Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. II.

Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. II.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. - II.



LIAM UA MÍODHACHÁIN
do scríobh.



Ní'l mórán bailtibh i gCúige Múmhan is feárr chun margaidh-
eachta 'ná é. Gidheadh nach bhfuil an tír mór-dtimcheall an-
shaidhbhir 'tá an bhuntáiste seo aige, .i. nach bhfuil aon bhaile do
b'fhiú a áireamh, ar an taobh is saidhbhire de'n tír fá bhun fiche míle
dho.



Cé gur ag dul i nganchúiseacht 'ta a áitightheóirí 's ag dul i
méad 'tá an baile. Do réir Clár áirimh na nDaoine do thógadh
sa mbliadain 1871 bhí 7,719 duine 'n a gcomhnuiudhe ann, acht,
foraoir! dála go leór bailtibh eile 'tá ag cóiriughadh Críochaibh
Banban 'tá an imirce thar lear ag strácadh an chroidhe as. Sa
mbliadhain 1881 ní raibh acht 6,306 duine ann, agus 'sa mbliadhain
1891 d'thuit sé siar arís go dtí 5,263 duine. D'réir Áireamh na
bliadhna 1901 bhí fuireann an bhaile i dtao' le 4,850 duine.
Deimhnigheann san go bhfuil ruagadh le fán ar Ghaodhalaibh agus
gur mithid cur in' aghaidh go dáiríribh más mian linn Éire do
bheith Gaodhalach arís mar a bhí sí i n-allód.



Dún na Mainistreach 's eadh do ghlaodhtar ar an roinn de'n
mbaile 'tá ar an taobh thuaidh de'n abhainn. Pé neimh-chinnteacht
'tá orainn i dtaobh bunadhas Dhún-Garbhán, ní'l aon mhearbhthal
orainn i dtaobh bunadhas an bhaile seo. Mainistir do chur
Manaigh de Órd Naomh San Tabhaistín ar bun annso leis sa
tríomhadh haois deug. Do chuidigh dream de threibh na gCraithigh,
do chomhnuigh tráth i nGleann Aoidh Buidhe i n-aice Leasa Móire,
agus dream de threibh na mBrianaigh ó'n gCumarach, leis na
manachaibh ag tógaint na mainistire seo, agus do bhronnadar
ortha an fearann do ghaibh léithe. Tá fallaidhe agus túr na
mainistreach seo 'na seasamh fós.



Fá fhuinneóg ar an taobh thuaidh de'n tsean-chill tá leacht-lighe
mhór le feicsint, agus, ar shon go bhfuil mór-chuid de'n sgríbh-
neóireacht do-léighte, do b'fhéidir na focail seo do dhéanamh
amach: "Donald Mac Grath, 1400". Is iontuigthe as san gur


L. 368


fá an lic seo do fuair an tréin-fhear charthanach san an ionad
deireannach 'san saoghal so.



Taobh leis an mhainistir seo do thógadh teampall Catoilicigh
'sa mbliadhain 1820, agus do righneadh é de choimh-cheangal le
túr na sean-mhainistreach.



Is mór an mhaise agus an fhoithint do'n teampall an túr so.
Tá sé 'n-a sheasamh go daingean láidir ar thaobh na gréine, ag
éirghe i n-áirde trí fichid troigh san spéir.



Timcheall trí fichid rámhan ar an taobh thuaidh de'n Teampall
so tá fothrach Sean Chaisleáin. Níl aon chúntas againn 'n a thaobh
so, acht go bhfuil sé ráidhte gur thóg na Crathaigh é mar adhbhar
cosnaighthe na Mainistreach. Is deallrach leis go raibh práinn
le'n a leithéid an tan sin, agus i bhfad roimhe.



'S na bliadhantaibh 912, 913 agus 915 do dheineadar na
Lochlannaigh Baile Dhún-Garbhán d'ionnsughadh agus d'réir
tuairisce is aindis an oídeadh do fhágadar ar an Mhainstir
ann.



I ndeire an ochtmhadh aois is eadh d'ghabhadar so cuan
i nÉirinn ar dtúis. Le'n a ré sa dtír aimsir chráidhte cheasta do
mhuintir na hÉireann d'budh eadh í.



