Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stáir-chúntas Dhún Garbhán.
Title
Stáir-chúntas Dhún Garbhán.
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Stáir-chúntas Dhún Garbhán." Do léigheas an cúntas úd do sgríbh mo dhuine muinteardha, Liam Ó Míodhcháin, ar Dhún Garbháin go cruinn is go cúramach 'sis méinn anois liom tagairt do dhéanamh dho, agus b'fhéidir beagán do chur leis. Acht ná bíodh uamhan ná eagla ar Liam. Ní'l sé de rún agam síth sanntach ná ionnsuighe aithiseach ná fogha fuil- teach faobhrach do thabhairt faoi de chionn a bhfuil ráidhte aige. Do thaithnigh a chaint ró-eólach go breagh liom ar a iomláine bhí, agus ar mhéid a ghrádha féin do Dhún na mbád sna méithbhreac ar thaoibh na mara theas mar i rabhas-sa go minic i n-a theannta go subhach soi-mheanmnach imeasg mo charad is mo chompánach Gaedheal. Is foirbhthe an t-eolas atá ag Liam ar chúrsaidhibh is ar dhálaibh an "tSeanbhárdais" ó thús na n-aimsear, acht mar sin féin ní'l sé ceanndána. Admhuigheann sé go breagh, macánta, neimh- chinnteacht do bheith ar anois is arís annso is annsúd. Acht pé neimh-chinnteacht a bhí air i dtaoibh Dhún Garbháin, ní'l, adeir, sé aon mhearbhthall ar domhan air mar gheall ar Dhún na Mainis- treach. Acht, a Liam a ghráidh, sé is eagal liom féin ná fuil aon tseanchas ró-chruinn againn ar Dhún aca seachas a chéile. Tá sé ráidhte gur sa mbliadhain 1268 do fothuigheadh Mainistear Díth- reabhach Abhuistín ar an dtaobh thuaidh dhe'n abhainn. Acht ar bh'iad na Brianaigh nó na Crathaigh do chuidigh leis na manachaibh dá tógaint? Is deacair a mheas gur bh'iad, is bíodh a fhiadhnaise sin ar an dtráchtadh beag so i n-ár ndiaidh. Níor ghabh Brianaigh Thuadhmhumhan neart ná fearonn i nDéisibh go dtí an bhliadhain 1450. Sliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil an chéad dhream de Bhrian- aighibh a chuir fútha i nDúthaigh Déise. Bhí an Toirdhealbhach Maol so n-a rí Thuadhmhumhan timcheall na bliadhna 1375. Inghean do Iarla Dheas-mhumhan badh bhain-chéile dho. Tárla de chumhacht na mná gur éirghidh an Brianach Gallda i n-a mheón is i n-a mhean- main, ionnus gur thaobhuigh sé le Gallaibh. Acht má thaobhuigh an rí níor thug an treabh aonta leis, acht d'iompuigheadar air féin, is d'aithríoghadar é, is thugadar "ruaig Uaithne thar teór- ainn" air. I gceann tamaill na dhiaidh san do cuireadh ógánach de sna Gearaltaighibh ar oileamhaint imeasg na mBrianach .i.
