Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stáir-chúntas Dhún Garbhán.

Title
Stáir-chúntas Dhún Garbhán.
Author(s)
Ó Dálaigh, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 484


"Stáir-chúntas Dhún Garbhán."



Do léigheas an cúntas úd do sgríbh mo dhuine muinteardha,
Liam Ó Míodhcháin, ar Dhún Garbháin go cruinn is go cúramach 'sis
méinn anois liom tagairt do dhéanamh dho, agus b'fhéidir beagán
do chur leis. Acht ná bíodh uamhan ná eagla ar Liam. Ní'l sé
de rún agam síth sanntach ná ionnsuighe aithiseach ná fogha fuil-
teach faobhrach do thabhairt faoi de chionn a bhfuil ráidhte aige. Do
thaithnigh a chaint ró-eólach go breagh liom ar a iomláine bhí, agus
ar mhéid a ghrádha féin do Dhún na mbád sna méithbhreac ar thaoibh
na mara theas mar i rabhas-sa go minic i n-a theannta go subhach
soi-mheanmnach imeasg mo charad is mo chompánach Gaedheal. Is
foirbhthe an t-eolas atá ag Liam ar chúrsaidhibh is ar dhálaibh
an "tSeanbhárdais" ó thús na n-aimsear, acht mar sin féin ní'l
sé ceanndána. Admhuigheann sé go breagh, macánta, neimh-
chinnteacht do bheith ar anois is arís annso is annsúd. Acht
pé neimh-chinnteacht a bhí air i dtaoibh Dhún Garbháin, ní'l, adeir, sé
aon mhearbhthall ar domhan air mar gheall ar Dhún na Mainis-
treach. Acht, a Liam a ghráidh, sé is eagal liom féin ná fuil aon
tseanchas ró-chruinn againn ar Dhún aca seachas a chéile. Tá sé
ráidhte gur sa mbliadhain 1268 do fothuigheadh Mainistear Díth-
reabhach Abhuistín ar an dtaobh thuaidh dhe'n abhainn. Acht ar bh'iad
na Brianaigh nó na Crathaigh do chuidigh leis na manachaibh dá
tógaint? Is deacair a mheas gur bh'iad, is bíodh a fhiadhnaise sin
ar an dtráchtadh beag so i n-ár ndiaidh. Níor ghabh Brianaigh
Thuadhmhumhan neart ná fearonn i nDéisibh go dtí an bhliadhain
1450. Sliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil an chéad dhream de Bhrian-
aighibh a chuir fútha i nDúthaigh Déise. Bhí an Toirdhealbhach Maol
so n-a rí Thuadhmhumhan timcheall na bliadhna 1375. Inghean do
Iarla Dheas-mhumhan badh bhain-chéile dho. Tárla de chumhacht na
mná gur éirghidh an Brianach Gallda i n-a mheón is i n-a mhean-
main, ionnus gur thaobhuigh sé le Gallaibh. Acht má thaobhuigh an
rí níor thug an treabh aonta leis, acht d'iompuigheadar air
féin, is d'aithríoghadar é, is thugadar "ruaig Uaithne thar teór-
ainn" air. I gceann tamaill na dhiaidh san do cuireadh ógánach
de sna Gearaltaighibh ar oileamhaint imeasg na mBrianach .i.


