Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. III.

Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. III.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 420


Stair-chunntas Dhún-Garbhán. - III.



LIAM UA MÍODHACHÁIN
do scríobh.



Budh minic leis é ag riaradh a mhaoin 's a shaidhbhreas ag
cuidiughadh le muinntir an bhaile chun oibreacha thairbheacha eile
do chur ar bun ar fuaid an bhaile, agus d'réir thuairisge bhí
práin mhór le deallradh foghanta do chur air, óir, 'nár mhaoidhteach
é an deilbh do bhí air an tan sin.



Ó'n mbliadhain 1550 dtí gur briseadh suas Feis na hÉireann
sa mbliadhain 1798 d' bhíodh beirt Fheisiríbh 'n a suidhe ar an
gcumann san ar son Buirghéis Dhún-Garbhán. Tar éis an choimh-
cheangail do bhí sé lamhálta dhóibh aon Teachtaire amháin do chur
go Feis Shasanna go dtí an mbliadhain 1885. Do righneadh Acht
an uair sin do ghearraidh amach Dún-Garbhán gan teachtaireacht
ar leith i leith do féin agus do cheapadh feasta do gabháil le
roinn Iar-Phortláirge.



Is mdhó brus 's bualadh, moladh 's cáine do bhíodh ar siúbhal an
uair sin le linn toghadha na bhFeisirí seo, acht níor bhruighean
dháiríreach riamh é gur cuireadh i gcoinne chéile Éamonn le Paor
ó'n nGuirtín, agus Captaon Pallastar ó'n Chumarach, i Mí na
Samhna 'sa mbliadhain 1868. Feisire le haghaidh an Chontae do
bhíodh a' toghadh an uair sin. Feisire le haghaidh an Chontae do
bhíodh a' toghadh an uair sin. Do bhí go leór de 's na puic mhóra
agus roinnt staigíní feirmeóirí ar thaobh Phallastair, acht níor
dhada san gur chrom na tighearnaí talmhain ag cur a gcumhacht i
bhfeidhm. Do chuireadar gairm-sgoile amach ag fógairt ar a
dtunóntaithibh cuidiughadh le Pallastar lá na breithe.



Tráthnóna roimh ré bhí tunóntaithe Chóts ó Bhaile Mhic Chairbre
agus tunóntaithe Seárnlaigh ó Bhárr na hUidhre ar a dtriall go
Dún Garbhán chun athchuinge a maighistirí do choimhlíonadh. Do bhí
buidhean saighdiúirí ag tionlacan gach drong díobh. Ar theacht
go Crosaire an Bhéaraigh dóibh, thárla gur theangbhuigh an dá chomh-
lucht ar a chéile.



Ar an gCrosaire rompa do bhí na sluaightibh bailighthe ó'n
gcomharsanacht mór-dtimcheall chun cosg do chur leo. Dá bhrígh


L. 421


sin, budh ghairid gur éirigh an t-acharan eatorra. Do chromadar
na daoine - idir fhearaibh, mná, agus páistí leis - ag caitheamh
mion-fhóda 's clocha leis na saighdiúirí agus dá maslughadh ann
gach slighe do b'fhéidir leo.



Do bhris an fhoidhinne ar na saighdiúirí, nídh nach iongnadh, agus
níor bhfada go raibh an caismeart go dian eatorra. Bud é
crích an sgéil é gur mharbhuigheadh saighdiúir ann agus do ghonadh
's do ghortuigheadh mór-chuid ar gach taobh.



Budh é an dála ceudna é ag an Cheapaigh. Do bhí daoine na
háite sin bailighthe ar an ócáid ceudna roimh tunóntaithibh
Stiobhard. Do eirigh an bachram eatorra arís 's do mharbhuigheadh
fear eile ann.



