Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle do Ghaedhlaibh. (ar leanamhaint)
Title
Comhairle do Ghaedhlaibh. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Comhairle do Ghaedhlaibh. (Ar leanamhaint). ÚNA NÍ CHUALÁIN do scríobh. Nuair thiocfas an tathair a-bhaile tráthnóna agus ritheas na páisdí amach roimhe dá fháiltiughadh, is cuma cia'n tuirse bhéas air, labhradh sé go lághach macánta leó; fiafraigheadh sé dhíobh cionnus mar chaitheadar an lá; éisdeadh sé le n-a gcur síos ar a ngníomhartha ar feadh an lae; agus tugadh sé comhairle dhóibh má oireann sí dhóibh. Má tá aon duine aca cuthal (is beag comhluadar nach bhfuighidh tú duine ann níos cuthaile 'ná an chuid eile, agus is iondúil gurab é sin an duine is feárr díobh uilig), labhradh sé leis-sean, agus fiafraigheadh sé dhe céard a bhí sé féin a dhéanamh? Má ghnídheann sé seo ní bheidh aon sgáth ná cuthail- idheacht ar na páisdí roimh a n-athair. Ní bheidh an oiread fonn ortha imtheacht ar bhóithribh ná ar shráideannaibh ag cainnt agus ag éisdeacht le cainnt (droch-chainnt go minic) ó dhaoinibh eile. Is feárr le na páisdíbh an comhrádh sin le n-a n-athair tráthnóna ná á bhfaighidís saidhbhreas Sheórsa. "Ní féidir ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga," agus mar sin ná bíodh súil ag éinne, nuair bheas páisdí istigh, go bhfanfaidh siad go ciúin, socair, mar bheadh sgata luchain bheaga a mbeadh faitchíos ortha roimh an gcat. Leigtear do na páisdibh a gcleasa a imirt má's "púicín," nó "cur an fháinne i bhfolach" é, ar feadh tamaill ar chaoi ar bith. "Nuair is feárr an súgradh seadh is córa leigean dó." Fágtar aca a leanbaidheacht is a simplidh- eacht chomh fada is is féidir é. Is deacair liom sgaramhaint leis an gceist seo (deagh- shompla a theasbáint do na páisdíbh) mar feicthear dhamh-sa ar chaoi ar bith gurab iad na páisdí bun-chloich an náisiúin. Acht caithfidh mé é dhéanamh, má's mian liom aon nídh eile a rádh i dtaoibh coiméad an tighe. Mar dubhairt mé cheana, má's beag mór an teach congbhuigh- thear glan é; cuirtear deoch aoil ar 'chuile sheomra is ar 'chuile
áit sa teach uair sa mbliadhain ar a laighead; acht badh cheart é chur níos minice ar an gcisdinigh. Sguabtar anuas na ballaí sul mar chuirtear suas an t-aol, agus sguabtar anuas iad uair nó dhó eile tríd an mbliadhain freisin, acht ní ghábhadh aol a chur suas. Badh cheart ballaí na cisdinighe a sguabadh anuas 'chuile mhí mar bíonn níos mó dusta ag éiriughadh annsin ná in aon áit eile sa teach, agus bíonn an dusta sin ag luighe ar na ballaíbh. Ná bíodh aon fhuinneóg ar an teach acht fuinneóg is féidir osgailt thíos nó thuas, nó thíos as thuas rud is feárr 'ná sin. Sé an chéad mhaith badh cheart a dhéanamh ar maidin (muna bhfuil an lá rófhliuch nó rógharbh) na fuinneóga a osgailt agus an t-aér breagh folláin a sgaoileadh isteach ar fuid an tighe. Badh cheart an chuid is mó de na fuinneógaibh a bheith ar thaobh na gréine. Sé mo mheas go bhfuil daoine dá thabhairt seo fá deara iad féin, mar na tighthe nua fheicim déanta ar fud na tíre ag feilméar- aibh is ag siopadóiríbh beaga, tá fuinneoga breaghtha móra ortha, agus cuid aca ar thaobh na gréine leis. Badh cheart dho 'chuile dhuine bárr fuinneóige an t-seomra bhfuil sé n-a chodhladh ann fhágáil ar osgailt ins an oidhche, idir shamhradh is geimhreadh, acht go mór mhór seomra ar bith nach bhfuil ionad chun teine ann. Caitheann mórchuid daoine trian a mbeatha in a seomraíbh codalta, agus 'n-a dhiaidh sin níl seomra ar bith eile ins an teach is lugha a bhfuil áird ar a gcongbháil glan 'ná iad. Ceapann daoine nuair nach mbíonn aon duine ag dul isteach ná amach ins na seomraibh seo acht muinntir an tighe go bhfuil siad ceart go leór, nach gábhadh iad a sguabadh acht uair sa