Seanchus Grinn na Tuaithe.
MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR 
do scríobh.
VII. - MUIRIS Ó MURCHADHA AGUS AN "SIGNUM."
Bhí Seán an Chipín ar na feirmeóiríbh ba thábhachtaighe i bpar-
óisde an Chlocháin.  Tuigeadh gach n-aon nách Seán an Chipín a 
bhaist an sagart air, acht Seán Ó Murchadha; acht ní raibh áil-
theóiridhe na háite sásta gan a n-athbhaiste féin a dhéanamh air 
agus ar gach fear agus buachaill ar fuid na paróisde.  Siúinéir 
a b'eadh athair Sheáin, agus dá bhrígh sin do tugadh Seán an Chipín 
mar leas-ainm ar an mac, cé nár chuaidh sé i n-aon chor leis an 
gcéird.  Níor chuir sé riamh suas den ainm.  Bhí sé chomh maith 
aige.  Dá gcuireadh ní fhágfadh sain go mbeadh sé scartha leis. 
Acht ní hé sin mo scéal.
Oidhche áirithe i gcaitheamh an Abráin bhí Seán agus a bhean 
ina suidhe cois na teineadh go seascair sóghach.  Bhí na leanbh-
aidhe ina gcodladh le tamall, agus gan éinne san gcistin acht an 
bheirt chéadna.  An oidhche seo luaidhte, ámhthach, ní raibh aon obair 
idir lámhaibh aca. 
"A Mháire," arsa Seán as a machtnamh amach dó, "ó's rud é 
go bhfuil an aimsear bhreagh anois againn agus an samhradh 
chughainn, ná beadh sé chomh maith Muiris a chur ar scoil?  Tá 
a sheacht mbliadhna slánuighthe aige, agus ní ghortóghadh sé é siubhal 
as so go scoil an Mháma." 
Muiris an mac ba shine bhí aca.
"Táim-se ar aon aigne leat san méid sin," arsa Máire. 
"Go deimhin do raghadh suaimhneas ar mo chroidhe dá mbeadh 
sé thoir nó thiar aca i n-áit go gcuirfidhe smacht air.  Ní théigh-
eann lagar ais, Dia dá bheannachadh, ó éirgheann sé ar maidin go 
tuiteam oidhche acht ag déanamh cros.  An uair bhíonn gnóthaidhe 
an tighe ag rith orm-sa is minic ná féadaim súil a bheith ina dhiaidh 
agam, agus ar ball b'fhéidir gurab í Nóra Ní Mhathghamhna bhuail-
fidh chugham isteach dá ghearán gur mhairbh sé cearc uirthi.  Cá 
bhfuaireas indé é, an dóigh leat?  Theastuigh uaim é chur siar go 
 
dtí an pháirc ag glaodhach chun bídh ar na fearaibh.  Chuadhas amach 
féachaint an bhfeicfinn é.  Ní raibh sé amuigh ar an gclaidhe ná ar 
an mbóthar.  Do stadas neómat.  Do chualadh an liughaireacht 
thuas i nGarraidhe na gCupóg.  Cad a bheadh ann ná Muiris agus 
gabhar an Cheannuidhe ar adhastar aige agus é ag marcaigheacht 
air.  B'fholláin dó ná feacaidh an Ceannuidhe é: ní chloisfimís 
deireadh uaidh go fóill." 
"Tá a fhios agam," arsa Seán, "ná téigheann suidhe suaimhnis 
air i rith an lae.  Cuirimís ar scoil é an tseachtmhain seo 
chughainn, i n-ainm Dé.  Tiocfaidh ciall fós dó, agus ní fheadaraís 
nách ádhbhar sagairt a bheadh ann.  Má ritheann linn d'fhéadfaimís 
scoláireacht a dhóthain a thabhairt dó." 
"Seadh," arsa Máire, "agus an ar an scoil seo thíos nó ar 
scoil an Mháma chuirfeam é?  Dá raghadh sé chum scoile na 
Carraige Duibhe d'fhéadfadh sé bheith le cois Mháire Nic Sheoin 
ag dul is ag teacht dó gach lá.  Má chuirtear ar an Mám é 
ní bheidh acht buachaillidhe mar chuideachtain aige, agus tá eagla 
orm go gcuirfidh siad fuath na scoile air." 
"Deirim-se," arsa Seán, "ná raghaidh aon chos leis ar dtaoibh 
istigh de dhoras tighe scoile na Carraige Duibhe.  Tá brealláinín 
de mháighistir ann a loitfeadh scoláiridhe an domhain.  Cloisim 
nách mór go gcoisgeann sé aon leanbh ar Ghaedhilg a labhairt. 
