Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beránger.
Title
Beránger.
Author(s)
Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt> <title type="main">Beránger.</title><author><persName>Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir</persName></author><editor><name type="main">Ó Donnchadha, Tadhg</name></editor><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Foclóir na Nua-Ghaeilge</name> </respStmt> </titleStmt> <editionStmt> <edition> <note type="N">IG18-11552</note> <note type="L">174</note> <note type="B">1908</note> <note type="C"/> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt> <publicationStmt> <publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher> <pubPlace>24 Upper O'Connell Street, Dublin</pubPlace><date>Aibreán, 1908</date><idno>IG18-11552</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <seriesStmt> <title level="s">Irisleabhar na Gaedhilge</title><biblScope unit="vol">18</biblScope> </seriesStmt> <sourceDesc> <biblStruct> <analytic><author>Ó Bréandáin, An tAth. Cathaoir</author><title>Beránger.</title></analytic> <monogr> <title level="j">Beránger.</title><imprint><publisher>Connradh na Gaedhilge</publisher><date>Aibreán, 1908</date></imprint> </monogr> </biblStruct> </sourceDesc> </fileDesc> <profileDesc> <langUsage><language ident="ga">Irish</language></langUsage> </profileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p><span>Beránger.</span></p> <lb n="1"/> <lb n="2"/><p><span>AN tATH. CATHAOIR Ó BRÉANDÁIN do scríobh.</span></p> <lb n="3"/> <lb n="4"/><p><span>Is dócha go raibh sé do chrannaibh ar Bheránger a bheith 'n-a </span> <lb n="5"/><span>fhile. Dá bhfanadh sé i bhfochair a shean-athar 'sé is dóichighe ná go </span> <lb n="6"/><span>ndéanfadh sé táilliúir de. An táilliúireacht ba chéird dó féin. </span> <lb n="7"/><span>Acht do b'é an peann, is níorbh' é an snáthaid, a bhí i gcinneamhain </span> <lb n="8"/><span>dá mhéarannaibh. Do bhí rún ag a aintín clódóir a dhéanamh de, </span> <lb n="9"/><span>agus b'fhéidir go leanfadh sé dhe-sin dá bhfanadh sí i bPerón. </span> <lb n="10"/><span>Do cheap a athair gaimbiadóir a dhéanamh de, agus tá a fhios </span> <lb n="11"/><span>againn cionnus mar éirigh leis. Agus cúpla bliadhain 'n-a dhiaidh </span> <lb n="12"/><span>san, nuair do cuireadh "cómh-scríobhthán" ar bun sa bhFrainnc, </span> <lb n="13"/><span>do cuirfidhe d'fhiacaibh air dul ag saighdiúireacht, acht é a bheith </span> <lb n="14"/><span>chomh maol san de thoisc easláinte gur ceapadh go raibh sé </span> <lb n="15"/><span>ró-aosta dhon arm. Is deimhnitheach ar a bheathaidh gur bh'í </span> <lb n="16"/><span>an fhilidheacht a bhí i ndán do. </span></p> <lb n="17"/> <lb n="18"/><p><span>Seo anois é 'n-a chomhnuidhe i lochta tighe áirithe i Sráid Shain </span> <lb n="19"/><span>Mártain; aon rún amháin aige, .i. bheith 'n-a fhile. Ba bhocht is ba </span> <lb n="20"/><span>dhealbh dhó sa lochta úd, acht ba shuairc is do b'aoibhinn dó 'san am </span> <lb n="21"/><span>gcéadna. Ba mhinic é agus níor bh'fhios dó ar maidin cá </span> <lb n="22"/><span>bhfuigheadh sé lón na hoidhche. Ba mhinic