Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán.
Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán. LIAM UA MÍODHACHÁIN do scríobh. I mbliadhain a sé cheud trí bliadhna 's fiche d'aois ár Slánuightheóra do thóg Manaigh de Órd Naomh San Tabhaistín mainistir ar chliathán an chnuic taobh leis an áit 'n a bhfuil Cathair mhór Chorcaighe suighte anois. Budh é Naomh Fionn Bárr do bhí mar Uachtarán ortha. Do cheap an naomh oirdheirc seo go mba thairbheach riachdanach an rud é do'n gCreideamh gCatoilicigh dá mbéadh mainistreacha de'n tsórt so tógtha thall 's abhus ar fuaid na tíre, ionnus go mbeidís na Manaigh i gcomhgar na ndaoine chun iad do stiúr- ughadh agus do choimeád ar stad na ngrás agus ar shlighe na fírinne. Chuige sin do sheól sé deisgiobail ar fuaid na tíre ag lorg ionada oireamhnacha chun a dheagh-shmuaintibh do chur i bhfeidhim, agus chun toradh na smuainte sin do leathnughadh agus do bhuanughadh imeasg na ndaoine. Budh é toil Dé gur bhuail duine dhíobh so darab ainm Naomh Garbhán an áit seo. Do thóg sé mainistir ann 's do bhaisteadh uirthe Mainistir Naomh Muire, agus as san do fhás baile mór Dhann-Garbhán atá. Níl cúntas ró-chruinn againn ar an bhliadhain do thógadh í, acht is cinnte gur chuireadh ar bun í roimh meadhon na seachtmhadh h-aoise. Níltear deimhneach acht an oiread cá raibh sí suighte. Bhí amhras láidir ag úghdaraibh léigheanta go raibh láithreach na mainistreach so le feicsint fós ins an tsean-roilig atá anois. Ní raibh de chomhartha ar sin aca, ámhthach, acht tuairim do bhainnt as sean-phinniúir 'tá 'n a seasamh fós 's an roilig sin. Pinniúir is eadh í seo 'tá 'n a seasamh go buacach beannach, gan taca gan gárda chun í do neartughadh 'ná do chosaint i n-aghaidh na gaoithibh cruadha 'tá 'ghá troid leis na ciantaibh. Pé cor a bhain di nó pé adhbhar a bhí léithe do chuirfeadh an deallradh snoighte neamhchumonta atá uirthe i n-umhail do dhuine gur fada
siar 's na meadhon aoisibh do cuireadh ar a bonn í. Aoinne do bhuaileadh isteach geata na roilige seo budh dheacair do filleadh gan glinniughadh ar an sean-fhalla so. Falla mór téagartha 's eadh é. 'Tá sé suas le deich dtroighthe 's fiche ar aoirde, os cionn sé troighthe deug 's fiche ar fhaid, agus thimcheall trí troighthe ar leathad ag an a bhun. Do réir mar do éirigheann sé anáirde leathnuigheann sé beagán go mbuaileann sé port-falla i bhfoigseacht cúig nó sé troighthe do'n a bhárr. 'Tá cúig cinn de fhuinneóga beaga cruinne air 'tá suighte i bhfoigseacht ocht nó naoi dtroighthe dhá chéile. Ní'lid na fuinneóga so acht deich n-órlach ar leathad ar an taobh amuigh, acht 'táid ag fairsingiughadh do réir mar a theidhid tríd an bhfalla sa tslighe go bhfuilid os cionn slat sa gcroislíne ar an taobh istigh. Díreach glan ar a aghaidh seo amach, thimcheall cheithre rámhan deug soir uaidh 'tá pinniúir an teampuill Gallda 'n a sheasamh anois. 