Níor mhúin eachtra an lae sin mórán céille dho 's na daoine.
D' ar 'n a bháireach bhí tunóntaithibh an Saoi Innsedún hUmbail ag
déanadh isteach ar a' mbaile agus buidhean de 's na lannsaoirí
mar ghárda ortha. Ar noimeant díair do chuireadar, na saigh-
diúirí a gceann thar Dhroichead Dhún na Mainistreach d'ionnsuidh
gramaisg an bhaile iad. D' aimsigheadar iad le spallaidhe,
púintíní cloiche, agus gach rud eile do fuaireadar ar a gcomhgar.
Do thug an Ceann-urraidh do bhí ortha fá ndeara go raibh droch-
fhuadar futha so, agus níor bhfada gur chuir sé a chumhacht i
bhfeidhm de bhrígh gur iarr sé an tAcht do léigheamh chun cead catha
do thabhairt dóibh. Do thugadar, na saighdiúirí a sála do 's na
capaill a bhí fútha, agus do dírigheadar ar na daoine ar nós
amhasanna ar dearg-bhuile. Do theith urmhór na ndaoine ar
dtúis, acht, d' throid roinnt go raibh sé ag dul ró-dhian ortha,
agus b'éigin dóibh go léir teitheadh i ndeire na sgríbe. Do
riothadar síos 's suas ar fuaid an bhaile dá sáthadh féin isteach i
ngach poll 's póirse do bhí osgailte dhóibh. Dóbair 'nár bhádhadh
go leór ag dul ar bhórd árthaighe ag teitheadh le 'n a
n-anmanna.



Sgeimhle a bheith ag éisteacht le 's na sean-daoine ag cur
síos ar chiotarainníbh an lae sin. D' marbhuigheadh beirt nó triúr
gan trácht ar an méid do ghonadh 's do loiteadh. Do chuireadh
saighead trí ucht fhir darab ainm Cadhlaigh, agus é 'n a sheasamh
ag 'n a dhoras féin, 's níor mhair sé acht sé nó seacht de laeth-
eanntaibh 'n a dhiaidh sin.



Mairfidh cuimhne an lae sin i n-aigne gach duine do bhí láith-


L. 422


reach go sínfear go fuar lag fá'n bhfód é, nuair nach mbeidh
cúrsaidhe an tsaoghail seo ag cur mórán imnidhe 'ná trioblóide
air.



I dtaobh an toghadh féin, do chuaidh an lá leis an bPaorach le
breis agus chúig chéad ghuthanna mar fhuighleach aige. Sin mar do
ghaibh cúrsaidhe an lae sin.



Is ar éigin do bhí teas na díthibh agus na trioblóide seo
fuartha nuair do bhí toghadh eile le déanamh ag muinntir an bhaile
le h-aghaidh a mBárdas féin. Do bhí ortha toghadh do dhéanamh an
uair seo idir Hannraoi Mac Maitiú, agus an Breitheamh De Barra
do bhí mar Fheisire aca go dtí san, ar shon 'nár thaithnigh cáilidheacht
cheachtar aca ró-mhaith le muinntir an bhaile. Cé gur mhór a
n-aghaidh an Bharraigh na Fíníní do dhaoradh an bhliadhain roimhe sin,
ní raibh an Maitiúach gan a lochtaibh leis.



Ar an ádhbhar san bhí sé d'fhiachaibh ar gach naon díobh a sparán
do osgailt chun na daoine do bhreaba má budh mhian leis an láimh
uachtarach do fhagháil. "Is olc an ghaoth nach séideann maith do
dhuine éigin." Tá sé ráidhte gur fhágadh os cionn deich míle
púnt 's fiche ar an mbaile de bharr na toghadh so.