L. 485


Séamus mac an Iarla, is ar mbeith sealad imeasg Gaedheal
bhfial bhfairsing Thuadhmhumhan do, do líon dá ngrádh, agus ar
bhfeiscint sliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil gan oighreacht do, tháinig a
chroidhe ortha agus do ghabh truagh dhóibh é, ionnus nuair a dheineadh
Iarla Dheasmhumhan de féin gur thug fearonn i nDéisibh dhóibh áit i
raibh bith-dhílse is urlamhas aige. Agus ar rochtain i nDéisibh do
shliocht Thoirdhealbhaigh Mhaoil dheineadar fos is comhnuidhe i bhpar-
óisde an Chumaraigh mar ar thógadar dún-phort nó caisleán, is
airghim go bhfuil fothrach an chaisleáin chéadna le feiscint i
mBeárnain na Coille go dtí an lá tá indiu ann. Badh shin
é mar a tháinig an chéad Bhrianach riamh ó Thuadhmhumhain go
Dúthaigh Déiseach. Bhí snadhm caradais idir na Brianaighibh so is
Gearaltaighibh ó thosach. Chailleadar roinnt mhaith dhá gcuid
talmhan i gcogadh na nGearaltach i n-aimsir na bainríoghna
ionnruice úd Eilís. Badh é Brian mac Dhonnchadha mic Thoirdheal-
bhaigh Uí Bhriain ba cheannfine ortha an tráth soin, agus dheineadh
"attainting" air, nó cuireadh ar foghail is ar forfhógradh é.
Badh é Diarmaid Ó Briain do bhí 'n-a cheannfine i n-aim-
sir Chromaill. Bhí an Diarmuid so ar thaoibh Ghaedheal sa
gCoimheasgar úd agus ba leis do cuireadh cath an Chumaraigh
ar Ghallaibh. Bhí aithne agam féin ar an mBrianach badh dhéighean-
aighe do bhí ann .i. Piaras Mac Mathghamhna Uí Bhriain. Bhí Piaras
n-a ghaisgidheach mheanmnach lúbach láidir, agus fuair sé bás
sa mBaile Íochdarach ar éadan an chnuic dhá mhíle slighe ar an
dtaobh thuaidh de Dhún Garbháin tá timcheall fiche bliadhan ó shoin.
Do chinn an Piaras so ar fhearaibh a chomhaimsire ar chródhacht a
chroidhe ar lúth a chos agus ar neart a ghéag, agus badh é an feall
dearg a aindeise do chuaidh báthadh fá dheire ar theaghlach an
Chumaraigh .i. ar "Bhrianaighibh na srianta síoda."



As an méid sin is follas ná raibh aon bhaint ag Brianaighibh
leis an Mainistir seo a thógaint. Anois, an raibh páirt ag
Crathaighibh ann? Dhéarfainn ná raibh ar na fáthaibh seo. Bíodh
gur adhlacadh Domhnall Mac Craith i nDún na Mainistreach sa
bhliadhain 14- ní raibh réim na ceannas ag Crathaighibh i nDéisibh is
ní rabhadar iomráidhteach ann, go dtí an 16adh agus an 17adh
aois nuair a bhi Pilib na Mumhan n-a cheannfine ortha, agus ní
raibh Caisleán Dhúin na Mainistreach i n-a sheilbh ag Pilib, mar
dá mbeadh níor ghábhadh dho Cúirt Churraigh na Slaodaighe do


L. 486


thógaint nuair do phós sé Máire Paor .i. inghean do'n Tighearna
Paorach ó'n gCurrach Mór.



Is fios dúinn go léir cad ba chor do'n gCrathach nuair a thug
sé Máire do bhaile dtí Sliabh gCua leis. Is cosmhail ná raibh an
teach do bhí roimpe aige galánta a dóthain do inghin Tighearna
an Churraigh Mhóir. Agus sé dubhairt sí ná caithfeadh sí lá ná
oidhche i bhfochair Philib, go dtí go ndéanfadh sé árus a diong-
mhála a thógaint di. Bhí Pilib bocht i dteanta. Chuir sé gairm
sgoile amach agus d'aithin sé dá mhuintir .i. do Chlann a' Buidhe
go gcaithfidís teacht i gcabhair agus i gcongnamh air san éigean-
dáil úd i n-a raibh. Dheineadar amhla go feidhmeamhail is go
fonnmhar. Bhí cúirt Churraigh na Slaodaighe seacht mbliadhna ghá
thógaint agus badh é críoch an sgéil de bharr conganta is cabhrach
a chinidh is a charad go mba shaidhbhre d'fhear é Pilib as diaidh an
Chaisleáin do thógaint do ná mar do bhí sé fá'r thosnuigh sé ar
an obair.