do luidh ar a leabadh um </span> <lb n="23"/><span>thráthnóna, agus gan bluire i dtaisce aige i gcomhair na maidne. </span> <lb n="24"/><span>B'fhéidir dó lá pighinn sa bhreis do chaitheamh ar shoghmhlais bhig </span> <lb n="25"/><span>éigint, agus ar feadh seachtmhaine n-a dhiaidh san go gcaithfeadh </span> <lb n="26"/><span>sé é féin do chothughadh le saghas anbhruithe do dhéanfadh sé </span> <lb n="27"/><span>d'arán agus im, agus iad beirbhthe i dteannta a chéile. Acht do </span> <lb n="28"/><span>bhí sé chomh sona sásta i rith na haimsire sin ná féadfadh sé </span> <lb n="29"/><span>cuimhneamh air tar éis na mbliadhanta gan na deora do theacht </span> <lb n="30"/><span>'n-a dhúilibh. Sidhbhé na filidheachta do ghealuigh na laetheanta </span> <lb n="31"/><span>dhó, is do thugadh dó físe na glóire i gcaitheamh na hoidhche. </span> <lb n="32"/><span>Uaireantach, b'fhéidir go dtagadh droch-mhisneach air; acht </span> <lb n="33"/><span>chuireadh sí sin cogar 'n-a chluais, agus d'imthigheadh na scamall ó </span> <lb n="34"/><span>n-a intinn "mar d'éireóchadh an lóchán ón gcoirce le gaoith." </span></p> <lb n="35"/> <lb n="36"/><p><span>Do thug sé amus i ndiaidh a chéile ar gach saghas filidheachta, </span> <lb n="37"/><span>acht ba ghearr gur bhraith sé gur fearr a cheapfadh sé amhrán 'ná </span> <lb n="38"/><span>aon tsaghas eile. Na hamhráin 'seadh is sia mhairfidh dá chuid </span></p> </div> <pb n="175"/> <div><lb n="39"/><p><span>filidheachta. Amhráin ghrádha, amhráin ag baint le beathaidh an </span> <lb n="40"/><span>Fhranncaigh, agus go mór-mhór le beathaidh an Pháirisigh, amhráin </span> <lb n="41"/><span>ag baint le poilitidheacht agus le dálaibh na tíre - níor bh'fhada </span> <lb n="42"/><span>go raibh amhráin de gach saghas aca-san le fagháil uaidh go flúir-</span> <lb n="43"/><span>seach. Agus ní mar a chéile a bhíodar na hamhráin do cheap sé </span> <lb n="44"/><span>sin agus na hamhráin a cheapadh na filidhe chuaidh roimis. D'oir </span> <lb n="45"/><span>a saothar-san don uaisleacht agus do lucht léighinn. Do dhein-</span> <lb n="46"/><span>eadar aithris i slightibh ar sheanfhilíbh na Gréige agus ar shean-</span> <lb n="47"/><span>fhilíbh na Rómha. Is minic a dheinidís tagairt do shaothar na </span> <lb n="48"/><span>bhfilidhe úd - agus na hainmneacha a chleachtaidís n-a gcuid </span> <lb n="49"/><span>amhráin, is minic do baintí don tsean-fhilidheacht iad. De bhí rian </span> <lb n="50"/><span>an oide scoile ar shaothar na bhfile soin. Do bhí an iomad tacair </span> <lb n="51"/><span>ann seachas filidheacht Bheránger. Is luath do thug seisean fé </span> <lb n="52"/><span>ndeara ná raibh éin-nídh d'oirfeadh do litridheacht na Frainnce </span> <lb n="53"/><span>chomh maith le simplidheacht - simplidheacht smaointe agus sim-</span> <lb n="54"/><span>plidheacht briathar. "Dar leis an bhFranncach," ar seisean, "nach </span> <lb n="55"/><span>mórdhacht go simplidheacht." Agus do luaidh sé, mar shomplaíbh, </span> <lb n="56"/><span>deagh-chainnt Bhossueth, agus an chuid is fearr d'fhilidheacht </span> <lb n="57"/><span>Chorneille. "Is minic," ar seisean, "a