Sinn Féin.
Táthar ag cnuasach chun crois Ghaedhlach a chur suas os cionn uaigh Sheáin 
Uí Choileáin i Midhe Ros.  Na daoine gur thaitn leo an tuairisc a scríbh Peadar 
Ó hAnnracháin san IRISLEABHAR le déadhnaighe, má's mian leo ná himtheoghadh 
cuimhne ar an bhfile binnfhriótail úd, cuirfid uatha síntiús beag éigin i gcóir 
na deaghoibre.  Is fada dhúinn is an dearmhad dá dhéanamh againn ar na fearaibh 
a choingibh beó spréidh an neamhspleadhchuis i gcroidhthibh Gaedheal.  Tosnuighmis 
anois ar a gceart a thabhairt dóibh.  Séamus de Búrc, B.E., B.L., sa Scibirín, 
an cisteóir; Mícheal Ó Cuileanáin agus Peadar Ó hAnnracháin, san áit 
chéadna, na rúnuidhthe. 
Chím go mbeidh Feis aca i Springfield, Mass., U.S.A., um Samhain i mbliadhna 
arís.  Sidé Clár na Litridheachta agus tá súil againn go ndéanfaid léightheóirí 
an IRISLEABHAIR, aistí a scríobhadh n-a gcóir.  Tá obair fhoghanta á dhéanamh 
aca i Springfield agus badh cheart dúinne cabhrughadh leó.  Curtar gach iarracht 
ag triall ar Pádraig Ó hÉigeartaigh, Rún. na Feise, 213 Worthington St., 
Springfield, Mass., U.S.A.. 
Fearaimíd fáilte is céad roimh an uile dhuine a thiocfaidh ar an Oireachtus i 
mbliadhna.  Seachtmhain na nGaedheal is na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath is eadh 
seachtmhain an Oireachtuis.  Beidh obair uasal dá déanamh ann ar son Éireann. 
Chífar áthus ar ghnúis is ar iomchur gach éinne.  Beidh gach duine go himshníomhach 
is go grithileanach i gcaitheamh na seachtmhaine, acht beidh greann agus sult ann 
fé mar bhíonn i gcomhnuidhe.  Tá súil againn go mbeidh gach éinne sásta le n-a 
thurus ar prímhchathair na hÉireann, agus go raghaidh thar n-ais abhaile is fonn 
air a dhéanamh ar son teangan na nGaedhal, "dochum glóire Dé agus onóra na 
hÉireann". 
 
SGOIL ÉANNA
Teach Fheadha Chuilinn, Ráth
Ó Máine, Baile Átha Cliath
Sgoil Ghaedhealach le haghaidh Gaedheal Óg.
Osglóchar an sgoil seo an 7adh lé de mhí mheadhoin
an fhoghmhair, 1908.
Pádraic Mac Piarais,
Cúil Chrannach,
Cill Mhuire Chairrgín,
Baile Átha Cliath.
Clódhanna Nua.