Acht mo dhearmhad cia chuidigh leis na manachaibh chun an
mhainistear úd do thógaint? Sé mo thuairim féin gurbh iad na
Gearaltaigh a chéad-thóg an mhainistear seo agus gurbh é duine go
sonnradhach fá ndear a tógaint Tomas Mac Gearailt sinnsear
Chlainne Thomáis (Mac Thomas Geraldines), ó ráidhtear Coill
Mhic Thomáisín i nDéisibh indiu. Bíodh an méid sin mar bharamhail
uaimse, is dom dhóigh ní baramhail gan bharánta í, acht fírinne
follasach an tseanchais. Acht cár chuma cia thóg í? Pé duine
thóg í, ní'l aon tinneas cinn anois air agus cá gábhadh dhúinne
tinneas cinn a thabhairt orainn féin ghá shuidheamhnughadh ar a chéile.
Leigim an méid seo leat, a Liaim, .i. gur thugadar Brianaigh
is Crathaigh cíos, cádhas is cothughadh do'n Mainistir le na linn,
acht maidir le n-a fothughadh badh é an Gearaltach a chéid-leag
an chloch-bhuin i n-a hionad sa mbliadhain 1268.



Cuirimse an-tsuim i n-a leithéid seo de dhíospóireacht.
Admhuighim féin, ní nach nár liom, go bhfuil báidh os meadhon
agam leat-sa a shean-chlogáis úd thíos atá le sé chéad bliadhain
id' sheasamh ar bhruach na fairrge fiadhaine, ar bhall do sna ball-
aibh is aoibhne ann. Ar sgáth do bheann nglas 'seadh tá mo shean
is mo shinnsir leis na ciantaibh Éireann go suanmhar n-a luighe ag
feitheamh le gall-trompa an aingil lá an tSléibhe, agus fád'
mhúraibh naomhtha is eadh do eisteas féin aifrionn Dé gach
Domhnach is lá saoire ar feadh fiche éigean bliadhan de m' shaoghal.


L. 487


Tá mórán eile eólais mar gheall ar an "Seanbhárdas" le fagháil
sa Seanchas seachas a bhfuil dá fhaisnéis ag Liam i n-a chuntas.
Seo giota mar shompla. Fuaireas i leabhar éigin Béarla é
agus tá culaidh Gaedhilge dá chur agam féin air. "Sluaigheadh
mór le clainn an ridire Séamus Mac Seagháin (Mac
Gearailt) i nDéisibh agus le Síol mBriain an Chumaraigh .i. le
Donnchadh Mac Chinnéidigh agus le Toirdhealbhach Mac Dhonnchadha
agus le clainn Thomáis Mic Raidhri Mic Mhaolmhuire Mic Chraith .i.
Tomás Óg. Do rug Eoghan Mac Raidhri ortha ag Mádhm na
Caorthannaighe ar an dtaoibh thoir d'abhainn Choiligeáin. Do
fearadh cath eatorra agus do briseadh de Ghearaltaighibh is dá
lucht leanamhna. Do gabhadh iomorro triúr mac an ridire Séamas
Mac Seagháin agus do dheineadh príosúnaigh díobh .i. Tomás meir-
geach agus Seaghán an Ghleanna Dhoimhinn agus Gearóid. Tugadh
go Dungarbháin go dtí Captaein Sir Liam Morgan iad. Do
chroch Sir Liam beirt aca láithreach i nDúngarbháin .i. Tomás
meirgeach agus Seaghán an Ghleanna, agus sheól sé an fear eile
.i. Gearóid go Portláirge áit a bhfuair sé sin an oíde chéadna,
agus do dheineadh ceathramhna dhíobh ar an 14/2/1583." Badh shin í
an obair ar a dtugtaoi "Caoruigheacht" acht dhíol na Gearaltaigh
go daor aisti.



Tá na céadtha dá leithéid sin de ghiota le faghail sna State
Papers agus is dóigh liom go mbadh cheart iad do bhailiughadh
mar ní'l giota aca nár bh'féidir eólas éigean a bhaint as.
Coinnle nó Lóchrainn bheaga seadh iad do dhéanfadh solus do
sgaipeadh dhúinn ar bheatha agus ar chúrsaidhibh ár sean agus ar
sinnsear romhainn.



PÁDRAIG Ó DÁLAIGH.




Beannacht Dé na nGrás let anam, a MHICHÍL BHREATHNAIGH.
Táid na Gaedhil is dilse ag sleamhnughadh uainn ndiaidh ar
ndiaidh. Tá Éire is an fuighlach beag dá fírcháirdibh ot caoineadh
go deorghuirt.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services