D' réir mar 'tá ráidhte d' bheadh an iomaidheacht an-ghéar
eatorra agus d' bheadh sé an-dhian ar an Maitiaiseach muna
mbeadh an obair thréan do dhein an tír-ghrádhthóir meanmnach úd,
an tAthair Seummas Mac Aindrias, O.S.T., tá anois go suaimh-
neach i gcodla na síothchána ar a shon. D' chomhairligh sé muinntir
an bhaile agus d' iarr ortha, ar son a dtíre agus a síolraigh gan
baint ná páirt a thógaint leis an gclaon-bhreaththóir seo d' chuir
an oiread san do mhuinntir na h-Éireann chun fáin. Baineann
sé le deallradh nach raibh a shaothar i n-aisge, mar, do thoghadh
Hannraoi Mac Maitiú ar an aonmhadh lá fichead d' Shamhain sa
mbliadhain 1868.



Thimcheall dhá chéad bliadhain ó shoin budh mhór le rádh Dún-
Garbhán i dtaobh a shaothar iasgaireacht. Ní raibh ceanntair eile
de cheanntairibh iasgaireachta Éireann do b'fhéidir a chur i
gcomparáid le ceanntair an bhaile sin. Do bhí iasg chomh
fairsing 's chomh líonmhar san ann go d-tagaidís iasgairí ag
triall air as gach áird de 's na trí Rioghachtaibh, agus is fíor-
annamh do bhíodh a gcuaird 'n a aisdear. 'San aimsir sin níorbh
aon éifeacht le seisear fear i mbád míle colmúir do ghabháil 'n


L. 423


aon oidhche amháin, gan trácht ar mhór-chuid mion-iascaibh eile.
Sa mbliadhain 1736 do ghaibh fear de mhuinntir Dhúbhghaill an
tslighe ag iasgaireacht ar árthach darab ainm di an "Nymph".
Ag síor-chuardach do do bhuail sé port nó cruit san bhfairrge
thimcheall deich míle 's fiche siar ó dheas ó Cheann hÉilbhic. Do
mheabhruigh 's do bhreathnuigh sé an port so go cruinn agus do thug
sé fá ndeara go raibh éisg 'n a sluaightibh ann. Do chaith sé a
líontaibh, agus, i gceann sé h-uaire an chluig, do bhí an t-árthach
lán go bruach aige le colmúirí, longaibh, troisg, agus ml. Nuair
do éirigh leis chomh ádhmharach an turas san do thug sé cuaird
agus cuaird eile ar an áit seo, agus budh é an dála ceudna
gach iarracht aige é. D' chuir an port so an oiread san iongan-
tais air gur cheap sé'n a aigne sgrúdughadh cruinn do dheanamh
air. Budh é a bharamhail, d' réir comharthaidhe, gurab ionad
biadhmhar folláin do éisg é, agus gurab inmheasta nach gcorruighíd
na h-éisg as i riocht na bliadhna. 'Tá sé ráidhte go ritheann an
port so siar ó dheas go Ceann Cléire, cé go ndeireann daoine
go mbuaileann sé port mar é 'tá i dTalamh an Éisg. Do
bhaisteadh an "Nymph Bank" ar annsan agus do lean an
ainm sin de ó shoin.



Ar son nach raibh fios ná rún ag Iasgairidhe Dhún-Garbhán ar
thairbheacht an phoirt seo go nuige sin, ní raibh aon easnamh éisg
ortha, acht, is ar éigin do bhí fhios-baill aca air nuair do chuaidh
an t-iasg i nganchuiseacht. Sa mbliadhain 1731 do tháinig na
Trághlaerí amach, agus budh é sin an teacht dóighte mío-adhmarach
do Iasgairidhe bochta na h-áite seo.



D'réir baramhla an Stáruidhe léigheanta sin, Searlús Mac
Gabhann, Ollamh Leighis do rugadh 's do thógadh ar an mbaile seo,
is díoghbhálach an chóir iasgaireachta an gléas so. Deir sé go
gcuireann sé sgeón 's eagla ar na h-éisg mhóra, agus dá bhrígh
sin go bhfuaithigheann siad an áit ar fad. Deir sé leis go
aobann sé trusgar, feamnach, cúnnach 's gach cineál eile
'tá riachtanach chun Leitheóga agus mórán éisg eile d'chothughadh,
agus nídh níos measa fós loiteann agus milleann sé ná hUrchóga
's na claiseanna.



