Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Ní Éireannach go Gaedhilgeoir. Tuigeann na Sasa-
naigh é sin go dian-mhaith, níos fearr na thuigeann
muinntir Chonndae Mhuigh Eo, an Chonndae is Gaedhea-
laighe i nÉirinn. Tógadh uaill gháiridhe fá Sheaghán
Diolún i dTigh na Feise i Lunduinn an oidhche fá
dheireadh nuair 'fhiafraigh feisire eile dhe an raibh Gae-
dhilg aige. Níor nár leis admháil ná raibh.
Is mar seo 'éirigh an cheist eatortha. Bhí an fear
eile ag tagairt dho na Búrachaibh agus dá nduthaigh
a bhfad thar tuinn, agus dubhairt an Diolúnach nár chóir
géilleadh dá chuid chainte ó nár fhéad sé teanga na
mBúrach a labhairt nuair bhí sé 'na dtír. Is dócha, dá
réir sin, gurab í ciall ná faghann an Diolúnach féin
puinn toraidh ar a chomhrádh gan teanga na ndaoine
rinne feisire dhe do bheith aige, an teanga atá dá
labhairt ó stroicin go clár éadain i gConndae Mhuigh'
Eo. "An labhrann tusa Gaedhilg?" ars' an fear eile,
"Tá Beurla i nÉirinn," d'fhreagair an Diolúnach.
Tá deanamh a ngnótha de Bheurla ag na Búrachaibh,
acht labhrann a bhfeisirí a dteanga dhúthchais, agus tá a
rian ortha, ní ag gáirí fútha bhíonn na Sasanaigh.
Corruigheacht agus dá fhichid míle acra de thalamh na
h-Éireann a bhí fá churaidóireacht anuraidh níos lugha ná
mar bhí an bhliadhain roimhe sin. Ní raibh thar an trío-
mhadh cuid de'n talamh fá ros a bhíodh sé bliadhna ó
shoin. Tá fiche milliún acra ar fad i nÉirinn. Bhí
breis agus a leath sain ag tabhairt féir, agus gan acht
aon mhilliún amháin agus céad míle acra curtha. Bhí
an chuid eile ag cothughadh na naosgach gan fiú na
gcrann ag fás ann.
Dá mbeadh an t-oileán so dhá roinnt anois, bheadh
cheithre acra go leith ag gach fear, bean agus páisde
dá bhfuil i dtuaith agus i sráid. Acht bhí os cionn
61,000 feirm ann anuraidh ná raibh acht acra ar leithead,
nó fá na bhun. Más fíor ná bíonn de luach sa talamh
acht dá mhéid a baintear de, tá talamh na hÉireann
ag dul chum deiridh gach aon bhliadhain.
Cloisimíd gur shaor ár gcara Tomás Ó h-Aodha, de
lucht na Gaedhilge i mBaile Áth' Cliath, buachaill a bhí
dhá bhathadh sa mhuir le h-ais Sráide na Cathrach i n-iarthar
Chláir. Bhí an fear bocht tabhartha amach, agus dhá
throigh déag d'uisge faoi, nuair chuir Tomás ins an
tsnámh agus rug air ag dul fá loch do.
Bathadh triúr sa tSiúir ag Portláirge aon lá amháin
an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Mac do Chaptaen
luinge b'eadh duine acu. Chonnaic a mháthair ag tuitim
san abhainn é, agus chaith sí í féin isteach na dhiaidh le
súil é shaoradh. Níor bh'aon mhaith dhi sin, agus is ar
éigin a bhí an t-anam innti féin nuair tógadh í.
Bhí caint éigin an lá eile ar agallaimh eile idir
Sheaghán Diolún agus an Réamannach agus Tadhg Ua
h-Éilidhe. Féachaint an bhfaghduisteacht chum socaruigthe
le chéile, acht ní fada mhair an chaint. Sgríobh gach
nduine dhíobh litir dhá rádh go mb'fhearr leo an réidh-
teach ná an saoghal, acht níos giorra ná sain níor
fhéadadar teacht dá chéile, agus rud eile, níor shaoil
aoinne i nÉirinn go dtiucfaduis níos giorra ná sain
dá chéile. Tá daoine ann adeir go réidhteochaidh an
dúthaigh "na bearta cruadha" dhóibh fá cheann dhá bhliadhan
ó indiu.
Cuireadh leath-bhliadhain príosúin, agus bannaidhe
síothchána nó ráithe eile istigh, ar fhear i mBaile Áth'
Cliath i dtaobh bheith ag gabháil ar chailín beag d'inghin do
nó go mbíodh sí dubh agus gorm aige. Cheithre bliadhna
déag d'aois atá an cailín. Nuair thagadh seisean a
bhaile ar dearg-bhuile le meisge ghabhadh sé de chosaibh
innti, agus bhaineadh di go dtí an léine, le h-eagla ná
luighfeadh an tlúdh na cheart uirthi. Dubhairt an
breitheamh ná faca sé cladhaire dubh-chroidheach riamh go
dtí é.
Bhí Eibhlín Ní Mhurchadha agus Domhnall Ua Ceallacháin
i ndlighe le chéile i gCorcaigh le déidheanaighe mar gheall
ar Dhomhnall a bhriseadh a gheallamhna go bpósfadh sé
ise. Bhí sé ag leigint air le dhá bhliadhain go bpósfadh
sé í, agus ag baint póige dhi nuair fhaghadh sé faill air.
Tháinig aithmhéaltas obann aon lá amháin air. Do thuit
sruth deor leis, agus dubhairt na féadfadh í phósadh.
Mhol an choisde seacht gcéad go leith púnt do'n chailín
macánta.
Feargus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11