Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. II.
Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. II.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. - II. LIAM UA MÍODHACHÁIN do scríobh. Ní'l mórán bailtibh i gCúige Múmhan is feárr chun margaidh- eachta 'ná é. Gidheadh nach bhfuil an tír mór-dtimcheall an- shaidhbhir 'tá an bhuntáiste seo aige, .i. nach bhfuil aon bhaile do b'fhiú a áireamh, ar an taobh is saidhbhire de'n tír fá bhun fiche míle dho. Cé gur ag dul i nganchúiseacht 'ta a áitightheóirí 's ag dul i méad 'tá an baile. Do réir Clár áirimh na nDaoine do thógadh sa mbliadain 1871 bhí 7,719 duine 'n a gcomhnuiudhe ann, acht, foraoir! dála go leór bailtibh eile 'tá ag cóiriughadh Críochaibh Banban 'tá an imirce thar lear ag strácadh an chroidhe as. Sa mbliadhain 1881 ní raibh acht 6,306 duine ann, agus 'sa mbliadhain 1891 d'thuit sé siar arís go dtí 5,263 duine. D'réir Áireamh na bliadhna 1901 bhí fuireann an bhaile i dtao' le 4,850 duine. Deimhnigheann san go bhfuil ruagadh le fán ar Ghaodhalaibh agus gur mithid cur in' aghaidh go dáiríribh más mian linn Éire do bheith Gaodhalach arís mar a bhí sí i n-allód. Dún na Mainistreach 's eadh do ghlaodhtar ar an roinn de'n mbaile 'tá ar an taobh thuaidh de'n abhainn. Pé neimh-chinnteacht 'tá orainn i dtaobh bunadhas Dhún-Garbhán, ní'l aon mhearbhthal orainn i dtaobh bunadhas an bhaile seo. Mainistir do chur Manaigh de Órd Naomh San Tabhaistín ar bun annso leis sa tríomhadh haois deug. Do chuidigh dream de threibh na gCraithigh, do chomhnuigh tráth i nGleann Aoidh Buidhe i n-aice Leasa Móire, agus dream de threibh na mBrianaigh ó'n gCumarach, leis na manachaibh ag tógaint na mainistire seo, agus do bhronnadar ortha an fearann do ghaibh léithe. Tá fallaidhe agus túr na mainistreach seo 'na seasamh fós. Fá fhuinneóg ar an taobh thuaidh de'n tsean-chill tá leacht-lighe mhór le feicsint, agus, ar shon go bhfuil mór-chuid de'n sgríbh- neóireacht do-léighte, do b'fhéidir na focail seo do dhéanamh amach: "Donald Mac Grath, 1400". Is iontuigthe as san gur
fá an lic seo do fuair an tréin-fhear charthanach san an ionad deireannach 'san saoghal so. Taobh leis an mhainistir seo do thógadh teampall Catoilicigh 'sa mbliadhain 1820, agus do righneadh é de choimh-cheangal le túr na sean-mhainistreach. Is mór an mhaise agus an fhoithint do'n teampall an túr so. Tá sé 'n-a sheasamh go daingean láidir ar thaobh na gréine, ag éirghe i n-áirde trí fichid troigh san spéir. Timcheall trí fichid rámhan ar an taobh thuaidh de'n Teampall so tá fothrach Sean Chaisleáin. Níl aon chúntas againn 'n a thaobh so, acht go bhfuil sé ráidhte gur thóg na Crathaigh é mar adhbhar cosnaighthe na Mainistreach. Is deallrach leis go raibh práinn le'n a leithéid an tan sin, agus i bhfad roimhe. 