Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beránger.
Title
Beránger.
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beránger. AN tATH. CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN do scríobh. Is dócha go raibh sé do chrannaibh ar Bheránger a bheith 'n-a fhile. Dá bhfanadh sé i bhfochair a shean-athar 'sé is dóichighe ná go ndéanfadh sé táilliúir de. An táilliúireacht ba chéird dó féin. Acht do b'é an peann, is níorbh' é an snáthaid, a bhí i gcinneamhain dá mhéarannaibh. Do bhí rún ag a aintín clódóir a dhéanamh de, agus b'fhéidir go leanfadh sé dhe-sin dá bhfanadh sí i bPerón. Do cheap a athair gaimbiadóir a dhéanamh de, agus tá a fhios againn cionnus mar éirigh leis. Agus cúpla bliadhain 'n-a dhiaidh san, nuair do cuireadh "cómh-scríobhthán" ar bun sa bhFrainnc, do cuirfidhe d'fhiacaibh air dul ag saighdiúireacht, acht é a bheith chomh maol san de thoisc easláinte gur ceapadh go raibh sé ró-aosta dhon arm. Is deimhnitheach ar a bheathaidh gur bh'í an fhilidheacht a bhí i ndán do. Seo anois é 'n-a chomhnuidhe i lochta tighe áirithe i Sráid Shain Mártain; aon rún amháin aige, .i. bheith 'n-a fhile. Ba bhocht is ba dhealbh dhó sa lochta úd, acht ba shuairc is do b'aoibhinn dó 'san am gcéadna. Ba mhinic é agus níor bh'fhios dó ar maidin cá bhfuigheadh sé lón na hoidhche. Ba mhinic do luidh ar a leabadh um thráthnóna, agus gan bluire i dtaisce aige i gcomhair na maidne. B'fhéidir dó lá pighinn sa bhreis do chaitheamh ar shoghmhlais bhig éigint, agus ar feadh seachtmhaine n-a dhiaidh san go gcaithfeadh sé é féin do chothughadh le saghas anbhruithe do dhéanfadh sé d'arán agus im, agus iad beirbhthe i dteannta a chéile. Acht do bhí sé chomh sona sásta i rith na haimsire sin ná féadfadh sé cuimhneamh air tar éis na mbliadhanta gan na deora do theacht 'n-a dhúilibh. Sidhbhé na filidheachta do ghealuigh na laetheanta dhó, is do thugadh dó físe na glóire i gcaitheamh na hoidhche. Uaireantach, b'fhéidir go dtagadh droch-mhisneach air; acht chuireadh sí sin cogar 'n-a chluais, agus d'imthigheadh na scamall ó n-a intinn "mar d'éireóchadh an lóchán ón gcoirce le gaoith." Do thug sé amus i ndiaidh a chéile ar gach saghas filidheachta, acht ba ghearr gur bhraith sé gur fearr a cheapfadh sé amhrán 'ná aon tsaghas eile. Na hamhráin 'seadh is sia mhairfidh dá chuid
filidheachta. Amhráin ghrádha, amhráin ag baint le beathaidh an Fhranncaigh, agus go mór-mhór le beathaidh an Pháirisigh, amhráin ag baint le poilitidheacht agus le dálaibh na tíre - níor bh'fhada go raibh amhráin de gach saghas aca-san le fagháil uaidh go flúir- seach. Agus ní mar a chéile a bhíodar na hamhráin do cheap sé sin agus na hamhráin a cheapadh na filidhe chuaidh roimis. D'oir a saothar-san don uaisleacht agus do lucht léighinn. Do dhein- eadar aithris i slightibh ar sheanfhilíbh na Gréige agus ar shean- fhilíbh na Rómha. Is minic a dheinidís tagairt do shaothar na bhfilidhe úd - agus na hainmneacha a chleachtaidís n-a gcuid amhráin, is minic do baintí don tsean-fhilidheacht iad. De bhí rian an oide scoile ar shaothar na bhfile soin. Do bhí an iomad tacair ann seachas filidheacht Bheránger. Is luath do thug seisean fé ndeara ná raibh éin-nídh d'oirfeadh do litridheacht na Frainnce chomh maith le simplidheacht - simplidheacht smaointe agus sim- plidheacht briathar. "Dar leis an bhFranncach," ar seisean, "nach mórdhacht go