Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe. VII - Muiris Ó Murchadha agus an "SIGNUM."

Title
Seanchus Grinn na Tuaithe. VII - Muiris Ó Murchadha agus an "SIGNUM."
Author(s)
Ó Conchubhair, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seanchus Grinn na Tuaithe.



MÍCHEÁL Ó CONCHUBHAIR
do scríobh.



VII. - MUIRIS Ó MURCHADHA AGUS AN "SIGNUM."



Bhí Seán an Chipín ar na feirmeóiríbh ba thábhachtaighe i bpar-
óisde an Chlocháin. Tuigeadh gach n-aon nách Seán an Chipín a
bhaist an sagart air, acht Seán Ó Murchadha; acht ní raibh áil-
theóiridhe na háite sásta gan a n-athbhaiste féin a dhéanamh air
agus ar gach fear agus buachaill ar fuid na paróisde. Siúinéir
a b'eadh athair Sheáin, agus dá bhrígh sin do tugadh Seán an Chipín
mar leas-ainm ar an mac, cé nár chuaidh sé i n-aon chor leis an
gcéird. Níor chuir sé riamh suas den ainm. Bhí sé chomh maith
aige. Dá gcuireadh ní fhágfadh sain go mbeadh sé scartha leis.



Acht ní hé sin mo scéal.



Oidhche áirithe i gcaitheamh an Abráin bhí Seán agus a bhean
ina suidhe cois na teineadh go seascair sóghach. Bhí na leanbh-
aidhe ina gcodladh le tamall, agus gan éinne san gcistin acht an
bheirt chéadna. An oidhche seo luaidhte, ámhthach, ní raibh aon obair
idir lámhaibh aca.



"A Mháire," arsa Seán as a machtnamh amach dó, "ó's rud é
go bhfuil an aimsear bhreagh anois againn agus an samhradh
chughainn, ná beadh sé chomh maith Muiris a chur ar scoil? Tá
a sheacht mbliadhna slánuighthe aige, agus ní ghortóghadh sé é siubhal
as so go scoil an Mháma."



Muiris an mac ba shine bhí aca.



"Táim-se ar aon aigne leat san méid sin," arsa Máire.
"Go deimhin do raghadh suaimhneas ar mo chroidhe dá mbeadh
sé thoir nó thiar aca i n-áit go gcuirfidhe smacht air. Ní théigh-
eann lagar ais, Dia dá bheannachadh, ó éirgheann sé ar maidin go
tuiteam oidhche acht ag déanamh cros. An uair bhíonn gnóthaidhe
an tighe ag rith orm-sa is minic ná féadaim súil a bheith ina dhiaidh
agam, agus ar ball b'fhéidir gurab í Nóra Ní Mhathghamhna bhuail-
fidh chugham isteach dá ghearán gur mhairbh sé cearc uirthi. Cá
bhfuaireas indé é, an dóigh leat? Theastuigh uaim é chur siar go


L. 518


dtí an pháirc ag glaodhach chun bídh ar na fearaibh. Chuadhas amach
féachaint an bhfeicfinn é. Ní raibh sé amuigh ar an gclaidhe ná ar
an mbóthar. Do stadas neómat. Do chualadh an liughaireacht
thuas i nGarraidhe na gCupóg. Cad a bheadh ann ná Muiris agus
gabhar an Cheannuidhe ar adhastar aige agus é ag marcaigheacht
air. B'fholláin dó ná feacaidh an Ceannuidhe é: ní chloisfimís
deireadh uaidh go fóill."



"Tá a fhios agam," arsa Seán, "ná téigheann suidhe suaimhnis
air i rith an lae. Cuirimís ar scoil é an tseachtmhain seo
chughainn, i n-ainm Dé. Tiocfaidh ciall fós dó, agus ní fheadaraís
nách ádhbhar sagairt a bheadh ann. Má ritheann linn d'fhéadfaimís
scoláireacht a dhóthain a thabhairt dó."



"Seadh," arsa Máire, "agus an ar an scoil seo thíos nó ar
scoil an Mháma chuirfeam é? Dá raghadh sé chum scoile na
Carraige Duibhe d'fhéadfadh sé bheith le cois Mháire Nic Sheoin
ag dul is ag teacht dó gach lá. Má chuirtear ar an Mám é
ní bheidh acht buachaillidhe mar chuideachtain aige, agus tá eagla
orm go gcuirfidh siad fuath na scoile air."



