Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sinn Féin.

Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Sinn Féin.



Táthar ag cnuasach chun crois Ghaedhlach a chur suas os cionn uaigh Sheáin
Uí Choileáin i Midhe Ros. Na daoine gur thaitn leo an tuairisc a scríbh Peadar
Ó hAnnracháin san IRISLEABHAR le déadhnaighe, má's mian leo ná himtheoghadh
cuimhne ar an bhfile binnfhriótail úd, cuirfid uatha síntiús beag éigin i gcóir
na deaghoibre. Is fada dhúinn is an dearmhad dá dhéanamh againn ar na fearaibh
a choingibh beó spréidh an neamhspleadhchuis i gcroidhthibh Gaedheal. Tosnuighmis
anois ar a gceart a thabhairt dóibh. Séamus de Búrc, B.E., B.L., sa Scibirín,
an cisteóir; Mícheal Ó Cuileanáin agus Peadar Ó hAnnracháin, san áit
chéadna, na rúnuidhthe.



Chím go mbeidh Feis aca i Springfield, Mass., U.S.A., um Samhain i mbliadhna
arís. Sidé Clár na Litridheachta agus tá súil againn go ndéanfaid léightheóirí
an IRISLEABHAIR, aistí a scríobhadh n-a gcóir. Tá obair fhoghanta á dhéanamh
aca i Springfield agus badh cheart dúinne cabhrughadh leó. Curtar gach iarracht
ag triall ar Pádraig Ó hÉigeartaigh, Rún. na Feise, 213 Worthington St.,
Springfield, Mass., U.S.A..



Fearaimíd fáilte is céad roimh an uile dhuine a thiocfaidh ar an Oireachtus i
mbliadhna. Seachtmhain na nGaedheal is na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath is eadh
seachtmhain an Oireachtuis. Beidh obair uasal dá déanamh ann ar son Éireann.
Chífar áthus ar ghnúis is ar iomchur gach éinne. Beidh gach duine go himshníomhach
is go grithileanach i gcaitheamh na seachtmhaine, acht beidh greann agus sult ann
fé mar bhíonn i gcomhnuidhe. Tá súil againn go mbeidh gach éinne sásta le n-a
thurus ar prímhchathair na hÉireann, agus go raghaidh thar n-ais abhaile is fonn
air a dhéanamh ar son teangan na nGaedhal, "dochum glóire Dé agus onóra na
hÉireann".


L. 380


SGOIL ÉANNA



Teach Fheadha Chuilinn, Ráth
Ó Máine, Baile Átha Cliath



Sgoil Ghaedhealach le haghaidh Gaedheal Óg.



Osglóchar an sgoil seo an 7adh lé de mhí mheadhoin
an fhoghmhair, 1908.



Pádraic Mac Piarais,
Cúil Chrannach,
Cill Mhuire Chairrgín,
Baile Átha Cliath.




Clódhanna Nua.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services