Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oghmóracht. I - Aibghidir an Oghaim.
Title
Oghmóracht. I - Aibghidir an Oghaim.
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oghmóracht. EÓIN MAC NÉILL do sgríobh. I. - AIBGHIDIR AN OGHAIM. Dá mbeadh duine ann agus gan eolas aige ar litreachaibh, gan fhios aige a leithéid do bheith ann, agus go mbadh mhian leis sás nó inntleacht éigin do chumadh as a nua, d'fhonn is go bhféad- fadh sé cainnt na ndaoine do chomharthughadh os comhair a súl - go mbadh mhian leis sgríobhadh agus nach bhfaca sé sgríbhneóireacht riamh - caidé an nós sgíbhneoireachta, dar libh, do cheapfadh sé dhó féin? Rud éigin ár ndóigh bheadh cosmhail leis an A, B, C so againne. Is deimhin maiseadh nach gceapfadh, ná éin ní dhá shórt. Ní in éinfheacht do ceapadh éan-aibghidir riamh, acht oiread le crann. D'fhás gach aibghidir acu, mar d'fhásfadh crann, agus mar nach cosmhail an crann leis an síol, mar sin fós do hathruigheadh gach aibghidir go mór ón uair do cumadh ar dtús í.
Is é bhí ins na litreachaibh ar dtús, pioctúirí beaga. Tá dreamanna daoine anois féin sa domhan nach bhfuil de sgríbhneóir- eacht acu acht pioctúirí. Níor tosuigheadh sgríbhneóireacht riamh ó litreachaibh. Níor chuimhnigh éin fhear riamh ar litreachaibh mar shlighe chum cainnte do léiriughadh. An A, B, C úd d'fhoghlaim tú i dtús t'óige, bhíodar ag fás leis na céadta bliadhan, bhíodar dhá gcumadh agus dhá mí-chumadh agus dá ndí-chumadh agus dá n-ath- chumadh ar feadh an fhaid sin sul a ndeárnadh A, B, C dhíobh fá mar tá siad agat. Is follus as sin nach duine agus nach daoine do chum agus do cheap an t-ogham ar dtús as a stuaim féin. Litreacha atá san ogham, agus teagann litreacha ó phioctúirí mar theagas dias ó gheamhar. Sean-phioctúirí is eadh A, B, C. Thar éis a bhfuaradar de chaitheamh agus de chasadh ó pheannaibh na mílte bhfear i n-imtheacht na gcéadta mbliadhan, ní aithneóchadh duine ar bith an chosamhlacht do bhí ionnta ar dtús, acht is furusta a thuigsin gur ó phioctúirí d'fhásfaidís. Ní hionann a dhálta ag na "dúilibh feadha," ainm do bhí ag Gaedhealaibh na sean-aimsire ar litreachaibh an oghaim. Ó uimhreachaibh is eadh cumadh iad sin. Is é is tuigthe dhúinn de sin nach sean-aibghidir innti féin an t-ogham acht malairt do rinneadh ar aibghidir eile do bhí ann roimpi. Níor fhás an t-ogham. Ní féidir go bhfásfadh uimhreacha mar I, II, III, IIII, IIIII, as pioctúirí. Tháinig litreacha an oghaim i n-ionad litreach eile. Comharthaí ionaid iad gan amhras. Bhí an bhun-aibghidir ann rómpa. Acht má bhí, agus go raibh, aibghidir ann rómpa, ní móide gur aibghidir Ghaedhealach í, mar isé deir gach sean-ughdar Gaedhealach gurbh é an t-ogham an chéad aibghidir do bhí i nÉirinn, agus fos níor fríth i nÉirinn éin sgríbhneóireacht chomh sean leis an ogham. Fágann sin gur i n-ionad abighidreach éigin coigcríche do cumadh an t-ogham ar dtús. Ní raibh éan aibghidir ámh i n-iarthar na hEórpa le linn an oghaim acht Laidean agus Gréigis. Ní'l an t-ogham ro-chosmhail leis an aibghidir Ghréagaigh, agus tá sé fíor-chosmhail leis aibghidir Laidne. Ar an ádhbhar sin, is cóir dhúinn a mheas gurab í an aibghidir Laidne bun agus múnla an oghaim. Ar adhmad nó ar chloich is eadh sgríobhthaoi an t-ogham. Do gheibheadh an t-oghmóir ceap fada ceathar-chúinneach. Támhlorg do
ghlaoidhtí ar an gceap, má ba cheap adhmaid é. Má ba chloch do bheadh aige i n-ionad crainn, lia nó leac nó coirthe do ghlaoidhtí ar an gcloich sin, mar adubhairt an file - "Ogham i lia, lia uas leacht," agus rl. Do réir cosamhlachta, ní ghearrthaoi ogham i lia acht an uair dob' áil leis an oghmóir cuimhne do dhéanamh ar dhuine do bheadh thar éis báis d'fhagháil. Cibé gnó eile bheadh aige don cheird sin, is ar admhad do ghníodh sé an sgríbheann. Is ó cheird na saor adhmaid tugadh ainm ar umhmór na neithe do bhain le ceird na n-oghmóirí. Ar an ádhbhar sin, is dócha gur i n-adhmad do