Ní raibh aon teora leis an méid do fhulaing na Gaedhil trí
fhóirneart agus trí fheall-bheartaibh an aicme seo, de bhrígh go
ndeárnadar na Lochlannaigh sladadh 's creachadh i ngach ball do
b'fhéidir leo.



Budh bheas leo fogha do thabhairt fá áit nuair is lúgha d'bheadh
coinne leo. Budh anamh iad ag bruachadaighil ar fuaid baill
agus do dhéinidís a n-obair chomh glic 's chomh gasta san go
mbíodh a gcreach bailighthe chun siubhail aca sul d'fhéadfaidhe cosc
do chur leo.



Dream namhadmhar fuathmhar do Chríosdaigheacht 's do
Chreideamh d'budh eadh iad, agus dá bhithin sin, budh mhinic iad ag
déanamh ár 's léirsgrios 's a fuadach leo ollmhaitheas na
mainistreachaibh. Nuair d'fhuighidís aga air ní fhágaidís faic fá
mhúir a'tíghe nach sgiobfaidís chun siubhail, dá m'fhiú é, agus
mar an bh'fhiú teine do thabhairt do. Do leanadar ar an gcuma
san go cealgach clamparach gur chuireadh deire le'n a réim i
gCluain Tairbh.


L. 369


Do bhí an saoghal socair go leor ar fuaid an bhaile 'n a dhiaidh
san, gur tháinig na Normannaigh i dtír ar chuireadh Dhiarmuid
Mac Murchadha. I meadhon an dara aois deug do thárla gur
eirigh imreasán idir Dhiarmuid Mac Murchadha (Diarmuid na
nGall) do bhí n'a Rígh ar Laighean an tráth san, agus Ruaidhrí Ua
Conchubhair, Árd-Righ Éireann. Fear droich-bhéusach, mí-iomchurach,
iseal-aigeantach do budh eadh Diarmuid, agus dá bhrígh sin do thuill
sé dho féin fuaith agus fearg an Rígh i gcás gur dheineadh é
d' dhíbhirt ó'n gCoróinn.



Chun a shainnt do agairt ar an Árd-Rígh, do ghluais sé roimhe
dtí an bhFrainnc chun a ghearán do dhéanamh leis an Dara hAnn-
raoi, Rígh Shasanna, ag tnúth le n-a shár-chongnamh san chun fuas-
gailt do dhéanamh air as an gcruadhchás so.



Budh é sin an bheart dúbhach deórach do Ghaodhalaibh, de bhrigh
gurab é budh chionntach le sluaightibh namhadmhara Shasanna do
tharraingt ortha ar dtúis. De bhárr athchuinge an chladhaire seo,
do sheóladh cabhlach ghléasta anall chúghainn sa mbliadhain 1169;
acht ní raibh sé'n a gcumas san mórán díoghbhála do dhéanamh,
agus b'éigin do Dhiarmuid a aghaidh do thabhairt ar Shasanna arís.



Do gheall an tIarla Risteárd de Clár, .i. Strongbó, teacht
i bhfóirighthint air, ar choingíll go dtabharfadh sé a inghean do le
pósadh agus i n'fhochair sin pé oighreachtaí do bhéadh 'n a dhiaidh
tar éis a bháis.



Sa mbliadhain 1170 do bhuail an tIarla Strongbó cuan i
bPortláirge, agus trí mhíie saighdiúirí mileadhta le n-a chois.
Tar éis dóibh ár is léirsgrios do dhéanamh ar fuaid na Laighean,
d'ionnsuidh cuid dá shluaighte Lios Mór, sa mbliadhain 1174, ar
tí an baile agus na triochadh céad budh choimhneasa dho do
shladadh 's do chreachadh. Budh é Réamonn Reamhar Mhic Ghearailt
dearbhráthair céile Strongbó, do bhí mar cheann-urraidh ortha.
Nuair a bhí deire sgriosta déanta aca i Lios Mór, do leanadar
órtha cois na habhann ó dheas go rángadar gairid d'Eochaill.



Ag inbhear na nAbha Mhóire annso do chuireadar roinnt dá
gcreach ar bhórd árthaighe do fuaireadar rompa ann, agus do
sheóladh go Portláirge iad.