tseachtmhain, nach gábhadh an leabadh a chóiriughadh go mbeidh an comhluadar ag braith ar dhul a chodhladh, agus mar sin. Ní'l sin ceart i n-aon chor. Ní'l seomra ar bith eile ins an teach is riachtanaighe a chongbháil glan 'ná iad; ní d'fhonn go bhfeicfeadh daoine iad, acht go mbeadh sláinte ag an muinntir bhíos n-a gcodladh ionnta; go n-eireóchadh siad ar maidin gan a gceann dhá chur ó chéile le tinneas nó gan iad a bheith marbhánta ar chaoi nach mian leo corrughadh as a leabaidh ar chor ar bith. Chomh luath i nÉirinn is bhéas 'chuile dhuine n-a shuidhe osgailtear na fuinneóga, thíos is thuas má's féidir é; tógtar an t-éadach den leabaidh agus caithtear trasna ar chathaoir é go mbeidh an ghaoith ag dul thríd. Croithtear is bogtar an leabaidh agus
fágtar mar sin í ar feadh uair an chluig. Cóirighthear annsin í, agus sguabtar an t-urlár. Badh cheart billeóga tae leath-thirm a bheith ag duine i gcomhnuidhe le craitheadh ar an urlár nuair tá sé le sguabhadh; greamuigheann an salachar is an dusta dhíobh seo agus ní éirigheann an oiread de ins an aer. Badh cheart freisin na fuinneóga a dhúnadh an fhaid is tá an t-urlár dá sguabadh ionnus nach gcrothadh an ghaoth an dusta agus go bhféadfar é uilig a sguabadh amach gan a leath bheith ar fuid an tseomra. Má tá ionad teine ann sguabtar an salachar ann agus dóightear é, muna bhfuil, tógtar ar siubhal é, agus dóightear i n-áit éigin eile é. Nuair atá sin déanta osgaltar na fuinneóga agus tugtar cead don dusta a d'éirigh luighe arís go socair. Ní ceart mórán truscáin a bheith ins an seomra seo: dó nó trí de chathaoireachaibh, áit le éadach a chrochadh, bord beag le haghaidh sgátháin, bord beag le haghaidh báisín agus beagán pictiúirí ar na ballaíbh. Nuair atá an dusta n-a luighe faghtar éadach glan, cruaidh (lín-éadach is feárr mar nach bhfágann sé aon deathnach 'na dhiaidh) agus cuimlighthear 'chuile áit go deas, réidh leis, ionnus go dtógfar an dusta ar an éadach is nach n-éireóchaidh sé arís ins an áit a raibh sé roimhe sin. Nuair bhéas an taobh atá amuigh den éadach salach, iompuighthear amach taobh glan, agus mar sin dó nó go mbeidh 'chuile chúinne den éadach salach. Tógtar amach ar an tsráid annsin é, agus craithtear go maith é. Tosuighthear arís ins an áit ar stadadh, agus déantar an rud céadna nó go mbeidh an seomra agus a bhfuil ann glan. Déantar an cleas céadna le 'chuile sheomra eile. Má déantar 'chuile lá é ní thógfaidh sé mórán ama a dhul thríd an teach; acht muna ndéanfar é acht uair sa tseachtmhain nó mar sin tógfaidh sé an chuid is mó den lá dá dhéanamh. Ní ceart plandaí a bhíos ag fás i gcrócaíbh ná rudaí mar sin fhágáil ins an tseomra codalta ins an oidhche, mar gheall ar go dtógann siad an "beó-aer" as an aeir agus go dtugann siad uatha "spad-aer"; is rud nimheanta é seo. Ní'l dochar ar bith iad a bheith ann sa ló, mar gurb é a atharrughadh ghníd; sé sin, tógann siad an "spad-aer" agus tugann uatha an "beó-aer." Badh cheart urlár na cisdinighe agus an halla no an cúilteach a bheith déanta de bhrící nó de rud eicínt a bhéas furusda
le nigheachán. Ná bíodh sé déanta de dhóib, má's féidir é. Badh cheart a nigheachán le uisge bog is galaoireach 'chuile sheacht- mhain. Cébí lá bhéas ceaptha len' aghaidh, nightear é nuair bhéas na páisdí agus 'chaon duine eile imthighthe amach. Ná fliuchtar ar dtús acht an méid is féidir a shroichint go réidh le do láimh gan corrughadh as an áit a mbeifear. Nuair bhéas an méid seo nighte tiormuighthear é le éadach bog tirm. Nightear paisde eile annsin mar a gcéadna. Má dhéantar seo ní bheidh an té tá ghá nigheachán fliuch, agus beidh an t-urlár beagnach tirm chomh luath is bheidh sé nighte. Is mar seo badh cheart 'chuile urlár a nigheachán is cuma ciaca cláir nó brící bhíos ann. Ní