Chun brígh na cainte sin do dheimhniughadh teaspáinfeadh annso
áireamh seacht mbliadhan do righneadh sul ar tháinig an chóir seo
amach, agus áireamh seacht mbliadhan sgathamh d'éis teacht. Ó'n


L. 424


mbliadhain 1724 go dtí an mbliadhain 1730 d'ghabhadh 458,648
Colmúirí, agus ó'n mbliadhain 1738 go dtí an mbliadhain 1744
níor ghabhadh acht 274,410 Colmúirí. Is iontuighthe as san gurab
é an chóir sin ádhbhar na domaiste, agus is truagh 'nár chuireadh
cosg leis fado, óir is follus nach ag feabhsughadh d' bhí an
tionsgal de bhárr na córach so.



Le linn na h-uaire sin do cheap Riaghaltas na hÉireann
Duaiseanna do bhronnadh ar na hIasgairí do réir an méid éisg
d'ghabhfaidís ar feadh na bliadhna.



D' dhein san iad d' spracadh 's d' bhorradh chún oibre agus
d'eirigh leo go maith ar feadh tamaill acht do theip ortha an toradh
do choimhead buan.



Sa mbliadhain 1825 do bhí cead trí cinn 's trí fichid bád i
nDún-Garbhán agus i mBaile na nGall, agus suas le míle fear
ag baint slighe beatha as an saothar so. Bliadhain an-thoramhuil
do budh eadh í leis, mar, d' ghabhadar os cionn míle tonna éisg
an bhliadhain sin. Chuig bhliadhna 'n a dhiaidh sin do bhí trí chead
agus deich gcinn de bháid 's árthaidhe ann.



Do bhí míle dhá chead agus cheithre fichid fear ag baint slighe
mhaireachtain amach, ní áirmhighim an méid ban 's páistí a bhí
coimeádtha ar siubhal ag glanadh 's ag saidhle an éisg agus
ghá chur i gcóir do'n mhargadh.



Acht fóraoir! Is mór an t-átharrughadh 'tá tagaithe ó shoin.
San am 'tá láithreach do b'fhéidir an méid báid 's árthaidhe do
bhainean leis an gcuan so d' choimhreamh ar bharraidhe do
mhéarannaibh agus d' réir deallramh ní'l a mhalairt de thuairisg i
ndán dóibh.



Pé beagán éisg 'tá ag snámh na mara ar imeall an Chondae
seo 'tá breis agus a urmhór dá ngabháil ag Iasgairí Shasanna
agus Albain mar nach acfuinn do mhuintir na h-áite seo dul i
n-iomaigh leo.



Is truagh san a bheith, agus is danaoid, ní amháin do'n mbaile
seo, acht do Éire go h-iomlán é do bheith amhlaidh, mar, is ins na
fearaibh seo 'tá toghadh na nGaedheal le fagháil, go mór-mhór
ann Iasgairí chalma na Rinne do lean riamh ar lorg a sean agus
a sinsear. Dream misneachamhail deigh-threitheach atá ionnta
nach raibh riamh tláth i nguaiseachtaibh, acht i gcomhnuidhe toilthinneach
chun a gcabhair do thabhairt i n-am na h-iorguile. Dream 'nár


L. 425


staon riamh d' ghaoth 'na'ghairbhshion acht de shíor ag obair go dian
díthcheallach idir oidhche 's ló, agus gan mórán dá bharra aca acht
uireasbha 's annró.



Acht b'fhéidir le congnadh Dé agus Phádraig Naomhtha 'nár
bhfada uatha an lá nuair d'bheidís arís i n-uachtar, go mbeadh
cineadh Mhilidh i réim 's i gceannas arís, 's go mbeadh cuanta na
nDéise chomh torthamhuil éisgeach 's do bhídear i n-allód, ionnus
go n-oirfeadh an leas-ainm do Dhún-Garbhán arís, do bhais-
tigheadar na Fillí ar fad ó, .i. Dún-na méith-Bhreach.



