Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. III.
Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. III.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Stair-chunntas Dhún-Garbhán. - III. LIAM UA MÍODHACHÁIN do scríobh. Budh minic leis é ag riaradh a mhaoin 's a shaidhbhreas ag cuidiughadh le muinntir an bhaile chun oibreacha thairbheacha eile do chur ar bun ar fuaid an bhaile, agus d'réir thuairisge bhí práin mhór le deallradh foghanta do chur air, óir, 'nár mhaoidhteach é an deilbh do bhí air an tan sin. Ó'n mbliadhain 1550 dtí gur briseadh suas Feis na hÉireann sa mbliadhain 1798 d' bhíodh beirt Fheisiríbh 'n a suidhe ar an gcumann san ar son Buirghéis Dhún-Garbhán. Tar éis an choimh- cheangail do bhí sé lamhálta dhóibh aon Teachtaire amháin do chur go Feis Shasanna go dtí an mbliadhain 1885. Do righneadh Acht an uair sin do ghearraidh amach Dún-Garbhán gan teachtaireacht ar leith i leith do féin agus do cheapadh feasta do gabháil le roinn Iar-Phortláirge. Is mdhó brus 's bualadh, moladh 's cáine do bhíodh ar siúbhal an uair sin le linn toghadha na bhFeisirí seo, acht níor bhruighean dháiríreach riamh é gur cuireadh i gcoinne chéile Éamonn le Paor ó'n nGuirtín, agus Captaon Pallastar ó'n Chumarach, i Mí na Samhna 'sa mbliadhain 1868. Feisire le haghaidh an Chontae do bhíodh a' toghadh an uair sin. Feisire le haghaidh an Chontae do bhíodh a' toghadh an uair sin. Do bhí go leór de 's na puic mhóra agus roinnt staigíní feirmeóirí ar thaobh Phallastair, acht níor dhada san gur chrom na tighearnaí talmhain ag cur a gcumhacht i bhfeidhm. Do chuireadar gairm-sgoile amach ag fógairt ar a dtunóntaithibh cuidiughadh le Pallastar lá na breithe. Tráthnóna roimh ré bhí tunóntaithe Chóts ó Bhaile Mhic Chairbre agus tunóntaithe Seárnlaigh ó Bhárr na hUidhre ar a dtriall go Dún Garbhán chun athchuinge a maighistirí do choimhlíonadh. Do bhí buidhean saighdiúirí ag tionlacan gach drong díobh. Ar theacht go Crosaire an Bhéaraigh dóibh, thárla gur theangbhuigh an dá chomh- lucht ar a chéile. Ar an gCrosaire rompa do bhí na sluaightibh bailighthe ó'n gcomharsanacht mór-dtimcheall chun cosg do chur leo. Dá bhrígh
sin, budh ghairid gur éirigh an t-acharan eatorra. Do chromadar na daoine - idir fhearaibh, mná, agus páistí leis - ag caitheamh mion-fhóda 's clocha leis na saighdiúirí agus dá maslughadh ann gach slighe do b'fhéidir leo. Do bhris an fhoidhinne ar na saighdiúirí, nídh nach iongnadh, agus níor bhfada go raibh an caismeart go dian eatorra. Bud é crích an sgéil é gur mharbhuigheadh saighdiúir ann agus do ghonadh 's do ghortuigheadh mór-chuid ar gach taobh. Budh é an dála ceudna é ag an Cheapaigh. Do bhí daoine na háite sin bailighthe ar an ócáid ceudna roimh tunóntaithibh Stiobhard. Do eirigh an bachram eatorra arís 's do mharbhuigheadh fear eile ann. Níor mhúin eachtra an lae sin mórán céille dho 's na daoine. D' ar 'n a bháireach bhí tunóntaithibh an Saoi Innsedún hUmbail ag déanadh isteach ar a' mbaile agus buidhean de 's na lannsaoirí mar ghárda ortha. Ar noimeant díair do chuireadar, na saigh- diúirí a gceann thar Dhroichead Dhún na Mainistreach d'ionnsuidh gramaisg an bhaile iad. D' aimsigheadar iad le spallaidhe, púintíní cloiche, agus gach rud eile do fuaireadar ar a gcomhgar. Do thug an Ceann-urraidh do bhí ortha fá ndeara go raibh droch- fhuadar