Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhairle do Ghaedhlaibh. (ar leanamhaint)

Title
Comhairle do Ghaedhlaibh. (ar leanamhaint)
Author(s)
Ní Chualáin, Úna,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Comhairle do Ghaedhlaibh.
(Ar leanamhaint).



ÚNA NÍ CHUALÁIN
do scríobh.



Nuair thiocfas an tathair a-bhaile tráthnóna agus ritheas
na páisdí amach roimhe dá fháiltiughadh, is cuma cia'n tuirse bhéas
air, labhradh sé go lághach macánta leó; fiafraigheadh sé dhíobh
cionnus mar chaitheadar an lá; éisdeadh sé le n-a gcur síos ar
a ngníomhartha ar feadh an lae; agus tugadh sé comhairle dhóibh
má oireann sí dhóibh.



Má tá aon duine aca cuthal (is beag comhluadar nach
bhfuighidh tú duine ann níos cuthaile 'ná an chuid eile, agus
is iondúil gurab é sin an duine is feárr díobh uilig), labhradh sé
leis-sean, agus fiafraigheadh sé dhe céard a bhí sé féin a
dhéanamh? Má ghnídheann sé seo ní bheidh aon sgáth ná cuthail-
idheacht ar na páisdí roimh a n-athair. Ní bheidh an oiread fonn
ortha imtheacht ar bhóithribh ná ar shráideannaibh ag cainnt agus ag
éisdeacht le cainnt (droch-chainnt go minic) ó dhaoinibh eile. Is
feárr le na páisdíbh an comhrádh sin le n-a n-athair tráthnóna ná
á bhfaighidís saidhbhreas Sheórsa.



"Ní féidir ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga," agus mar
sin ná bíodh súil ag éinne, nuair bheas páisdí istigh, go bhfanfaidh
siad go ciúin, socair, mar bheadh sgata luchain bheaga a mbeadh
faitchíos ortha roimh an gcat. Leigtear do na páisdibh a gcleasa
a imirt má's "púicín," nó "cur an fháinne i bhfolach" é, ar feadh
tamaill ar chaoi ar bith. "Nuair is feárr an súgradh seadh
is córa leigean dó." Fágtar aca a leanbaidheacht is a simplidh-
eacht chomh fada is is féidir é.



Is deacair liom sgaramhaint leis an gceist seo (deagh-
shompla a theasbáint do na páisdíbh) mar feicthear dhamh-sa ar
chaoi ar bith gurab iad na páisdí bun-chloich an náisiúin. Acht
caithfidh mé é dhéanamh, má's mian liom aon nídh eile a rádh
i dtaoibh coiméad an tighe.



Mar dubhairt mé cheana, má's beag mór an teach congbhuigh-
thear glan é; cuirtear deoch aoil ar 'chuile sheomra is ar 'chuile


L. 216


áit sa teach uair sa mbliadhain ar a laighead; acht badh cheart é
chur níos minice ar an gcisdinigh. Sguabtar anuas na ballaí
sul mar chuirtear suas an t-aol, agus sguabtar anuas iad uair
nó dhó eile tríd an mbliadhain freisin, acht ní ghábhadh aol a chur
suas. Badh cheart ballaí na cisdinighe a sguabadh anuas 'chuile
mhí mar bíonn níos mó dusta ag éiriughadh annsin ná in aon áit
eile sa teach, agus bíonn an dusta sin ag luighe ar na ballaíbh.



Ná bíodh aon fhuinneóg ar an teach acht fuinneóg is féidir
osgailt thíos nó thuas, nó thíos as thuas rud is feárr 'ná sin. Sé
an chéad mhaith badh cheart a dhéanamh ar maidin (muna bhfuil an
lá rófhliuch nó rógharbh) na fuinneóga a osgailt agus an t-aér
breagh folláin a sgaoileadh isteach ar fuid an tighe. Badh cheart
an chuid is mó de na fuinneógaibh a bheith ar thaobh na gréine. Sé
mo mheas go bhfuil daoine dá thabhairt seo fá deara iad féin,
mar na tighthe nua fheicim déanta ar fud na tíre ag feilméar-
aibh is ag siopadóiríbh beaga, tá fuinneoga breaghtha móra ortha,
agus cuid aca ar thaobh na gréine leis.