Talamh cloch-aoil is eadh Lag na nDéise ó'n gCuan siar go
dtí an Abha Mhór, agus as san siar ar fad go Daingean Uí
Chúise, cé go raibh stáraidhe darab ainm Wakefield chomh húghdar-
ásach 's chomh mear-dhána 's do rádh nach raibh cloch-aoil 'sa cheann-
tair seo. Roinnt bliadhantaibh ó shoin, do bhí fearaibh ag tolladh
na talmhan, ag lorg uisge, ar chuid Mhinistéara darab ainm
Mac Risdeird do chomhnuigh sa mBannsa (Glebe) ar an taobh
thiar de bharra Lána an Aonaigh. Tar éis dóibh an charraig chloch-
aoil d'tholladh síos thimcheall sé troighthe deug is fiche, do tháng-
adar ar chuas bheag 'sa chloch agus é lán nach beag de loscáin nó
froganna a bhí beo aibigh. Do mhéaduigh ar a n-iongantas, tar
éis an phuill do sgrúdughadh, nuair nár bhféidir leo a dhéanamh
amach cad do thug ann iad ná cad budh chionntach leis, mar nach
raibh poll ná toll le feicsint 'na bhfaghaidís teacht ná imtheacht
as.



Mar is gnáthach le ceanntairibh de'n tsort so, tá an iomad
de uaimhibh le feicsint thall is abhfus.



I gCuiréal Chaptaoin Churraoin i Seandúin tá uaimh mhór le
feicsint fós, agus thimcheall trí fichid rámhan uaithe tá ceann eile
do ghlaodhtar Poll na Baidhbe anois mar ainm uirthe. Sa mbliadh-
ain 1859, nuair do bhíodh ag déanamh bóthair cois na habhann idir
Dhún Garbhán agus Chill Ghobnait, 's eadh do fhoillsigheadh Poll na
Baidhbe ar dtúis. Budh mhór é iongantas na fir oibre nuair
d'fhuaireadar an uaimh seo lán de anbhfobhracha beithighidh. Bhí
roinnt de sna cnámhnaibh chomh mór 's chomh trom san go raibh sé
d'fhiachaibh ar na fearaibh iad do iomchur ar a nguailne dá n-ais-
triughadh.



Do choimeád Éamonn Ua Bréandáin, athair Risdeird, Maighis-
tir an Phuist anois, roinnt de's na cnámhnaibh budh mhó 's budh


L. 426


neamh-choitchionnta, agus do bhronn sé iad ar Chumann Ríoghamhail
Bhaile Átha Cliath ar an dara lá fichead de Mheitheamh, 1859.
Sgathamh 'na dhiaidh sin, do righneadh áireamh, ar roinnt des na
cnámhna so, ar na beithighidh 's na hainbhfidhidh do cailleadh 's do
marbhuigheadh 'san uaimh seo. Ar shon nár bhféidir na cnámhna go
léir go bhailiughadh, de bhrigh gur dheineadh brusgar de'n a lán
díobh, do dheineadh amach go raibh dhá Trod ann, sé cinn de
Chapaill, os cionn dachad Fiadh, agus roinnt Fiadhruadhaibh,
Gabhar, Beithir a bhí bacach ar a chois deire, Mactíre, roinnt
Sionnaigh, Gearr-fhiadhtha 's Éanlaighthe. Sa mbliadhain 1875 do
mhol Acadaimh Ríoghamhuil na hÉireann dá fhichead púnt chun lán-
chuardughadh do dhéanamh ar fuaid na háite seo.



D' chuireadar fear tuigsionach anuas agus do chuarduigh sé
isteach fá thalamh chúig troighthe deug 's dachad ar chead ó bheul
na h-uaimhe seo, agus cé gur bhféidir dul níos siadh isteach do
eirigh sé ar as an obair de bhrígh nach raibh aon deallradh go ndeun-
faidhe a thuille do fhoillsiughadh ann.



