Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stáir-chunntas Dhún-Garbhán.

Title
Stáir-chunntas Dhún-Garbhán.
Author(s)
Ua Míodhacháin, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Stáir-chunntas Dhún-Garbhán.



LIAM UA MÍODHACHÁIN
do scríobh.



I mbliadhain a sé cheud trí bliadhna 's fiche d'aois ár
Slánuightheóra do thóg Manaigh de Órd Naomh San Tabhaistín
mainistir ar chliathán an chnuic taobh leis an áit 'n a bhfuil Cathair
mhór Chorcaighe suighte anois.



Budh é Naomh Fionn Bárr do bhí mar Uachtarán ortha. Do
cheap an naomh oirdheirc seo go mba thairbheach riachdanach an rud
é do'n gCreideamh gCatoilicigh dá mbéadh mainistreacha de'n
tsórt so tógtha thall 's abhus ar fuaid na tíre, ionnus go
mbeidís na Manaigh i gcomhgar na ndaoine chun iad do stiúr-
ughadh agus do choimeád ar stad na ngrás agus ar shlighe
na fírinne. Chuige sin do sheól sé deisgiobail ar fuaid na tíre
ag lorg ionada oireamhnacha chun a dheagh-shmuaintibh do chur
i bhfeidhim, agus chun toradh na smuainte sin do leathnughadh agus
do bhuanughadh imeasg na ndaoine. Budh é toil Dé gur bhuail
duine dhíobh so darab ainm Naomh Garbhán an áit seo.



Do thóg sé mainistir ann 's do bhaisteadh uirthe Mainistir
Naomh Muire, agus as san do fhás baile mór Dhann-Garbhán atá.
Níl cúntas ró-chruinn againn ar an bhliadhain do thógadh í, acht is
cinnte gur chuireadh ar bun í roimh meadhon na seachtmhadh
h-aoise. Níltear deimhneach acht an oiread cá raibh sí suighte.
Bhí amhras láidir ag úghdaraibh léigheanta go raibh láithreach
na mainistreach so le feicsint fós ins an tsean-roilig atá
anois. Ní raibh de chomhartha ar sin aca, ámhthach, acht tuairim do
bhainnt as sean-phinniúir 'tá 'n a seasamh fós 's an roilig sin.
Pinniúir is eadh í seo 'tá 'n a seasamh go buacach beannach, gan
taca gan gárda chun í do neartughadh 'ná do chosaint i n-aghaidh
na gaoithibh cruadha 'tá 'ghá troid leis na ciantaibh. Pé cor
a bhain di nó pé adhbhar a bhí léithe do chuirfeadh an deallradh
snoighte neamhchumonta atá uirthe i n-umhail do dhuine gur fada


L. 327


siar 's na meadhon aoisibh do cuireadh ar a bonn í. Aoinne do
bhuaileadh isteach geata na roilige seo budh dheacair do filleadh
gan glinniughadh ar an sean-fhalla so. Falla mór téagartha
's eadh é. 'Tá sé suas le deich dtroighthe 's fiche ar aoirde, os
cionn sé troighthe deug 's fiche ar fhaid, agus thimcheall trí
troighthe ar leathad ag an a bhun.



Do réir mar do éirigheann sé anáirde leathnuigheann sé
beagán go mbuaileann sé port-falla i bhfoigseacht cúig nó sé
troighthe do'n a bhárr. 'Tá cúig cinn de fhuinneóga beaga
cruinne air 'tá suighte i bhfoigseacht ocht nó naoi dtroighthe
dhá chéile. Ní'lid na fuinneóga so acht deich n-órlach ar leathad
ar an taobh amuigh, acht 'táid ag fairsingiughadh do réir mar a
theidhid tríd an bhfalla sa tslighe go bhfuilid os cionn slat sa
gcroislíne ar an taobh istigh. Díreach glan ar a aghaidh seo
amach, thimcheall cheithre rámhan deug soir uaidh 'tá pinniúir
an teampuill Gallda 'n a sheasamh anois. 'Tá sé ráidhte gur
thógadh an teampall so thimcheall dhá cheud bliadhain ó shoin
ar ionad teampall Chatoilicigh a bhí ann dtí gur dheineadh
pléasgadh 's raobhadh air i n-aimsir Chromuell.