Badh cheart dho 'chuile dhuine bárr fuinneóige an t-seomra
bhfuil sé n-a chodhladh ann fhágáil ar osgailt ins an oidhche, idir
shamhradh is geimhreadh, acht go mór mhór seomra ar bith nach bhfuil
ionad chun teine ann. Caitheann mórchuid daoine trian a
mbeatha in a seomraíbh codalta, agus 'n-a dhiaidh sin níl seomra
ar bith eile ins an teach is lugha a bhfuil áird ar a gcongbháil glan
'ná iad. Ceapann daoine nuair nach mbíonn aon duine ag dul
isteach ná amach ins na seomraibh seo acht muinntir an tighe go
bhfuil siad ceart go leór, nach gábhadh iad a sguabadh acht uair sa
tseachtmhain, nach gábhadh an leabadh a chóiriughadh go mbeidh an
comhluadar ag braith ar dhul a chodhladh, agus mar sin. Ní'l sin
ceart i n-aon chor. Ní'l seomra ar bith eile ins an teach is
riachtanaighe a chongbháil glan 'ná iad; ní d'fhonn go bhfeicfeadh
daoine iad, acht go mbeadh sláinte ag an muinntir bhíos n-a
gcodladh ionnta; go n-eireóchadh siad ar maidin gan a gceann
dhá chur ó chéile le tinneas nó gan iad a bheith marbhánta ar chaoi
nach mian leo corrughadh as a leabaidh ar chor ar bith.



Chomh luath i nÉirinn is bhéas 'chuile dhuine n-a shuidhe osgailtear
na fuinneóga, thíos is thuas má's féidir é; tógtar an t-éadach
den leabaidh agus caithtear trasna ar chathaoir é go mbeidh an
ghaoith ag dul thríd. Croithtear is bogtar an leabaidh agus


L. 217


fágtar mar sin í ar feadh uair an chluig. Cóirighthear annsin í,
agus sguabtar an t-urlár. Badh cheart billeóga tae leath-thirm
a bheith ag duine i gcomhnuidhe le craitheadh ar an urlár nuair tá
sé le sguabhadh; greamuigheann an salachar is an dusta dhíobh seo
agus ní éirigheann an oiread de ins an aer. Badh cheart freisin
na fuinneóga a dhúnadh an fhaid is tá an t-urlár dá sguabadh
ionnus nach gcrothadh an ghaoth an dusta agus go bhféadfar é
uilig a sguabadh amach gan a leath bheith ar fuid an tseomra.
Má tá ionad teine ann sguabtar an salachar ann agus dóightear
é, muna bhfuil, tógtar ar siubhal é, agus dóightear i n-áit éigin
eile é. Nuair atá sin déanta osgaltar na fuinneóga agus
tugtar cead don dusta a d'éirigh luighe arís go socair. Ní
ceart mórán truscáin a bheith ins an seomra seo: dó nó trí de
chathaoireachaibh, áit le éadach a chrochadh, bord beag le haghaidh
sgátháin, bord beag le haghaidh báisín agus beagán pictiúirí ar
na ballaíbh. Nuair atá an dusta n-a luighe faghtar éadach glan,
cruaidh (lín-éadach is feárr mar nach bhfágann sé aon deathnach
'na dhiaidh) agus cuimlighthear 'chuile áit go deas, réidh leis, ionnus
go dtógfar an dusta ar an éadach is nach n-éireóchaidh sé arís
ins an áit a raibh sé roimhe sin. Nuair bhéas an taobh atá amuigh
den éadach salach, iompuighthear amach taobh glan, agus mar sin
dó nó go mbeidh 'chuile chúinne den éadach salach. Tógtar amach
ar an tsráid annsin é, agus craithtear go maith é. Tosuighthear
arís ins an áit ar stadadh, agus déantar an rud céadna nó go
mbeidh an seomra agus a bhfuil ann glan. Déantar an cleas
céadna le 'chuile sheomra eile. Má déantar 'chuile lá é ní
thógfaidh sé mórán ama a dhul thríd an teach; acht muna ndéanfar
é acht uair sa tseachtmhain nó mar sin tógfaidh sé an chuid is mó
den lá dá dhéanamh.