futha so, agus níor bhfada gur chuir sé a chumhacht i bhfeidhm de bhrígh gur iarr sé an tAcht do léigheamh chun cead catha do thabhairt dóibh. Do thugadar, na saighdiúirí a sála do 's na capaill a bhí fútha, agus do dírigheadar ar na daoine ar nós amhasanna ar dearg-bhuile. Do theith urmhór na ndaoine ar dtúis, acht, d' throid roinnt go raibh sé ag dul ró-dhian ortha, agus b'éigin dóibh go léir teitheadh i ndeire na sgríbe. Do riothadar síos 's suas ar fuaid an bhaile dá sáthadh féin isteach i ngach poll 's póirse do bhí osgailte dhóibh. Dóbair 'nár bhádhadh go leór ag dul ar bhórd árthaighe ag teitheadh le 'n a n-anmanna. Sgeimhle a bheith ag éisteacht le 's na sean-daoine ag cur síos ar chiotarainníbh an lae sin. D' marbhuigheadh beirt nó triúr gan trácht ar an méid do ghonadh 's do loiteadh. Do chuireadh saighead trí ucht fhir darab ainm Cadhlaigh, agus é 'n a sheasamh ag 'n a dhoras féin, 's níor mhair sé acht sé nó seacht de laeth- eanntaibh 'n a dhiaidh sin. Mairfidh cuimhne an lae sin i n-aigne gach duine do bhí láith-
reach go sínfear go fuar lag fá'n bhfód é, nuair nach mbeidh cúrsaidhe an tsaoghail seo ag cur mórán imnidhe 'ná trioblóide air. I dtaobh an toghadh féin, do chuaidh an lá leis an bPaorach le breis agus chúig chéad ghuthanna mar fhuighleach aige. Sin mar do ghaibh cúrsaidhe an lae sin. Is ar éigin do bhí teas na díthibh agus na trioblóide seo fuartha nuair do bhí toghadh eile le déanamh ag muinntir an bhaile le h-aghaidh a mBárdas féin. Do bhí ortha toghadh do dhéanamh an uair seo idir Hannraoi Mac Maitiú, agus an Breitheamh De Barra do bhí mar Fheisire aca go dtí san, ar shon 'nár thaithnigh cáilidheacht cheachtar aca ró-mhaith le muinntir an bhaile. Cé gur mhór a n-aghaidh an Bharraigh na Fíníní do dhaoradh an bhliadhain roimhe sin, ní raibh an Maitiúach gan a lochtaibh leis. Ar an ádhbhar san bhí sé d'fhiachaibh ar gach naon díobh a sparán do osgailt chun na daoine do bhreaba má budh mhian leis an láimh uachtarach do fhagháil. "Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin." Tá sé ráidhte gur fhágadh os cionn deich míle púnt 's fiche ar an mbaile de bharr na toghadh so. D' réir mar 'tá ráidhte d' bheadh an iomaidheacht an-ghéar eatorra agus d' bheadh sé an-dhian ar an Maitiaiseach muna mbeadh an obair thréan do dhein an tír-ghrádhthóir meanmnach úd, an tAthair Seummas Mac Aindrias, O.S.T., tá anois go suaimh- neach i gcodla na síothchána ar a shon. D' chomhairligh sé muinntir an bhaile agus d' iarr ortha, ar son a dtíre agus a síolraigh gan baint ná páirt a thógaint leis an gclaon-bhreaththóir seo d' chuir an oiread san do mhuinntir na h-Éireann chun fáin. Baineann sé le deallradh nach raibh a shaothar i n-aisge, mar, do thoghadh Hannraoi Mac Maitiú ar an aonmhadh lá fichead d' Shamhain sa mbliadhain 1868. Thimcheall dhá chéad bliadhain ó shoin budh mhór le rádh Dún- Garbhán i dtaobh a shaothar iasgaireacht. Ní raibh ceanntair eile de cheanntairibh iasgaireachta Éireann do b'fhéidir a chur i gcomparáid le ceanntair an bhaile sin. Do bhí iasg chomh fairsing 's chomh líonmhar san ann go d-tagaidís iasgairí ag triall air as gach áird de 's na trí Rioghachtaibh, agus is fíor- annamh do bhíodh a gcuaird 'n a aisdear. 'San aimsir sin níorbh aon éifeacht le seisear fear i mbád míle colmúir do ghabháil 'n