simplidheacht." Agus do luaidh sé, mar shomplaíbh, deagh-chainnt Bhossueth, agus an chuid is fearr d'fhilidheacht Chorneille. "Is minic," ar seisean, "a luaidhtear Pindar. Acht is mór atá idir fhilíbh na haimsire seo agus an file Gréagach." Agus mar seo do mhínigh sé an cás: mar gur bh'é ádhbhar filidh- eachta Phindair 'ná a thír dhuthchais agus déithe is gaiscidhigh na tíre; agus do bhíodh buidhne ceóil agus rinnce ag cabhrughadh leis agus é ag aithris na rann. Acht ní mar sin do fhile na haimsire seo. Moltar a shaothar-san tar éis é do léigheamh. Ní mar a chéile an fhilidheacht a cúmtar i gcomhar na hamharclainne agus an fhilidheacht do léighfá ar do shuaimhneas sa bhaile. Fáth eile dhó é seo: simplidheacht cainnte do chleachtadh. Duine as na daoine a b'eadh é. B'iad a chéile is a chlann iad. Dóibh-sin do shaothruigh sé; ionnta san a fuair sé técs agus eagasc, cúis cainnte agus cáinte. "Le peuple, c'est ma muse", ar seisean: fé mar adéarfadh sé. "'S'iad na daoine bun is bárr mo chod' filidheachta." Dá ndéanadh sé cainnt do chleachtadh ná tuigfidís-sin, ní bheadh aon toradh ar a chuid saothair. Do thug sé fé ndeara leis, is dócha, agus níor mhiste dár bhfilíbh-ne é thuigsint leis, ná hoireann cruadhas cainnte don amhrán.
An chainnt a bheith simplidhe ag an bhfile, ní hionann san is a rádh nach gádh dhó ceasta na teangan do thuigsint. Má's maith le duine fuinneamh is éifeacht a bheith 'n-a chainnt i dteannta na simplidheachta, ní foláir dó an mion is an mór san teangain a bheith i dtuigsint aige. Árus mór iseadh an teanga, agus ní mór do dhuine é chuardach go mion is go minic sara mbeidh eólas an tighe aige. Is minic gur fuirist dó focal mór d'aimsiughadh ann, acht b'fhéidir go mbeadh focailín beag sa chúinne d'oirfeadh a bhfad níos fearr dó. Mar mbíonn an tigh cuarduighthe agus ath-chuarduighthe aige, ní féidir dó an focal ceart d'aimsiughadh an lá a bheidh sé uaidh. Do thuig Beránger an méid sin go maith, agus i dtreó is go mbeadh comhthrom focal aige i gcomhnuidhe, do dhein sé árd- stuidéar ar an bhFrainncis. Go mór-mhór do dhein sé stuidéar ar gach ar bhain le filidheacht, agus, mar adeir sé, "i gcionn cúpla bliadhan d'éirigh liom nós filidheachta a cheapadh dhom féin. Is dócha," ar seisean, "gur chuireas slacht air ó shoin, acht tá sé beagnach gan atharrughadh is na bun-riaghaltaibh." Cuireann san i n-iúil dúinn nach gan saothar d'éirigh leis a bheith 'n-a fhile. Rud eile deir sé, agus is fiú é thabhairt fé ndeara. Deir sé go raibh sé mar nós aige ana-mheabhrughadh a dhéanamh ar a smaointibh agus iad a chur tré chéile 'n-a aigne go dtí go mbeidís i n-eagar a chéile go baileach aige. Do b'é do tháinig de sin ná an rud a bhí le rádh aige, é rádh i gcomhnuidhe sa tslighe a b'fhearr, i dtreó is nár bh'fhéidir d'éinne gan é do thuigsint. Is minic lucht ceaptha na litridheachta, agus ní thuigid siad féin an rud atá aca le rádh. Fágann soin a gcuid cainnte 'n-a liobar aca. Mar adubhart cheana, do bhí Beránger ana-bhocht le linn dó a bheith ag foghluim na filidheachta. Is deacair a thuigsint cionnus do ráinig leis é féin do chothughadh formhór na haimsire sin. Acht sa bhliadhain 1803 do chuir sé dán ag triall ar Lúisian Bónapart. Bhí sé seo chómh gasta is chómh géarchúiseach le Napoleon féin, agus do bhí ana-bháidh aige le lucht léighinn. Do thaitn an dán go mór leis agus níor bh'fhada dhó gur chuir sé aithne ar an bhfile. Do bhí sé 'n-a chara mhaith dó 'n-a dhiaidh san. Do chuir sé aithne ar Bheránger ag na daoine ba mhó le rádh i dtaoibh leighinn i bPáris. As san amach do bhí an