'Tá sé ráidhte gur thógadh an teampall so thimcheall dhá cheud bliadhain ó shoin ar ionad teampall Chatoilicigh a bhí ann dtí gur dheineadh pléasgadh 's raobhadh air i n-aimsir Chromuell. Is deallrach nach raibh an teampall so maiseamhail 'ná fair- sing a ndóthain do threibh Shasanna a bhí ag brughadh isteach ar an mbaile 'na a dhiaidh san, mar do leagadh roinnt mhaith dhe agus do dheineadh é d'aththógaint arís sa mbliadhain 1827. 'Tá an falla theas de'n theampall so i bhfad níos tiúbha agus an cheárduigheacht air níos ársaidh 'ná na fallaidhe eile, agus dá leanfaidhe air siar díreach d'oirfeadh sé go comhthrom ceart do chúinne theas na sean-phinniúrach. Is follus dá réir sin go raibh árus fada fairsing ann i n-allód, agus is truaigh go bhfuiltear aineólach ar a bhunadhas agus ar a chrích, óir mar adubhras cheana, ní'l acht amhras againn gurab é seo láithreach na mainistreach. Do laigheadaigh ár meas ar an dtuairim sin féin thimcheall dosaoin bliadhantaibh ó shoin. 'Sa mbliadhain 1892 thárla go raibh saoir ag obair ar shean-fhothrach ag bun an lána ar thaobh do láimh deise ag gabhail síos dtí Barcur na Síoth-mhaor anois. Ag leagaint an mhoirtéil do's na fallaidhe dhóibh d'fhoillsigheadar ionad doruis agus fuinneóga a bhí foillighthe ó'n saoghal le tréimhse fhada roimhe sin. Budh léir le feicsint d'réir a gcruth
's a gcumadh gur bhaineadar le ceallaibh cian-aosta. Do chuireadh fios ar an toghadh sgoláire Gaodhalach san, Mícheál Ua Béara agus roinnt daoine eile tuairimeamhla. Do dheineadar san lán-scrúdughadh ar fuaid baill. Tar éis dóibh gach nidh do ghlinniúghadh go géar-chúiseach budh é a mbaramhla san gur dóichíde gurab i dteannta na háite seo do bhí an mainistir 'ná san sean-roilig roimh-ráidhte, agus go raibh gach aon deallradh, marab í seo an chill d' ghaibh léithe, gur ceann í do thógadh ar ionad na sean-chille, mar ar an gcéad adhbhar bhí fallaidhe na cille seo níos aosta 'ná aon fhalla eile ar fuaid an bhaile, agus ar an dara hadhbhar bhí sé ráidhte gur ag cúinne Shráid an Teampuill do bhí sí. Mar dheimhniughadh ar sin do cheistigheadar beirt shean- Ghaedhilgeóirí do rugadh 's do thógadh comhgarach do'n áit, agus dubhradar san gur chualadar féin Lána an Teampuill a bheith mar ainm ar an lána so, agus gur Lána an Chaisleáin a bhí mar ainm ar Shráid an Teampuill atá sul ar righneadh ath-bhaiste air. Ní móide dá réir sin gur gádh dhúinn aon neimh-chinnteacht 'ná mearbhthal a bheith orainn feasda i dtaobh ionad na sean- mhainistreach, gurab i dteannta na háite seo do chuir Naomh Garbhán faoi chun ceó na Geintileachais nach raibh fós imthighthe, do shéideadh chun siubhail, agus chun Gaedhil na háite seo do ghlanadh 's do shaoradh ó shail an Phágántachd. Ní'l a thuile cúntais againn ar a thréithibh 'ná ar a dheagh-shaothar. Tuiteann a Lá Féile ar an séamhadh lá fichead de Mhárta agus is fo-dhuine i nDún-Garbhán a bhfuil fhios aige gur mhair a leithéid ar an mbaile riamh. Cillín bheag fhuinneamhail d' budh eadh í seo. Ní raibh sí acht thimcheall trí troighthe deug 's fiche ar fhaid agus thimcheall trí troighthe 's fiche ar leathad. Bhí fallaidhe na cille so os cionn cheithre troighthe ar leathad, agus is maith acarach an eadáil iad indiú le haghaidh na h-oibre tá geárrtha amach dóibh. Cé gur fada ó shoin do sgar sí leis an obair bheannuighthe d'órduigheadh di ar dtúis ní'l a tearma tabhartha fós. Do chuireadh ceann uirthe le deidheannaighe agus 'tá sí anois 'na a lacht-lann (creamery) i seilbh Sheóirse Ó Stóice. Is suarach neamh-ghlórmhar an chrích é ar mhainistir a bhí chómh clúdhamhail léithe uair dá saoghal. Bíodh a mhilleán san againn