aon oidhche amháin, gan trácht ar mhór-chuid mion-iascaibh eile. Sa mbliadhain 1736 do ghaibh fear de mhuinntir Dhúbhghaill an tslighe ag iasgaireacht ar árthach darab ainm di an "Nymph". Ag síor-chuardach do do bhuail sé port nó cruit san bhfairrge thimcheall deich míle 's fiche siar ó dheas ó Cheann hÉilbhic. Do mheabhruigh 's do bhreathnuigh sé an port so go cruinn agus do thug sé fá ndeara go raibh éisg 'n a sluaightibh ann. Do chaith sé a líontaibh, agus, i gceann sé h-uaire an chluig, do bhí an t-árthach lán go bruach aige le colmúirí, longaibh, troisg, agus ml. Nuair do éirigh leis chomh ádhmharach an turas san do thug sé cuaird agus cuaird eile ar an áit seo, agus budh é an dála ceudna gach iarracht aige é. D' chuir an port so an oiread san iongan- tais air gur cheap sé'n a aigne sgrúdughadh cruinn do dheanamh air. Budh é a bharamhail, d' réir comharthaidhe, gurab ionad biadhmhar folláin do éisg é, agus gurab inmheasta nach gcorruighíd na h-éisg as i riocht na bliadhna. 'Tá sé ráidhte go ritheann an port so siar ó dheas go Ceann Cléire, cé go ndeireann daoine go mbuaileann sé port mar é 'tá i dTalamh an Éisg. Do bhaisteadh an "Nymph Bank" ar annsan agus do lean an ainm sin de ó shoin. Ar son nach raibh fios ná rún ag Iasgairidhe Dhún-Garbhán ar thairbheacht an phoirt seo go nuige sin, ní raibh aon easnamh éisg ortha, acht, is ar éigin do bhí fhios-baill aca air nuair do chuaidh an t-iasg i nganchuiseacht. Sa mbliadhain 1731 do tháinig na Trághlaerí amach, agus budh é sin an teacht dóighte mío-adhmarach do Iasgairidhe bochta na h-áite seo. D'réir baramhla an Stáruidhe léigheanta sin, Searlús Mac Gabhann, Ollamh Leighis do rugadh 's do thógadh ar an mbaile seo, is díoghbhálach an chóir iasgaireachta an gléas so. Deir sé go gcuireann sé sgeón 's eagla ar na h-éisg mhóra, agus dá bhrígh sin go bhfuaithigheann siad an áit ar fad. Deir sé leis go aobann sé trusgar, feamnach, cúnnach 's gach cineál eile 'tá riachtanach chun Leitheóga agus mórán éisg eile d'chothughadh, agus nídh níos measa fós loiteann agus milleann sé ná hUrchóga 's na claiseanna. Chun brígh na cainte sin do dheimhniughadh teaspáinfeadh annso áireamh seacht mbliadhan do righneadh sul ar tháinig an chóir seo amach, agus áireamh seacht mbliadhan sgathamh d'éis teacht. Ó'n
mbliadhain 1724 go dtí an mbliadhain 1730 d'ghabhadh 458,648 Colmúirí, agus ó'n mbliadhain 1738 go dtí an mbliadhain 1744 níor ghabhadh acht 274,410 Colmúirí. Is iontuighthe as san gurab é an chóir sin ádhbhar na domaiste, agus is truagh 'nár chuireadh cosg leis fado, óir is follus nach ag feabhsughadh d' bhí an tionsgal de bhárr na córach so. Le linn na h-uaire sin do cheap Riaghaltas na hÉireann Duaiseanna do bhronnadh ar na hIasgairí do réir an méid éisg d'ghabhfaidís ar feadh na bliadhna. D' dhein san iad d' spracadh 's d' bhorradh chún oibre agus d'eirigh leo go maith ar feadh tamaill acht do theip ortha an toradh do choimhead buan. Sa mbliadhain 1825 do bhí cead trí cinn 's trí fichid bád i nDún-Garbhán agus i mBaile na nGall, agus suas le míle fear ag baint slighe beatha as an saothar so. Bliadhain an-thoramhuil do budh eadh í leis, mar, d' ghabhadar os cionn míle tonna éisg an bhliadhain sin. Chuig bhliadhna 'n a dhiaidh sin do bhí trí chead agus deich gcinn de bháid 's árthaidhe ann. Do bhí míle dhá chead agus cheithre fichid fear ag baint slighe