"Deirim-se," arsa Seán, "ná raghaidh aon chos leis ar dtaoibh
istigh de dhoras tighe scoile na Carraige Duibhe. Tá brealláinín
de mháighistir ann a loitfeadh scoláiridhe an domhain. Cloisim
nách mór go gcoisgeann sé aon leanbh ar Ghaedhilg a labhairt.
Tá a rian ortha. Ní mór go n-airighthear focal Béarla uatha ag
baile ná ar sráid. Ní mar sin do scoláiríbh an Mháma. Ann-
soin atá an fear a chuireann smacht ortha. Tá cloigeann capaill
i dtigh na scoile aige, agus aon leanbh go mbíonn sé de míádh
air focal Gaedhilge do labhairt, crochtar an cloigeann óna
mhuinéal ar feadh leath-uaire an chluig. I n-a theannta so tá
"Signum" aige. Mo thruagh-sa an garsún go siubhlann
an "Signum" air ó Luan go Satharn, ná ó Satharn go Luan arís.
Tá a chómhartha sain ar a scoláiríbh. Cuirfeadh sé áthas is
aoibhneas ort na cairgeacha breághtha Béarla aca dá gcaitheamh
le chéile is iad ag teacht a-bhaile gach tráthnóna. Do phriocas
féin suas abairt dá ndubhairt duine aca an lá fé dheireadh.
"You pragnastickle jackdaw", ar seisean.

("You pragmatical jackdaw" is dócha. I scuimhn liom go mbíodh téarma
éigin dá shamhail i gceann de sna leabharthaibh a bhíodh is na Scoileannaibh
Náisiúnta le linn m'óige. - M. Ua C. ) Táim ag cleachtadh


L. 519


na bhfocal sain ó chualadh iad. Nách breagh an fhuaim atá aca?
Ní headh go dtuigim féin iad, ná an cúigmheadh focal dá ndeirid
na garsúin. Acht cuirimís Muiris ar an Mám, agus gheóbhaidh
sé Béarla agus léigheann ann."



"Abair na focail úd ó chianibh sic arís dom, a Sheáin," arsa
Máire.



"An amhluidh ba mhaith leat-sa leis iad a bpriocadh suas, a
Mháire? Seo dhuit iad. "You pragnastickle jackdaw" - trí
focail."



"Ó, a Sheáin, caithfir iad a mhúineadh dho Mhuiris," ar sise,
agus chrom sí féin ar iad a chleachtadh go dícheallach.



B'é toradh tháinig as díospóireacht na hoidhce úd ná Muiris
do chur ar scoil an Mháma.



Anois b'fhéidir nár mhisde focal a rádh i dtaobh an
t-"Signum". Ní raibh ann acht blúirín adhmuid, saghas cómhartha.
An uair bhíodh na scoláiridhe ag fágaint tighe na scoile tráthnóna
do roinntí na cómharthaidhe seo ortha. Thugadh an máighistir
ceann do gharsún praitneamhail go mbeadh Bóthar na Léime aige
le gabháil agus é ag dul a-bhaile, cuir i gcás. Théigheadh
"Signum" mar chúram air, bhí sé fé gheasaibh é bhronnadh ar an
gcéad scoláire chloisfeadh sé ag labhairt na Gaedhilge. D'fhéadh-
fadh sé seo an cleas céadna do dhéanamh le scoláire eile.



An uair ghlaodhadh an máighistir ortha so gheibheadh "Signum",
chaitheadh ceachtar aca admhughadh cia dhó gur thug sé é; agus ba
ghearr an mhoill na peachaigh ar fad d'fhagháil amach. Gheibheadh
gach ceann aca luach a shaothair. Do théithtí na deárnain go maith
aca i gcómhair an lae agus níor bh'fhánach cairidhe deór le
Gaedhilgeóríbh óga na haimsire úd.



Chuaidh Muiris ar scoil an Mháma. Do rith leis ar feadh
abhfad gan an "Signum" a theacht ina threó, cé gur mhinic
Gaedhealg ina phus. B'fhéidir ó thárla óg é go mbíodh truagh
ag coimeádaidhe an t-"Signum" dó. Deireadh fé féin nách
ar a óige badh cheart a bhuidheachas a beith, acht go mbíodh mílseáin
aige gach lá beagnach agus go mbreabadh sé na garsúin eile leó.
Agus tá a fhios ag an saoghal go raghadh garsúin fé'n roth
ar mhílseán.



Ní bréag a rádh go raibh teanga bhlasta Ghaedhilge ag Muiris
dá óige é. Bhíodh buachaill aimsire ag a athair i rith na bliadhna.


