Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beránger.

Title
Beránger.
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Beránger.



AN tATH. CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN do scríobh.



Is dócha go raibh sé do chrannaibh ar Bheránger a bheith 'n-a
fhile. Dá bhfanadh sé i bhfochair a shean-athar 'sé is dóichighe ná go
ndéanfadh sé táilliúir de. An táilliúireacht ba chéird dó féin.
Acht do b'é an peann, is níorbh' é an snáthaid, a bhí i gcinneamhain
dá mhéarannaibh. Do bhí rún ag a aintín clódóir a dhéanamh de,
agus b'fhéidir go leanfadh sé dhe-sin dá bhfanadh sí i bPerón.
Do cheap a athair gaimbiadóir a dhéanamh de, agus tá a fhios
againn cionnus mar éirigh leis. Agus cúpla bliadhain 'n-a dhiaidh
san, nuair do cuireadh "cómh-scríobhthán" ar bun sa bhFrainnc,
do cuirfidhe d'fhiacaibh air dul ag saighdiúireacht, acht é a bheith
chomh maol san de thoisc easláinte gur ceapadh go raibh sé
ró-aosta dhon arm. Is deimhnitheach ar a bheathaidh gur bh'í
an fhilidheacht a bhí i ndán do.



Seo anois é 'n-a chomhnuidhe i lochta tighe áirithe i Sráid Shain
Mártain; aon rún amháin aige, .i. bheith 'n-a fhile. Ba bhocht is ba
dhealbh dhó sa lochta úd, acht ba shuairc is do b'aoibhinn dó 'san am
gcéadna. Ba mhinic é agus níor bh'fhios dó ar maidin cá
bhfuigheadh sé lón na hoidhche. Ba mhinic do luidh ar a leabadh um
thráthnóna, agus gan bluire i dtaisce aige i gcomhair na maidne.
B'fhéidir dó lá pighinn sa bhreis do chaitheamh ar shoghmhlais bhig
éigint, agus ar feadh seachtmhaine n-a dhiaidh san go gcaithfeadh
sé é féin do chothughadh le saghas anbhruithe do dhéanfadh sé
d'arán agus im, agus iad beirbhthe i dteannta a chéile. Acht do
bhí sé chomh sona sásta i rith na haimsire sin ná féadfadh sé
cuimhneamh air tar éis na mbliadhanta gan na deora do theacht
'n-a dhúilibh. Sidhbhé na filidheachta do ghealuigh na laetheanta
dhó, is do thugadh dó físe na glóire i gcaitheamh na hoidhche.
Uaireantach, b'fhéidir go dtagadh droch-mhisneach air; acht
chuireadh sí sin cogar 'n-a chluais, agus d'imthigheadh na scamall ó
n-a intinn "mar d'éireóchadh an lóchán ón gcoirce le gaoith."



Do thug sé amus i ndiaidh a chéile ar gach saghas filidheachta,
acht ba ghearr gur bhraith sé gur fearr a cheapfadh sé amhrán 'ná
aon tsaghas eile. Na hamhráin 'seadh is sia mhairfidh dá chuid


L. 175


filidheachta. Amhráin ghrádha, amhráin ag baint le beathaidh an
Fhranncaigh, agus go mór-mhór le beathaidh an Pháirisigh, amhráin
ag baint le poilitidheacht agus le dálaibh na tíre - níor bh'fhada
go raibh amhráin de gach saghas aca-san le fagháil uaidh go flúir-
seach. Agus ní mar a chéile a bhíodar na hamhráin do cheap sé
sin agus na hamhráin a cheapadh na filidhe chuaidh roimis. D'oir
a saothar-san don uaisleacht agus do lucht léighinn. Do dhein-
eadar aithris i slightibh ar sheanfhilíbh na Gréige agus ar shean-
fhilíbh na Rómha. Is minic a dheinidís tagairt do shaothar na
bhfilidhe úd - agus na hainmneacha a chleachtaidís n-a gcuid
amhráin, is minic do baintí don tsean-fhilidheacht iad. De bhí rian
an oide scoile ar shaothar na bhfile soin. Do bhí an iomad tacair
ann seachas filidheacht Bheránger. Is luath do thug seisean fé
ndeara ná raibh éin-nídh d'oirfeadh do litridheacht na Frainnce
chomh maith le simplidheacht - simplidheacht smaointe agus sim-
plidheacht briathar. "Dar leis an bhFranncach," ar seisean, "nach
mórdhacht go simplidheacht." Agus do luaidh sé, mar shomplaíbh,
deagh-chainnt Bhossueth, agus an chuid is fearr d'fhilidheacht
Chorneille. "Is minic," ar seisean, "a luaidhtear Pindar. Acht
is mór atá idir fhilíbh na haimsire seo agus an file Gréagach."
Agus mar seo do mhínigh sé an cás: mar gur bh'é ádhbhar filidh-
eachta Phindair 'ná a thír dhuthchais agus déithe is gaiscidhigh na
tíre; agus do bhíodh buidhne ceóil agus rinnce ag cabhrughadh
leis agus é ag aithris na rann. Acht ní mar sin do fhile na
haimsire seo. Moltar a shaothar-san tar éis é do léigheamh. Ní
mar a chéile an fhilidheacht a cúmtar i gcomhar na hamharclainne
agus an fhilidheacht do léighfá ar do shuaimhneas sa bhaile.