mhaireachtain amach, ní áirmhighim an méid ban 's páistí a bhí coimeádtha ar siubhal ag glanadh 's ag saidhle an éisg agus ghá chur i gcóir do'n mhargadh. Acht fóraoir! Is mór an t-átharrughadh 'tá tagaithe ó shoin. San am 'tá láithreach do b'fhéidir an méid báid 's árthaidhe do bhainean leis an gcuan so d' choimhreamh ar bharraidhe do mhéarannaibh agus d' réir deallramh ní'l a mhalairt de thuairisg i ndán dóibh. Pé beagán éisg 'tá ag snámh na mara ar imeall an Chondae seo 'tá breis agus a urmhór dá ngabháil ag Iasgairí Shasanna agus Albain mar nach acfuinn do mhuintir na h-áite seo dul i n-iomaigh leo. Is truagh san a bheith, agus is danaoid, ní amháin do'n mbaile seo, acht do Éire go h-iomlán é do bheith amhlaidh, mar, is ins na fearaibh seo 'tá toghadh na nGaedheal le fagháil, go mór-mhór ann Iasgairí chalma na Rinne do lean riamh ar lorg a sean agus a sinsear. Dream misneachamhail deigh-threitheach atá ionnta nach raibh riamh tláth i nguaiseachtaibh, acht i gcomhnuidhe toilthinneach chun a gcabhair do thabhairt i n-am na h-iorguile. Dream 'nár
staon riamh d' ghaoth 'na'ghairbhshion acht de shíor ag obair go dian díthcheallach idir oidhche 's ló, agus gan mórán dá bharra aca acht uireasbha 's annró. Acht b'fhéidir le congnadh Dé agus Phádraig Naomhtha 'nár bhfada uatha an lá nuair d'bheidís arís i n-uachtar, go mbeadh cineadh Mhilidh i réim 's i gceannas arís, 's go mbeadh cuanta na nDéise chomh torthamhuil éisgeach 's do bhídear i n-allód, ionnus go n-oirfeadh an leas-ainm do Dhún-Garbhán arís, do bhais- tigheadar na Fillí ar fad ó, .i. Dún-na méith-Bhreach. Talamh cloch-aoil is eadh Lag na nDéise ó'n gCuan siar go dtí an Abha Mhór, agus as san siar ar fad go Daingean Uí Chúise, cé go raibh stáraidhe darab ainm Wakefield chomh húghdar- ásach 's chomh mear-dhána 's do rádh nach raibh cloch-aoil 'sa cheann- tair seo. Roinnt bliadhantaibh ó shoin, do bhí fearaibh ag tolladh na talmhan, ag lorg uisge, ar chuid Mhinistéara darab ainm Mac Risdeird do chomhnuigh sa mBannsa (Glebe) ar an taobh thiar de bharra Lána an Aonaigh. Tar éis dóibh an charraig chloch- aoil d'tholladh síos thimcheall sé troighthe deug is fiche, do tháng- adar ar chuas bheag 'sa chloch agus é lán nach beag de loscáin nó froganna a bhí beo aibigh. Do mhéaduigh ar a n-iongantas, tar éis an phuill do sgrúdughadh, nuair nár bhféidir leo a dhéanamh amach cad do thug ann iad ná cad budh chionntach leis, mar nach raibh poll ná toll le feicsint 'na bhfaghaidís teacht ná imtheacht as. Mar is gnáthach le ceanntairibh de'n tsort so, tá an iomad de uaimhibh le feicsint thall is abhfus. I gCuiréal Chaptaoin Churraoin i Seandúin tá uaimh mhór le feicsint fós, agus thimcheall trí fichid rámhan uaithe tá ceann eile do ghlaodhtar Poll na Baidhbe anois mar ainm uirthe. Sa mbliadh- ain 1859, nuair do bhíodh ag déanamh bóthair cois na habhann idir Dhún Garbhán agus Chill Ghobnait, 's eadh do fhoillsigheadh Poll na Baidhbe ar dtúis. Budh mhór é iongantas na fir oibre nuair d'fhuaireadar an uaimh seo lán de anbhfobhracha beithighidh. Bhí roinnt de sna cnámhnaibh chomh mór 's chomh trom san go raibh sé d'fhiachaibh ar na fearaibh iad do iomchur ar a nguailne dá n-ais- triughadh. Do choimeád Éamonn Ua Bréandáin, athair Risdeird, Maighis- tir an Phuist anois, roinnt de's na cnámhnaibh budh mhó 's budh
