Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
Feargus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Ní Éireannach go Gaedhilgeoir. Tuigeann na Sasa- naigh é sin go dian-mhaith, níos fearr na thuigeann muinntir Chonndae Mhuigh Eo, an Chonndae is Gaedhea- laighe i nÉirinn. Tógadh uaill gháiridhe fá Sheaghán Diolún i dTigh na Feise i Lunduinn an oidhche fá dheireadh nuair 'fhiafraigh feisire eile dhe an raibh Gae- dhilg aige. Níor nár leis admháil ná raibh. Is mar seo 'éirigh an cheist eatortha. Bhí an fear eile ag tagairt dho na Búrachaibh agus dá nduthaigh a bhfad thar tuinn, agus dubhairt an Diolúnach nár chóir géilleadh dá chuid chainte ó nár fhéad sé teanga na mBúrach a labhairt nuair bhí sé 'na dtír. Is dócha, dá réir sin, gurab í ciall ná faghann an Diolúnach féin puinn toraidh ar a chomhrádh gan teanga na ndaoine rinne feisire dhe do bheith aige, an teanga atá dá labhairt ó stroicin go clár éadain i gConndae Mhuigh' Eo. "An labhrann tusa Gaedhilg?" ars' an fear eile, "Tá Beurla i nÉirinn," d'fhreagair an Diolúnach. Tá deanamh a ngnótha de Bheurla ag na Búrachaibh, acht labhrann a bhfeisirí a dteanga dhúthchais, agus tá a rian ortha, ní ag gáirí fútha bhíonn na Sasanaigh. Corruigheacht agus dá fhichid míle acra de thalamh na h-Éireann a bhí fá churaidóireacht anuraidh níos lugha ná mar bhí an bhliadhain roimhe sin. Ní raibh thar an trío- mhadh cuid de'n talamh fá ros a bhíodh sé bliadhna ó shoin. Tá fiche milliún acra ar fad i nÉirinn. Bhí breis agus a leath sain ag tabhairt féir, agus gan acht aon mhilliún amháin agus céad míle acra curtha. Bhí an chuid eile ag cothughadh na naosgach gan fiú na gcrann ag fás ann. Dá mbeadh an t-oileán so dhá roinnt anois, bheadh cheithre acra go leith ag gach fear, bean agus páisde dá bhfuil i dtuaith agus i sráid. Acht bhí os cionn 61,000 feirm ann anuraidh ná raibh acht acra ar leithead, nó fá na bhun. Más fíor ná bíonn de luach sa talamh acht dá mhéid a baintear de, tá talamh na hÉireann ag dul chum deiridh gach aon bhliadhain. Cloisimíd gur shaor ár gcara Tomás Ó h-Aodha, de lucht na Gaedhilge i mBaile Áth' Cliath, buachaill a bhí dhá bhathadh sa mhuir le h-ais Sráide na Cathrach i n-iarthar Chláir. Bhí an fear bocht tabhartha amach, agus dhá throigh déag d'uisge faoi, nuair chuir Tomás ins an tsnámh agus rug air ag dul fá loch do. Bathadh triúr sa tSiúir ag Portláirge aon lá amháin an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Mac do Chaptaen luinge b'eadh duine acu. Chonnaic a mháthair ag tuitim san abhainn é, agus chaith sí í féin isteach na dhiaidh le súil é shaoradh. Níor bh'aon mhaith dhi sin, agus is ar éigin a bhí an t-anam innti féin nuair tógadh í. Bhí caint éigin an lá eile ar agallaimh eile idir Sheaghán Diolún agus an Réamannach agus Tadhg Ua h-Éilidhe. Féachaint an bhfaghduisteacht chum socaruigthe le chéile, acht ní fada mhair an chaint. Sgríobh gach nduine dhíobh litir dhá rádh go mb'fhearr leo an réidh- teach ná an saoghal, acht níos giorra ná sain níor fhéadadar teacht dá chéile, agus rud eile, níor shaoil aoinne i nÉirinn go dtiucfaduis níos giorra ná sain dá chéile. Tá daoine ann adeir go réidhteochaidh an dúthaigh "na bearta cruadha" dhóibh fá cheann dhá bhliadhan ó indiu. Cuireadh leath-bhliadhain príosúin, agus bannaidhe síothchána nó ráithe eile istigh, ar fhear i mBaile Áth' Cliath i dtaobh bheith ag gabháil ar chailín beag d'inghin do nó go mbíodh sí dubh agus gorm aige. Cheithre bliadhna déag d'aois atá an cailín. Nuair thagadh seisean a bhaile ar dearg-bhuile le meisge ghabhadh sé de chosaibh innti, agus bhaineadh di go dtí an léine, le h-eagla ná luighfeadh an tlúdh na cheart uirthi. Dubhairt an breitheamh ná faca sé cladhaire dubh-chroidheach riamh go dtí é. Bhí Eibhlín Ní Mhurchadha agus Domhnall Ua Ceallacháin i ndlighe le chéile i gCorcaigh le déidheanaighe mar gheall ar Dhomhnall a bhriseadh a gheallamhna go bpósfadh sé ise. Bhí sé ag leigint air le dhá bhliadhain go bpósfadh sé í, agus ag baint póige dhi nuair fhaghadh sé faill air. Tháinig aithmhéaltas obann aon lá amháin air. Do thuit sruth deor leis, agus dubhairt na féadfadh í phósadh. Mhol an choisde seacht gcéad go leith púnt do'n chailín macánta. Feargus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services