'S na bliadhantaibh 912, 913 agus 915 do dheineadar na Lochlannaigh Baile Dhún-Garbhán d'ionnsughadh agus d'réir tuairisce is aindis an oídeadh do fhágadar ar an Mhainstir ann. I ndeire an ochtmhadh aois is eadh d'ghabhadar so cuan i nÉirinn ar dtúis. Le'n a ré sa dtír aimsir chráidhte cheasta do mhuintir na hÉireann d'budh eadh í. Ní raibh aon teora leis an méid do fhulaing na Gaedhil trí fhóirneart agus trí fheall-bheartaibh an aicme seo, de bhrígh go ndeárnadar na Lochlannaigh sladadh 's creachadh i ngach ball do b'fhéidir leo. Budh bheas leo fogha do thabhairt fá áit nuair is lúgha d'bheadh coinne leo. Budh anamh iad ag bruachadaighil ar fuaid baill agus do dhéinidís a n-obair chomh glic 's chomh gasta san go mbíodh a gcreach bailighthe chun siubhail aca sul d'fhéadfaidhe cosc do chur leo. Dream namhadmhar fuathmhar do Chríosdaigheacht 's do Chreideamh d'budh eadh iad, agus dá bhithin sin, budh mhinic iad ag déanamh ár 's léirsgrios 's a fuadach leo ollmhaitheas na mainistreachaibh. Nuair d'fhuighidís aga air ní fhágaidís faic fá mhúir a'tíghe nach sgiobfaidís chun siubhail, dá m'fhiú é, agus mar an bh'fhiú teine do thabhairt do. Do leanadar ar an gcuma san go cealgach clamparach gur chuireadh deire le'n a réim i gCluain Tairbh.
Do bhí an saoghal socair go leor ar fuaid an bhaile 'n a dhiaidh san, gur tháinig na Normannaigh i dtír ar chuireadh Dhiarmuid Mac Murchadha. I meadhon an dara aois deug do thárla gur eirigh imreasán idir Dhiarmuid Mac Murchadha (Diarmuid na nGall) do bhí n'a Rígh ar Laighean an tráth san, agus Ruaidhrí Ua Conchubhair, Árd-Righ Éireann. Fear droich-bhéusach, mí-iomchurach, iseal-aigeantach do budh eadh Diarmuid, agus dá bhrígh sin do thuill sé dho féin fuaith agus fearg an Rígh i gcás gur dheineadh é d' dhíbhirt ó'n gCoróinn. Chun a shainnt do agairt ar an Árd-Rígh, do ghluais sé roimhe dtí an bhFrainnc chun a ghearán do dhéanamh leis an Dara hAnn- raoi, Rígh Shasanna, ag tnúth le n-a shár-chongnamh san chun fuas- gailt do dhéanamh air as an gcruadhchás so. Budh é sin an bheart dúbhach deórach do Ghaodhalaibh, de bhrigh gurab é budh chionntach le sluaightibh namhadmhara Shasanna do tharraingt ortha ar dtúis. De bhárr athchuinge an chladhaire seo, do sheóladh cabhlach ghléasta anall chúghainn sa mbliadhain 1169; acht ní raibh sé'n a gcumas san mórán díoghbhála do dhéanamh, agus b'éigin do Dhiarmuid a aghaidh do thabhairt ar Shasanna arís. Do gheall an tIarla Risteárd de Clár, .i. Strongbó, teacht i bhfóirighthint air, ar choingíll go dtabharfadh sé a inghean do le pósadh agus i n'fhochair sin pé oighreachtaí do bhéadh 'n a dhiaidh tar éis a bháis. Sa mbliadhain 1170 do bhuail an tIarla Strongbó cuan i bPortláirge, agus trí mhíie saighdiúirí mileadhta le n-a chois. Tar éis dóibh ár is léirsgrios do dhéanamh ar fuaid na Laighean, d'ionnsuidh cuid dá shluaighte Lios Mór, sa mbliadhain 1174, ar tí an baile agus