Is deallrach nach raibh an teampall so maiseamhail 'ná fair-
sing a ndóthain do threibh Shasanna a bhí ag brughadh isteach ar an
mbaile 'na a dhiaidh san, mar do leagadh roinnt mhaith dhe agus do
dheineadh é d'aththógaint arís sa mbliadhain 1827. 'Tá an falla
theas de'n theampall so i bhfad níos tiúbha agus an cheárduigheacht
air níos ársaidh 'ná na fallaidhe eile, agus dá leanfaidhe air siar
díreach d'oirfeadh sé go comhthrom ceart do chúinne theas na
sean-phinniúrach.



Is follus dá réir sin go raibh árus fada fairsing ann i
n-allód, agus is truaigh go bhfuiltear aineólach ar a bhunadhas
agus ar a chrích, óir mar adubhras cheana, ní'l acht amhras againn
gurab é seo láithreach na mainistreach.



Do laigheadaigh ár meas ar an dtuairim sin féin thimcheall
dosaoin bliadhantaibh ó shoin. 'Sa mbliadhain 1892 thárla go raibh
saoir ag obair ar shean-fhothrach ag bun an lána ar thaobh do láimh
deise ag gabhail síos dtí Barcur na Síoth-mhaor anois. Ag
leagaint an mhoirtéil do's na fallaidhe dhóibh d'fhoillsigheadar
ionad doruis agus fuinneóga a bhí foillighthe ó'n saoghal le
tréimhse fhada roimhe sin. Budh léir le feicsint d'réir a gcruth


L. 328


's a gcumadh gur bhaineadar le ceallaibh cian-aosta. Do
chuireadh fios ar an toghadh sgoláire Gaodhalach san, Mícheál Ua
Béara agus roinnt daoine eile tuairimeamhla. Do dheineadar
san lán-scrúdughadh ar fuaid baill. Tar éis dóibh gach nidh
do ghlinniúghadh go géar-chúiseach budh é a mbaramhla san gur
dóichíde gurab i dteannta na háite seo do bhí an mainistir 'ná
san sean-roilig roimh-ráidhte, agus go raibh gach aon deallradh,
marab í seo an chill d' ghaibh léithe, gur ceann í do thógadh ar
ionad na sean-chille, mar ar an gcéad adhbhar bhí fallaidhe
na cille seo níos aosta 'ná aon fhalla eile ar fuaid an bhaile,
agus ar an dara hadhbhar bhí sé ráidhte gur ag cúinne Shráid an
Teampuill do bhí sí.



Mar dheimhniughadh ar sin do cheistigheadar beirt shean-
Ghaedhilgeóirí do rugadh 's do thógadh comhgarach do'n áit, agus
dubhradar san gur chualadar féin Lána an Teampuill a bheith
mar ainm ar an lána so, agus gur Lána an Chaisleáin a bhí mar
ainm ar Shráid an Teampuill atá sul ar righneadh ath-bhaiste air.



Ní móide dá réir sin gur gádh dhúinn aon neimh-chinnteacht 'ná
mearbhthal a bheith orainn feasda i dtaobh ionad na sean-
mhainistreach, gurab i dteannta na háite seo do chuir Naomh
Garbhán faoi chun ceó na Geintileachais nach raibh fós imthighthe, do
shéideadh chun siubhail, agus chun Gaedhil na háite seo do ghlanadh
's do shaoradh ó shail an Phágántachd. Ní'l a thuile cúntais againn
ar a thréithibh 'ná ar a dheagh-shaothar.



Tuiteann a Lá Féile ar an séamhadh lá fichead de Mhárta
agus is fo-dhuine i nDún-Garbhán a bhfuil fhios aige gur mhair a
leithéid ar an mbaile riamh.



Cillín bheag fhuinneamhail d' budh eadh í seo. Ní raibh sí acht
thimcheall trí troighthe deug 's fiche ar fhaid agus thimcheall trí
troighthe 's fiche ar leathad.



Bhí fallaidhe na cille so os cionn cheithre troighthe ar leathad,
agus is maith acarach an eadáil iad indiú le haghaidh na h-oibre
tá geárrtha amach dóibh. Cé gur fada ó shoin do sgar sí leis an
obair bheannuighthe d'órduigheadh di ar dtúis ní'l a tearma
tabhartha fós. Do chuireadh ceann uirthe le deidheannaighe agus
'tá sí anois 'na a lacht-lann (creamery) i seilbh Sheóirse Ó Stóice.