luaidhtear Pindar. Acht </span> <lb n="58"/><span>is mór atá idir fhilíbh na haimsire seo agus an file Gréagach." </span> <lb n="59"/><span>Agus mar seo do mhínigh sé an cás: mar gur bh'é ádhbhar filidh-</span> <lb n="60"/><span>eachta Phindair 'ná a thír dhuthchais agus déithe is gaiscidhigh na </span> <lb n="61"/><span>tíre; agus do bhíodh buidhne ceóil agus rinnce ag cabhrughadh </span> <lb n="62"/><span>leis agus é ag aithris na rann. Acht ní mar sin do fhile na </span> <lb n="63"/><span>haimsire seo. Moltar a shaothar-san tar éis é do léigheamh. Ní </span> <lb n="64"/><span>mar a chéile an fhilidheacht a cúmtar i gcomhar na hamharclainne </span> <lb n="65"/><span>agus an fhilidheacht do léighfá ar do shuaimhneas sa bhaile. </span></p> <lb n="66"/> <lb n="67"/><p><span>Fáth eile dhó é seo: simplidheacht cainnte do chleachtadh. </span> <lb n="68"/><span>Duine as na daoine a b'eadh é. B'iad a chéile is a chlann iad. </span> <lb n="69"/><span>Dóibh-sin do shaothruigh sé; ionnta san a fuair sé técs agus </span> <lb n="70"/><span>eagasc, cúis cainnte agus cáinte. "Le peuple, c'est ma </span> <lb n="71"/><span>muse", ar seisean: fé mar adéarfadh sé. "'S'iad na daoine </span> <lb n="72"/><span>bun is bárr mo chod' filidheachta." Dá ndéanadh sé cainnt do </span> <lb n="73"/><span>chleachtadh ná tuigfidís-sin, ní bheadh aon toradh ar a chuid </span> <lb n="74"/><span>saothair. </span></p> <lb n="75"/> <lb n="76"/><p><span>Do thug sé fé ndeara leis, is dócha, agus níor mhiste dár </span> <lb n="77"/><span>bhfilíbh-ne é thuigsint leis, ná hoireann cruadhas cainnte don </span> <lb n="78"/><span>amhrán. </span> <lb n="79"/></p> </div> <pb n="176"/> <div><lb n="80"/><p><span>An chainnt a bheith simplidhe ag an bhfile, ní hionann san is a </span> <lb n="81"/><span>rádh nach gádh dhó ceasta na teangan do thuigsint. Má's maith </span> <lb n="82"/><span>le duine fuinneamh is éifeacht a bheith 'n-a chainnt i dteannta na </span> <lb n="83"/><span>simplidheachta, ní foláir dó an mion is an mór san teangain a </span> <lb n="84"/><span>bheith i dtuigsint aige. Árus mór iseadh an teanga, agus ní </span> <lb n="85"/><span>mór do dhuine é chuardach go mion is go minic sara mbeidh eólas </span> <lb n="86"/><span>an tighe aige. Is minic gur fuirist dó focal mór d'aimsiughadh </span> <lb n="87"/><span>ann, acht b'fhéidir go mbeadh focailín beag sa chúinne d'oirfeadh a </span> <lb n="88"/><span>bhfad níos fearr dó. Mar mbíonn an tigh cuarduighthe agus </span> <lb n="89"/><span>ath-chuarduighthe aige, ní féidir dó an focal ceart d'aimsiughadh </span> <lb n="90"/><span>an lá a bheidh sé uaidh. </span></p> <lb n="91"/> <lb n="92"/><p><span>Do thuig Beránger an méid sin go maith, agus i dtreó is go </span> <lb n="93"/><span>mbeadh comhthrom focal aige i gcomhnuidhe, do dhein sé árd-</span> <lb n="94"/><span>stuidéar ar an bhFrainncis. Go mór-mhór do dhein sé stuidéar </span> <lb n="95"/><span>ar gach ar bhain le filidheacht, agus, mar adeir sé, "i gcionn </span> <lb n="96"/><span>cúpla bliadhan d'éirigh liom nós filidheachta a cheapadh dhom féin. </span> <lb n="97"/><span>Is dócha," ar