na triochadh céad budh choimhneasa dho do shladadh 's do chreachadh. Budh é Réamonn Reamhar Mhic Ghearailt dearbhráthair céile Strongbó, do bhí mar cheann-urraidh ortha. Nuair a bhí deire sgriosta déanta aca i Lios Mór, do leanadar órtha cois na habhann ó dheas go rángadar gairid d'Eochaill. Ag inbhear na nAbha Mhóire annso do chuireadar roinnt dá gcreach ar bhórd árthaighe do fuaireadar rompa ann, agus do sheóladh go Portláirge iad. Do leanadar dream de mhuinntír Chorcaighe ar a dtóir, acht do theip ortha teacht suas leo. An méad nár fhéadadar do chur ar bórd san áit seo do
sheoladar Réamonn 's a chomhlucht rompa iad. Do righneadar ceann ar aghaidh go Dún-Garbhán, ag creachadh 's a' fuadach gach a raibh ar a mbealach, sa tslighe go raibh suas le cheithre mhíle beithightheach rompa amach ag déanamh ar an mbaile sin. Do ionnsuidh Diarmuid Mac Cárthaigh, Prionnsa Dheas Mhúmhain iad, acht do chuireadh an cath ar Dhiarmuid agus a chomhlucht. De dheasgaidh oibre an lae sin, do chuireadh Dún-Garbhán fá úrlámhas Shasanna. Do bhí an baile fá riaradh Strongbó annsan, agus do bhronn seisean é ar an Dara hAnnraoi, Rígh Shasanna. Nuair do bhí ag éirghe chomh maith san leis na Gallaibh agus seilbh 'ghá ghabháilt aca, nach mór, ar na príomh-bhailtibh uile d'ionnsuigheadar, do lean a thuile dá muinntir anall iad, agus, dá bhrígh sin, ní raibh dada ar siubhal ar fuaid na tíre an uair sin acht bualadh 's bachram idir Ghaodhalaibh, Ghallaibh, 's Lochlann- achaibh mar do bhídear. Cun réidhteach do dhéanamh eatorra, tháinig Rígh Shasanna anall sa mbliadhain 1210. Budh é Rígh Seaghán do bhí ar an gcoróinn an uair sin. Nuair do bhí an tsíothcháin déanta aige, do cheap sé 'n-a aigne gach baile do bhí 'n-a sheilbh a dhaingniughadh agus na dronga do chomhnuigh ionnta do chur fá riaghail. Le linn na huaire sin, do thóg sé Caisleán cois na taoide i nDún-Garbhán san áit atá Barcur na Síoth-mhaor anois. Do thóg sé dún thimcheall an chaisleáin seo mar chóir chosnaimhthe air. Do chuireadh túr agus badhon ar gach uilinn de'n dún, acht ní'l túr, badhon, ná caisleán le feicsint anois acht aon túr amháin atá 'n-a sheasamh ar an taobh thiar de. Tá sé ráidhte gur thógadh an túr so níos déidheannaighe 'ná an chuid eile, agus gur righ- neadh an dún d'fhairsingiughadh sa gceathramhadh haois deug. Bhí pampa mór i lár an dúin seo, acht do dhúnadh suas é de bhrígh go raibh an t-uisge ró-ghuirt. Ar an ionad so, leis, do thógadh lann-airm (military barracks) 'san aois seo caithte againn, agus do chuireadh buidhean saighdiúirí ann chun an baile do chosaint. Sa mbliadhain 1882, d'aistrigheadh na saighdiúirí ar fad as an mbaile, agus tá an áit go léir anois i seilbh shíoth-mhaoir an bhaile ó thosach an earraigh seo caithte againn. Is deallrach, leis, gur le linn an chaisleáin do thógaint 's eadh do chuireadh múir leis an mbaile.