Is suarach neamh-ghlórmhar an chrích é ar mhainistir a bhí chómh
clúdhamhail léithe uair dá saoghal. Bíodh a mhilleán san againn


L. 329


ar an Ochtmhadh Rí hAnnraoi. Le linn do san eirghe i gcoinne
an Phápa, sa mbliadhain 1535, do cheap sé go mba thábhachtach an
rud é dá chreideamh nua deire do chur le réim na mainis-
treachaibh i nÉirinn. Ar an adhbhar san d'órduigh sé iad do chur
fá chois gan mhoill agus seilbh do ghlacadh ortha le'n aghaidh féin.
Budh ghairid a bhíodh ar a thí. De bárr an fhurfhógradh so do
briseadh suas thimcheall cheithre chéadh díobh 'n a' bhliadhain amháin
agus do riaradh iad, agus pé maoin 's saidhbhreas do ghaibh leo ar
lorgairí an mhéirlig seo, agus b'éigin do 's na Manachaibh bhochta
a n-aghaidh do thabhairt ar na bóithribh. Budh shin é cor na
mainistreach seo leis. Do chuireadh deire le'n a réim 's na
laetheanta pianamhla so. Sa mbliadhain 1550 do bhronnadh í
agus pé fearann do ghaibh léithe ar Shéamus Breathnach, fear a bhí
'na a Chonsápla ar an baile an uair sin, ar feadh tearma bliadhain
is fiche.



D'éis do san sgaramhaint léithe do bhronn an Bain-ríoghain
Sibéal í ar hAnnraoi Dáithbhil sa mbliadhain 1583 ar feadh
tearma deich mbliadhain 's fiche. Mar sin di ó dhuine go
duine gur mhúchadh a ré i gcaitheamh na h-aimsire.



D'réir seanchus deirtear linn gur Áchadha-Garbhán príomh-
ainm an bhaile seo, agus gurab ó Naomh Garbhán d'ainmnigheadh é.
Pé adhbhar a bhí le'n a ath-bhaiste nó cá shoin d' dheineadh é is ceist
í nach fuiris do réidhteach. Deirid a thuile ughdair linn nach
ó Naomh Garbhán do righneadh é do ainmniughadh acht ó thaoiseach
co-ainmneach do a thóg dún ar theóra an bhaile .i. an tulach mór
tá le feicsint fós ar an taobh thiar de'n mbaile dá ngoirthear
Gallows Hill air anois, agus gurab as san do ainmnigheadh an
baile. Sé mo thuairim féin nach bhfuil aon bharántas leis seo
acht buile fá thuairim do thabhairt air. Do réir mo bharamhla-
sa ní dún do bhí annso, acht leacht, do bhrigh gor Leacht Mór ainm
an bhaile bhig tá i bhfoigseacht páirce dho ar an taobh thoir theas de
agus is deallrach gurab ó'n tulach so do ghlacadh an ainm sin.
Soir budh thuaidh ó'n leacht so thimcheall ceáthramhadh mhíle slighe,
cliathánach le Tobar Naoimh Bríghde tá áit a nglaodhtar Fort
i mBeurla air. Chomh fada le m' thuairim-se anois is deallraidhe
gurab san áit seo do bhí an dún 'ná san tulach roimh-ráidhte, óir is
Seandún do ghlaodhtar mar ainm ar an bhaile mor-dtimcheall air.
Gídheadh gur easurramach mí-fhearamhail an bheart uaim-se nó