seisean, "gur chuireas slacht air ó shoin, acht tá sé </span> <lb n="98"/><span>beagnach gan atharrughadh is na bun-riaghaltaibh." Cuireann san </span> <lb n="99"/><span>i n-iúil dúinn nach gan saothar d'éirigh leis a bheith 'n-a fhile. </span></p> <lb n="100"/> <lb n="101"/><p><span>Rud eile deir sé, agus is fiú é thabhairt fé ndeara. Deir </span> <lb n="102"/><span>sé go raibh sé mar nós aige ana-mheabhrughadh a dhéanamh ar a </span> <lb n="103"/><span>smaointibh agus iad a chur tré chéile 'n-a aigne go dtí go </span> <lb n="104"/><span>mbeidís i n-eagar a chéile go baileach aige. Do b'é do tháinig </span> <lb n="105"/><span>de sin ná an rud a bhí le rádh aige, é rádh i gcomhnuidhe sa tslighe </span> <lb n="106"/><span>a b'fhearr, i dtreó is nár bh'fhéidir d'éinne gan é do thuigsint. Is </span> <lb n="107"/><span>minic lucht ceaptha na litridheachta, agus ní thuigid siad féin an </span> <lb n="108"/><span>rud atá aca le rádh. Fágann soin a gcuid cainnte 'n-a liobar </span> <lb n="109"/><span>aca. </span></p> <lb n="110"/> <lb n="111"/><p><span>Mar adubhart cheana, do bhí Beránger ana-bhocht le linn dó a </span> <lb n="112"/><span>bheith ag foghluim na filidheachta. Is deacair a thuigsint cionnus </span> <lb n="113"/><span>do ráinig leis é féin do chothughadh formhór na haimsire sin. </span> <lb n="114"/><span>Acht sa bhliadhain 1803 do chuir sé dán ag triall ar Lúisian </span> <lb n="115"/><span>Bónapart. Bhí sé seo chómh gasta is chómh géarchúiseach le </span> <lb n="116"/><span>Napoleon féin, agus do bhí ana-bháidh aige le lucht léighinn. Do </span> <lb n="117"/><span>thaitn an dán go mór leis agus níor bh'fhada dhó gur chuir </span> <lb n="118"/><span>sé aithne ar an bhfile. Do bhí sé 'n-a chara mhaith dó 'n-a dhiaidh </span> <lb n="119"/><span>san. Do chuir sé aithne ar Bheránger ag na daoine ba mhó </span> <lb n="120"/><span>le rádh i dtaoibh leighinn i bPáris. As san amach do bhí an </span></p> </div> <pb n="177"/> <div><lb n="121"/><p><span>saoghal ag dul i bhfeabhas don bhfile. Sa bhliadhain 1809 fuair </span> <lb n="122"/><span>sé beart i nOllscoil an Impire. Níor ghádh dó a thuille imnidhe </span> <lb n="123"/><span>a bheith air i dtaoibh a chothuighthe. Do chuir sé leabhar filidheachta </span> <lb n="124"/><span>i gcló sa bhliadhain 1815. D'éirigh leis go seóidh. Níor </span> <lb n="125"/><span>cuireadh riamh i gcló leabhar do thaitn chomh mór leis an </span> <lb n="126"/><span>sluagh is do thaitn an leabhar so. Do fuaireadar ann na </span> <lb n="127"/><span>smaointe a bhí n-a n-aigne féin le bliadhantaibh acht nár éirigh </span> <lb n="128"/><span>leó riamh iad a chur i n-iúil don tsaoghal. "File linn féin é </span> <lb n="129"/><span>seo," ar siad. "Tuigeann sé sinn. Tuigeann sé ár saoghal is </span> <lb n="130"/><span>ár gcúrsaí gnótha is ár gcúrsaí bheathadh. Tuigeann sé na </span> <lb n="131"/><span>smaointe atá 'n-ár n-aigne agus na miana atá 'n-ár gcroidhthibh. </span> <lb n="132"/><span>Seo annso aige na rudaí do b'áil linn a rádh le fada acht </span> <lb n="133"/><span>ná tagadh an chainnt chughainn. Is é ár mbéal is ár dteanga é. </span> <lb