Do leanadar dream de mhuinntír Chorcaighe ar a dtóir, acht
do theip ortha teacht suas leo.



An méad nár fhéadadar do chur ar bórd san áit seo do


L. 370


sheoladar Réamonn 's a chomhlucht rompa iad. Do righneadar
ceann ar aghaidh go Dún-Garbhán, ag creachadh 's a' fuadach gach a
raibh ar a mbealach, sa tslighe go raibh suas le cheithre mhíle
beithightheach rompa amach ag déanamh ar an mbaile sin.



Do ionnsuidh Diarmuid Mac Cárthaigh, Prionnsa Dheas Mhúmhain
iad, acht do chuireadh an cath ar Dhiarmuid agus a chomhlucht.



De dheasgaidh oibre an lae sin, do chuireadh Dún-Garbhán fá
úrlámhas Shasanna. Do bhí an baile fá riaradh Strongbó annsan,
agus do bhronn seisean é ar an Dara hAnnraoi, Rígh Shasanna.



Nuair do bhí ag éirghe chomh maith san leis na Gallaibh agus
seilbh 'ghá ghabháilt aca, nach mór, ar na príomh-bhailtibh uile
d'ionnsuigheadar, do lean a thuile dá muinntir anall iad, agus,
dá bhrígh sin, ní raibh dada ar siubhal ar fuaid na tíre an uair
sin acht bualadh 's bachram idir Ghaodhalaibh, Ghallaibh, 's Lochlann-
achaibh mar do bhídear.



Cun réidhteach do dhéanamh eatorra, tháinig Rígh Shasanna anall
sa mbliadhain 1210. Budh é Rígh Seaghán do bhí ar an gcoróinn
an uair sin.



Nuair do bhí an tsíothcháin déanta aige, do cheap sé 'n-a aigne
gach baile do bhí 'n-a sheilbh a dhaingniughadh agus na dronga do
chomhnuigh ionnta do chur fá riaghail.



Le linn na huaire sin, do thóg sé Caisleán cois na taoide i
nDún-Garbhán san áit atá Barcur na Síoth-mhaor anois. Do thóg
sé dún thimcheall an chaisleáin seo mar chóir chosnaimhthe air.



Do chuireadh túr agus badhon ar gach uilinn de'n dún, acht ní'l
túr, badhon, ná caisleán le feicsint anois acht aon túr amháin
atá 'n-a sheasamh ar an taobh thiar de. Tá sé ráidhte gur thógadh
an túr so níos déidheannaighe 'ná an chuid eile, agus gur righ-
neadh an dún d'fhairsingiughadh sa gceathramhadh haois deug. Bhí
pampa mór i lár an dúin seo, acht do dhúnadh suas é de bhrígh go
raibh an t-uisge ró-ghuirt. Ar an ionad so, leis, do thógadh
lann-airm (military barracks) 'san aois seo caithte againn, agus
do chuireadh buidhean saighdiúirí ann chun an baile do chosaint.
Sa mbliadhain 1882, d'aistrigheadh na saighdiúirí ar fad as an
mbaile, agus tá an áit go léir anois i seilbh shíoth-mhaoir an bhaile
ó thosach an earraigh seo caithte againn.



Is deallrach, leis, gur le linn an chaisleáin do thógaint 's eadh
do chuireadh múir leis an mbaile.


L. 371


Do rioth an falla so ó'n Dún thoir cois na trágha ó dheas nach
beag dtí an Pháirc anois, as san siar díreach dtí bárr Shráid na
mBráthar. Do rioth sé síos an tsráid sin go dtí Sráid Pharnell
anois, áit 'n-a raibh geataí an bhaile an tan sin, agus ó'n ngeata
san soir ó thuaidh dtí an Dún arís.



Dála an Dúin, bhí túir is badhona ar uilnnibh na múrthaibh
leis. Ní'l a rian le feicsint anois, acht beagán de'n bhfalla 'tá
ag bárr Sráid an Teampaill.



Chomh fada siar leis an mbliadhain 1463 deirtear linn go
raibh Dún-Garbhán 'n-a bhaile mhór fhairsing an tan sin.