ceart a bheith ag caitheamh smugairlí anonn 's annall ar fud an urláir, muna bhfuil áit ar leith le 'na n-aghaidh caithtear 'sa teine iad. Deirtear nach bhfuil rud ar bith is mó leathas eitinn i measg daoine 'ná an gnás so. Is gránna an gnás é ar 'chuile chaoi, dá mbeadh gan baint ar bith aige le leathadh eitinne. Badh cheart dho chuile dhuine beag is mór naipicín póca bheith ar iomchar aige, tá siad saor, i nós nach bhfuil leith-sgéal ar bith a bheith dhá bhfuireasbha. Ní cheart biadh ná bainne fhágáil ins an seomra codalta, go mór mhór ins an seomra a bhfuil duine tinn ann. Badh cheart urlár an t-seomra seo a nighe go luath sa lá, ar chaoi go mbeidh sé tirim ceart nuair bhéas na daoine ag dul a chodladh. Badh cheart dho 'chuile theach seomra bheith ann nach mbeidh i ngnáthúsáid ag comhluadar an tighe, ionnus nuair casfaidhe strainséar nó duine mar sin thart, go mbeadh sé fá réir i gcomhnuidhe le n-a thabhairt isteach ann. Is minic nuair fheiceas beantighe strainséar ag déanamh ar an doras, nuair nach bhfuil aon áit oireamhnach fá réir aici, a thosóchas sí ag caitheamh rud anonn is rud anall is ag cur an tighe tré n-a chéile. Annsin, tá sí ar nós circe a bhéadh 'na seasamh ar ghreideal te, ar bíodhgadh go n-imthighidh an té sin aríst. Dá mbeadh aici seomra beag dá laighead (ní iarrfaidh sé bheith rómhór) a dtiubhradh sí an té sin isteach ann, d'fhéadfadh sí cainnt leis ar a suaimhneas, agus ní bheadh sí féin agus 'chaon rud eile tré n-a chéile. Badh cheart don tseomra seo bord a bheith ann, trí nó ceathair de chathaoir- eacha, beagán leabhra, beagán pictiúirí deasa ar na ballaíbh, agus rudaí beaga eile anonn 'sa 'nall.
Badh cheart dath a chur ar na doirse, ar an drisiúr, is ar nidhthe den tsórt sin 'chaon tríomhadh bliadhain má's féidir é. Ar chaoi ar bith tá aon rud amháin is féidir a dhéanamh leó, .i. iad a nigheachán le uisge bog is galaoireach, uair ar bith bheidh siad salach. Tar éis a nigheacháin badh cheart iad a thiormughadh le éadach cruaidh tirm nach bhfágfaidh aon deathnach n-a dhiaidh. Má déantar seo féachfaidh siad go deas, glan, sleamhain, tar éis an nigheacháin. Má bristear pána i bhfuinneóig, cuirtear pána nuadh isteach (nó cuirtear píosa gloine air má's poll beag é) chomh luath agus is féidir é. Is gránna an radharc búrla éadaigh fheiceál sáithte amach i lár pána fuinneóige; tá sé i gcruth teach ar bith a mhilleadh. Badh cheart seanbhuicéad - nó is cuma nuadh nó sean é acht é bheith ann - a bheith ins gach uile chisdinigh le croicne fataí, croicne turnapaí, capóga cóilis agus nidhthe den tsórt sin a chaitheamh ann. Badh cheart iad so a chur ar chúl na teine go dtiormuighidh siad, agus annsin iad a dhóghadh; nó muna ndéantar seo, caith- tear isteach san charnaoiligh iad. Cébí céard a dhéanfar leó, ná caithtear ar fuid na sráide iad. Badh cheart na soighthighe bhéas leagtha anuas i n-am béile a nighe chomh luath is bhéas an béile thart, agus gan iad fhágáil anonn ná ar dhrisiúr. Bíodh uisge dhá théigheamh an fhaid is tá an béile dá chaitheamh is ní bheidh aon mhoill air annsin. Má cuirtear cuimilt bheag ghalaoireach ar an uisge is furusda dhéanfar iad a nigheachán. Badh cheart dho 'chuile bheantighe leathchloch ghalaoireach a cheannach i n-aoinfheacht; í seo a ghearradh n-a píosaí agus iad a leagan i n-áit thirm go stálaidh siad. Is feárr agus is fuide racas punt den ghalaoireach seo atá chruaidh stálaithe ná dhá phunt de'n ghalaoireach atá bog úr tar éis a ceannach. Deirtear nach féidir críoch a chur le obair mná, agus is dearbhtha nach féidir; acht an bhean is fearr ar an domhan níl uirthi acht dhá láimh, agus ní féidir léithí freasdal do 'chaon nídh agus an teach a chongbháil mar is cóir mar a bhfaghaidh sí chongnamh. Ar an adhbhar sin, an áit i bhfuil muca is beithidhigh badh cheart dho na fearaibh is do na buachaillí congnamh a thabhairt ag riaradh na muc, ag bleághan na mbó, ag riaradh na laoghann, agus ag déanamh oibreacha de'n tsórt sin. Is le congnamh le