I gCúil na nDamh, gairid do'n Teampall Gheal, 'tá dhá uaimh
mhór eile. Uaimh-na-gColúr is ainm do'n gceann 's mo. Tá dhá
sheamra 'sa chuas so. Ins an gceann 's siadh isteach 'tá sruthán
uisge ag rioth tríd.



Teidheann an t-uisge seo i dtalamh, i mBaile na Cúirte agus
tar éis gábhailt fá thalamh, agus tríd an uaimh seo, eirigheann
sé arís os cionn talmhan i gCnoc-Máin, tar éis míle slighe do
dheanamh fá thalamh.



Uaimh-na-Mort is ainm do'n gceann eile, agus 'tá go
leór seamrathaibh innte. Tá sé ráidte gur minic a fuair Cléir
's Manaigh dídheann 's fosgadh ann 's na laetheanta dúbhach
dobrónach nuair do bhí ór 's airgead le fagháil ar a gcinn.



Mar is gnáthach leis le talamh iseal de'n tsórt so is deacair
fíor-uisge do fhagháil go flúirseach ann. Dá bhrígh sin budh mhinic
easnamh uisge ar mhuintir an bhaile seo.



I lár na seiseadh n-aoise deug do dhein an Buithlearach, fear
do bhí 'n a thighearna ar an mbaile an tan sin, iarracht ar uisge
do thabhairt ó'n tuaith, acht d'theip air é do chur i gcrích. Sa
mbliadhain 1756 do mhol Riaghaltas na hÉireann ocht gceud púnt
ar Chomhairleóirí an bhaile chun uisge do thabhairt ó Shruth na Fionn-
uisge suas le deich míle slíghe ó'n mbaile.


L. 427


Do thosnuigheadh ar an obair seo ar an seachtmhadh lá Lúghnasa,
1756, agus do chríochnuigheadh é ar an gcead lá bhliadhain nua sa
mbliadhain, 1758.



Níorbh fhada buan an chabhair seo do mhuintir an bhaile mar do
eirigh aighneas idir dhaoine airighthe 'n a raibh an t-uisge ag gabhail
trí 'n a gcuid talmhan, agus Comhairleóirí an bhaile, agus b'éigin
an chlais do dhúnadh suas arís.



Sa mbliadhain 1877 bí deich míle púnt le fagháil ar iasacht
chun uisge do thabhairt i bpíopaoí thimcheall cheithre mhíle go leith
slíghe dtí an mbaile, acht do chaitheadar na Comhairleóirí
dhiúltúghadh dho, de brígh go gcosnóch' an chóir seo suas le dhá
mhíle dheug, agus cheapadar go mbeadh sraith na h-oibre sin
ró-throm ar na daoine.



Leis na cianta go dtí le fíor-dheidheannaighe bhí muintir an
bhaile ag braith ar Thobar a' Bhile.



Dála mar do eirigheann an t-uisge i gCnoc-Máin riothann an
sruthán so amach trí chnocán chruaidh-charraigeach go breágh réidh
fionn-fhuar, agus gan aoinne eolach ar an áird do sgéitheann sé
as ar dtúis. Budh mho duine do bhain slighe mhaith mhaireachtain
amach ag tarraingt uisge i mbairlí ó'n dtobar so agus 'ghá dhíol
le muintir an bhaile. Sa mbliadhain 1890 do fuaireadh chúig mhíle
púnt ar iasacht chun uisge d' thabhairt isteach chun na' bhaile ó
Innse-an-Drisle thimcheall dhá mhíle go leath slighe. Ní raibh bac
'ná teipe leis an uair seo, agus bíodh a bhuidheachas san ar
Stiúrthóir na h-oibre, Mícheal Ua Béara, óir budh é budh chionn-
tsiocair leis an bhroinn do fhoillsiúghadh ar dtúis sa mbliadhain
1887.