Do chuireadh Acht ar bun i bFeis Shasann an bhliadhain sin, le
linn do'n Cheathramha Righ Éamonn a bheith ar a gCoróinn, ag
tabhairt cead do mhuinntir na háite a stiúrughadh féin do bheith
ar an mbaile aca, agus ag cur cúram cosnaimh agus coimeádtha
an chaisleáin agus múrthaibh an bhaile ar Thomás Mac Gearailt
Iarla Dheas-Mhumhan.



Do órduigheadh do-san an caisleán agus na múir do dheis-
iughadh, do dhaingniughadh, agus do choimeád amhlaidh, agus costas
na hoibre sin do bhaint as sraith-chíos an bhaile. Do luadh leis
san Acht so gurab é fearann-oighreachta Dhún-Garbhán an oigh-
reacht badh uaisle agus budh ársaidh do bhain leis an Rígh i
nÉirinn.



Ar theacht i gcoróinn do'n Chéad Righ Seumas do mholadh an
reacht ceudna ar an mbaile ar an 4adh lá do Eanair sa
mbliadhain 1609. Bhí gach buntáiste ag na háitightheóirí do
lamháladh dóibh san Acht roimhe sin, acht, amháin gurab ar an
Riaghaltas féin do bhí an Lucht Treórtha do thoghadh. Dá bhrígh sin
ní raibh baint ná páirt ag sna háitightheóirí féin le riaghlughadh
an bhaile agus is inmheasta d'réir tuairisge go raibh tuaiplis
éigin dá dheanamh ag sna Comhairleóirí seo, de bhrígh nach raibh sé
ar chumas an Choisde Ríoghamhuil d' thionóladh annso sa mbliadhain
1833 do dhéanamh amach an raibh an baile fá n-a smacht nó nach
raibh.



Le linn na h-Éireannaigh d' eirghe i gcoinne na nGall d'
ghlacadar saighdiúirí Shasanna seilbh ar an mbaile sa mbliadhain
1642. Fear darab ainm Rosington a bhí mar thaoiseach ortha.



Nuair d' shaoil sé go raibh greim daingean ar an áit aige do
bhuail Gaedhil chalma na nDéise bob air. Do éaluigheadar thar


L. 372


na múrthaibh nuair do bhí beagán coinne leo agus do righneadar
ár na na Sasannaigh a bhí ann. Do ghléasadar long annsan agus
do cuireadh chun siúbhail í dtí an bhFrainnc fá dhéin lón-cogaidh 's
do chongbhuigheadar greim ar an gCaisleán agus ar an mbaile
ar feadh dhá bhliadhan.



I Mí na Bealtaine san mbliadhain 1647 do ath-thóg an
Tighearna Innse-Cuinn, .i. Murchadha an Tóiteáin, do'n Rígh é,
agus d' fhan sé 'n a sheilbh sin gur thog Cromuell do féin 's do
Phárlamaid é i n-aghaidh an Rígh.



Ar an dara lá dhe Mhí na Nodlag sa mbliadhain 1649 do fhág
Cromuell Cathair Phortláirge agus do ghluais roimhe ceann ar
aghaidh go Dún-Garbhán ag sladadh 's ag slaodadh gach a dtáinig
ar a chomhgar. Lá fliuch séidthe budh eadh é. Do admháil Cromuell
fhéin gurbh é an lá budh aindisíghe agus budh annróchaíghe do
theagbhuigh air riamh é.



Nuair do shreis sé Coill Mhic Thomáisín do bhí an Abha Machan
ag brúchtaighil ar gach taobh le faobhar-neart tuile de bhárr na
báisdíghe agus na trom-fhearthanna. B'éigin do féin agus dá
shluagh mhalluighthe cur suas ar fuaid na háite sin gur thrághaidh
an abhainn beagán.



Cé gur ghéill muinntir Dhún-Garbhán do'n Tighearna Bróghcoill
ar an tríomhadh lá de'n mhí níor shásmhuigh san an cladhaire fhol-
chíocrach mhalluighthe seo, bhí an oiread san droch-fhuadair faoi, le
neart boirbeacht 's droich-mhianaigh d' thug sé órdughadh dhá
shaighdiúirí gabháilt do chlaidheamh ar mhuinntir an bhaile sin.