neamh-choitchionnta, agus do bhronn sé iad ar Chumann Ríoghamhail Bhaile Átha Cliath ar an dara lá fichead de Mheitheamh, 1859. Sgathamh 'na dhiaidh sin, do righneadh áireamh, ar roinnt des na cnámhna so, ar na beithighidh 's na hainbhfidhidh do cailleadh 's do marbhuigheadh 'san uaimh seo. Ar shon nár bhféidir na cnámhna go léir go bhailiughadh, de bhrigh gur dheineadh brusgar de'n a lán díobh, do dheineadh amach go raibh dhá Trod ann, sé cinn de Chapaill, os cionn dachad Fiadh, agus roinnt Fiadhruadhaibh, Gabhar, Beithir a bhí bacach ar a chois deire, Mactíre, roinnt Sionnaigh, Gearr-fhiadhtha 's Éanlaighthe. Sa mbliadhain 1875 do mhol Acadaimh Ríoghamhuil na hÉireann dá fhichead púnt chun lán- chuardughadh do dhéanamh ar fuaid na háite seo. D' chuireadar fear tuigsionach anuas agus do chuarduigh sé isteach fá thalamh chúig troighthe deug 's dachad ar chead ó bheul na h-uaimhe seo, agus cé gur bhféidir dul níos siadh isteach do eirigh sé ar as an obair de bhrígh nach raibh aon deallradh go ndeun- faidhe a thuille do fhoillsiughadh ann. I gCúil na nDamh, gairid do'n Teampall Gheal, 'tá dhá uaimh mhór eile. Uaimh-na-gColúr is ainm do'n gceann 's mo. Tá dhá sheamra 'sa chuas so. Ins an gceann 's siadh isteach 'tá sruthán uisge ag rioth tríd. Teidheann an t-uisge seo i dtalamh, i mBaile na Cúirte agus tar éis gábhailt fá thalamh, agus tríd an uaimh seo, eirigheann sé arís os cionn talmhan i gCnoc-Máin, tar éis míle slighe do dheanamh fá thalamh. Uaimh-na-Mort is ainm do'n gceann eile, agus 'tá go leór seamrathaibh innte. Tá sé ráidte gur minic a fuair Cléir 's Manaigh dídheann 's fosgadh ann 's na laetheanta dúbhach dobrónach nuair do bhí ór 's airgead le fagháil ar a gcinn. Mar is gnáthach leis le talamh iseal de'n tsórt so is deacair fíor-uisge do fhagháil go flúirseach ann. Dá bhrígh sin budh mhinic easnamh uisge ar mhuintir an bhaile seo. I lár na seiseadh n-aoise deug do dhein an Buithlearach, fear do bhí 'n a thighearna ar an mbaile an tan sin, iarracht ar uisge do thabhairt ó'n tuaith, acht d'theip air é do chur i gcrích. Sa mbliadhain 1756 do mhol Riaghaltas na hÉireann ocht gceud púnt ar Chomhairleóirí an bhaile chun uisge do thabhairt ó Shruth na Fionn- uisge suas le deich míle slíghe ó'n mbaile.
Do thosnuigheadh ar an obair seo ar an seachtmhadh lá Lúghnasa, 1756, agus do chríochnuigheadh é ar an gcead lá bhliadhain nua sa mbliadhain, 1758. Níorbh fhada buan an chabhair seo do mhuintir an bhaile mar do eirigh aighneas idir dhaoine airighthe 'n a raibh an t-uisge ag gabhail trí 'n a gcuid talmhan, agus Comhairleóirí an bhaile, agus b'éigin an chlais do dhúnadh suas arís. Sa mbliadhain 1877 bí deich míle púnt le fagháil ar iasacht chun uisge do thabhairt i bpíopaoí thimcheall cheithre mhíle go leith slíghe dtí an mbaile, acht do chaitheadar na Comhairleóirí dhiúltúghadh dho, de brígh go gcosnóch' an chóir seo suas le dhá mhíle dheug, agus cheapadar go mbeadh sraith na h-oibre sin ró-throm ar na daoine. Leis na cianta go dtí le fíor-dheidheannaighe bhí muintir an bhaile ag braith ar Thobar a' Bhile. Dála mar do eirigheann an t-uisge i gCnoc-Máin riothann an sruthán so amach trí chnocán chruaidh-charraigeach go breágh réidh fionn-fhuar, agus gan aoinne eolach ar an áird do sgéitheann sé as ar dtúis. Budh mho duine do bhain slighe mhaith mhaireachtain amach ag tarraingt uisge