sgríobhthaoi an t-ogham ar dtús, agus 'na dhiaidh sin ar lic nó ar choirthe. Ní hi lár an támhluirg a bhíodh an t-ogham acht ar na cúinní. Craobh nó druim do ghlaoidhtí ar chúinne le haghaidh oghmórachta. Sguiream feasta le trácht ar na támhlorgaibh. Ní mhaireann oiread is ceannn amháin acu, nó má mhaireann ní'l sé ar fagháil. Tráchtfamaoid ar na liagaibh, a bhfuil beag nach ceithre céad acu ar marthain agus ar fagháil go dtí indiu, agus tuilleadh gan amhras nach bhfuighfear go dtéightear ar a lorg. Do sgríobhthaoi cuid de na litreacha ar thaobh na láimhe deise den chraoibh nó den druim - sin í cúinne na lice agus an leac 'na seasamh suas - agus cuid acu ar thaobh na láimhe clí, agus cuid acu fiar-thrasna na craoibhe. Fiodh - sin litir san ogham. Tugthar fiodh fós ar ghuta (mar tá a, o, u, e, i), agus taobh-omna ar chonsaine. Le líne amháin nó dhá líne, nó trí líne, nó ceithre líne, nó le cúig líne, do sgríobhthaoi gach consaine, agus na línte sin le hais a chéile mar seo - I II III IIII IIIII. Má's ar an láimh dheis atá na comharthaí sin, sí brígh atá ionntu a gcúigear .i. B, L, V, S, N; fleasg amháin, sin B; dhá fhleisg, sin L, cúig fleasga, sin N. Is é V do bhíodh i nGaedhilg na sean-ogham an áit i bhfuil F i nGaedhilg na leabhar. Mar sin, b, l, f, s, n na cúig litreacha tosaigh do réir na leabhar. Má's ar an láimh chlí atá na fleasga céadna óna haon go dtí a cúig, ionann iad le H, D, T, C, Q. Bhí Q i nGaedhilg na sean- ogham, agus mhair sé tamall i nGaedhilg na leabhar, acht is fada ó chuaidh sé ar ceal uile go léir. Na fleasga atá 'na luighe fiar-thrasna na craoibhe mar seo / // /// //// /////, ceann de gach fleisg ar an taobh dheas agus an ceann eile ar an taobh clí, is ionann iad le M, G, nG, Z, R.
Ba litir amháin NG san ogham agus níor dhá litir mar tá isna leabhraibh. Maidir le Z, tá amhras mór agam nach raibh a leithéid de litir sa sean-ogham, acht litir éigin eile ina hionad. Deir- thear nár fríth an cheathar-fhleasg thrasnach //// fós acht ar lic amháin, agus gur féidir G, G, bheith ar an lic i n-ionad Z. Is minic nach Z a samhluighthear leis an litir oghaim seo, acht "St", acht ní'l annsin acht atrughadh fuama, mar b'ionann Z le Ts, agus is ionann le Ts fós é san Almáinis agus i dteangthachaibh eile. Aga (nó eanga) beaga gearra óna haon go dtí a cúig, agus iad gearrtha sa chraoibh féin gan rochtain amach ar aon taobh, mar seo - I II III IIII IIIII - sin iad na cúig gutaí (nó gothaidhe má's fearr leat) .i. A, O, U, E, I. Tabhair dot aire go bhfuil na gutaí leathna i dtosach, agus 'na gutaí caola na ndiaidh. Ní raibh éan chomhartha sa tsean-ogham ar na gutaí fada seach na gutaí gairide. Ní raibh éan chomhartha ar na consainí análuighthe seach na bun-chonsainí. Má bhí urdhubhadh ann le linn an tsean-oghaim, níl sé ar aithne ar éin lic dár sgrúdadh fós, ó thosuigh daoine na haimsire seo ag déanamh foghlama ar an oghmóracht. Tá comhartha amháin eile san ogham, sin dá fhleisg thar a chéile mar seo - X. Uaireannta, bíonn X 'na ghuta, agus brígh E atá ann. Uaireannta eile, bíonn sé 'na chonsoine, agus brígh K nó P ann, acht ní theagann oghmóirí na haimsire seo le chéile i dtaobh bríghe na consoine sin. Tá a lán comharthaí oghaim isna leabhraibh nach bhfeicthear ar na sean-liagaibh, agus ní móide go rabhadar sa tsean-ogham acht chomh beag. Sgaoilfeamuid tharainn don chor so iad. Sé deirid na sean-ughdair san uraiceacht gur ó chrannaibh na coille tugadh ainm ar litreachaibh an oghaim. Seo iad na hainmne sin: An chéad chúigear, Beithe, Luis, Fearn, Sail, Nin. Aicme Bheithe iad sin. An dara cúigear, Huath, Tinne, Duir, Coll, Quert nó Cert. Aicme Huatha sin. An treas chúigear, Muin, Gort, NGetal (nó NGiatal), Zraif no Straif, Ruis. Aicme Mhuine sin. An cúigear gutaí, Ailm, Onn, Ur, Eadhadh, Iodha. Aicme Ailme sin. Gach litir ó sin amach, is "Foraicme" iad uile, dhá chur i dtuigsin nach bhfuil gaol acu le fíor-aicmí an tsean-oghaim.