Do rioth an falla so ó'n Dún thoir cois na trágha ó dheas nach beag dtí an Pháirc anois, as san siar díreach dtí bárr Shráid na mBráthar. Do rioth sé síos an tsráid sin go dtí Sráid Pharnell anois, áit 'n-a raibh geataí an bhaile an tan sin, agus ó'n ngeata san soir ó thuaidh dtí an Dún arís. Dála an Dúin, bhí túir is badhona ar uilnnibh na múrthaibh leis. Ní'l a rian le feicsint anois, acht beagán de'n bhfalla 'tá ag bárr Sráid an Teampaill. Chomh fada siar leis an mbliadhain 1463 deirtear linn go raibh Dún-Garbhán 'n-a bhaile mhór fhairsing an tan sin. Do chuireadh Acht ar bun i bFeis Shasann an bhliadhain sin, le linn do'n Cheathramha Righ Éamonn a bheith ar a gCoróinn, ag tabhairt cead do mhuinntir na háite a stiúrughadh féin do bheith ar an mbaile aca, agus ag cur cúram cosnaimh agus coimeádtha an chaisleáin agus múrthaibh an bhaile ar Thomás Mac Gearailt Iarla Dheas-Mhumhan. Do órduigheadh do-san an caisleán agus na múir do dheis- iughadh, do dhaingniughadh, agus do choimeád amhlaidh, agus costas na hoibre sin do bhaint as sraith-chíos an bhaile. Do luadh leis san Acht so gurab é fearann-oighreachta Dhún-Garbhán an oigh- reacht badh uaisle agus budh ársaidh do bhain leis an Rígh i nÉirinn. Ar theacht i gcoróinn do'n Chéad Righ Seumas do mholadh an reacht ceudna ar an mbaile ar an 4adh lá do Eanair sa mbliadhain 1609. Bhí gach buntáiste ag na háitightheóirí do lamháladh dóibh san Acht roimhe sin, acht, amháin gurab ar an Riaghaltas féin do bhí an Lucht Treórtha do thoghadh. Dá bhrígh sin ní raibh baint ná páirt ag sna háitightheóirí féin le riaghlughadh an bhaile agus is inmheasta d'réir tuairisge go raibh tuaiplis éigin dá dheanamh ag sna Comhairleóirí seo, de bhrígh nach raibh sé ar chumas an Choisde Ríoghamhuil d' thionóladh annso sa mbliadhain 1833 do dhéanamh amach an raibh an baile fá n-a smacht nó nach raibh. Le linn na h-Éireannaigh d' eirghe i gcoinne na nGall d' ghlacadar saighdiúirí Shasanna seilbh ar an mbaile sa mbliadhain 1642. Fear darab ainm Rosington a bhí mar thaoiseach ortha. Nuair d' shaoil sé go raibh greim daingean ar an áit aige do bhuail Gaedhil chalma na nDéise bob air. Do éaluigheadar thar
na múrthaibh nuair do bhí beagán coinne leo agus do righneadar ár na na Sasannaigh a bhí ann. Do ghléasadar long annsan agus do cuireadh chun siúbhail í dtí an bhFrainnc fá dhéin lón-cogaidh 's do chongbhuigheadar greim ar an gCaisleán agus ar an mbaile ar feadh dhá bhliadhan. I Mí na Bealtaine san mbliadhain 1647 do ath-thóg an Tighearna Innse-Cuinn, .i. Murchadha an Tóiteáin, do'n Rígh é, agus d' fhan sé 'n a sheilbh sin gur thog Cromuell do féin 's do Phárlamaid é i n-aghaidh an Rígh. Ar an dara lá dhe Mhí na Nodlag sa mbliadhain 1649 do fhág Cromuell Cathair Phortláirge agus do ghluais roimhe ceann ar aghaidh go Dún-Garbhán ag sladadh 's ag slaodadh gach a dtáinig ar a chomhgar. Lá fliuch séidthe budh eadh é. Do admháil Cromuell fhéin gurbh é an lá budh aindisíghe agus budh annróchaíghe do theagbhuigh air riamh é. Nuair do shreis sé Coill Mhic Thomáisín do bhí an Abha Machan ag brúchtaighil ar gach taobh le faobhar-neart tuile de bhárr na báisdíghe agus na trom-fhearthanna. B'éigin do féin agus dá shluagh