Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. - II.
LIAM UA MÍODHACHÁIN 
do scríobh.
Ní'l mórán bailtibh i gCúige Múmhan is feárr chun margaidh-
eachta 'ná é.  Gidheadh nach bhfuil an tír mór-dtimcheall an-
shaidhbhir 'tá an bhuntáiste seo aige, .i. nach bhfuil aon bhaile do 
b'fhiú a áireamh, ar an taobh is saidhbhire de'n tír fá bhun fiche míle 
dho. 
Cé gur ag dul i nganchúiseacht 'ta a áitightheóirí 's ag dul i 
méad 'tá an baile.  Do réir Clár áirimh na nDaoine do thógadh 
sa mbliadain 1871 bhí 7,719 duine 'n a gcomhnuiudhe ann, acht, 
foraoir! dála go leór bailtibh eile 'tá ag cóiriughadh Críochaibh 
Banban 'tá an imirce thar lear ag strácadh an chroidhe as.  Sa 
mbliadhain 1881 ní raibh acht 6,306 duine ann, agus 'sa mbliadhain 
1891 d'thuit sé siar arís go dtí 5,263 duine.  D'réir Áireamh na 
bliadhna 1901 bhí fuireann an bhaile i dtao' le 4,850 duine. 
Deimhnigheann san go bhfuil ruagadh le fán ar Ghaodhalaibh agus 
gur mithid cur in' aghaidh go dáiríribh más mian linn Éire do 
bheith Gaodhalach arís mar a bhí sí i n-allód. 
Dún na Mainistreach 's eadh do ghlaodhtar ar an roinn de'n 
mbaile 'tá ar an taobh thuaidh de'n abhainn.  Pé neimh-chinnteacht 
'tá orainn i dtaobh bunadhas Dhún-Garbhán, ní'l aon mhearbhthal 
orainn i dtaobh bunadhas an bhaile seo.  Mainistir do chur 
Manaigh de Órd Naomh San Tabhaistín ar bun annso leis sa 
tríomhadh haois deug.  Do chuidigh dream de threibh na gCraithigh, 
do chomhnuigh tráth i nGleann Aoidh Buidhe i n-aice Leasa Móire, 
agus dream de threibh na mBrianaigh ó'n gCumarach, leis na 
manachaibh ag tógaint na mainistire seo, agus do bhronnadar 
ortha an fearann do ghaibh léithe.  Tá fallaidhe agus túr na 
mainistreach seo 'na seasamh fós. 
Fá fhuinneóg ar an taobh thuaidh de'n tsean-chill tá leacht-lighe 
mhór le feicsint, agus, ar shon go bhfuil mór-chuid de'n sgríbh-
neóireacht do-léighte, do b'fhéidir na focail seo do dhéanamh 
amach: "Donald Mac Grath, 1400".  Is iontuigthe as san gur 
 
fá an lic seo do fuair an tréin-fhear charthanach san an ionad 
deireannach 'san saoghal so. 
Taobh leis an mhainistir seo do thógadh teampall Catoilicigh 
'sa mbliadhain 1820, agus do righneadh é de choimh-cheangal le 
túr na sean-mhainistreach. 
Is mór an mhaise agus an fhoithint do'n teampall an túr so. 
Tá sé 'n-a sheasamh go daingean láidir ar thaobh na gréine, ag 
éirghe i n-áirde trí fichid troigh san spéir. 
Timcheall trí fichid rámhan ar an taobh thuaidh de'n Teampall 
so tá fothrach Sean Chaisleáin.  Níl aon chúntas againn 'n a thaobh 
so, acht go bhfuil sé ráidhte gur thóg na Crathaigh é mar adhbhar 
cosnaighthe na Mainistreach.  Is deallrach leis go raibh práinn 
le'n a leithéid an tan sin, agus i bhfad roimhe. 
'S na bliadhantaibh 912, 913 agus 915 do dheineadar na 
Lochlannaigh Baile Dhún-Garbhán d'ionnsughadh agus d'réir 
tuairisce is aindis an oídeadh do fhágadar ar an Mhainstir 
ann. 
I ndeire an ochtmhadh aois is eadh d'ghabhadar so cuan 
i nÉirinn ar dtúis.  Le'n a ré sa dtír aimsir chráidhte cheasta do 
mhuintir na hÉireann d'budh eadh í. 