L. 520


Bhí buachaill aige um an am so agus ní mór go dtuigeadh sé
focal Béarla, agus i dtaoibh é labhairt ní bheadh sé ag smearadh
a bhéil leis. Dá bhfaghadh Muiris a thoil féin do chaithfeadh sé
iomlán an lae agus gach uile lá ag éisteacht leis an mbuachaill
seo ag gabháil dá chuid fiannaidheachta. Is minic nuair mheasadh
a athair agus a mháthair Muiris a bheith imthighthe a chodladh go
mbíodh sé sínte ar phunainn fhéir amuigh 'san stábla, agus cluas
air ag éisteacht leis an mbuachaill agus leis na fearaibh oibre
ag cur síos ar imtheachtaibh na Féinne nó ar aistear Oisín go Tír
na nÓg. Bhí a rian air. Ba róannamh aon teanga ar siubhal
aige acht Gaedhealg dá laighead é an meas a bhí ag a athair uirthi.
Nuair bhí Muiris dhá bhliadhain déag d'aois ní raibh buachaill
ar scoil a b'fhearr chum reatha 'ná é. Bhíodh éad ag na buachaillíbh
eile leis mar gheall air san. Go dtí so, mar dubharthas cheana,
ní raibh fear an "tSignum" dian air. Bheadh air aige feasda
féachaint amach dó féin. Nár bhuaidh sé go fairsing ar Dhonnchadh
Ó Domhnaill i rás a bhí aca o cheann Bhóthair na Lathaighe go binn
tighe na scoile. B'é Donnchadh captaen na scoile i ngach cleas
go dtí so. Chuirfeadh buaidh Mhuiris deireadh le n-a réim, acht
bhainfeadh Donnchadh sásamh amach ar chuma éigin.



Donnchadh is mincí bhíodh i bhfeighil an "tSignum" ar Bhóthar
na Reanna Buidhe. Ní raibh Muiris ró-aireach air féin, agus níor
bh'fhada gur scéith sruthán Gaedhilge uaidh i bhfiadhnaise Dhonnchadh.
Tugadh cúram an "tSignum" láithreach dó. Máiseadh, níor chuir
so mórán buaidheartha ar Mhuiris. Bhí a fhios aige cad a
bhí ina chómhair an chéad lá raghadh sé ar scoil. Ba mhór aige é.



"Ar mh'anam," ar seisean ós árd, "má tá leasughadh na
ndeárnann i n-áirithe dhomh-sa ná fuighead é gan é thuilleamh,
agus ná cloisfear focal Béarla uaim go raghad ar scoil
Dia Luain. Agus, a bhuachaillidhe, tugaim mo lánchead díbhse
bhur ndóthain Gaedhilge do labhairt, má tá dúil agaibh innti. Ní
baoghal díbh an cipín seo: coingheobhadsa féin im sheilbh é."



Chuir fearamhlacht na cainnte náire ar Dhonnchadh. "Níor
mheasas riamh," ar seisean, "go raibh it chainnt acht gaoth mhór.
Tuigim a mhalairt anois. Caith chugham a leith an cipín sin, agus
coimeádfad féin é."



Acht ní scarfadh Muiris leis."



An Satharn a bhí ann lá ar n-a bháireach. Ráinig le Muiris


L. 521


agus le garsún eile de scoláiríbh an Mháma casadhle chéile ar
an mbóthar puiblidhe tamall slighe ó thigh Sheáin an Chipín. Ag
seóladh na ngamhan a bhí Muiris agus gaidhrín le n-a chois an uair
thárlaidh an buachaill eile leis.



"A Mhuiris," arsa an buachaill seo, "is cuimhin liom na
focail a dubhraís aréir, agus ní'l aon eagla orm go dtabharfair
dom an "Signum" mar gheall ar mé bheith ag labhairt Gaedhilge
leat. Tá an máighistir ag gabháil Árd an Bhóthair anois agus dhá
bheithidheach roimis amach dá gcur ar féarach go hÁth na Croise.
Coga, an mb'fhéidir aon chleas a dh'imirt air? Is minic a ghaibh
sé orainn araon agus gan mórán cúise ar cheachtar againn.
Cad deireann tú?



Leig Muiris scearta gáire as. "Is fíor dhuit," ar seisean.
"An fada soir uainn é?"



"Beidh sé annso láithreach má shaothruigheann sé na beithidhigh
leis, rud nách furuist dó."



"Máiseadh, greadse let thar claidhe síos agus teighir i
bhfolach ann. Ná feiceadh sé thú."



D'imthigh an garsún eile.



Bhí crann breagh fuinnseóige ag fás deich ráinne isteach ón
mbóthar san bpáirc len' ais. Ba ghearraid an mhoill ar Mhuiris
é féin a neadughadh i mbárr an chrainn. Ní fhéadfaidhe é fheicsint
ón mbóthar bhí an duilleabhar chomh tiugh san. Níor bh'fhada
i n-áirde dho go bhfeacaidh sé an máighistir ag gluaiseacht i leith,
agus saothar is allus i dteannta a chéile air. Pé rud is dhéan-
fadh scoláiridhe na scoile níor dheallramhaigh sé go raibh na
beithidhigh rómhór fé shmacht aige. Aon fhonn ní raibh ortha an
bóthar díreach do leanamhaint. Níor ghabhadar thar beárnain ná
cros-bhóthar ó fhágadar an baile gan iarracht a thabhairt ar ghabháil
ann. Ba chráidhte an fear é an máighistir an mhaidean úd.



