Oghmóracht.
EÓIN MAC NÉILL do sgríobh.
I. - AIBGHIDIR AN OGHAIM.
Dá mbeadh duine ann agus gan eolas aige ar
litreachaibh, gan fhios aige a leithéid do bheith
ann, agus go mbadh mhian leis sás nó inntleacht
éigin do chumadh as a nua, d'fhonn is go bhféad-
fadh sé cainnt na ndaoine do chomharthughadh os
comhair a súl - go mbadh mhian leis sgríobhadh
agus nach bhfaca sé sgríbhneóireacht riamh -
caidé an nós sgíbhneoireachta, dar libh, do cheapfadh sé
dhó féin? Rud éigin ár ndóigh bheadh cosmhail leis an A, B, C so
againne. Is deimhin maiseadh nach gceapfadh, ná éin ní dhá shórt.
Ní in éinfheacht do ceapadh éan-aibghidir riamh, acht oiread le
crann. D'fhás gach aibghidir acu, mar d'fhásfadh crann, agus mar
nach cosmhail an crann leis an síol, mar sin fós do hathruigheadh
gach aibghidir go mór ón uair do cumadh ar dtús í.
Is é bhí ins na litreachaibh ar dtús, pioctúirí beaga. Tá
dreamanna daoine anois féin sa domhan nach bhfuil de sgríbhneóir-
eacht acu acht pioctúirí. Níor tosuigheadh sgríbhneóireacht riamh
ó litreachaibh. Níor chuimhnigh éin fhear riamh ar litreachaibh mar
shlighe chum cainnte do léiriughadh. An A, B, C úd d'fhoghlaim tú
i dtús t'óige, bhíodar ag fás leis na céadta bliadhan, bhíodar dhá
gcumadh agus dhá mí-chumadh agus dá ndí-chumadh agus dá n-ath-
chumadh ar feadh an fhaid sin sul a ndeárnadh A, B, C dhíobh fá
mar tá siad agat.
Is follus as sin nach duine agus nach daoine do chum agus do
cheap an t-ogham ar dtús as a stuaim féin. Litreacha atá san
ogham, agus teagann litreacha ó phioctúirí mar theagas dias ó
gheamhar.
Sean-phioctúirí is eadh A, B, C. Thar éis a bhfuaradar de
chaitheamh agus de chasadh ó pheannaibh na mílte bhfear i n-imtheacht
na gcéadta mbliadhan, ní aithneóchadh duine ar bith an chosamhlacht
do bhí ionnta ar dtús, acht is furusta a thuigsin gur ó phioctúirí
d'fhásfaidís. Ní hionann a dhálta ag na "dúilibh feadha," ainm
do bhí ag Gaedhealaibh na sean-aimsire ar litreachaibh an oghaim.
Ó uimhreachaibh is eadh cumadh iad sin.
Is é is tuigthe dhúinn de sin nach sean-aibghidir innti féin an
t-ogham acht malairt do rinneadh ar aibghidir eile do bhí ann
roimpi. Níor fhás an t-ogham. Ní féidir go bhfásfadh uimhreacha
mar I, II, III, IIII, IIIII, as pioctúirí. Tháinig litreacha an oghaim
i n-ionad litreach eile. Comharthaí ionaid iad gan amhras. Bhí
an bhun-aibghidir ann rómpa. Acht má bhí, agus go raibh, aibghidir
ann rómpa, ní móide gur aibghidir Ghaedhealach í, mar isé deir
gach sean-ughdar Gaedhealach gurbh é an t-ogham an chéad aibghidir do
bhí i nÉirinn, agus fos níor fríth i nÉirinn éin sgríbhneóireacht chomh
sean leis an ogham. Fágann sin gur i n-ionad abighidreach éigin
coigcríche do cumadh an t-ogham ar dtús. Ní raibh éan aibghidir ámh
i n-iarthar na hEórpa le linn an oghaim acht Laidean agus Gréigis.
Ní'l an t-ogham ro-chosmhail leis an aibghidir Ghréagaigh, agus tá
sé fíor-chosmhail leis aibghidir Laidne. Ar an ádhbhar sin, is cóir
dhúinn a mheas gurab í an aibghidir Laidne bun agus múnla an
oghaim.
Ar adhmad nó ar chloich is eadh sgríobhthaoi an t-ogham. Do
gheibheadh an t-oghmóir ceap fada ceathar-chúinneach. Támhlorg do
Do sgríobhthaoi cuid de na litreacha ar thaobh na láimhe deise
den chraoibh nó den druim - sin í cúinne na lice agus an leac 'na
seasamh suas - agus cuid acu ar thaobh na láimhe clí, agus cuid
acu fiar-thrasna na craoibhe. Fiodh - sin litir san ogham.
Tugthar fiodh fós ar ghuta (mar tá a, o, u, e, i), agus taobh-omna
ar chonsaine.
Le líne amháin nó dhá líne, nó trí líne, nó ceithre líne, nó le
cúig líne, do sgríobhthaoi gach consaine, agus na línte sin le hais a
chéile mar seo - I II III IIII IIIII. Má's ar an láimh dheis
atá na comharthaí sin, sí brígh atá ionntu a gcúigear .i. B, L,
V, S, N; fleasg amháin, sin B; dhá fhleisg, sin L, cúig fleasga,
sin N. Is é V do bhíodh i nGaedhilg na sean-ogham an áit i bhfuil
F i nGaedhilg na leabhar. Mar sin, b, l, f, s, n na cúig litreacha
tosaigh do réir na leabhar.
Má's ar an láimh chlí atá na fleasga céadna óna haon go dtí
a cúig, ionann iad le H, D, T, C, Q. Bhí Q i nGaedhilg na sean-
ogham, agus mhair sé tamall i nGaedhilg na leabhar, acht is fada
ó chuaidh sé ar ceal uile go léir.