n="134"/><span>Bhíomair balbh cheana, acht cloisfear uainn anois. Is fada a bhí </span> <lb n="135"/><span>an fhilidheacht fé smacht na n-uasal acht tá ár gcothrom di </span> <lb n="136"/><span>againne fé dheire. Go mairidh ár bhfile is gura fada go </span> <lb n="137"/><span>stadfaidh ar a ghlór!" </span></p> <lb n="138"/> <lb n="139"/><p><span>Mar adubhairt do cuireadh an leabhar so i gcló sa bhliadhain </span> <lb n="140"/><span>1815. Do buadhadh ar Bónapart ag Waterloo sa bhliadhain </span> <lb n="141"/><span>chéadna, agus do cuireadh rí i gceannas na Frainnce arís. An </span> <lb n="142"/><span>t-ochtmhadh Laoiseach déag ghaibh an ríoghacht. Dubharthas le </span> <lb n="143"/><span>Beránger gur fearra dhó gan muintear an ríogh do cháineadh a </span> <lb n="144"/><span>thuille dá mádh mhaith leis a bheart san Ollscoil do choingbháil </span> <lb n="145"/><span>acht níor chuir san aon eagla air. Níor shos do acht amhráin do </span> <lb n="146"/><span>cheapadh ag tabhairt fé an rígh agus fé n-a lucht leanamhna. Sa </span> <lb n="147"/><span>bhliadhain 1821 do chuir sé leabhar eile i gcló. Do bhí cuid mhaith </span> <lb n="148"/><span>d'amhránaibh nuadha sa leabhar so, agus do bhí árd-cheannach air. </span> <lb n="149"/><span>Do chaill sé a bheart fé mar a fuagruigheadh dó, agus do </span> <lb n="150"/><span>cuireadh an dlighe air 'n-a theannta-san. An lá do tógadh os </span> <lb n="151"/><span>comhair na mbreitheamhan é, do bí an oiread san daoine bailighthe </span> <lb n="152"/><span>i dtigh na cúirte gur ar righin ar éigin do ghaibh sé thríotha. "A </span> <lb n="153"/><span>dhaoine uaisle," ar seisean leó, "ní féidir tosnughadh im </span> <lb n="154"/><span>éaghmuis-se." Do cuireadh air trí mhí i mbraighdeanas, agus </span> <lb n="155"/><span>cáin fiche púnt. Acht níor bh'fhéidir dá ndícheall é a chlaoidhe. </span> <lb n="156"/><span>Do chuir sé leabhar eile i gcló sa bhliadhain 1825, agus ceann </span> <lb n="157"/><span>eile arís dhá bhliadhain 'n-a dhiaidh-san. Do cuireadh an dlighe </span> <lb n="158"/><span>air arís, agus do cuireadh trí ráithe agus cáin chéithre céad púnt </span> <lb n="159"/><span>air an taca so. Cuir sé a leabhar deireannach i gcló sa </span></p> </div> <pb n="178"/> <div><lb n="160"/><p><span>bhliadhain 1833. Do mhair sé os cionn fiche bliadhan 'n-a dhiaidh </span> <lb n="161"/><span>san; acht is beag má bhain sé le gnóthaíbh puiblidhe ar feadh an </span> <lb n="162"/><span>tamaill sin. Do bhí fonn air deire a shaoghail do chaitheamh fá </span> <lb n="163"/><span>shuaimhneas; agus dá bhrigh sin ní ghéillfeadh sé dhóibh-sin a bhí gá </span> <lb n="164"/><span>iarraidh air a chion do dhéanamh fós sa tsaoghal poilitidheachta. </span> <lb n="165"/><span>'Sé adubhairt sé leó: </span></p> <lb n="166"/> <lb n="167"/><p> <lb n="168"/><span>Cuirim mo ghuidh-se i láthair Dé</span> <lb n="169"/><span>Ar son mo thíre gach lá dem shaoghal,</span> <lb n="170"/><span>Is leogtar dom, a cháirde!</span> <lb n="171"/><span>Ní stór ná maoin atá uaim féin,</span> <lb n="172"/><span>Acht rainn do shníomh ón lá go chéile</span> <lb n="173"/><span>Annso im chúinnín sásta.