Tá a rian ortha.  Ní mór go n-airighthear focal Béarla uatha ag 
baile ná ar sráid.  Ní mar sin do scoláiríbh an Mháma.  Ann-
soin atá an fear a chuireann smacht ortha.  Tá cloigeann capaill 
i dtigh na scoile aige, agus aon leanbh go mbíonn sé de míádh 
air focal Gaedhilge do labhairt, crochtar an cloigeann óna 
mhuinéal ar feadh leath-uaire an chluig.  I n-a theannta so tá 
"Signum" aige.  Mo thruagh-sa an garsún go siubhlann 
an "Signum" air ó Luan go Satharn, ná ó Satharn go Luan arís. 
Tá a chómhartha sain ar a scoláiríbh.  Cuirfeadh sé áthas is 
aoibhneas ort na cairgeacha breághtha Béarla aca dá gcaitheamh 
le chéile is iad ag teacht a-bhaile gach tráthnóna.  Do phriocas 
féin suas abairt dá ndubhairt duine aca an lá fé dheireadh. 
"You pragnastickle jackdaw", ar seisean. 
 
("You pragmatical jackdaw" is dócha.  I scuimhn liom go mbíodh téarma
éigin dá shamhail i gceann de sna leabharthaibh a bhíodh is na Scoileannaibh
Náisiúnta le linn m'óige.  - M. Ua C. )  Táim ag cleachtadh 
 
na bhfocal sain ó chualadh iad.  Nách breagh an fhuaim atá aca? 
Ní headh go dtuigim féin iad, ná an cúigmheadh focal dá ndeirid 
na garsúin.  Acht cuirimís Muiris ar an Mám, agus gheóbhaidh 
sé Béarla agus léigheann ann." 
"Abair na focail úd ó chianibh sic arís dom, a Sheáin," arsa 
Máire. 
"An amhluidh ba mhaith leat-sa leis iad a bpriocadh suas, a 
Mháire?  Seo dhuit iad.  "You pragnastickle jackdaw" - trí 
focail." 
"Ó, a Sheáin, caithfir iad a mhúineadh dho Mhuiris," ar sise, 
agus chrom sí féin ar iad a chleachtadh go dícheallach. 
B'é toradh tháinig as díospóireacht na hoidhce úd ná Muiris 
do chur ar scoil an Mháma. 
Anois b'fhéidir nár mhisde focal a rádh i dtaobh an 
t-"Signum".  Ní raibh ann acht blúirín adhmuid, saghas cómhartha. 
An uair bhíodh na scoláiridhe ag fágaint tighe na scoile tráthnóna 
do roinntí na cómharthaidhe seo ortha.  Thugadh an máighistir 
ceann do gharsún praitneamhail go mbeadh Bóthar na Léime aige 
le gabháil agus é ag dul a-bhaile, cuir i gcás.  Théigheadh 
"Signum" mar chúram air, bhí sé fé gheasaibh é bhronnadh ar an 
gcéad scoláire chloisfeadh sé ag labhairt na Gaedhilge.  D'fhéadh-
fadh sé seo an cleas céadna do dhéanamh le scoláire eile. 
An uair ghlaodhadh an máighistir ortha so gheibheadh "Signum", 
chaitheadh ceachtar aca admhughadh cia dhó gur thug sé é; agus ba 
ghearr an mhoill na peachaigh ar fad d'fhagháil amach.  Gheibheadh 
gach ceann aca luach a shaothair.  Do théithtí na deárnain go maith 
aca i gcómhair an lae agus níor bh'fhánach cairidhe deór le 
Gaedhilgeóríbh óga na haimsire úd. 
Chuaidh Muiris ar scoil an Mháma.  Do rith leis ar feadh 
abhfad gan an "Signum" a theacht ina threó, cé gur mhinic 
Gaedhealg ina phus.  B'fhéidir ó thárla óg é go mbíodh truagh 
ag coimeádaidhe an t-"Signum" dó.  Deireadh fé féin nách 
ar a óige badh cheart a bhuidheachas a beith, acht go mbíodh mílseáin 
aige gach lá beagnach agus go mbreabadh sé na garsúin eile leó. 
Agus tá a fhios ag an saoghal go raghadh garsúin fé'n roth 
ar mhílseán. 
Ní bréag a rádh go raibh teanga bhlasta Ghaedhilge ag Muiris 
dá óige é.  Bhíodh buachaill aimsire ag a athair i rith na bliadhna. 