i mbairlí ó'n dtobar so agus 'ghá dhíol le muintir an bhaile. Sa mbliadhain 1890 do fuaireadh chúig mhíle púnt ar iasacht chun uisge d' thabhairt isteach chun na' bhaile ó Innse-an-Drisle thimcheall dhá mhíle go leath slighe. Ní raibh bac 'ná teipe leis an uair seo, agus bíodh a bhuidheachas san ar Stiúrthóir na h-oibre, Mícheal Ua Béara, óir budh é budh chionn- tsiocair leis an bhroinn do fhoillsiúghadh ar dtúis sa mbliadhain 1887. Tá uisge maith sláinteamhuil le fagháil ar fuaid an bhaile anois ar shraith shaorgáideach go leor, agus aoinne nach bhfuil sé ar a chomhgar aige bíodh a mhilleán ar féin. Ní ró-fhada ó shoin leis ó do bhronnadh tabhartas eile ar Chomh- airleóirí an bhaile. Budh é Captaoin 'Liam Giobún teadhlacthóir na toirbhirte seo. D'fhág sé seacht gcéad deug púnt mar udhacht chun ionad aeridheachta 's spaisdeóireachta do cheapadh do mhuin- tir na háite, agus pé obair eile do rachadh chun deallradh fogh- anta do chur ar ghnúis an bhaile. Do luigheadh chun oibre gan mhoill, agus níor bh'fada go raibh toradh an bhronntanais seo le feicsint.
Do ghlacadar na Comhairleóirí gabháltas beag talmhan ar an taobh thoir-theas de'n mbaile chun ball oireamhnach do leagaint amach i gcóir aeridheachta 's caitheamh aimsire. Budh dheacair ionad ní budh dheise n'ná budh oireamhnaighe do fhagháil ar bhántaibh Fódla. Tá an Pháirc seo suighte ar bhruach na faille ag breathnughadh amach ar an gcuan mhór fhairsing chumhang-bheulach. Is aoibhinn é an t-amharc 'tá le feicsint ó'n sgéimh-bhall ghlé-geal chanta so. Ar an taobh theas de'n chuan tá Sliabh-go-Roinn ceangailte go dlúth le ceann na Rinne. Ar éadan an chinn sin tá beann mhaol hÉilbhic ag bagairt a chinn ar fhailltibh Bhaile Uí Bhaoighill 'tá ar a aghaidh ó thuaidh ar an taobh eile de'n chuan. Idir an dá fhaill seo, ar an dtaobh thuaidh, 'tá ceann na Rinne Báine sínte amach go stuama mánta ag briseadh na tonnta fiadhaine borba 'tá de shíor ag sgéithe ó'n mhór-mhuir. Thimcheall ceáthramhadh mhíle tarsna na h-abhann soir uait 'tá lán radharc ar fhothrachaibh an tSean-Chaisleáin agus na Sean- Mhainistreach. Níor ghádh ath-amharc do thabhairt ortha chun a chur i n-umhail duit go rabhadar sgathamh i dteas na díthibh agus na dóghruinne i n-aimsir na Péinne 's na nGéarsmacht. Níos giorra ná san duit tá rian na gclaon-dhlighthe do chuireadh i bhfeidhim níos deidheannaighe. I lár na Páirce seo tá leacht i gcuimhne ar Éamonn Paor do chrochadh de Thigh an Mhargaidh i nDún-Garbhán breis agus céad bliadhain ó shoin, de bhrigh é d'bheith geanamhuil bádhmar leis an dtír 'n ar rugadh agus 'n ar oileadh é. Nuair do bhraithfeá ort féin tochd croidhe agus buaidhirt aigne ó bheith ag smuaineamh 's a machtnamh ar na gníomhtarthaibh urcóideacha so, ní gádh dhuit acht súil a thabhairt ó dheas uait tarsna an chuain agus 'tá leigheas gach dochair le fagháil ann. Is áluinn feuchaint ar an gcuan so, go spesialta tráthnóna breágh grianmhar, báid ag snámh thall 's abhus, gan duadh, gan dochair ar nós ealaígh ar loch, éisg go meidhreach ag eirghe anáirde, gan ghruaim, gan mhairg le teas na gréine. Fá bhun na faille ar an taobh theas de'n pháirc seó do chumadh ionad snáimh le h-aghaidh na bhfear. 'Tá sé leagtha amach chomh maiseamhail slachtmhar 's nár bhféidir é a shárughadh. (Ní chríoc.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services