ar an Ochtmhadh Rí hAnnraoi. Le linn do san eirghe i gcoinne an Phápa, sa mbliadhain 1535, do cheap sé go mba thábhachtach an rud é dá chreideamh nua deire do chur le réim na mainis- treachaibh i nÉirinn. Ar an adhbhar san d'órduigh sé iad do chur fá chois gan mhoill agus seilbh do ghlacadh ortha le'n aghaidh féin. Budh ghairid a bhíodh ar a thí. De bárr an fhurfhógradh so do briseadh suas thimcheall cheithre chéadh díobh 'n a' bhliadhain amháin agus do riaradh iad, agus pé maoin 's saidhbhreas do ghaibh leo ar lorgairí an mhéirlig seo, agus b'éigin do 's na Manachaibh bhochta a n-aghaidh do thabhairt ar na bóithribh. Budh shin é cor na mainistreach seo leis. Do chuireadh deire le'n a réim 's na laetheanta pianamhla so. Sa mbliadhain 1550 do bhronnadh í agus pé fearann do ghaibh léithe ar Shéamus Breathnach, fear a bhí 'na a Chonsápla ar an baile an uair sin, ar feadh tearma bliadhain is fiche. D'éis do san sgaramhaint léithe do bhronn an Bain-ríoghain Sibéal í ar hAnnraoi Dáithbhil sa mbliadhain 1583 ar feadh tearma deich mbliadhain 's fiche. Mar sin di ó dhuine go duine gur mhúchadh a ré i gcaitheamh na h-aimsire. D'réir seanchus deirtear linn gur Áchadha-Garbhán príomh- ainm an bhaile seo, agus gurab ó Naomh Garbhán d'ainmnigheadh é. Pé adhbhar a bhí le'n a ath-bhaiste nó cá shoin d' dheineadh é is ceist í nach fuiris do réidhteach. Deirid a thuile ughdair linn nach ó Naomh Garbhán do righneadh é do ainmniughadh acht ó thaoiseach co-ainmneach do a thóg dún ar theóra an bhaile .i. an tulach mór tá le feicsint fós ar an taobh thiar de'n mbaile dá ngoirthear Gallows Hill air anois, agus gurab as san do ainmnigheadh an baile. Sé mo thuairim féin nach bhfuil aon bharántas leis seo acht buile fá thuairim do thabhairt air. Do réir mo bharamhla- sa ní dún do bhí annso, acht leacht, do bhrigh gor Leacht Mór ainm an bhaile bhig tá i bhfoigseacht páirce dho ar an taobh thoir theas de agus is deallrach gurab ó'n tulach so do ghlacadh an ainm sin. Soir budh thuaidh ó'n leacht so thimcheall ceáthramhadh mhíle slighe, cliathánach le Tobar Naoimh Bríghde tá áit a nglaodhtar Fort i mBeurla air. Chomh fada le m' thuairim-se anois is deallraidhe gurab san áit seo do bhí an dún 'ná san tulach roimh-ráidhte, óir is Seandún do ghlaodhtar mar ainm ar an bhaile mor-dtimcheall air. Gídheadh gur easurramach mí-fhearamhail an bheart uaim-se nó