 
Bhí buachaill aige um an am so agus ní mór go dtuigeadh sé 
focal Béarla, agus i dtaoibh é labhairt ní bheadh sé ag smearadh 
a bhéil leis.  Dá bhfaghadh Muiris a thoil féin do chaithfeadh sé 
iomlán an lae agus gach uile lá ag éisteacht leis an mbuachaill 
seo ag gabháil dá chuid fiannaidheachta.  Is minic nuair mheasadh 
a athair agus a mháthair Muiris a bheith imthighthe a chodladh go 
mbíodh sé sínte ar phunainn fhéir amuigh 'san stábla, agus cluas 
air ag éisteacht leis an mbuachaill agus leis na fearaibh oibre 
ag cur síos ar imtheachtaibh na Féinne nó ar aistear Oisín go Tír 
na nÓg.  Bhí a rian air.  Ba róannamh aon teanga ar siubhal 
aige acht Gaedhealg dá laighead é an meas a bhí ag a athair uirthi. 
Nuair bhí Muiris dhá bhliadhain déag d'aois ní raibh buachaill 
ar scoil a b'fhearr chum reatha 'ná é.  Bhíodh éad ag na buachaillíbh 
eile leis mar gheall air san.  Go dtí so, mar dubharthas cheana, 
ní raibh fear an "tSignum" dian air.  Bheadh air aige feasda 
féachaint amach dó féin.  Nár bhuaidh sé go fairsing ar Dhonnchadh 
Ó Domhnaill i rás a bhí aca o cheann Bhóthair na Lathaighe go binn 
tighe na scoile.  B'é Donnchadh captaen na scoile i ngach cleas 
go dtí so.  Chuirfeadh buaidh Mhuiris deireadh le n-a réim, acht 
bhainfeadh Donnchadh sásamh amach ar chuma éigin. 
Donnchadh is mincí bhíodh i bhfeighil an "tSignum" ar Bhóthar 
na Reanna Buidhe.  Ní raibh Muiris ró-aireach air féin, agus níor 
bh'fhada gur scéith sruthán Gaedhilge uaidh i bhfiadhnaise Dhonnchadh. 
Tugadh cúram an "tSignum" láithreach dó.  Máiseadh, níor chuir 
so mórán buaidheartha ar Mhuiris.  Bhí a fhios aige cad a 
bhí ina chómhair an chéad lá raghadh sé ar scoil.  Ba mhór aige é. 
"Ar mh'anam," ar seisean ós árd, "má tá leasughadh na 
ndeárnann i n-áirithe dhomh-sa ná fuighead é gan é thuilleamh, 
agus ná cloisfear focal Béarla uaim go raghad ar scoil 
Dia Luain.  Agus, a bhuachaillidhe, tugaim mo lánchead díbhse 
bhur ndóthain Gaedhilge do labhairt, má tá dúil agaibh innti.  Ní 
baoghal díbh an cipín seo: coingheobhadsa féin im sheilbh é." 
Chuir fearamhlacht na cainnte náire ar Dhonnchadh.  "Níor 
mheasas riamh," ar seisean, "go raibh it chainnt acht gaoth mhór. 
Tuigim a mhalairt anois.  Caith chugham a leith an cipín sin, agus 
coimeádfad féin é." 
Acht ní scarfadh Muiris leis." 
An Satharn a bhí ann lá ar n-a bháireach.  Ráinig le Muiris
 
agus le garsún eile de scoláiríbh an Mháma casadhle chéile ar 
an mbóthar puiblidhe tamall slighe ó thigh Sheáin an Chipín.  Ag 
seóladh na ngamhan a bhí Muiris agus gaidhrín le n-a chois an uair 
thárlaidh an buachaill eile leis. 
"A Mhuiris," arsa an buachaill seo, "is cuimhin liom na 
focail a dubhraís aréir, agus ní'l aon eagla orm go dtabharfair 
dom an "Signum" mar gheall ar mé bheith ag labhairt Gaedhilge 
leat.  Tá an máighistir ag gabháil Árd an Bhóthair anois agus dhá 
bheithidheach roimis amach dá gcur ar féarach go hÁth na Croise. 
Coga, an mb'fhéidir aon chleas a dh'imirt air?  Is minic a ghaibh 
sé orainn araon agus gan mórán cúise ar cheachtar againn. 
Cad deireann tú? 
Leig Muiris scearta gáire as.  "Is fíor dhuit," ar seisean. 
"An fada soir uainn é?" 
"Beidh sé annso láithreach má shaothruigheann sé na beithidhigh 
leis, rud nách furuist dó." 
"Máiseadh, greadse let thar claidhe síos agus teighir i 
bhfolach ann.  Ná feiceadh sé thú." 
D'imthigh an garsún eile.