Do ionnsuidh sé an baile um thráthnóna an 4adh lae. Sul ar
bhuail sé an baile do chuir sé roinnt dá shluagh chun gabháilt do
philéir ar Chaisleán Cnoc Máin, agus do dhírigh sé féin 's a chomh-
lucht go cath-chraoiseach ar Dhún-Garbhán. Ag déanamh isteach ar
an mbaile dhóibh do bhí Cromuell féin ar cheann an tsluaigh. Do
thárla go raibh tigh tábhairne ag bean de's na nÓglaigh ar thaobh an
bhóthair. Do ionnsuidh bean a' tábhairne Cromuell agus corn
beórach 'na a láimh aici. Do rug sí greim ar shrian a chapaill agus
do chuir sí fáilte roimhe. Nuair do theann sé an srian, do árduigh
sí an corn agus do labhair leis os árd ag rádh. "Sid é do
shláinte a thréin-fhir ghroidhe, ól deoch le do thoil, is deallrach go
bhfuil aisdear fada ort." Baineann sé le deallradh go raibh
dúil 'sa mbraon aige mar bhárr ar gach cáilidheacht eile a bhí 'ghá


L. 373


bhorradh 's 'á ghriosadh chun droch-oibre, mar do ghlac sé an corn
uaithe, do ghaibh sé buidheachas léithi, 's do dhiúg sé siar 'n a chraos-
bholg é.



Iar sin do órduigh sí an méid díghe do bhí fá mhuir a' tíghe do
chur ar bórd le h-aghaidh na saighdiúirí, agus nuair do bhí gach a'
rud ollamh dóibh do óladar a sáith mar budh mhór é a bpráinn
leis t'réis annró na laetheanntaibh roimhe sin.



Tá sé ráidhte gur chuir féileacht na mná so an oiread san
sásaimh agus suaimhneas aigne ar Chromuell gur cheap sé cead a
gcos do thabhairt do mhuinntir an bhaile agus do thug sé órdughadh
láidir uaidh gan a'rud do lot 'ná do mhilleadh acht amháin an
Caisleán agus an Teampall.



Trí lá i ndiaidh an gabáltas so, do cailleadh ar an mbaile
Taoiseach le Cromuell darab ainm Ións, (Jones). Bhí amhras
láidir ag bean a' tighe 'n ar chailleadh é, gur nimh a thug Cromuell
do budh chionntach le'n a bhás, de bhrígh go raibh luadar ar siúbhal
nach rabhadar a' réidheachant ró-mhaith le chéile. Do bhraith
Cromuell go raibh sé seo ag déanamh "uisge fá thalamh" idir é
féin agus Rígh Shasana. Is éigcinnte leis nó do bhí mar do bhí sé
do thuairisg air go raibh sé 'n a fhear dhaonna charthannach, agus
nár thaithnigh leis a bheith páirteach 's na gníomhtharthaibh barbardha
neamh-dhaonna do bhí idir lámha aca an tan sin. Acht, faraoir!
níor eirigh a mhacántacht leis. Mar dhíoluigheacht deigh-mhéinne
dho do gabhadh é féin, le feall, i n-inniol na síorruidheachta.



Do thugadh a chorp go hEóchaill agus do adhlacadh é i Séipéal
Iarla Chorcaighe.



Nuair do chriothadar muinntir an bhaile dhíobh an méid sgáth 's
eagla do chuir an claon-fhealltóir seo go smior 'n a gcnámhnaíbh,
do luigheadar isteach go dian chun saothair arís, agus is deallrach
gur eirigh leo go seunmhar sonasach. Sa mbliadhain 1689 d'
bhronn an Riaghaltas a thuile buntáistíbh ortha fá úghdarás an
Dara Rígh Seumas; acht, níor cuireadh i bhfeidhm iad de dheasgaidh
buadhachant air ag cath fuilteach na Bóinne an lá úd do thuill sé do
féin an ainm mhí-mhaiseamhail ghránda san - "Seumas a Chaca a
chaill Éire".