ó'm leithéid eile anois teisdeas stárthóirí clúdhamhla 'tá ag tabhairt an fhéir leis na ciantaibh do dhí-measa 'ná do bhréig- niughadh, budh olc an mhaise orainn leis gan toradh éigin do thabhairt ar na nidhthibh 'tá 'n ár seilbh fós agus do tháinig anuas chughainn ó'n ár sean agus ár sinsir. Ní'lid úghdair 'ná sgríobh- nóirí do-earráideach acht an oiread le cách. 'Tá sé dlisdeanach do aoinne a smhuainte do nochtadh d'réir mar a cheaptar 'n a aigne dho iad. Ar an adhbhar san is deacair a mheas go bhfuil iomlán na fírinne aca i dtaobh bunadhas an fhocail seo, agus ní móide go bhfuil d'réir mar d'fhoillsóchadh annso anois. Do réir fhabhra an fhocail ag na sean-Ghaedhilgeóirí ní Dún-Garbhán ainm dhílis an bhaile acht Dann-Garbhán, cé go luaidhtear Dún- Gharbháin leis i nAnnála na Cheithre Maighistiríbh. Gan amhras deirid daoine óga agus daoine meadhon-aosta leis Dún- Garbhán, acht ní cóir dúinn morán suime do chur annsan, óir is inmheasta gurab amhlaidh do shleamhnuigh an fhuaim sin ortha ó bheith ag úsáid an fhocail níos minicíghe i mBeurla, agus dá chomhartha san is fíor-annamh do chloisfidhe an fhuaim sin ó bheul Gaedhilgeóra 's na ceanntairibh Gaodhalacha. Timcheall cúpla bliadhain ó shoin do bhí díospóireacht ar siubhal san "IRISLEABHAR" idir Phádraig Mac Suibhne ó Mhainistir Fhear-muighe agus Pádraig Ó Dálaigh Árd-Rúnaire Chonnartha na Gaedhilge i dtaobh bunadhas an fhocail seó. Do mheas Mac Uí Dhálaigh gurab Domhn'-Garbhán an focal ceart agus gurab ó'n gCill d'chur Naomh Garbhán ar bun do cheapadh an focal, de bhrígh gurab ionann Cill agus Domhnach san tsean- Gaedhilg, agus go raibh sé chomh deallrach le cách gur Domhnach- Garbhán an focal sgríobhtha go h-iomlán. Budh é baramhail an tSuibhnigh, dála na sean úghdair gur Dún an focal ceart. Anois da mba 'rab ionann brigh don dá fhabhar san - Dann agus Dún cionnus nach n-airghtear Dann-na- Mainistreach dá ghlaodhach riamh ar Dhún-na-Mainistreach, an baile beag san tá ar a theorann? Níor airigheas riamh ó bheul Gaedhilgeóra é. Uime sin is deacair a mheas go bhfuil sanasa an fhocail seo ar ár dtoil fós againn. Ar a shon san b'fhéidir gur sean-fhabhar is eadh an dann-so do bhí ar an bhfocal dún, agus gur leanadh de'n bhfabhar-san gan atharrughadh na truallughadh tríd síos ó ghlún go glúin. Sin é is dóichídhe 'm thuairim féin.
Dá bhrigh sin má tá aon éifeacht 'm bharamhail 'n a taobh so ní h-iongnadh liom nach gcloistear Dann-na-Mainistreach aon uair ar an áit sin, óir mar a fhoillseóchad annso thíos do bfhada an ré aimsire do bhí idir thógaint na dá áite. San tsean-aimsir bhí an-leithead i bparóisde Dhún-Garbhán. D'rioth sé ó'n bhfairge thoir, siar go dtí paróisde na Teampaill- Ghile, agus ó pharóisde Áirde Móire agus Roinn Ó gCuanaigh ó thuaidh dtí paróisde Cill Ghobnait, agus soir ó thuaidh go dtí paróisde Chluain-fhiadh. Tá an baile suighte ar bhruach an chuain ar an taobh thoir de Lag na nDéise. Tá fosgadh aige ós na gaoithibh i dtuaidh ó Chruachán agus ós na gaoithibh aindeas ó Shliabh go Roinn agus Dhrom Fhinghín. Trí an cliathán thuaidh de'n mbaile d'shnígheas an Abha Choileagáin go socair ciúin réidh chun ionad a dheanamh dí féin san fhairge mhór bhorb. Budh dheacair ionad baile ní budh oireamhnaighe do fhagháil agus tá a shliocht air ní'l baile eile ar thalamh na h-Éireann 'tá leagtha amach chomh canta córach leis. (Ní críoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services