Ní ceart plandaí a bhíos ag fás i gcrócaíbh ná rudaí mar sin
fhágáil ins an tseomra codalta ins an oidhche, mar gheall ar go
dtógann siad an "beó-aer" as an aeir agus go dtugann siad
uatha "spad-aer"; is rud nimheanta é seo. Ní'l dochar ar bith
iad a bheith ann sa ló, mar gurb é a atharrughadh ghníd; sé sin,
tógann siad an "spad-aer" agus tugann uatha an "beó-aer."



Badh cheart urlár na cisdinighe agus an halla no an cúilteach
a bheith déanta de bhrící nó de rud eicínt a bhéas furusda


L. 218


le nigheachán. Ná bíodh sé déanta de dhóib, má's féidir é. Badh
cheart a nigheachán le uisge bog is galaoireach 'chuile sheacht-
mhain. Cébí lá bhéas ceaptha len' aghaidh, nightear é nuair bhéas na
páisdí agus 'chaon duine eile imthighthe amach. Ná fliuchtar ar
dtús acht an méid is féidir a shroichint go réidh le do láimh gan
corrughadh as an áit a mbeifear. Nuair bhéas an méid seo nighte
tiormuighthear é le éadach bog tirm. Nightear paisde eile
annsin mar a gcéadna. Má dhéantar seo ní bheidh an té tá ghá
nigheachán fliuch, agus beidh an t-urlár beagnach tirm chomh luath
is bheidh sé nighte. Is mar seo badh cheart 'chuile urlár a
nigheachán is cuma ciaca cláir nó brící bhíos ann.



Ní ceart a bheith ag caitheamh smugairlí anonn 's annall ar fud
an urláir, muna bhfuil áit ar leith le 'na n-aghaidh caithtear 'sa
teine iad. Deirtear nach bhfuil rud ar bith is mó leathas eitinn
i measg daoine 'ná an gnás so. Is gránna an gnás é ar 'chuile
chaoi, dá mbeadh gan baint ar bith aige le leathadh eitinne. Badh
cheart dho chuile dhuine beag is mór naipicín póca bheith ar iomchar
aige, tá siad saor, i nós nach bhfuil leith-sgéal ar bith a bheith dhá
bhfuireasbha.



Ní cheart biadh ná bainne fhágáil ins an seomra codalta, go
mór mhór ins an seomra a bhfuil duine tinn ann. Badh cheart
urlár an t-seomra seo a nighe go luath sa lá, ar chaoi go mbeidh
sé tirim ceart nuair bhéas na daoine ag dul a chodladh.



Badh cheart dho 'chuile theach seomra bheith ann nach mbeidh i
ngnáthúsáid ag comhluadar an tighe, ionnus nuair casfaidhe
strainséar nó duine mar sin thart, go mbeadh sé fá réir i
gcomhnuidhe le n-a thabhairt isteach ann. Is minic nuair fheiceas
beantighe strainséar ag déanamh ar an doras, nuair nach bhfuil
aon áit oireamhnach fá réir aici, a thosóchas sí ag caitheamh rud
anonn is rud anall is ag cur an tighe tré n-a chéile. Annsin,
tá sí ar nós circe a bhéadh 'na seasamh ar ghreideal te, ar bíodhgadh
go n-imthighidh an té sin aríst. Dá mbeadh aici seomra beag dá
laighead (ní iarrfaidh sé bheith rómhór) a dtiubhradh sí an té sin
isteach ann, d'fhéadfadh sí cainnt leis ar a suaimhneas, agus ní
bheadh sí féin agus 'chaon rud eile tré n-a chéile. Badh cheart
don tseomra seo bord a bheith ann, trí nó ceathair de chathaoir-
eacha, beagán leabhra, beagán pictiúirí deasa ar na ballaíbh,
agus rudaí beaga eile anonn 'sa 'nall.