mhalluighthe cur suas ar fuaid na háite sin gur thrághaidh an abhainn beagán. Cé gur ghéill muinntir Dhún-Garbhán do'n Tighearna Bróghcoill ar an tríomhadh lá de'n mhí níor shásmhuigh san an cladhaire fhol- chíocrach mhalluighthe seo, bhí an oiread san droch-fhuadair faoi, le neart boirbeacht 's droich-mhianaigh d' thug sé órdughadh dhá shaighdiúirí gabháilt do chlaidheamh ar mhuinntir an bhaile sin. Do ionnsuidh sé an baile um thráthnóna an 4adh lae. Sul ar bhuail sé an baile do chuir sé roinnt dá shluagh chun gabháilt do philéir ar Chaisleán Cnoc Máin, agus do dhírigh sé féin 's a chomh- lucht go cath-chraoiseach ar Dhún-Garbhán. Ag déanamh isteach ar an mbaile dhóibh do bhí Cromuell féin ar cheann an tsluaigh. Do thárla go raibh tigh tábhairne ag bean de's na nÓglaigh ar thaobh an bhóthair. Do ionnsuidh bean a' tábhairne Cromuell agus corn beórach 'na a láimh aici. Do rug sí greim ar shrian a chapaill agus do chuir sí fáilte roimhe. Nuair do theann sé an srian, do árduigh sí an corn agus do labhair leis os árd ag rádh. "Sid é do shláinte a thréin-fhir ghroidhe, ól deoch le do thoil, is deallrach go bhfuil aisdear fada ort." Baineann sé le deallradh go raibh dúil 'sa mbraon aige mar bhárr ar gach cáilidheacht eile a bhí 'ghá
bhorradh 's 'á ghriosadh chun droch-oibre, mar do ghlac sé an corn uaithe, do ghaibh sé buidheachas léithi, 's do dhiúg sé siar 'n a chraos- bholg é. Iar sin do órduigh sí an méid díghe do bhí fá mhuir a' tíghe do chur ar bórd le h-aghaidh na saighdiúirí, agus nuair do bhí gach a' rud ollamh dóibh do óladar a sáith mar budh mhór é a bpráinn leis t'réis annró na laetheanntaibh roimhe sin. Tá sé ráidhte gur chuir féileacht na mná so an oiread san sásaimh agus suaimhneas aigne ar Chromuell gur cheap sé cead a gcos do thabhairt do mhuinntir an bhaile agus do thug sé órdughadh láidir uaidh gan a'rud do lot 'ná do mhilleadh acht amháin an Caisleán agus an Teampall. Trí lá i ndiaidh an gabáltas so, do cailleadh ar an mbaile Taoiseach le Cromuell darab ainm Ións, (Jones). Bhí amhras láidir ag bean a' tighe 'n ar chailleadh é, gur nimh a thug Cromuell do budh chionntach le'n a bhás, de bhrígh go raibh luadar ar siúbhal nach rabhadar a' réidheachant ró-mhaith le chéile. Do bhraith Cromuell go raibh sé seo ag déanamh "uisge fá thalamh" idir é féin agus Rígh Shasana. Is éigcinnte leis nó do bhí mar do bhí sé do thuairisg air go raibh sé 'n a fhear dhaonna charthannach, agus nár thaithnigh leis a bheith páirteach 's na gníomhtharthaibh barbardha neamh-dhaonna do bhí idir lámha aca an tan sin. Acht, faraoir! níor eirigh a mhacántacht leis. Mar dhíoluigheacht deigh-mhéinne dho do gabhadh é féin, le feall, i n-inniol na síorruidheachta. Do thugadh a chorp go hEóchaill agus do adhlacadh é i Séipéal Iarla Chorcaighe. Nuair do chriothadar muinntir an bhaile dhíobh an méid sgáth 's eagla do chuir an claon-fhealltóir seo go smior 'n a gcnámhnaíbh, do luigheadar isteach go dian chun saothair arís, agus is deallrach gur eirigh leo go seunmhar sonasach. Sa mbliadhain 1689 d' bhronn an Riaghaltas a thuile buntáistíbh ortha fá úghdarás an Dara Rígh Seumas; acht, níor cuireadh i bhfeidhm iad de dheasgaidh buadhachant air ag cath fuilteach na Bóinne an lá úd do thuill sé do féin an ainm mhí-mhaiseamhail ghránda san - "Seumas a Chaca a chaill Éire". D'réir deallradh budh thairbheach buntáisteach an baile é Dún- Garbhán do Riaghaltas Shasanna sgathamh dá raibh, de bhrígh go raibh togha na haire aca air. Fá úghdarás an ochtmhadh Rígh hAnnraoi,