Ní raibh aon teora leis an méid do fhulaing na Gaedhil trí 
fhóirneart agus trí fheall-bheartaibh an aicme seo, de bhrígh go 
ndeárnadar na Lochlannaigh sladadh 's creachadh i ngach ball do 
b'fhéidir leo. 
Budh bheas leo fogha do thabhairt fá áit nuair is lúgha d'bheadh 
coinne leo.  Budh anamh iad ag bruachadaighil ar fuaid baill 
agus do dhéinidís a n-obair chomh glic 's chomh gasta san go 
mbíodh a gcreach bailighthe chun siubhail aca sul d'fhéadfaidhe cosc 
do chur leo. 
Dream namhadmhar fuathmhar do Chríosdaigheacht 's do 
Chreideamh d'budh eadh iad, agus dá bhithin sin, budh mhinic iad ag 
déanamh ár 's léirsgrios 's a fuadach leo ollmhaitheas na 
mainistreachaibh.  Nuair d'fhuighidís aga air ní fhágaidís faic fá 
mhúir a'tíghe nach sgiobfaidís chun siubhail, dá m'fhiú é, agus 
mar an bh'fhiú teine do thabhairt do.  Do leanadar ar an gcuma 
san go cealgach clamparach gur chuireadh deire le'n a réim i 
gCluain Tairbh. 
 
Do bhí an saoghal socair go leor ar fuaid an bhaile 'n a dhiaidh 
san, gur tháinig na Normannaigh i dtír ar chuireadh Dhiarmuid 
Mac Murchadha.  I meadhon an dara aois deug do thárla gur 
eirigh imreasán idir Dhiarmuid Mac Murchadha (Diarmuid na 
nGall) do bhí n'a Rígh ar Laighean an tráth san, agus Ruaidhrí Ua 
Conchubhair, Árd-Righ Éireann.  Fear droich-bhéusach, mí-iomchurach, 
iseal-aigeantach do budh eadh Diarmuid, agus dá bhrígh sin do thuill 
sé dho féin fuaith agus fearg an Rígh i gcás gur dheineadh é 
d' dhíbhirt ó'n gCoróinn.  
Chun a shainnt do agairt ar an Árd-Rígh, do ghluais sé roimhe 
dtí an bhFrainnc chun a ghearán do dhéanamh leis an Dara hAnn-
raoi, Rígh Shasanna, ag tnúth le n-a shár-chongnamh san chun fuas-
gailt do dhéanamh air as an gcruadhchás so. 
Budh é sin an bheart dúbhach deórach do Ghaodhalaibh, de bhrigh 
gurab é budh chionntach le sluaightibh namhadmhara Shasanna do 
tharraingt ortha ar dtúis.  De bhárr athchuinge an chladhaire seo, 
do sheóladh cabhlach ghléasta anall chúghainn sa mbliadhain 1169; 
acht ní raibh sé'n a gcumas san mórán díoghbhála do dhéanamh, 
agus b'éigin do Dhiarmuid a aghaidh do thabhairt ar Shasanna arís. 
Do gheall an tIarla Risteárd de Clár, .i. Strongbó, teacht 
i bhfóirighthint air, ar choingíll go dtabharfadh sé a inghean do le 
pósadh agus i n'fhochair sin pé oighreachtaí do bhéadh 'n a dhiaidh 
tar éis a bháis. 
Sa mbliadhain 1170 do bhuail an tIarla Strongbó cuan i 
bPortláirge, agus trí mhíie saighdiúirí mileadhta le n-a chois. 
Tar éis dóibh ár is léirsgrios do dhéanamh ar fuaid na Laighean, 
d'ionnsuidh cuid dá shluaighte Lios Mór, sa mbliadhain 1174, ar 
tí an baile agus na triochadh céad budh choimhneasa dho do 
shladadh 's do chreachadh.  Budh é Réamonn Reamhar Mhic Ghearailt 
dearbhráthair céile Strongbó, do bhí mar cheann-urraidh ortha. 
Nuair a bhí deire sgriosta déanta aca i Lios Mór, do leanadar 
órtha cois na habhann ó dheas go rángadar gairid d'Eochaill. 
Ag inbhear na nAbha Mhóire annso do chuireadar roinnt dá 
gcreach ar bhórd árthaighe do fuaireadar rompa ann, agus do 
sheóladh go Portláirge iad. 