L. 219


Badh cheart dath a chur ar na doirse, ar an drisiúr, is ar
nidhthe den tsórt sin 'chaon tríomhadh bliadhain má's féidir é. Ar
chaoi ar bith tá aon rud amháin is féidir a dhéanamh leó, .i. iad a
nigheachán le uisge bog is galaoireach, uair ar bith bheidh siad
salach. Tar éis a nigheacháin badh cheart iad a thiormughadh le
éadach cruaidh tirm nach bhfágfaidh aon deathnach n-a dhiaidh. Má
déantar seo féachfaidh siad go deas, glan, sleamhain, tar éis an
nigheacháin.



Má bristear pána i bhfuinneóig, cuirtear pána nuadh isteach
(nó cuirtear píosa gloine air má's poll beag é) chomh luath agus
is féidir é. Is gránna an radharc búrla éadaigh fheiceál sáithte
amach i lár pána fuinneóige; tá sé i gcruth teach ar bith a
mhilleadh.



Badh cheart seanbhuicéad - nó is cuma nuadh nó sean é acht é
bheith ann - a bheith ins gach uile chisdinigh le croicne fataí, croicne
turnapaí, capóga cóilis agus nidhthe den tsórt sin a chaitheamh
ann. Badh cheart iad so a chur ar chúl na teine go dtiormuighidh
siad, agus annsin iad a dhóghadh; nó muna ndéantar seo, caith-
tear isteach san charnaoiligh iad. Cébí céard a dhéanfar leó, ná
caithtear ar fuid na sráide iad.



Badh cheart na soighthighe bhéas leagtha anuas i n-am béile a
nighe chomh luath is bhéas an béile thart, agus gan iad fhágáil anonn
ná ar dhrisiúr. Bíodh uisge dhá théigheamh an fhaid is tá an béile
dá chaitheamh is ní bheidh aon mhoill air annsin. Má cuirtear
cuimilt bheag ghalaoireach ar an uisge is furusda dhéanfar iad a
nigheachán. Badh cheart dho 'chuile bheantighe leathchloch ghalaoireach
a cheannach i n-aoinfheacht; í seo a ghearradh n-a píosaí agus iad
a leagan i n-áit thirm go stálaidh siad. Is feárr agus is fuide
racas punt den ghalaoireach seo atá chruaidh stálaithe ná dhá
phunt de'n ghalaoireach atá bog úr tar éis a ceannach.



Deirtear nach féidir críoch a chur le obair mná, agus is
dearbhtha nach féidir; acht an bhean is fearr ar an domhan
níl uirthi acht dhá láimh, agus ní féidir léithí freasdal do 'chaon
nídh agus an teach a chongbháil mar is cóir mar a bhfaghaidh sí
chongnamh. Ar an adhbhar sin, an áit i bhfuil muca is beithidhigh
badh cheart dho na fearaibh is do na buachaillí congnamh a thabhairt
ag riaradh na muc, ag bleághan na mbó, ag riaradh na laoghann,
agus ag déanamh oibreacha de'n tsórt sin. Is le congnamh le


L. 220


chéile bheimíd láidir agus gheabhaimíd 'un cinn. Badh cheart dhóibh
freisin, má bhíonn sé abhfad ó'n teach, an oiread uisge a
tharraingt ar maidin is a dhéanfas úsáid an tighe ar feadh
an lae. Badh cheart soightheach fairsing a bheith i ngach teach,
baraille no dabhach, leis an uisge a chur ann.



Ní ceart i n-aon chor muca ná cearca a chongbháil istigh ins an
tigh comhnuidhthe. Bíodh áit ar leith ag an eallach seo dhóib fhéin.
Is deacair le daoinibh sgaramhaint leis an seanghnás, cé gur
leigeadar uatha réidh go leór na seanghnása a raibh aon
bharainn ortha.



