Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sinn Féin. Táthar ag cnuasach chun crois Ghaedhlach a chur suas os cionn uaigh Sheáin Uí Choileáin i Midhe Ros. Na daoine gur thaitn leo an tuairisc a scríbh Peadar Ó hAnnracháin san IRISLEABHAR le déadhnaighe, má's mian leo ná himtheoghadh cuimhne ar an bhfile binnfhriótail úd, cuirfid uatha síntiús beag éigin i gcóir na deaghoibre. Is fada dhúinn is an dearmhad dá dhéanamh againn ar na fearaibh a choingibh beó spréidh an neamhspleadhchuis i gcroidhthibh Gaedheal. Tosnuighmis anois ar a gceart a thabhairt dóibh. Séamus de Búrc, B.E., B.L., sa Scibirín, an cisteóir; Mícheal Ó Cuileanáin agus Peadar Ó hAnnracháin, san áit chéadna, na rúnuidhthe. Chím go mbeidh Feis aca i Springfield, Mass., U.S.A., um Samhain i mbliadhna arís. Sidé Clár na Litridheachta agus tá súil againn go ndéanfaid léightheóirí an IRISLEABHAIR, aistí a scríobhadh n-a gcóir. Tá obair fhoghanta á dhéanamh aca i Springfield agus badh cheart dúinne cabhrughadh leó. Curtar gach iarracht ag triall ar Pádraig Ó hÉigeartaigh, Rún. na Feise, 213 Worthington St., Springfield, Mass., U.S.A.. Fearaimíd fáilte is céad roimh an uile dhuine a thiocfaidh ar an Oireachtus i mbliadhna. Seachtmhain na nGaedheal is na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath is eadh seachtmhain an Oireachtuis. Beidh obair uasal dá déanamh ann ar son Éireann. Chífar áthus ar ghnúis is ar iomchur gach éinne. Beidh gach duine go himshníomhach is go grithileanach i gcaitheamh na seachtmhaine, acht beidh greann agus sult ann fé mar bhíonn i gcomhnuidhe. Tá súil againn go mbeidh gach éinne sásta le n-a thurus ar prímhchathair na hÉireann, agus go raghaidh thar n-ais abhaile is fonn air a dhéanamh ar son teangan na nGaedhal, "dochum glóire Dé agus onóra na hÉireann".
SGOIL ÉANNA Teach Fheadha Chuilinn, Ráth Ó Máine, Baile Átha Cliath Sgoil Ghaedhealach le haghaidh Gaedheal Óg. Osglóchar an sgoil seo an 7adh lé de mhí mheadhoin an fhoghmhair, 1908. Pádraic Mac Piarais, Cúil Chrannach, Cill Mhuire Chairrgín, Baile Átha Cliath. Clódhanna Nua.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services