sa mbliadhain 1531, do bhronnadh an Caisleán agus Fearann- oighreachta an bhaile ar Pheadar Buitléar, Iarla Osruighe ar choinghíll go gcoingbheóchadh agus go gcothóchadh sé an méid a bheadh riachtanach chun an baile d' chosaint dá mba phráinneach é. Sa mbliadhain 1545 do bhronnadh iad ar na coinghíll ceudna ar Riobárd San Leger. Chúig bhliadhna 'na a dhiaidh san do fuair Seumas Breathnach seilbh ortha, fá úghdarás an 6adh Rígh Eudhmonn. Bud é an dála ceudna é le linn do'n Chéad Rígh Seumas teacht i gCoróinn. 'Sa dara bliadhain dá ré sin do bhronn sé iad ar Sheóirse Torantach ar chíos fiche púnt sa mbliadhain. Budh shin é cor an baile seo ar feadh na mbliadhantaibh san. Do fuair Risdeárd Ó Baoighill, Iarla Chorcaighe, seilbh ortha sa mbliadhain 1620. Do réir oighreachais trí mhuinntir a mháthar, d' thuit an baile chun Diúic Dhebhonsiar thimcheall na bliadhna 1723, 's do fhan sé i seilbh na treibhe sin go dtí le déidheannaighe. Ar shon go raibh ceannas aca so go léir ar mhuinntir an bhaile, ní raibh stiúrúghadh an bhaile ar a gcúram. Do bhíodh buidhean ar leith i leith chuige sin go dtí an bhliadhain 1723. Ó'n bhliadhain sin, gur thoghaidh muinntir an bhaile a gComhairleóirí féin ar an 9adh lá fichead do Eanair sa mbliadhain 1855, bhí cúram stiúruighthe an bhaile ar an Diúic agus ar a oighrí 'n a dhiaidh. D' thoghaidh an chéad Dhiúic Maor le haghaidh na hoibre sin do dhéanamh dho. Bhí ar an bhfear-ionaid seo gach nídh do léiriughadh 's do chur i gcóir gan duine ar bith le cur isteach air acht a ngnó do dhéanamh d' réir mar d'oir do féin 's dá mhaighistir. Is inmheasta dá réir sin nár riaradh mar budh chóir na buntáistíbh do cheap an Riaghaltas do mhuinntir an bhaile, agus dá chomhartha san ní raibh teasdas 'ná dearbhacht 'n a thaobh i láthair Coisde na bliadhna 1833 'n ar bhféidir a mhalairt de thuairim a bheith againn as. Pé mar a bhí an Diúic sin agus na hUachtaráin eile do bhí roimhe, do dhein athair an Diúic seo mórán maitheasa do'n mbaile nuair do fuair sé 'n a sheilbh é. Ar a chostas féin do thóg sé tóchur agus droichead tarsna abha Coileagáin idir an baile agus Dún na Mainistreach sa mbliadhain 1815. Obair an-throm do budh eadh í leis. Tá an tóchur thimcheall dhá chéad rámhan agus cheithre fichid ar fhaid.
Tá súil an droichid chúig throighte deug 's trí fichid ó thaobh go taobh. Droichead breágh fuinneamhail 's eadh é, déanta dhe chlocha mhóra cóirighthe do thugadh anall ó Shean-Shasanna. Tá sé ráidhte gur chosain an obair seo suas le sé mhíle púnt. Budh mhór an Grádh-Dia an méid sin do mhuinntir an bhaile, mar, nár bhféidir leo roimhe sin dul ó thaobh go taobh gan aisdear fada do chur ortha féin chun an abhainn do shiubhal cos-nochttha le huisge dtí 'n a nglúine, nuair do bheadh an taoide tráighte, nó neachtar aca bád-caladh do thógaint. (Ní chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services