Na fleasga atá 'na luighe fiar-thrasna na craoibhe mar seo
/ // /// //// /////, ceann de gach fleisg ar an taobh dheas agus an
ceann eile ar an taobh clí, is ionann iad le M, G, nG, Z, R.
Aga (nó eanga) beaga gearra óna haon go dtí a cúig, agus
iad gearrtha sa chraoibh féin gan rochtain amach ar aon taobh, mar
seo - I II III IIII IIIII - sin iad na cúig gutaí (nó gothaidhe
má's fearr leat) .i. A, O, U, E, I. Tabhair dot aire go bhfuil na
gutaí leathna i dtosach, agus 'na gutaí caola na ndiaidh.
Ní raibh éan chomhartha sa tsean-ogham ar na gutaí fada seach
na gutaí gairide. Ní raibh éan chomhartha ar na consainí
análuighthe seach na bun-chonsainí. Má bhí urdhubhadh ann le linn
an tsean-oghaim, níl sé ar aithne ar éin lic dár sgrúdadh fós, ó
thosuigh daoine na haimsire seo ag déanamh foghlama ar an
oghmóracht.
Tá comhartha amháin eile san ogham, sin dá fhleisg thar a chéile
mar seo - X. Uaireannta, bíonn X 'na ghuta, agus brígh E atá
ann. Uaireannta eile, bíonn sé 'na chonsoine, agus brígh K nó
P ann, acht ní theagann oghmóirí na haimsire seo le chéile i dtaobh
bríghe na consoine sin. Tá a lán comharthaí oghaim isna leabhraibh
nach bhfeicthear ar na sean-liagaibh, agus ní móide go rabhadar sa
tsean-ogham acht chomh beag. Sgaoilfeamuid tharainn don chor
so iad.
Sé deirid na sean-ughdair san uraiceacht gur ó chrannaibh na
coille tugadh ainm ar litreachaibh an oghaim. Seo iad na
hainmne sin:
An chéad chúigear, Beithe, Luis, Fearn, Sail, Nin. Aicme
Bheithe iad sin. An dara cúigear, Huath, Tinne, Duir, Coll,
Quert nó Cert. Aicme Huatha sin. An treas chúigear, Muin,
Gort, NGetal (nó NGiatal), Zraif no Straif, Ruis. Aicme
Mhuine sin. An cúigear gutaí, Ailm, Onn, Ur, Eadhadh, Iodha.
Aicme Ailme sin.
Gach litir ó sin amach, is "Foraicme" iad uile, dhá chur i
dtuigsin nach bhfuil gaol acu le fíor-aicmí an tsean-oghaim.
Ó litreachaibh na céad aicme tugadh d'ainm ar aibghidir
an oghaim an "Beithe-luis-nin." Beithe an chéad litir; LVS
annsin a dtriúr, sin Lus; agus Nin an chúigeadh litir. Sin
Beithe-luis-nin.
Do connacthas d'fhear léigheannta de shloinneadh Atkinson -
níorbh é an t-ollamh úd Atkinson do cailleadh ó chianaibh -
connacthas dó gurbh ó na huimhreachaibh do hainmnigheadh an dara
haicme mar seo - Haon, Dó, Trí, Ceathair, Qúig - agus ba dhóigh
leis go mbadh í seo an chéad chúigear i dtús an sgéil. B'fhéidir
an ceart do bheith ag Atkinson seo, acht d'fhág sé ceist nó dhó
gan fuasgladh. Má bhí an dara cúigear i dtosach uair, cad
chuige ar haistrigheadh iad, agus go bhfuil sé i n-aghaidh gnása na
ndaoine ar fud an domhain réim na haibghidreach d'atharrughadh
nó do chur tré chéile? Cá bhfuair "aon" H mar chéad-fhuaim?
Is minic airighmíd "haon" i mbéal daoine na haimsire seo, an
áit nach leigeann an leisge dhóibh "a haon" do rádh. Acht má bhí
an H sin ann le linn ceaptha an oghaim ar dtús, is cinnte nach
ina H do bhí sí acht ina S. Oireann Q go deas do Chúig do réir
cosamhlachta, acht tá dearbh maith againn gur Q an chéad litir do
bhí isna foclaibh sin Ceathair agus Cúig araon le linn an oghaim
do chur ar bun, mar tá Quatuor agus Quinque sa Laidin. Ní
follus dúinn, má 'seadh, cé an fáth a nglaodhfaidhe C ar Cheathair
agus Q ar Chúig, agus gur Q an céad-fhuaim do bhí go cinnte
san dá fhocal araon.
Ag scríobhadh an oghaim dhuit ar pháipéar, is gnáthach an
chraobh nó an druim do bheith trasna an leathanaigh ó thaobh go
taobh, i n-ionad a bheith ina seasamh suas mar gheibhthear sa liaig.
Is gnáthach bun na craoibhe do bheith ar do láimh chlí ar an
bpáipéar, agus a bárr ar do dheis. Mar sin, na fleasga
do bheadh ar dheis na craoibhe sa lic, bíonn siad taobh thíos di ar
an bpáipéar, agus na fleasga do bheadh ar chiotóig na craoibhe
sa lic, bíonn siad os cionn na craoibhe sa pháipéar. Seo é anois
an Beithe-luis-nin mar sgríobhthar ar pháipéar é:
Is gnáthach aicme ailme dá sgríobhadh de "fhleasgaibh" i gceart-
trasna na craoibhe agus ní fiar-thrasna mar tá aicme mhuine.
Ní fleasga do bhíodh ar na liagaibh i gcomhair na ngutaí, acht
aigíní beaga gearra mar adubhramar cheana.
(Ní críoch).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11