Do leanadar dream de mhuinntír Chorcaighe ar a dtóir, acht 
do theip ortha teacht suas leo. 
An méad nár fhéadadar do chur ar bórd san áit seo do 
 
sheoladar Réamonn 's a chomhlucht rompa iad.  Do righneadar 
ceann ar aghaidh go Dún-Garbhán, ag creachadh 's a' fuadach gach a 
raibh ar a mbealach, sa tslighe go raibh suas le cheithre mhíle 
beithightheach rompa amach ag déanamh ar an mbaile sin. 
Do ionnsuidh Diarmuid Mac Cárthaigh, Prionnsa Dheas Mhúmhain 
iad, acht do chuireadh an cath ar Dhiarmuid agus a chomhlucht. 
De dheasgaidh oibre an lae sin, do chuireadh Dún-Garbhán fá 
úrlámhas Shasanna.  Do bhí an baile fá riaradh Strongbó annsan, 
agus do bhronn seisean é ar an Dara hAnnraoi, Rígh Shasanna. 
Nuair do bhí ag éirghe chomh maith san leis na Gallaibh agus 
seilbh 'ghá ghabháilt aca, nach mór, ar na príomh-bhailtibh uile 
d'ionnsuigheadar, do lean a thuile dá muinntir anall iad, agus, 
dá bhrígh sin, ní raibh dada ar siubhal ar fuaid na tíre an uair 
sin acht bualadh 's bachram idir Ghaodhalaibh, Ghallaibh, 's Lochlann-
achaibh mar do bhídear. 
Cun réidhteach do dhéanamh eatorra, tháinig Rígh Shasanna anall 
sa mbliadhain 1210.  Budh é Rígh Seaghán do bhí ar an gcoróinn 
an uair sin. 
Nuair do bhí an tsíothcháin déanta aige, do cheap sé 'n-a aigne 
gach baile do bhí 'n-a sheilbh a dhaingniughadh agus na dronga do 
chomhnuigh ionnta do chur fá riaghail. 
Le linn na huaire sin, do thóg sé Caisleán cois na taoide i 
nDún-Garbhán san áit atá Barcur na Síoth-mhaor anois.  Do thóg 
sé dún thimcheall an chaisleáin seo mar chóir chosnaimhthe air. 
Do chuireadh túr agus badhon ar gach uilinn de'n dún, acht ní'l 
túr, badhon, ná caisleán le feicsint anois acht aon túr amháin 
atá 'n-a sheasamh ar an taobh thiar de.  Tá sé ráidhte gur thógadh 
an túr so níos déidheannaighe 'ná an chuid eile, agus gur righ-
neadh an dún d'fhairsingiughadh sa gceathramhadh haois deug.  Bhí 
pampa mór i lár an dúin seo, acht do dhúnadh suas é de bhrígh go 
raibh an t-uisge ró-ghuirt.  Ar an ionad so, leis, do thógadh 
lann-airm (military barracks) 'san aois seo caithte againn, agus 
do chuireadh buidhean saighdiúirí ann chun an baile do chosaint. 
Sa mbliadhain 1882, d'aistrigheadh na saighdiúirí ar fad as an 
mbaile, agus tá an áit go léir anois i seilbh shíoth-mhaoir an bhaile 
ó thosach an earraigh seo caithte againn. 
Is deallrach, leis, gur le linn an chaisleáin do thógaint 's eadh 
do chuireadh múir leis an mbaile. 
 
Do rioth an falla so ó'n Dún thoir cois na trágha ó dheas nach 
beag dtí an Pháirc anois, as san siar díreach dtí bárr Shráid na 
mBráthar.  Do rioth sé síos an tsráid sin go dtí Sráid Pharnell 
anois, áit 'n-a raibh geataí an bhaile an tan sin, agus ó'n ngeata 
san soir ó thuaidh dtí an Dún arís. 
Dála an Dúin, bhí túir is badhona ar uilnnibh na múrthaibh 
leis.  Ní'l a rian le feicsint anois, acht beagán de'n bhfalla 'tá 
ag bárr Sráid an Teampaill. 
Chomh fada siar leis an mbliadhain 1463 deirtear linn go 
raibh Dún-Garbhán 'n-a bhaile mhór fhairsing an tan sin. 