Má's gealta nó daithte tá an teach taobh amuigh, gealtar nó
daithtear é uair sa mbliadhain ar a laighead, b'fheáirrde é dá
bhféadfaidhe a dhéanamh níos minice. Má's sráid, nó bóithrín nó
casán atá ag dul chum an tighe congbhuighthear i n-ordughadh é;
má cartar é deasuighthear arís é chomh luath is is feidir é. Ná
leigtear don fhéar fás aníos idir na clochaibh, nó mbabhailéir, nó
gairbhéal nó cébí rud a bhéas ann. Déanfadh na páisdí an obair
seo má deirtear leo é. Má tá geata ann ná bíodh sé ar leath-
mhaing, agus ná bíodh sé ceangailte le sreangáin is ruagaí ag
iarraidh a chongbháil i n-a sheasamh. Má bhriseann bolta nó bocán,
cuirtear caoi arís air. Má breathnuighthear i ndiaidh ruda i
n-am is furusda é choimeád; acht má leigtear dó dhul i léig
beidh sé deacair, costasach caoi a chur air. "Is feárr greim in
am 'ná naoi gcinn i n-antráth."



Má tá garraidhe beag i n-aice an tighe, cuirtear pósaéir i
bpaisde dhe. Fágtar fá chúram na bpáisdí é, a chúinne bheag fhéin
ag gach duine, agus cineál ar leith pósaéir ag gach duine i n-a
chúinne fhéin, congbhuidís go deas é, agus ná leigidís dho luibheanna
ná dho rudaí mar sin fás aníos i measg na bpósaér.



Congbhuighthear cuntas ar 'chuile chaitheamh is fághail, agus
socruighthear na cuntaisí uair sa choichthíghis má's féidir é nó uair
sa mí ar chaoi ar bith; ná leigtear níos faide é, "an rud a
théigheann i bhfaid téigheann sé i righneas."



Anois a bhean an tighe, má bhíonn t'fhear amuigh ar feadh an lae,
bí réidh le suidhe síos nuair thiocfas sé a-bhaile tráthnóna. Bíodh
obair bheag éadtrom idir lámhaibh agat, fuadháil nó cniteáil, ar
chaoi go bhféadfaidh tú cainnt leis, má bhíonn fonn cainnte air
rud a bheas, tá mé cinnte, tar éis dó bheith amuigh ar feadh an lae.


L. 221


Bí go deas, glan, fáisgithe; ní maith le aon fhear a bhean fheiceál
n-a straoill.



Agus thusa, a fhir an tighe, nuair shuidheas tú ag léigheamh do
pháipéar, cuimhnigh nach mbíonn am ag do mhnaoi súil a leagan ar
pháipéar ó mhaidin go hoidhche, le coibhlint 'chaon rud a bheith i gcóir
aici dhuit-se is dho na páisdí agus gur mhaith léithi fios fagháil
ar a lán rudaí. Mar sin de, léigh dhi rud ar bith cheapas tú
a mbeadh suim aici ann, cuir i gcás gurab é "an faision
deireannach i hataí" é. Má ghnídheann tú sin ní aireóchaidh sí ná
ní chuimhneóchaidh sí go bhfuil sí tuirseach tar éis an lae.



Cúpla focal eile anois le bean an tighe agus tá mé réidh.
Nuair ghabhas do chomhluadar a chodladh san oidhche ná fan i do
shuidhe ag léigheamh ráiméis de leabhar ná de pháipéar. Éirigh do
sheasamh agus sguab do chisdineach; socruigh do theallach, agus
leag adhbhar na teine fá chomhair na maidne len' ais. Dóigh an
ráiméis sa teine; nó fág go maidin é, agus cuir fá'n gciotail
é. Is fearr bhéas tú annsin 'ná an fear fadó a "bhruith an
breac 's an bradán le fíor is le bréag," fiuchfaidh tusa do
ciotail le bréagaibh uilig. Beannacht Dé leat anois is gabh a
chodladh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services