L. 330


ó'm leithéid eile anois teisdeas stárthóirí clúdhamhla 'tá ag
tabhairt an fhéir leis na ciantaibh do dhí-measa 'ná do bhréig-
niughadh, budh olc an mhaise orainn leis gan toradh éigin do
thabhairt ar na nidhthibh 'tá 'n ár seilbh fós agus do tháinig anuas
chughainn ó'n ár sean agus ár sinsir. Ní'lid úghdair 'ná sgríobh-
nóirí do-earráideach acht an oiread le cách. 'Tá sé dlisdeanach
do aoinne a smhuainte do nochtadh d'réir mar a cheaptar 'n a
aigne dho iad. Ar an adhbhar san is deacair a mheas go bhfuil
iomlán na fírinne aca i dtaobh bunadhas an fhocail seo, agus ní
móide go bhfuil d'réir mar d'fhoillsóchadh annso anois. Do
réir fhabhra an fhocail ag na sean-Ghaedhilgeóirí ní Dún-Garbhán
ainm dhílis an bhaile acht Dann-Garbhán, cé go luaidhtear Dún-
Gharbháin leis i nAnnála na Cheithre Maighistiríbh. Gan amhras
deirid daoine óga agus daoine meadhon-aosta leis Dún-
Garbhán, acht ní cóir dúinn morán suime do chur annsan, óir
is inmheasta gurab amhlaidh do shleamhnuigh an fhuaim sin ortha
ó bheith ag úsáid an fhocail níos minicíghe i mBeurla, agus
dá chomhartha san is fíor-annamh do chloisfidhe an fhuaim sin ó
bheul Gaedhilgeóra 's na ceanntairibh Gaodhalacha.



Timcheall cúpla bliadhain ó shoin do bhí díospóireacht ar
siubhal san "IRISLEABHAR" idir Phádraig Mac Suibhne ó
Mhainistir Fhear-muighe agus Pádraig Ó Dálaigh Árd-Rúnaire
Chonnartha na Gaedhilge i dtaobh bunadhas an fhocail seó. Do
mheas Mac Uí Dhálaigh gurab Domhn'-Garbhán an focal ceart
agus gurab ó'n gCill d'chur Naomh Garbhán ar bun do cheapadh
an focal, de bhrígh gurab ionann Cill agus Domhnach san tsean-
Gaedhilg, agus go raibh sé chomh deallrach le cách gur Domhnach-
Garbhán an focal sgríobhtha go h-iomlán.



Budh é baramhail an tSuibhnigh, dála na sean úghdair gur Dún
an focal ceart. Anois da mba 'rab ionann brigh don dá
fhabhar san - Dann agus Dún cionnus nach n-airghtear Dann-na-
Mainistreach dá ghlaodhach riamh ar Dhún-na-Mainistreach, an
baile beag san tá ar a theorann? Níor airigheas riamh ó bheul
Gaedhilgeóra é. Uime sin is deacair a mheas go bhfuil sanasa
an fhocail seo ar ár dtoil fós againn. Ar a shon san b'fhéidir
gur sean-fhabhar is eadh an dann-so do bhí ar an bhfocal dún,
agus gur leanadh de'n bhfabhar-san gan atharrughadh na truallughadh
tríd síos ó ghlún go glúin. Sin é is dóichídhe 'm thuairim féin.


L. 331


Dá bhrigh sin má tá aon éifeacht 'm bharamhail 'n a taobh so ní
h-iongnadh liom nach gcloistear Dann-na-Mainistreach aon uair
ar an áit sin, óir mar a fhoillseóchad annso thíos do bfhada
an ré aimsire do bhí idir thógaint na dá áite.



San tsean-aimsir bhí an-leithead i bparóisde Dhún-Garbhán.
D'rioth sé ó'n bhfairge thoir, siar go dtí paróisde na Teampaill-
Ghile, agus ó pharóisde Áirde Móire agus Roinn Ó gCuanaigh
ó thuaidh dtí paróisde Cill Ghobnait, agus soir ó thuaidh go dtí
paróisde Chluain-fhiadh. Tá an baile suighte ar bhruach an chuain
ar an taobh thoir de Lag na nDéise. Tá fosgadh aige ós na
gaoithibh i dtuaidh ó Chruachán agus ós na gaoithibh aindeas ó Shliabh
go Roinn agus Dhrom Fhinghín. Trí an cliathán thuaidh de'n mbaile
d'shnígheas an Abha Choileagáin go socair ciúin réidh chun ionad
a dheanamh dí féin san fhairge mhór bhorb. Budh dheacair ionad
baile ní budh oireamhnaighe do fhagháil agus tá a shliocht air ní'l
baile eile ar thalamh na h-Éireann 'tá leagtha amach chomh canta
córach leis.



(Ní críoch.)




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services