Do chuireadh Acht ar bun i bFeis Shasann an bhliadhain sin, le 
linn do'n Cheathramha Righ Éamonn a bheith ar a gCoróinn, ag 
tabhairt cead do mhuinntir na háite a stiúrughadh féin do bheith 
ar an mbaile aca, agus ag cur cúram cosnaimh agus coimeádtha 
an chaisleáin agus múrthaibh an bhaile ar Thomás Mac Gearailt 
Iarla Dheas-Mhumhan. 
Do órduigheadh do-san an caisleán agus na múir do dheis-
iughadh, do dhaingniughadh, agus do choimeád amhlaidh, agus costas 
na hoibre sin do bhaint as sraith-chíos an bhaile.  Do luadh leis 
san Acht so gurab é fearann-oighreachta Dhún-Garbhán an oigh-
reacht badh uaisle agus budh ársaidh do bhain leis an Rígh i 
nÉirinn. 
Ar theacht i gcoróinn do'n Chéad Righ Seumas do mholadh an 
reacht ceudna ar an mbaile ar an 4adh lá do Eanair sa 
mbliadhain 1609.  Bhí gach buntáiste ag na háitightheóirí do 
lamháladh dóibh san Acht roimhe sin, acht, amháin gurab ar an 
Riaghaltas féin do bhí an Lucht Treórtha do thoghadh.  Dá bhrígh sin 
ní raibh baint ná páirt ag sna háitightheóirí féin le riaghlughadh 
an bhaile agus is inmheasta d'réir tuairisge go raibh tuaiplis 
éigin dá dheanamh ag sna Comhairleóirí seo, de bhrígh nach raibh sé 
ar chumas an Choisde Ríoghamhuil d' thionóladh annso sa mbliadhain 
1833 do dhéanamh amach an raibh an baile fá n-a smacht nó nach 
raibh. 
Le linn na h-Éireannaigh d' eirghe i gcoinne na nGall d' 
ghlacadar saighdiúirí Shasanna seilbh ar an mbaile sa mbliadhain 
1642.  Fear darab ainm Rosington a bhí mar thaoiseach ortha. 
Nuair d' shaoil sé go raibh greim daingean ar an áit aige do 
bhuail Gaedhil chalma na nDéise bob air.  Do éaluigheadar thar 
 
na múrthaibh nuair do bhí beagán coinne leo agus do righneadar 
ár na na Sasannaigh a bhí ann.  Do ghléasadar long annsan agus 
do cuireadh chun siúbhail í dtí an bhFrainnc fá dhéin lón-cogaidh 's 
do chongbhuigheadar greim ar an gCaisleán agus ar an mbaile 
ar feadh dhá bhliadhan. 
I Mí na Bealtaine san mbliadhain 1647 do ath-thóg an 
Tighearna Innse-Cuinn, .i. Murchadha an Tóiteáin, do'n Rígh é, 
agus d' fhan sé 'n a sheilbh sin gur thog Cromuell do féin 's do 
Phárlamaid é i n-aghaidh an Rígh. 
Ar an dara lá dhe Mhí na Nodlag sa mbliadhain 1649 do fhág 
Cromuell Cathair Phortláirge agus do ghluais roimhe ceann ar 
aghaidh go Dún-Garbhán ag sladadh 's ag slaodadh gach a dtáinig 
ar a chomhgar.  Lá fliuch séidthe budh eadh é.  Do admháil Cromuell 
fhéin gurbh é an lá budh aindisíghe agus budh annróchaíghe do 
theagbhuigh air riamh é. 
Nuair do shreis sé Coill Mhic Thomáisín do bhí an Abha Machan 
ag brúchtaighil ar gach taobh le faobhar-neart tuile de bhárr na 
báisdíghe agus na trom-fhearthanna.  B'éigin do féin agus dá 
shluagh mhalluighthe cur suas ar fuaid na háite sin gur thrághaidh 
an abhainn beagán. 
Cé gur ghéill muinntir Dhún-Garbhán do'n Tighearna Bróghcoill 
ar an tríomhadh lá de'n mhí níor shásmhuigh san an cladhaire fhol-
chíocrach mhalluighthe seo, bhí an oiread san droch-fhuadair faoi, le 
neart boirbeacht 's droich-mhianaigh d' thug sé órdughadh dhá 
shaighdiúirí gabháilt do chlaidheamh ar mhuinntir an bhaile sin. 