D'fhan Muiris chomh ciuin le luich choidhche go raibh an máighistir
nách mór ar a aghaidh amach. Annsoin do labhair sé i gcogar
leis an ngadhairín a bhí i n-a luighe go socair ag bun an chrainn.
"Beir ortha, a ghadhairín," ar seisean. An deamhan faic d'airigh
n máighistir nó gur preab gearra-mhadradh thar claidhe chuige,
agus dhein fé sna beithidhigh'. Chasadar sain agus thug aghaidh ar
an mbaile agus an gadhar greamuighthe i n-earball beithidhigh aca.
Dhein an máighistir a dhícheall ar iad a chosc, acht bheadh sé chomh


L. 522


maith aige bheith a d'iarraidh cosc do chur le gaoith ghlan-fhuar na
Márta bhí ag séide thar a chluasaibh. Chaith sé é féin ar charn
cloch agus bhain de a hata. "Ó mhaise, go mbeiridh an
t-ainspioraid leis thú mar ghadhar," ar seisean, i nGaedhilg
bhlasta.



Le n-a linn sin phreab Muiris amach ar an mbóthar.
"Rómpa," ar seisean leis an ugadhar: "Cas iad." B'é a
b'fhearr chuige. Thiomáin sé roimis anoir arís iad. Thabharfá
an leabhar gur balbhán a deineadh den mháighistir. Focal níor
labhair nó gur seoladh na beithidhigh thairis siar.



"Ba ghreannmhar an cleas é sin a dh'imris orm, má's tú sháith
an gadhar sain," ar seisean; agus i nGaedhilg bhinn do labhair.



Bhí Muiris lántsásta. Bhí beortha aige ar an máighistir, agus
b'shin ar theastuigh uaidh.



"A mháighistir," ar seisean, i mBéarla briste, "do cheapas
go bhfaghainn amach pé aca labhrann tusa Gaedhealg nó ná
deineann tú. Tugadh cúram an chipín seo dhomhsa aréir;
bronnaim ortsa anois é. Ní córa dh'éinne é bheith aige 'ná dhuit
féin. Caithfir a admhughadh anois gur comhgaraighe thagann an
Ghaedhealg chughas-sa leis ná an Béarla. An aon iongnadh é má
scéitheann sí uaimse agus óm leithéid eile, sinne ná fuil focal
Béarla againn dhá chlos san mbaile."



"Tá beortha go cruinn agat orm, a mhic ó," ars' an
máighistir; "ní thuigeann tú mo chás, ámhthach. Ní'l ionnamsa,
a dhalta, acht seirbhíseach. Is é fear an tighe mhóir, an tighearna
talmhan, bainisteóir na scoile. Do thoigh sé mise mar mháighistir
agus do chuir i mbun na scoile mé ar choingheall go ndíbreógh-
ainn an Ghaedhealg aisti. Cad do b'fhéidir liom a dhéanamh? Bhí
mo mháthair is mo bheirt dheirbhsheathar is mé féin go beó bocht ar
an saoghal choidhche gur tháinig an bheart so im threosa. Do
ghlacas le coingheall an bhainisteóra ar a shon gur ródheachair
liom mo dhrom iompódh leis an nGaedhilg. Ní raibh cuimhne agam
ar an éagcóir a bhí agam dá dhéanamh do theangain mo dhúthchais
agus díbhse. Tá mo shúile ar oscailt anois agus beidh malairt
scéil againn feasta. Táim an-bhuidheach dhíotsa, creid mé leis."



Tráthnóna an lae chéadna chuaidh an máighistir ag triall ar an
mbainisteóir. Is léir go raibh aighneas éigin eatortha a chuir
buile ar an bhfear mór. Baineadh eochair tighe na scoile den
mháighistir ar an láthair sin.


L. 523


I gcionn lae nó dhó bhí fógraidhe curtha amach ón mbainisteóir
dá innsint do chách go raibh oide ag teastáil i gcómhair scoile
an Mháma. Do bhailigh muinntear na háite i n-aon tsluagh amháin
agus d'ionnsaigheadar tighe an bhainisteóra. Nochtadh dó go
neamhmbalb ná sáiseóghadh aon mháighistir scoile iad acht an
fear go raibh seanaithne agus seanthaithighe aca air, agus ná cuir-
fidís oiread is leanbh ar scoil dá mbeadh a mhalairt ina bun.



B'éigean don bhainisteóir géilleadh; cuireadh an maighistir
ina inead féin thar n-ais, agus tá an Ghaedhealg fé réim ins an
scoil sain ón lá úd gur indiu.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services