Tá uisge maith sláinteamhuil le fagháil ar fuaid an bhaile
anois ar shraith shaorgáideach go leor, agus aoinne nach bhfuil sé
ar a chomhgar aige bíodh a mhilleán ar féin.



Ní ró-fhada ó shoin leis ó do bhronnadh tabhartas eile ar Chomh-
airleóirí an bhaile. Budh é Captaoin 'Liam Giobún teadhlacthóir
na toirbhirte seo. D'fhág sé seacht gcéad deug púnt mar udhacht
chun ionad aeridheachta 's spaisdeóireachta do cheapadh do mhuin-
tir na háite, agus pé obair eile do rachadh chun deallradh fogh-
anta do chur ar ghnúis an bhaile.



Do luigheadh chun oibre gan mhoill, agus níor bh'fada go raibh
toradh an bhronntanais seo le feicsint.


L. 428


Do ghlacadar na Comhairleóirí gabháltas beag talmhan ar an
taobh thoir-theas de'n mbaile chun ball oireamhnach do leagaint
amach i gcóir aeridheachta 's caitheamh aimsire. Budh dheacair
ionad ní budh dheise n'ná budh oireamhnaighe do fhagháil ar bhántaibh
Fódla.



Tá an Pháirc seo suighte ar bhruach na faille ag breathnughadh
amach ar an gcuan mhór fhairsing chumhang-bheulach. Is aoibhinn é
an t-amharc 'tá le feicsint ó'n sgéimh-bhall ghlé-geal chanta so.



Ar an taobh theas de'n chuan tá Sliabh-go-Roinn ceangailte go
dlúth le ceann na Rinne. Ar éadan an chinn sin tá beann mhaol
hÉilbhic ag bagairt a chinn ar fhailltibh Bhaile Uí Bhaoighill 'tá ar
a aghaidh ó thuaidh ar an taobh eile de'n chuan.



Idir an dá fhaill seo, ar an dtaobh thuaidh, 'tá ceann na
Rinne Báine sínte amach go stuama mánta ag briseadh na
tonnta fiadhaine borba 'tá de shíor ag sgéithe ó'n mhór-mhuir.



Thimcheall ceáthramhadh mhíle tarsna na h-abhann soir uait 'tá
lán radharc ar fhothrachaibh an tSean-Chaisleáin agus na Sean-
Mhainistreach. Níor ghádh ath-amharc do thabhairt ortha chun a chur
i n-umhail duit go rabhadar sgathamh i dteas na díthibh agus na
dóghruinne i n-aimsir na Péinne 's na nGéarsmacht. Níos
giorra ná san duit tá rian na gclaon-dhlighthe do chuireadh i
bhfeidhim níos deidheannaighe. I lár na Páirce seo tá leacht i
gcuimhne ar Éamonn Paor do chrochadh de Thigh an Mhargaidh i
nDún-Garbhán breis agus céad bliadhain ó shoin, de bhrigh é
d'bheith geanamhuil bádhmar leis an dtír 'n ar rugadh agus 'n ar
oileadh é.



Nuair do bhraithfeá ort féin tochd croidhe agus buaidhirt aigne
ó bheith ag smuaineamh 's a machtnamh ar na gníomhtarthaibh
urcóideacha so, ní gádh dhuit acht súil a thabhairt ó dheas uait
tarsna an chuain agus 'tá leigheas gach dochair le fagháil ann.



Is áluinn feuchaint ar an gcuan so, go spesialta tráthnóna
breágh grianmhar, báid ag snámh thall 's abhus, gan duadh, gan
dochair ar nós ealaígh ar loch, éisg go meidhreach ag eirghe
anáirde, gan ghruaim, gan mhairg le teas na gréine.



Fá bhun na faille ar an taobh theas de'n pháirc seó do chumadh
ionad snáimh le h-aghaidh na bhfear. 'Tá sé leagtha amach chomh
maiseamhail slachtmhar 's nár bhféidir é a shárughadh.



(Ní chríoc.)





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services