Do ionnsuidh sé an baile um thráthnóna an 4adh lae.  Sul ar 
bhuail sé an baile do chuir sé roinnt dá shluagh chun gabháilt do 
philéir ar Chaisleán Cnoc Máin, agus do dhírigh sé féin 's a chomh-
lucht go cath-chraoiseach ar Dhún-Garbhán.  Ag déanamh isteach ar 
an mbaile dhóibh do bhí Cromuell féin ar cheann an tsluaigh.  Do 
thárla go raibh tigh tábhairne ag bean de's na nÓglaigh ar thaobh an 
bhóthair.  Do ionnsuidh bean a' tábhairne Cromuell agus corn 
beórach 'na a láimh aici.  Do rug sí greim ar shrian a chapaill agus 
do chuir sí fáilte roimhe.  Nuair do theann sé an srian, do árduigh 
sí an corn agus do labhair leis os árd ag rádh.  "Sid é do 
shláinte a thréin-fhir ghroidhe, ól deoch le do thoil, is deallrach go 
bhfuil aisdear fada ort."  Baineann sé le deallradh go raibh 
dúil 'sa mbraon aige mar bhárr ar gach cáilidheacht eile a bhí 'ghá 
 
bhorradh 's 'á ghriosadh chun droch-oibre, mar do ghlac sé an corn 
uaithe, do ghaibh sé buidheachas léithi, 's do dhiúg sé siar 'n a chraos-
bholg é. 
Iar sin do órduigh sí an méid díghe do bhí fá mhuir a' tíghe do 
chur ar bórd le h-aghaidh na saighdiúirí, agus nuair do bhí gach a' 
rud ollamh dóibh do óladar a sáith mar budh mhór é a bpráinn 
leis t'réis annró na laetheanntaibh roimhe sin. 
Tá sé ráidhte gur chuir féileacht na mná so an oiread san 
sásaimh agus suaimhneas aigne ar Chromuell gur cheap sé cead a 
gcos do thabhairt do mhuinntir an bhaile agus do thug sé órdughadh 
láidir uaidh gan a'rud do lot 'ná do mhilleadh acht amháin an 
Caisleán agus an Teampall. 
Trí lá i ndiaidh an gabáltas so, do cailleadh ar an mbaile 
Taoiseach le Cromuell darab ainm Ións, (Jones).  Bhí amhras 
láidir ag bean a' tighe 'n ar chailleadh é, gur nimh a thug Cromuell 
do budh chionntach le'n a bhás, de bhrígh go raibh luadar ar siúbhal 
nach rabhadar a' réidheachant ró-mhaith le chéile.  Do bhraith 
Cromuell go raibh sé seo ag déanamh "uisge fá thalamh" idir é 
féin agus Rígh Shasana.  Is éigcinnte leis nó do bhí mar do bhí sé 
do thuairisg air go raibh sé 'n a fhear dhaonna charthannach, agus 
nár thaithnigh leis a bheith páirteach 's na gníomhtharthaibh barbardha 
neamh-dhaonna do bhí idir lámha aca an tan sin.  Acht, faraoir! 
níor eirigh a mhacántacht leis.  Mar dhíoluigheacht deigh-mhéinne 
dho do gabhadh é féin, le feall, i n-inniol na síorruidheachta. 
Do thugadh a chorp go hEóchaill agus do adhlacadh é i Séipéal 
Iarla Chorcaighe. 
Nuair do chriothadar muinntir an bhaile dhíobh an méid sgáth 's 
eagla do chuir an claon-fhealltóir seo go smior 'n a gcnámhnaíbh, 
do luigheadar isteach go dian chun saothair arís, agus is deallrach 
gur eirigh leo go seunmhar sonasach.  Sa mbliadhain 1689 d' 
bhronn an Riaghaltas a thuile buntáistíbh ortha fá úghdarás an 
Dara Rígh Seumas; acht, níor cuireadh i bhfeidhm iad de dheasgaidh 
buadhachant air ag cath fuilteach na Bóinne an lá úd do thuill sé do 
féin an ainm mhí-mhaiseamhail ghránda san - "Seumas a Chaca a 
chaill Éire". 