Fáth eile dhó é seo: simplidheacht cainnte do chleachtadh.
Duine as na daoine a b'eadh é. B'iad a chéile is a chlann iad.
Dóibh-sin do shaothruigh sé; ionnta san a fuair sé técs agus
eagasc, cúis cainnte agus cáinte. "Le peuple, c'est ma
muse", ar seisean: fé mar adéarfadh sé. "'S'iad na daoine
bun is bárr mo chod' filidheachta." Dá ndéanadh sé cainnt do
chleachtadh ná tuigfidís-sin, ní bheadh aon toradh ar a chuid
saothair.



Do thug sé fé ndeara leis, is dócha, agus níor mhiste dár
bhfilíbh-ne é thuigsint leis, ná hoireann cruadhas cainnte don
amhrán.


L. 176


An chainnt a bheith simplidhe ag an bhfile, ní hionann san is a
rádh nach gádh dhó ceasta na teangan do thuigsint. Má's maith
le duine fuinneamh is éifeacht a bheith 'n-a chainnt i dteannta na
simplidheachta, ní foláir dó an mion is an mór san teangain a
bheith i dtuigsint aige. Árus mór iseadh an teanga, agus ní
mór do dhuine é chuardach go mion is go minic sara mbeidh eólas
an tighe aige. Is minic gur fuirist dó focal mór d'aimsiughadh
ann, acht b'fhéidir go mbeadh focailín beag sa chúinne d'oirfeadh a
bhfad níos fearr dó. Mar mbíonn an tigh cuarduighthe agus
ath-chuarduighthe aige, ní féidir dó an focal ceart d'aimsiughadh
an lá a bheidh sé uaidh.



Do thuig Beránger an méid sin go maith, agus i dtreó is go
mbeadh comhthrom focal aige i gcomhnuidhe, do dhein sé árd-
stuidéar ar an bhFrainncis. Go mór-mhór do dhein sé stuidéar
ar gach ar bhain le filidheacht, agus, mar adeir sé, "i gcionn
cúpla bliadhan d'éirigh liom nós filidheachta a cheapadh dhom féin.
Is dócha," ar seisean, "gur chuireas slacht air ó shoin, acht tá sé
beagnach gan atharrughadh is na bun-riaghaltaibh." Cuireann san
i n-iúil dúinn nach gan saothar d'éirigh leis a bheith 'n-a fhile.



Rud eile deir sé, agus is fiú é thabhairt fé ndeara. Deir
sé go raibh sé mar nós aige ana-mheabhrughadh a dhéanamh ar a
smaointibh agus iad a chur tré chéile 'n-a aigne go dtí go
mbeidís i n-eagar a chéile go baileach aige. Do b'é do tháinig
de sin ná an rud a bhí le rádh aige, é rádh i gcomhnuidhe sa tslighe
a b'fhearr, i dtreó is nár bh'fhéidir d'éinne gan é do thuigsint. Is
minic lucht ceaptha na litridheachta, agus ní thuigid siad féin an
rud atá aca le rádh. Fágann soin a gcuid cainnte 'n-a liobar
aca.



Mar adubhart cheana, do bhí Beránger ana-bhocht le linn dó a
bheith ag foghluim na filidheachta. Is deacair a thuigsint cionnus
do ráinig leis é féin do chothughadh formhór na haimsire sin.
Acht sa bhliadhain 1803 do chuir sé dán ag triall ar Lúisian
Bónapart. Bhí sé seo chómh gasta is chómh géarchúiseach le
Napoleon féin, agus do bhí ana-bháidh aige le lucht léighinn. Do
thaitn an dán go mór leis agus níor bh'fhada dhó gur chuir
sé aithne ar an bhfile. Do bhí sé 'n-a chara mhaith dó 'n-a dhiaidh
san. Do chuir sé aithne ar Bheránger ag na daoine ba mhó
le rádh i dtaoibh leighinn i bPáris. As san amach do bhí an


