Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tír Chonaill
Title
Tír Chonaill
Author(s)
Ua Dubhghaill, S.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tír Chonaill Má's mian le haon chuid de léightheoiribh an Chlaidhimh cuairt a thabhairt ar Chonndae Dhún-na-nGall, is anois an t-am. Tá cóisde ag rith gach lá ó Bhéal-átha-Seanaigh go baile Dhúin-na-nGall, agus ó'n áit sin tá traen go dtí na Cealla Beaga, agus cóisde ó'n mbaile sin siar go dtí an Charraig, Ghleann Cholum Chille, agus tré Árd-a'-rátha, go mbuaileann siad na Gleannta. Ó na Gleanntaibh, imthigheann an cóisde treasna Gaoith- Beara, go stadann sí ar theacht an tráthnóna ag an gClochán Liath. Lá ar n-a bhárach ar a naoi a chlog imthigheann siad leo trés na Rosanaibh, Gaoth Dobhair, Fál-carrach, Dún- Feannachaidh agus Craos-loch, go sroiseann siad Gainimh Mhór Rosa-peanna ar chasadh an tráthnóna, goile mhaith aca agus biadh ina gcomhair. Turas lae eile ó Rosa- peanna tré Charraig-Airt, taobh le Cuan Mhaoil-a'-Ríogh, agus tré Phort na nGallóglach go Ráith-a'-Mhuilinn. Ó Ráith-a'-Mhuilinn ta long bheag a dul thar Loch Suiligh go Fathan, agus as sin an bóthar caol iarainn go Doire. Aon neach go bhfuil fonn air an turas a thosnughadh i nDoire, tá caoi aige ar a dhéanamh gach maidin ar an traen ó Dhoire go Fathan (11.50 a.m.). Tá cuairt eile badh cheart do Ghaedhilgeóir do dhéanamh: is é sin, ó Dhoire go Fathan, agus as sin ar Loch Suiligh go Port Salainn i bhFánaid, áit ina bhfuil Gaedhilg go leór dá labhairt. Ní'l baile ar bith ar an mbóthar ós na Ceallaibh Beaga go Port na nGalloglach nach bhfuil Gaedhilg go tiugh le cloisint. Tá aon chomhairle amháin agam le tabhairt do Mhuimh- neach nó Connachtach: - na habair leis an tsean-mhnaoi nuair a chasann sí ort, "An é seo an bóthar ceart?" acht 'sé is fearra dhuit a rádh "An é seo an bealach ceart?" Mar an gcéadna, abair "Goidé mar tá tú?" i n-ionad "cia chaoi bhfuil tú?" nó "C'onnas tánn tú?" Má chíonn tú páirc an-bheag, ná habair "nach an-bheag an pháirc í sin," nó b'fhéidir nach dtuigfidhe thú, acht cuir "cuibhreann" sa n-áit go gcuirfeá "páirc" agus beidh do bhealach réidh. Geallaim duit gur iomdha cor cainte agus focal greannmhar a chloisfeadh Gaedhilgeóir ar a thuras. S. Ua Dubhghaill Doire (Béal Átha Seanaigh = Ballyshannon; Na Cealla Beaga = Killybegs; Carraig = Carrick; Árd-a'- Rátha = Ardara; Na Gleannta = Glenties; Gaoth be- ara = Gweebarra; An Clochán Liath = Dungloe; Na Rosana = The Rosses; Gaoth Dobhair = Gweedore; Dún Feannachaidh (= Fionnachaidh) = Dunfanaghy; Craos-loch = Creeslough; Gainimh Mhór Rosa Peanna = Rossapenna Sands; Carraig-Áirt = Carrigart; Cuan Mhaoil a' Ríogh = Mulroy Bay; Port na nGallóg- lach = Milford; Ráith a' Mhuilinn = Rathmullan; Loch Suiligh = Loch Swilly; Fathan = Fahan
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services