D'réir deallradh budh thairbheach buntáisteach an baile é Dún-
Garbhán do Riaghaltas Shasanna sgathamh dá raibh, de bhrígh go raibh 
togha na haire aca air.  Fá úghdarás an ochtmhadh Rígh hAnnraoi, 
 
sa mbliadhain 1531, do bhronnadh an Caisleán agus Fearann-
oighreachta an bhaile ar Pheadar Buitléar, Iarla Osruighe ar 
choinghíll go gcoingbheóchadh agus go gcothóchadh sé an méid a bheadh 
riachtanach chun an baile d' chosaint dá mba phráinneach é.  Sa 
mbliadhain 1545 do bhronnadh iad ar na coinghíll ceudna ar 
Riobárd San Leger.  Chúig bhliadhna 'na a dhiaidh san do fuair 
Seumas Breathnach seilbh ortha, fá úghdarás an 6adh Rígh Eudhmonn. 
Bud é an dála ceudna é le linn do'n Chéad Rígh Seumas teacht 
i gCoróinn.  'Sa dara bliadhain dá ré sin do bhronn sé iad ar 
Sheóirse Torantach ar chíos fiche púnt sa mbliadhain.  Budh shin é 
cor an baile seo ar feadh na mbliadhantaibh san.  Do fuair 
Risdeárd Ó Baoighill, Iarla Chorcaighe, seilbh ortha sa mbliadhain 
1620. 
Do réir oighreachais trí mhuinntir a mháthar, d' thuit an baile 
chun Diúic Dhebhonsiar thimcheall na bliadhna 1723, 's do fhan sé 
i seilbh na treibhe sin go dtí le déidheannaighe.  Ar shon go raibh 
ceannas aca so go léir ar mhuinntir an bhaile, ní raibh stiúrúghadh 
an bhaile ar a gcúram.  Do bhíodh buidhean ar leith i leith chuige 
sin go dtí an bhliadhain 1723.  Ó'n bhliadhain sin, gur thoghaidh 
muinntir an bhaile a gComhairleóirí féin ar an 9adh lá fichead do 
Eanair sa mbliadhain 1855, bhí cúram stiúruighthe an bhaile ar an 
Diúic agus ar a oighrí 'n a dhiaidh.  D' thoghaidh an chéad Dhiúic 
Maor le haghaidh na hoibre sin do dhéanamh dho. 
Bhí ar an bhfear-ionaid seo gach nídh do léiriughadh 's do chur i 
gcóir gan duine ar bith le cur isteach air acht a ngnó do dhéanamh 
d' réir mar d'oir do féin 's dá mhaighistir. 
Is inmheasta dá réir sin nár riaradh mar budh chóir na 
buntáistíbh do cheap an Riaghaltas do mhuinntir an bhaile, agus 
dá chomhartha san ní raibh teasdas 'ná dearbhacht 'n a thaobh i láthair 
Coisde na bliadhna 1833 'n ar bhféidir a mhalairt de thuairim a 
bheith againn as. 
Pé mar a bhí an Diúic sin agus na hUachtaráin eile do 
bhí roimhe, do dhein athair an Diúic seo mórán maitheasa do'n 
mbaile nuair do fuair sé 'n a sheilbh é.  Ar a chostas féin do 
thóg sé tóchur agus droichead tarsna abha Coileagáin idir an 
baile agus Dún na Mainistreach sa mbliadhain 1815. 
Obair an-throm do budh eadh í leis.  Tá an tóchur thimcheall 
dhá chéad rámhan agus cheithre fichid ar fhaid. 
 
Tá súil an droichid chúig throighte deug 's trí fichid ó thaobh go 
taobh.  Droichead breágh fuinneamhail 's eadh é, déanta dhe chlocha 
mhóra cóirighthe do thugadh anall ó Shean-Shasanna.  Tá sé ráidhte 
gur chosain an obair seo suas le sé mhíle púnt. 
Budh mhór an Grádh-Dia an méid sin do mhuinntir an bhaile, 
mar, nár bhféidir leo roimhe sin dul ó thaobh go taobh gan aisdear 
fada do chur ortha féin chun an abhainn do shiubhal cos-nochttha le 
huisge dtí 'n a nglúine, nuair do bheadh an taoide tráighte, nó 
neachtar aca bád-caladh do thógaint. 
(Ní chríoch).