L. 177


saoghal ag dul i bhfeabhas don bhfile. Sa bhliadhain 1809 fuair
sé beart i nOllscoil an Impire. Níor ghádh dó a thuille imnidhe
a bheith air i dtaoibh a chothuighthe. Do chuir sé leabhar filidheachta
i gcló sa bhliadhain 1815. D'éirigh leis go seóidh. Níor
cuireadh riamh i gcló leabhar do thaitn chomh mór leis an
sluagh is do thaitn an leabhar so. Do fuaireadar ann na
smaointe a bhí n-a n-aigne féin le bliadhantaibh acht nár éirigh
leó riamh iad a chur i n-iúil don tsaoghal. "File linn féin é
seo," ar siad. "Tuigeann sé sinn. Tuigeann sé ár saoghal is
ár gcúrsaí gnótha is ár gcúrsaí bheathadh. Tuigeann sé na
smaointe atá 'n-ár n-aigne agus na miana atá 'n-ár gcroidhthibh.
Seo annso aige na rudaí do b'áil linn a rádh le fada acht
ná tagadh an chainnt chughainn. Is é ár mbéal is ár dteanga é.
Bhíomair balbh cheana, acht cloisfear uainn anois. Is fada a bhí
an fhilidheacht fé smacht na n-uasal acht tá ár gcothrom di
againne fé dheire. Go mairidh ár bhfile is gura fada go
stadfaidh ar a ghlór!"



Mar adubhairt do cuireadh an leabhar so i gcló sa bhliadhain
1815. Do buadhadh ar Bónapart ag Waterloo sa bhliadhain
chéadna, agus do cuireadh rí i gceannas na Frainnce arís. An
t-ochtmhadh Laoiseach déag ghaibh an ríoghacht. Dubharthas le
Beránger gur fearra dhó gan muintear an ríogh do cháineadh a
thuille dá mádh mhaith leis a bheart san Ollscoil do choingbháil
acht níor chuir san aon eagla air. Níor shos do acht amhráin do
cheapadh ag tabhairt fé an rígh agus fé n-a lucht leanamhna. Sa
bhliadhain 1821 do chuir sé leabhar eile i gcló. Do bhí cuid mhaith
d'amhránaibh nuadha sa leabhar so, agus do bhí árd-cheannach air.
Do chaill sé a bheart fé mar a fuagruigheadh dó, agus do
cuireadh an dlighe air 'n-a theannta-san. An lá do tógadh os
comhair na mbreitheamhan é, do bí an oiread san daoine bailighthe
i dtigh na cúirte gur ar righin ar éigin do ghaibh sé thríotha. "A
dhaoine uaisle," ar seisean leó, "ní féidir tosnughadh im
éaghmuis-se." Do cuireadh air trí mhí i mbraighdeanas, agus
cáin fiche púnt. Acht níor bh'fhéidir dá ndícheall é a chlaoidhe.
Do chuir sé leabhar eile i gcló sa bhliadhain 1825, agus ceann
eile arís dhá bhliadhain 'n-a dhiaidh-san. Do cuireadh an dlighe
air arís, agus do cuireadh trí ráithe agus cáin chéithre céad púnt
air an taca so. Cuir sé a leabhar deireannach i gcló sa


L. 178


bhliadhain 1833. Do mhair sé os cionn fiche bliadhan 'n-a dhiaidh
san; acht is beag má bhain sé le gnóthaíbh puiblidhe ar feadh an
tamaill sin. Do bhí fonn air deire a shaoghail do chaitheamh fá
shuaimhneas; agus dá bhrigh sin ní ghéillfeadh sé dhóibh-sin a bhí gá
iarraidh air a chion do dhéanamh fós sa tsaoghal poilitidheachta.
'Sé adubhairt sé leó:




Cuirim mo ghuidh-se i láthair Dé
Ar son mo thíre gach lá dem shaoghal,
Is leogtar dom, a cháirde!
Ní stór ná maoin atá uaim féin,
Acht rainn do shníomh ón lá go chéile
Annso im chúinnín sásta.




Fuair sé bás an sémhadh lá déag den Iúl sa bhliadhain 1857,
agus do ghluais muintear na cathrach go léir 'n-a shochraid. Do
mhothuigheadar go raibh cara imthighthe uatha gur dheachair dhóibh
oighre air d'fhagháilt arís.