D'réir deallradh budh thairbheach buntáisteach an baile é Dún-
Garbhán do Riaghaltas Shasanna sgathamh dá raibh, de bhrígh go raibh
togha na haire aca air. Fá úghdarás an ochtmhadh Rígh hAnnraoi,


L. 374


sa mbliadhain 1531, do bhronnadh an Caisleán agus Fearann-
oighreachta an bhaile ar Pheadar Buitléar, Iarla Osruighe ar
choinghíll go gcoingbheóchadh agus go gcothóchadh sé an méid a bheadh
riachtanach chun an baile d' chosaint dá mba phráinneach é. Sa
mbliadhain 1545 do bhronnadh iad ar na coinghíll ceudna ar
Riobárd San Leger. Chúig bhliadhna 'na a dhiaidh san do fuair
Seumas Breathnach seilbh ortha, fá úghdarás an 6adh Rígh Eudhmonn.
Bud é an dála ceudna é le linn do'n Chéad Rígh Seumas teacht
i gCoróinn. 'Sa dara bliadhain dá ré sin do bhronn sé iad ar
Sheóirse Torantach ar chíos fiche púnt sa mbliadhain. Budh shin é
cor an baile seo ar feadh na mbliadhantaibh san. Do fuair
Risdeárd Ó Baoighill, Iarla Chorcaighe, seilbh ortha sa mbliadhain
1620.



Do réir oighreachais trí mhuinntir a mháthar, d' thuit an baile
chun Diúic Dhebhonsiar thimcheall na bliadhna 1723, 's do fhan sé
i seilbh na treibhe sin go dtí le déidheannaighe. Ar shon go raibh
ceannas aca so go léir ar mhuinntir an bhaile, ní raibh stiúrúghadh
an bhaile ar a gcúram. Do bhíodh buidhean ar leith i leith chuige
sin go dtí an bhliadhain 1723. Ó'n bhliadhain sin, gur thoghaidh
muinntir an bhaile a gComhairleóirí féin ar an 9adh lá fichead do
Eanair sa mbliadhain 1855, bhí cúram stiúruighthe an bhaile ar an
Diúic agus ar a oighrí 'n a dhiaidh. D' thoghaidh an chéad Dhiúic
Maor le haghaidh na hoibre sin do dhéanamh dho.



Bhí ar an bhfear-ionaid seo gach nídh do léiriughadh 's do chur i
gcóir gan duine ar bith le cur isteach air acht a ngnó do dhéanamh
d' réir mar d'oir do féin 's dá mhaighistir.



Is inmheasta dá réir sin nár riaradh mar budh chóir na
buntáistíbh do cheap an Riaghaltas do mhuinntir an bhaile, agus
dá chomhartha san ní raibh teasdas 'ná dearbhacht 'n a thaobh i láthair
Coisde na bliadhna 1833 'n ar bhféidir a mhalairt de thuairim a
bheith againn as.



Pé mar a bhí an Diúic sin agus na hUachtaráin eile do
bhí roimhe, do dhein athair an Diúic seo mórán maitheasa do'n
mbaile nuair do fuair sé 'n a sheilbh é. Ar a chostas féin do
thóg sé tóchur agus droichead tarsna abha Coileagáin idir an
baile agus Dún na Mainistreach sa mbliadhain 1815.



Obair an-throm do budh eadh í leis. Tá an tóchur thimcheall
dhá chéad rámhan agus cheithre fichid ar fhaid.


L. 375


Tá súil an droichid chúig throighte deug 's trí fichid ó thaobh go
taobh. Droichead breágh fuinneamhail 's eadh é, déanta dhe chlocha
mhóra cóirighthe do thugadh anall ó Shean-Shasanna. Tá sé ráidhte
gur chosain an obair seo suas le sé mhíle púnt.



Budh mhór an Grádh-Dia an méid sin do mhuinntir an bhaile,
mar, nár bhféidir leo roimhe sin dul ó thaobh go taobh gan aisdear
fada do chur ortha féin chun an abhainn do shiubhal cos-nochttha le
huisge dtí 'n a nglúine, nuair do bheadh an taoide tráighte, nó
neachtar aca bád-caladh do thógaint.



(Ní chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services