chéile bheimíd láidir agus gheabhaimíd 'un cinn. Badh cheart dhóibh freisin, má bhíonn sé abhfad ó'n teach, an oiread uisge a tharraingt ar maidin is a dhéanfas úsáid an tighe ar feadh an lae. Badh cheart soightheach fairsing a bheith i ngach teach, baraille no dabhach, leis an uisge a chur ann. Ní ceart i n-aon chor muca ná cearca a chongbháil istigh ins an tigh comhnuidhthe. Bíodh áit ar leith ag an eallach seo dhóib fhéin. Is deacair le daoinibh sgaramhaint leis an seanghnás, cé gur leigeadar uatha réidh go leór na seanghnása a raibh aon bharainn ortha. Má's gealta nó daithte tá an teach taobh amuigh, gealtar nó daithtear é uair sa mbliadhain ar a laighead, b'fheáirrde é dá bhféadfaidhe a dhéanamh níos minice. Má's sráid, nó bóithrín nó casán atá ag dul chum an tighe congbhuighthear i n-ordughadh é; má cartar é deasuighthear arís é chomh luath is is feidir é. Ná leigtear don fhéar fás aníos idir na clochaibh, nó mbabhailéir, nó gairbhéal nó cébí rud a bhéas ann. Déanfadh na páisdí an obair seo má deirtear leo é. Má tá geata ann ná bíodh sé ar leath- mhaing, agus ná bíodh sé ceangailte le sreangáin is ruagaí ag iarraidh a chongbháil i n-a sheasamh. Má bhriseann bolta nó bocán, cuirtear caoi arís air. Má breathnuighthear i ndiaidh ruda i n-am is furusda é choimeád; acht má leigtear dó dhul i léig beidh sé deacair, costasach caoi a chur air. "Is feárr greim in am 'ná naoi gcinn i n-antráth." Má tá garraidhe beag i n-aice an tighe, cuirtear pósaéir i bpaisde dhe. Fágtar fá chúram na bpáisdí é, a chúinne bheag fhéin ag gach duine, agus cineál ar leith pósaéir ag gach duine i n-a chúinne fhéin, congbhuidís go deas é, agus ná leigidís dho luibheanna ná dho rudaí mar sin fás aníos i measg na bpósaér. Congbhuighthear cuntas ar 'chuile chaitheamh is fághail, agus socruighthear na cuntaisí uair sa choichthíghis má's féidir é nó uair sa mí ar chaoi ar bith; ná leigtear níos faide é, "an rud a théigheann i bhfaid téigheann sé i righneas." Anois a bhean an tighe, má bhíonn t'fhear amuigh ar feadh an lae, bí réidh le suidhe síos nuair thiocfas sé a-bhaile tráthnóna. Bíodh obair bheag éadtrom idir lámhaibh agat, fuadháil nó cniteáil, ar chaoi go bhféadfaidh tú cainnt leis, má bhíonn fonn cainnte air rud a bheas, tá mé cinnte, tar éis dó bheith amuigh ar feadh an lae.
Bí go deas, glan, fáisgithe; ní maith le aon fhear a bhean fheiceál n-a straoill. Agus thusa, a fhir an tighe, nuair shuidheas tú ag léigheamh do pháipéar, cuimhnigh nach mbíonn am ag do mhnaoi súil a leagan ar pháipéar ó mhaidin go hoidhche, le coibhlint 'chaon rud a bheith i gcóir aici dhuit-se is dho na páisdí agus gur mhaith léithi fios fagháil ar a lán rudaí. Mar sin de, léigh dhi rud ar bith cheapas tú a mbeadh suim aici ann, cuir i gcás gurab é "an faision deireannach i hataí" é. Má ghnídheann tú sin ní aireóchaidh sí ná ní chuimhneóchaidh sí go bhfuil sí tuirseach tar éis an lae. Cúpla focal eile anois le bean an tighe agus tá mé réidh. Nuair ghabhas do chomhluadar a chodladh san oidhche ná fan i do shuidhe ag léigheamh ráiméis de leabhar ná de pháipéar. Éirigh do sheasamh agus sguab do chisdineach; socruigh do theallach, agus leag adhbhar na teine fá chomhair na maidne len' ais. Dóigh an ráiméis sa teine; nó fág go maidin é, agus cuir fá'n gciotail é. Is fearr bhéas tú annsin 'ná an fear fadó a "bhruith an breac 's an bradán le fíor is le bréag," fiuchfaidh tusa do ciotail le bréagaibh uilig. Beannacht Dé leat anois is gabh a chodladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services