Tugthaoi forsloinneadh ag na sean-ughdaraibh ar gach sloinneadh nach raibh gaol aige le sloinneadh flatha na tíre, agus fortuath ar gach tuaith nach raibh gaol acu le tuaith ríogh an chúigidh. Mar sin gach litir san ogham taobh amuigh de na ceithre fíor-aicme, ghlaoidhtí forfiodh uirri, agus foraicme ortha go léir. Ní hionann ainmneacha na gcrann san ogham agus na hainmneacha atá anois ortha. Beithe agus fearn (sin fearnóg) agus sail (nó soil, soileach, soileóg) agus dair (sin dair) agus coll - tá na hainmneacha sin againn i gcomhnaidhe. Tá míniughadh ar chuid eile acu san uraiceacht, agus tá tuilleadh acu bhí chomh seanda sin i n-aimsir na huraiceachta féin nach raibh na hughdair ar éan fhocal 'na dtaobh cé an crann dárbh ainm iad. Ní theagann na leabra déidheanacha leis na sean-leabhraibh ar ainm- neachaibh na bhfeadha sin go huilidhe ná fós ar bhrígh nó ar mhíniughadh na n-ainmneach. Ó litreachaibh na céad aicme tugadh d'ainm ar aibghidir an oghaim an "Beithe-luis-nin." Beithe an chéad litir; LVS annsin a dtriúr, sin Lus; agus Nin an chúigeadh litir. Sin Beithe-luis-nin. Do connacthas d'fhear léigheannta de shloinneadh Atkinson - níorbh é an t-ollamh úd Atkinson do cailleadh ó chianaibh - connacthas dó gurbh ó na huimhreachaibh do hainmnigheadh an dara haicme mar seo - Haon, Dó, Trí, Ceathair, Qúig - agus ba dhóigh leis go mbadh í seo an chéad chúigear i dtús an sgéil. B'fhéidir an ceart do bheith ag Atkinson seo, acht d'fhág sé ceist nó dhó gan fuasgladh. Má bhí an dara cúigear i dtosach uair, cad chuige ar haistrigheadh iad, agus go bhfuil sé i n-aghaidh gnása na ndaoine ar fud an domhain réim na haibghidreach d'atharrughadh nó do chur tré chéile? Cá bhfuair "aon" H mar chéad-fhuaim? Is minic airighmíd "haon" i mbéal daoine na haimsire seo, an áit nach leigeann an leisge dhóibh "a haon" do rádh. Acht má bhí an H sin ann le linn ceaptha an oghaim ar dtús, is cinnte nach ina H do bhí sí acht ina S. Oireann Q go deas do Chúig do réir cosamhlachta, acht tá dearbh maith againn gur Q an chéad litir do bhí isna foclaibh sin Ceathair agus Cúig araon le linn an oghaim do chur ar bun, mar tá Quatuor agus Quinque sa Laidin. Ní follus dúinn, má 'seadh, cé an fáth a nglaodhfaidhe C ar Cheathair agus Q ar Chúig, agus gur Q an céad-fhuaim do bhí go cinnte san dá fhocal araon.
Ag scríobhadh an oghaim dhuit ar pháipéar, is gnáthach an chraobh nó an druim do bheith trasna an leathanaigh ó thaobh go taobh, i n-ionad a bheith ina seasamh suas mar gheibhthear sa liaig. Is gnáthach bun na craoibhe do bheith ar do láimh chlí ar an bpáipéar, agus a bárr ar do dheis. Mar sin, na fleasga do bheadh ar dheis na craoibhe sa lic, bíonn siad taobh thíos di ar an bpáipéar, agus na fleasga do bheadh ar chiotóig na craoibhe sa lic, bíonn siad os cionn na craoibhe sa pháipéar. Seo é anois an Beithe-luis-nin mar sgríobhthar ar pháipéar é: Is gnáthach aicme ailme dá sgríobhadh de "fhleasgaibh" i gceart- trasna na craoibhe agus ní fiar-thrasna mar tá aicme mhuine. Ní fleasga do bhíodh ar na liagaibh i gcomhair na ngutaí, acht aigíní beaga gearra mar adubhramar cheana. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services