éagcóir a bhí agam dá dhéanamh do theangain mo dhúthchais agus díbhse. Tá mo shúile ar oscailt anois agus beidh malairt scéil againn feasta. Táim an-bhuidheach dhíotsa, creid mé leis." Tráthnóna an lae chéadna chuaidh an máighistir ag triall ar an mbainisteóir. Is léir go raibh aighneas éigin eatortha a chuir buile ar an bhfear mór. Baineadh eochair tighe na scoile den mháighistir ar an láthair sin.
I gcionn lae nó dhó bhí fógraidhe curtha amach ón mbainisteóir dá innsint do chách go raibh oide ag teastáil i gcómhair scoile an Mháma. Do bhailigh muinntear na háite i n-aon tsluagh amháin agus d'ionnsaigheadar tighe an bhainisteóra. Nochtadh dó go neamhmbalb ná sáiseóghadh aon mháighistir scoile iad acht an fear go raibh seanaithne agus seanthaithighe aca air, agus ná cuir- fidís oiread is leanbh ar scoil dá mbeadh a mhalairt ina bun. B'éigean don bhainisteóir géilleadh; cuireadh an maighistir ina inead féin thar n-ais, agus tá an Ghaedhealg fé réim ins an scoil sain ón lá úd gur indiu.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services