Bhí crann breagh fuinnseóige ag fás deich ráinne isteach ón 
mbóthar san bpáirc len' ais.  Ba ghearraid an mhoill ar Mhuiris 
é féin a neadughadh i mbárr an chrainn.  Ní fhéadfaidhe é fheicsint 
ón mbóthar bhí an duilleabhar chomh tiugh san.  Níor bh'fhada 
i n-áirde dho go bhfeacaidh sé an máighistir ag gluaiseacht i leith, 
agus saothar is allus i dteannta a chéile air.  Pé rud is dhéan-
fadh scoláiridhe na scoile níor dheallramhaigh sé go raibh na 
beithidhigh rómhór fé shmacht aige.  Aon fhonn ní raibh ortha an 
bóthar díreach do leanamhaint.  Níor ghabhadar thar beárnain ná 
cros-bhóthar ó fhágadar an baile gan iarracht a thabhairt ar ghabháil 
ann.  Ba chráidhte an fear é an máighistir an mhaidean úd. 
D'fhan Muiris chomh ciuin le luich choidhche go raibh an máighistir 
nách mór ar a aghaidh amach.  Annsoin do labhair sé i gcogar 
leis an ngadhairín a bhí i n-a luighe go socair ag bun an chrainn. 
"Beir ortha, a ghadhairín," ar seisean.  An deamhan faic d'airigh 
n máighistir nó gur preab gearra-mhadradh thar claidhe chuige, 
agus dhein fé sna beithidhigh'.  Chasadar sain agus thug aghaidh ar 
an mbaile agus an gadhar greamuighthe i n-earball beithidhigh aca. 
Dhein an máighistir a dhícheall ar iad a chosc, acht bheadh sé chomh 
 
maith aige bheith a d'iarraidh cosc do chur le gaoith ghlan-fhuar na 
Márta bhí ag séide thar a chluasaibh.  Chaith sé é féin ar charn 
cloch agus bhain de a hata.  "Ó mhaise, go mbeiridh an 
t-ainspioraid leis thú mar ghadhar," ar seisean, i nGaedhilg 
bhlasta. 
Le n-a linn sin phreab Muiris amach ar an mbóthar. 
"Rómpa," ar seisean leis an ugadhar: "Cas iad."  B'é a 
b'fhearr chuige.  Thiomáin sé roimis anoir arís iad.  Thabharfá 
an leabhar gur balbhán a deineadh den mháighistir.  Focal níor 
labhair nó gur seoladh na beithidhigh thairis siar. 
"Ba ghreannmhar an cleas é sin a dh'imris orm, má's tú sháith 
an gadhar sain," ar seisean; agus i nGaedhilg bhinn do labhair. 
Bhí Muiris lántsásta.  Bhí beortha aige ar an máighistir, agus 
b'shin ar theastuigh uaidh. 
"A mháighistir," ar seisean, i mBéarla briste, "do cheapas 
go bhfaghainn amach pé aca labhrann tusa Gaedhealg nó ná 
deineann tú.  Tugadh cúram an chipín seo dhomhsa aréir; 
bronnaim ortsa anois é.  Ní córa dh'éinne é bheith aige 'ná dhuit 
féin.  Caithfir a admhughadh anois gur comhgaraighe thagann an 
Ghaedhealg chughas-sa leis ná an Béarla.  An aon iongnadh é má 
scéitheann sí uaimse agus óm leithéid eile, sinne ná fuil focal 
Béarla againn dhá chlos san mbaile." 
"Tá beortha go cruinn agat orm, a mhic ó," ars' an 
máighistir; "ní thuigeann tú mo chás, ámhthach.  Ní'l ionnamsa, 
a dhalta, acht seirbhíseach.  Is é fear an tighe mhóir, an tighearna 
talmhan, bainisteóir na scoile.  Do thoigh sé mise mar mháighistir 
agus do chuir i mbun na scoile mé ar choingheall go ndíbreógh-
ainn an Ghaedhealg aisti.  Cad do b'fhéidir liom a dhéanamh?  Bhí 
mo mháthair is mo bheirt dheirbhsheathar is mé féin go beó bocht ar 
an saoghal choidhche gur tháinig an bheart so im threosa.  Do 
ghlacas le coingheall an bhainisteóra ar a shon gur ródheachair 
liom mo dhrom iompódh leis an nGaedhilg.  Ní raibh cuimhne agam 
ar an éagcóir a bhí agam dá dhéanamh do theangain mo dhúthchais 
agus díbhse.  Tá mo shúile ar oscailt anois agus beidh malairt 
scéil againn feasta.  Táim an-bhuidheach dhíotsa, creid mé leis." 
Tráthnóna an lae chéadna chuaidh an máighistir ag triall ar an 
mbainisteóir.  Is léir go raibh aighneas éigin eatortha a chuir 
buile ar an bhfear mór.  Baineadh eochair tighe na scoile den 
mháighistir ar an láthair sin.