saoghal ag dul i bhfeabhas don bhfile. Sa bhliadhain 1809 fuair sé beart i nOllscoil an Impire. Níor ghádh dó a thuille imnidhe a bheith air i dtaoibh a chothuighthe. Do chuir sé leabhar filidheachta i gcló sa bhliadhain 1815. D'éirigh leis go seóidh. Níor cuireadh riamh i gcló leabhar do thaitn chomh mór leis an sluagh is do thaitn an leabhar so. Do fuaireadar ann na smaointe a bhí n-a n-aigne féin le bliadhantaibh acht nár éirigh leó riamh iad a chur i n-iúil don tsaoghal. "File linn féin é seo," ar siad. "Tuigeann sé sinn. Tuigeann sé ár saoghal is ár gcúrsaí gnótha is ár gcúrsaí bheathadh. Tuigeann sé na smaointe atá 'n-ár n-aigne agus na miana atá 'n-ár gcroidhthibh. Seo annso aige na rudaí do b'áil linn a rádh le fada acht ná tagadh an chainnt chughainn. Is é ár mbéal is ár dteanga é. Bhíomair balbh cheana, acht cloisfear uainn anois. Is fada a bhí an fhilidheacht fé smacht na n-uasal acht tá ár gcothrom di againne fé dheire. Go mairidh ár bhfile is gura fada go stadfaidh ar a ghlór!" Mar adubhairt do cuireadh an leabhar so i gcló sa bhliadhain 1815. Do buadhadh ar Bónapart ag Waterloo sa bhliadhain chéadna, agus do cuireadh rí i gceannas na Frainnce arís. An t-ochtmhadh Laoiseach déag ghaibh an ríoghacht. Dubharthas le Beránger gur fearra dhó gan muintear an ríogh do cháineadh a thuille dá mádh mhaith leis a bheart san Ollscoil do choingbháil acht níor chuir san aon eagla air. Níor shos do acht amhráin do cheapadh ag tabhairt fé an rígh agus fé n-a lucht leanamhna. Sa bhliadhain 1821 do chuir sé leabhar eile i gcló. Do bhí cuid mhaith d'amhránaibh nuadha sa leabhar so, agus do bhí árd-cheannach air. Do chaill sé a bheart fé mar a fuagruigheadh dó, agus do cuireadh an dlighe air 'n-a theannta-san. An lá do tógadh os comhair na mbreitheamhan é, do bí an oiread san daoine bailighthe i dtigh na cúirte gur ar righin ar éigin do ghaibh sé thríotha. "A dhaoine uaisle," ar seisean leó, "ní féidir tosnughadh im éaghmuis-se." Do cuireadh air trí mhí i mbraighdeanas, agus cáin fiche púnt. Acht níor bh'fhéidir dá ndícheall é a chlaoidhe. Do chuir sé leabhar eile i gcló sa bhliadhain 1825, agus ceann eile arís dhá bhliadhain 'n-a dhiaidh-san. Do cuireadh an dlighe air arís, agus do cuireadh trí ráithe agus cáin chéithre céad púnt air an taca so. Cuir sé a leabhar deireannach i gcló sa
bhliadhain 1833. Do mhair sé os cionn fiche bliadhan 'n-a dhiaidh san; acht is beag má bhain sé le gnóthaíbh puiblidhe ar feadh an tamaill sin. Do bhí fonn air deire a shaoghail do chaitheamh fá shuaimhneas; agus dá bhrigh sin ní ghéillfeadh sé dhóibh-sin a bhí gá iarraidh air a chion do dhéanamh fós sa tsaoghal poilitidheachta. 'Sé adubhairt sé leó: Cuirim mo ghuidh-se i láthair Dé Ar son mo thíre gach lá dem shaoghal, Is leogtar dom, a cháirde! Ní stór ná maoin atá uaim féin, Acht rainn do shníomh ón lá go chéile Annso im chúinnín sásta. Fuair sé bás an sémhadh lá déag den Iúl sa bhliadhain 1857, agus do ghluais muintear na cathrach go léir 'n-a shochraid. Do mhothuigheadar go raibh cara imthighthe uatha gur dheachair dhóibh oighre air d'fhagháilt arís. Badh dhóich le duine nár bh'aon duadh do Bheránger amhrán do chumadh agus ceann dá amhránaibh do léigheamh. Leanann na focail a chéile chómh réidh is chómh héascaidh agus gabhann an sroth le fánaidh. Badh dhóich leat gur bh'amhlaidh do thug an file an t-amhrán uaidh agus é 'n-a shuidhe chun bóird. Acht, má léighfear an t-athuair é, agus má déanfar scrúdughadh air, tabharfar fé ndeara ná fuil focal ann acht an focal is oireamhnaighe, ná fuil fuaim ann acht an fhuaim is ceolmhaire, ná fuil cor cainnte ann acht an cor cainnte is mó fuinneamh agus éifeacht. 