Badh dhóich le duine nár bh'aon duadh do Bheránger amhrán do
chumadh agus ceann dá amhránaibh do léigheamh. Leanann na
focail a chéile chómh réidh is chómh héascaidh agus gabhann an sroth
le fánaidh. Badh dhóich leat gur bh'amhlaidh do thug an file an
t-amhrán uaidh agus é 'n-a shuidhe chun bóird. Acht, má léighfear
an t-athuair é, agus má déanfar scrúdughadh air, tabharfar fé
ndeara ná fuil focal ann acht an focal is oireamhnaighe, ná fuil
fuaim ann acht an fhuaim is ceolmhaire, ná fuil cor cainnte ann
acht an cor cainnte is mó fuinneamh agus éifeacht. 'Sé fírinne
an scéil ná beadh an file sásta go mbeadh gach dán dár cheap
sé chómh deaghchúmtha is chómh slachtnuighthe aige agus a bheadh deilbh
dá bhreághthacht ag déalbhthóir. Deilbheóg i bhfuirm dáin iseadh
gach ceann aca. Do toghadh gach fuaim agus gach focal chómh
haireach agus chómh dúthrachtach agus do dhéanfadh an deilbheadóir
dath do thoghadh nó líne do tharrac. Acht tá na hamhráin seo chómh
simplidhe agus chómh soiléir le tuigsint, nach léir do chách duadh
agus saothar an fhile. Bárr na céirde é seo, gan duadh an
tsaothair a bheith le feicsint.



Ní'l aon tacar ná leogaint air le fagháil is na hamhránaibh
do cheap Beránger. Do bhíodh sé dá ríribh i gcomhnuidhe.
Ní dubhairt sé riamh acht an rud do chreid sé. Pé aca an ceart


L. 179


a bheith aige nó gan a bheith, níor labhair sé acht an rud a bhí 'n-a
chroidhe. File do dhéanfadh a mhalairt, ní bhfuighidh sé an bárr
go deó. Ní ghlacfadh sé chuige focal ná abairt ná cor cainnte
i dtaoibh snas na filidheachta a bheith ortha, mara mbeidís
oireamhnach dhó is gach slighe eile chómh maith. Dá bhrígh sin, ní'l
aon bhaoth-chainnt, ná cainnt gan éifeacht le fagháil n-a chuid
filidheachta.



Fear grinn a b'eadh Beránger gan aon agó. Ní féidir
amhrán leis do léigheamh gan an sult do mhothughadh 'n-a shúilibh,
agus an leamh-gháire ar a bhéal. Acht ba mhinic don mhagadh
n-a dharíribh aige, mar do bhí sé go héachtach chun aor do cheapadh.
Éinne nár thatin leis do dhein sé iad d'aoradh. Ní gádh a rádh gur
aor sé an rí agus a lucht leanamhna. Do dhein sé an chléir
d'aoradh mar an gcéadna mar do bhí an chléir ar thaoibh an ríogh,
agus níor bh'fhéidir dó-san gan a bheith i gcoinnibh na cléire.



Is baoghlach ná raibh aon chreideamh ag Beránger. Ní hiongnadh
dhó an chléir do cháineadh i dtaoibh poilitidheachta, acht is 'mdhó
amhrán do cheap sé ag cáineadh an Chreidimh, agus ag stealla-
mhagadh fé rudaíbh gur gnáth le lucht an chreidimh urraim a
thabhairt dóibh. Amhrán acu-san do cheap sé ag magadh fé an
urraim is gnáth don Caitiliceach a thabhairt d'iarsmaí na naomh.
Tá rudaí eile 'n-a amhránaibh leis ná taithneóchadh le muintir na
tíre seo, acht is dócha ná cuirfidís aon imnidhe ar mhuinntir na
Frainnce.



(Ní críoch).



Is deacair bheith bocht macánta.
Ní'l an gaduidhe deaslámhach marab eól dó folach.
Ní'l rún sa chroidhe ná craobhscaoileann ár n-imtheacht.
Dóchus an tabharthas deireannach a chaillimíd.
Bíonn an óige dathamhail - bhí an d-l féin dathamhail nuair bhí sé óg.
Mac na sainnte agus athair an mhí-dóchuis is eadh an cearrbhach.
Ní bhíonn easbha ar ógánaigh as compánaigh, agus ní túisce bhíonn soin aca
'ná bíonn gach aon easbha ortha.
Ní'l tuicsint i milseáin ag an té nár bhlais searbhas.
Ná tarr thar do namhaid, acht labhair go maith ar do chara.
Is mór fhios a bhuadhann an té scarann le brón.
Ná tarr thar téid le haon treabh 'nar crochad duine as.
Corruigheann Dia cuideachta bóthair.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services