Séamus mac an Iarla, is ar mbeith sealad imeasg Gaedheal bhfial bhfairsing Thuadhmhumhan do, do líon dá ngrádh, agus ar bhfeiscint sliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil gan oighreacht do, tháinig a chroidhe ortha agus do ghabh truagh dhóibh é, ionnus nuair a dheineadh Iarla Dheasmhumhan de féin gur thug fearonn i nDéisibh dhóibh áit i raibh bith-dhílse is urlamhas aige. Agus ar rochtain i nDéisibh do shliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil dheineadar fos is comhnuidhe i bhpar- óisde an Chumaraigh mar ar thógadar dún-phort nó caisleán, is airghim go bhfuil fothrach an chaisleáin chéadna le feiscint i mBeárnain na Coille go dtí an lá tá indiu ann. Badh shin é mar a tháinig an chéad Bhrianach riamh ó Thuadhmhumhain go Dúthaigh Déiseach. Bhí snadhm caradais idir na Brianaighibh so is Gearaltaighibh ó thosach. Chailleadar roinnt mhaith dhá gcuid talmhan i gcogadh na nGearaltach i n-aimsir na bainríoghna ionnruice úd Eilís. Badh é Brian mac Dhonnchadha mic Thoirdheal- bhaigh Uí Bhriain ba cheannfine ortha an tráth soin, agus dheineadh "attainting" air, nó cuireadh ar foghail is ar forfhógradh é. Badh é Diarmaid Ó Briain do bhí 'n-a cheannfine i n-aim- sir Chromaill. Bhí an Diarmuid so ar thaoibh Ghaedheal sa gCoimheasgar úd agus ba leis do cuireadh cath an Chumaraigh ar Ghallaibh. Bhí aithne agam féin ar an mBrianach badh dhéighean- aighe do bhí ann .i. Piaras Mac Mathghamhna Uí Bhriain. Bhí Piaras n-a ghaisgidheach mheanmnach lúbach láidir, agus fuair sé bás sa mBaile Íochdarach ar éadan an chnuic dhá mhíle slighe ar an dtaobh thuaidh de Dhún Garbháin tá timcheall fiche bliadhan ó shoin. Do chinn an Piaras so ar fhearaibh a chomhaimsire ar chródhacht a chroidhe ar lúth a chos agus ar neart a ghéag, agus badh é an feall dearg a aindeise do chuaidh báthadh fá dheire ar theaghlach an Chumaraigh .i. ar "Bhrianaighibh na srianta síoda." As an méid sin is follas ná raibh aon bhaint ag Brianaighibh leis an Mainistir seo a thógaint. Anois, an raibh páirt ag Crathaighibh ann? Dhéarfainn ná raibh ar na fáthaibh seo. Bíodh gur adhlacadh Domhnall Mac Craith i nDún na Mainistreach sa bhliadhain 14- ní raibh réim na ceannas ag Crathaighibh i nDéisibh is ní rabhadar iomráidhteach ann, go dtí an 16adh agus an 17adh aois nuair a bhi Pilib na Mumhan n-a cheannfine ortha, agus ní raibh Caisleán Dhúin na Mainistreach i n-a sheilbh ag Pilib, mar dá mbeadh níor ghábhadh dho Cúirt Churraigh na Slaodaighe do
thógaint nuair do phós sé Máire Paor .i. inghean do'n Tighearna Paorach ó'n gCurrach Mór. Is fios dúinn go léir cad ba chor do'n gCrathach nuair a thug sé Máire do bhaile dtí Sliabh gCua leis. Is cosmhail ná raibh an teach do bhí roimpe aige galánta a dóthain do inghin Tighearna an Churraigh Mhóir. Agus sé dubhairt sí ná caithfeadh sí lá ná oidhche i bhfochair Philib, go dtí go ndéanfadh sé árus a diong- mhála a thógaint di. Bhí Pilib bocht i dteanta. Chuir sé gairm sgoile amach agus d'aithin sé dá mhuintir .i. do Chlann a' Buidhe go gcaithfidís teacht i gcabhair agus i gcongnamh air san éigean- dáil úd i n-a raibh. Dheineadar amhla go feidhmeamhail is go fonnmhar. Bhí cúirt Churraigh na Slaodaighe seacht mbliadhna ghá thógaint agus badh é críoch an sgéil de bharr conganta is cabhrach a chinidh is a charad go mba shaidhbhre d'fhear é Pilib as diaidh an Chaisleáin do thógaint