Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tír Chonaill

Title
Tír Chonaill
Author(s)
Ua Dubhghaill, S.,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tír Chonaill



Má's mian le haon chuid de léightheoiribh an Chlaidhimh
cuairt a thabhairt ar Chonndae Dhún-na-nGall, is anois
an t-am. Tá cóisde ag rith gach lá ó Bhéal-átha-Seanaigh
go baile Dhúin-na-nGall, agus ó'n áit sin tá traen go
dtí na Cealla Beaga, agus cóisde ó'n mbaile sin siar
go dtí an Charraig, Ghleann Cholum Chille, agus tré
Árd-a'-rátha, go mbuaileann siad na Gleannta. Ó
na Gleanntaibh, imthigheann an cóisde treasna Gaoith-
Beara, go stadann sí ar theacht an tráthnóna ag an
gClochán Liath.



Lá ar n-a bhárach ar a naoi a chlog imthigheann siad
leo trés na Rosanaibh, Gaoth Dobhair, Fál-carrach, Dún-
Feannachaidh agus Craos-loch, go sroiseann siad Gainimh
Mhór Rosa-peanna ar chasadh an tráthnóna, goile mhaith
aca agus biadh ina gcomhair. Turas lae eile ó Rosa-
peanna tré Charraig-Airt, taobh le Cuan Mhaoil-a'-Ríogh,
agus tré Phort na nGallóglach go Ráith-a'-Mhuilinn. Ó
Ráith-a'-Mhuilinn ta long bheag a dul thar Loch Suiligh
go Fathan, agus as sin an bóthar caol iarainn go
Doire.



Aon neach go bhfuil fonn air an turas a thosnughadh
i nDoire, tá caoi aige ar a dhéanamh gach maidin ar an
traen ó Dhoire go Fathan (11.50 a.m.). Tá cuairt eile
badh cheart do Ghaedhilgeóir do dhéanamh: is é sin, ó
Dhoire go Fathan, agus as sin ar Loch Suiligh go Port
Salainn i bhFánaid, áit ina bhfuil Gaedhilg go leór dá
labhairt.



Ní'l baile ar bith ar an mbóthar ós na Ceallaibh
Beaga go Port na nGalloglach nach bhfuil Gaedhilg go
tiugh le cloisint.



Tá aon chomhairle amháin agam le tabhairt do Mhuimh-
neach nó Connachtach: - na habair leis an tsean-mhnaoi
nuair a chasann sí ort, "An é seo an bóthar ceart?"
acht 'sé is fearra dhuit a rádh "An é seo an bealach
ceart?"



Mar an gcéadna, abair "Goidé mar tá tú?"
i n-ionad "cia chaoi bhfuil tú?" nó "C'onnas tánn
tú?"



Má chíonn tú páirc an-bheag, ná habair "nach
an-bheag an pháirc í sin," nó b'fhéidir nach dtuigfidhe
thú, acht cuir "cuibhreann" sa n-áit go gcuirfeá
"páirc" agus beidh do bhealach réidh.



Geallaim duit gur iomdha cor cainte agus focal
greannmhar a chloisfeadh Gaedhilgeóir ar a thuras.



S. Ua Dubhghaill
Doire



(Béal Átha Seanaigh = Ballyshannon; Na Cealla
Beaga = Killybegs; Carraig = Carrick; Árd-a'-
Rátha = Ardara; Na Gleannta = Glenties; Gaoth be-
ara = Gweebarra; An Clochán Liath = Dungloe; Na
Rosana = The Rosses; Gaoth Dobhair = Gweedore;
Dún Feannachaidh (= Fionnachaidh) = Dunfanaghy;
Craos-loch = Creeslough; Gainimh Mhór Rosa Peanna =
Rossapenna Sands; Carraig-Áirt = Carrigart; Cuan
Mhaoil a' Ríogh = Mulroy Bay; Port na nGallóg-
lach = Milford; Ráith a' Mhuilinn = Rathmullan; Loch
Suiligh = Loch Swilly; Fathan = Fahan

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services