'Sé fírinne an scéil ná beadh an file sásta go mbeadh gach dán dár cheap sé chómh deaghchúmtha is chómh slachtnuighthe aige agus a bheadh deilbh dá bhreághthacht ag déalbhthóir. Deilbheóg i bhfuirm dáin iseadh gach ceann aca. Do toghadh gach fuaim agus gach focal chómh haireach agus chómh dúthrachtach agus do dhéanfadh an deilbheadóir dath do thoghadh nó líne do tharrac. Acht tá na hamhráin seo chómh simplidhe agus chómh soiléir le tuigsint, nach léir do chách duadh agus saothar an fhile. Bárr na céirde é seo, gan duadh an tsaothair a bheith le feicsint. Ní'l aon tacar ná leogaint air le fagháil is na hamhránaibh do cheap Beránger. Do bhíodh sé dá ríribh i gcomhnuidhe. Ní dubhairt sé riamh acht an rud do chreid sé. Pé aca an ceart
a bheith aige nó gan a bheith, níor labhair sé acht an rud a bhí 'n-a chroidhe. File do dhéanfadh a mhalairt, ní bhfuighidh sé an bárr go deó. Ní ghlacfadh sé chuige focal ná abairt ná cor cainnte i dtaoibh snas na filidheachta a bheith ortha, mara mbeidís oireamhnach dhó is gach slighe eile chómh maith. Dá bhrígh sin, ní'l aon bhaoth-chainnt, ná cainnt gan éifeacht le fagháil n-a chuid filidheachta. Fear grinn a b'eadh Beránger gan aon agó. Ní féidir amhrán leis do léigheamh gan an sult do mhothughadh 'n-a shúilibh, agus an leamh-gháire ar a bhéal. Acht ba mhinic don mhagadh n-a dharíribh aige, mar do bhí sé go héachtach chun aor do cheapadh. Éinne nár thatin leis do dhein sé iad d'aoradh. Ní gádh a rádh gur aor sé an rí agus a lucht leanamhna. Do dhein sé an chléir d'aoradh mar an gcéadna mar do bhí an chléir ar thaoibh an ríogh, agus níor bh'fhéidir dó-san gan a bheith i gcoinnibh na cléire. Is baoghlach ná raibh aon chreideamh ag Beránger. Ní hiongnadh dhó an chléir do cháineadh i dtaoibh poilitidheachta, acht is 'mdhó amhrán do cheap sé ag cáineadh an Chreidimh, agus ag stealla- mhagadh fé rudaíbh gur gnáth le lucht an chreidimh urraim a thabhairt dóibh. Amhrán acu-san do cheap sé ag magadh fé an urraim is gnáth don Caitiliceach a thabhairt d'iarsmaí na naomh. Tá rudaí eile 'n-a amhránaibh leis ná taithneóchadh le muintir na tíre seo, acht is dócha ná cuirfidís aon imnidhe ar mhuinntir na Frainnce. (Ní críoch). Is deacair bheith bocht macánta. Ní'l an gaduidhe deaslámhach marab eól dó folach. Ní'l rún sa chroidhe ná craobhscaoileann ár n-imtheacht. Dóchus an tabharthas deireannach a chaillimíd. Bíonn an óige dathamhail - bhí an d-l féin dathamhail nuair bhí sé óg. Mac na sainnte agus athair an mhí-dóchuis is eadh an cearrbhach. Ní bhíonn easbha ar ógánaigh as compánaigh, agus ní túisce bhíonn soin aca 'ná bíonn gach aon easbha ortha. Ní'l tuicsint i milseáin ag an té nár bhlais searbhas. Ná tarr thar do namhaid, acht labhair go maith ar do chara. Is mór fhios a bhuadhann an té scarann le brón. Ná tarr thar téid le haon treabh 'nar crochad duine as. Corruigheann Dia cuideachta bóthair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services