do ná mar do bhí sé fá'r thosnuigh sé ar an obair. Acht mo dhearmhad cia chuidigh leis na manachaibh chun an mhainistear úd do thógaint? Sé mo thuairim féin gurbh iad na Gearaltaigh a chéad-thóg an mhainistear seo agus gurbh é duine go sonnradhach fá ndear a tógaint Tomas Mac Gearailt sinnsear Chlainne Thomáis (Mac Thomas Geraldines), ó ráidhtear Coill Mhic Thomáisín i nDéisibh indiu. Bíodh an méid sin mar bharamhail uaimse, is dom dhóigh ní baramhail gan bharánta í, acht fírinne follasach an tseanchais. Acht cár chuma cia thóg í? Pé duine thóg í, ní'l aon tinneas cinn anois air agus cá gábhadh dhúinne tinneas cinn a thabhairt orainn féin ghá shuidheamhnughadh ar a chéile. Leigim an méid seo leat, a Liaim, .i. gur thugadar Brianaigh is Crathaigh cíos, cádhas is cothughadh do'n Mainistir le na linn, acht maidir le n-a fothughadh badh é an Gearaltach a chéid-leag an chloch-bhuin i n-a hionad sa mbliadhain 1268. Cuirimse an-tsuim i n-a leithéid seo de dhíospóireacht. Admhuighim féin, ní nach nár liom, go bhfuil báidh os meadhon agam leat-sa a shean-chlogáis úd thíos atá le sé chéad bliadhain id' sheasamh ar bhruach na fairrge fiadhaine, ar bhall do sna ball- aibh is aoibhne ann. Ar sgáth do bheann nglas 'seadh tá mo shean is mo shinnsir leis na ciantaibh Éireann go suanmhar n-a luighe ag feitheamh le gall-trompa an aingil lá an tSléibhe, agus fád' mhúraibh naomhtha is eadh do eisteas féin aifrionn Dé gach Domhnach is lá saoire ar feadh fiche éigean bliadhan de m' shaoghal.
Tá mórán eile eólais mar gheall ar an "Seanbhárdas" le fagháil sa Seanchas seachas a bhfuil dá fhaisnéis ag Liam i n-a chuntas. Seo giota mar shompla. Fuaireas i leabhar éigin Béarla é agus tá culaidh Gaedhilge dá chur agam féin air. "Sluaigheadh mór le clainn an ridire Séamus Mac Seagháin (Mac Gearailt) i nDéisibh agus le Síol mBriain an Chumaraigh .i. le Donnchadh Mac Chinnéidigh agus le Toirdhealbhach Mac Dhonnchadha agus le clainn Thomáis Mic Raidhri Mic Mhaolmhuire Mic Chraith .i. Tomás Óg. Do rug Eoghan Mac Raidhri ortha ag Mádhm na Caorthannaighe ar an dtaoibh thoir d'abhainn Choiligeáin. Do fearadh cath eatorra agus do briseadh de Ghearaltaighibh is dá lucht leanamhna. Do gabhadh iomorro triúr mac an ridire Séamas Mac Seagháin agus do dheineadh príosúnaigh díobh .i. Tomás meir- geach agus Seaghán an Ghleanna Dhoimhinn agus Gearóid. Tugadh go Dungarbháin go dtí Captaein Sir Liam Morgan iad. Do chroch Sir Liam beirt aca láithreach i nDúngarbháin .i. Tomás meirgeach agus Seaghán an Ghleanna, agus sheól sé an fear eile .i. Gearóid go Portláirge áit a bhfuair sé sin an oíde chéadna, agus do dheineadh ceathramhna dhíobh ar an 14/2/1583." Badh shin í an obair ar a dtugtaoi "Caoruigheacht" acht dhíol na Gearaltaigh go daor aisti. Tá na céadtha dá leithéid sin de ghiota le faghail sna State Papers agus is dóigh liom go mbadh cheart iad do bhailiughadh mar ní'l giota aca nár bh'féidir eólas éigean a bhaint as. Coinnle nó Lóchrainn bheaga seadh iad do dhéanfadh solus do sgaipeadh dhúinn ar bheatha agus ar chúrsaidhibh ár sean agus ar sinnsear romhainn. PÁDRAIG Ó DÁLAIGH. Beannacht Dé na nGrás let anam, a MHICHÍL BHREATHNAIGH. Táid na Gaedhil is dilse ag sleamhnughadh uainn ndiaidh ar ndiaidh. Tá Éire is an fuighlach beag dá fírcháirdibh ot caoineadh go deorghuirt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services