</span></p> <lb n="174"/> <lb n="175"/><p> <lb n="176"/><span>Fuair sé bás an sémhadh lá déag den Iúl sa bhliadhain 1857, </span> <lb n="177"/><span>agus do ghluais muintear na cathrach go léir 'n-a shochraid. Do </span> <lb n="178"/><span>mhothuigheadar go raibh cara imthighthe uatha gur dheachair dhóibh </span> <lb n="179"/><span>oighre air d'fhagháilt arís. </span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>Badh dhóich le duine nár bh'aon duadh do Bheránger amhrán do </span> <lb n="182"/><span>chumadh agus ceann dá amhránaibh do léigheamh. Leanann na </span> <lb n="183"/><span>focail a chéile chómh réidh is chómh héascaidh agus gabhann an sroth </span> <lb n="184"/><span>le fánaidh. Badh dhóich leat gur bh'amhlaidh do thug an file an </span> <lb n="185"/><span>t-amhrán uaidh agus é 'n-a shuidhe chun bóird. Acht, má léighfear </span> <lb n="186"/><span>an t-athuair é, agus má déanfar scrúdughadh air, tabharfar fé </span> <lb n="187"/><span>ndeara ná fuil focal ann acht an focal is oireamhnaighe, ná fuil </span> <lb n="188"/><span>fuaim ann acht an fhuaim is ceolmhaire, ná fuil cor cainnte ann </span> <lb n="189"/><span>acht an cor cainnte is mó fuinneamh agus éifeacht. 'Sé fírinne </span> <lb n="190"/><span>an scéil ná beadh an file sásta go mbeadh gach dán dár cheap </span> <lb n="191"/><span>sé chómh deaghchúmtha is chómh slachtnuighthe aige agus a bheadh deilbh </span> <lb n="192"/><span>dá bhreághthacht ag déalbhthóir. Deilbheóg i bhfuirm dáin iseadh </span> <lb n="193"/><span>gach ceann aca. Do toghadh gach fuaim agus gach focal chómh </span> <lb n="194"/><span>haireach agus chómh dúthrachtach agus do dhéanfadh an deilbheadóir </span> <lb n="195"/><span>dath do thoghadh nó líne do tharrac. Acht tá na hamhráin seo chómh </span> <lb n="196"/><span>simplidhe agus chómh soiléir le tuigsint, nach léir do chách duadh </span> <lb n="197"/><span>agus saothar an fhile. Bárr na céirde é seo, gan duadh an </span> <lb n="198"/><span>tsaothair a bheith le feicsint. </span></p> <lb n="199"/> <lb n="200"/><p><span>Ní'l aon tacar ná leogaint air le fagháil is na hamhránaibh </span> <lb n="201"/><span>do cheap Beránger. Do bhíodh sé dá ríribh i gcomhnuidhe. </span> <lb n="202"/><span>Ní dubhairt sé riamh acht an rud do chreid sé. Pé aca an ceart </span></p> </div> <pb n="179"/> <div><lb n="203"/><p><span>a bheith aige nó gan a bheith, níor labhair sé acht an rud a bhí 'n-a </span> <lb n="204"/><span>chroidhe. File do dhéanfadh a mhalairt, ní bhfuighidh sé an bárr </span> <lb n="205"/><span>go deó. Ní ghlacfadh sé chuige focal ná abairt ná cor cainnte </span> <lb n="206"/><span>i dtaoibh snas na filidheachta a bheith ortha, mara mbeidís </span> <lb n="207"/><span>oireamhnach dhó is gach slighe eile chómh maith. Dá bhrígh sin, ní'l </span> <lb n="208"/><span>aon bhaoth-chainnt, ná cainnt gan éifeacht le fagháil n-a chuid </span> <lb n="209"/><span>filidheachta. </span></p> <lb n="210"/> <lb n="211"/><p><span>Fear grinn a b'eadh Beránger gan aon agó. Ní féidir </span> <lb n="212"/><span>amhrán leis do léigheamh gan an sult do mhothughadh 'n-a shúilibh, </span> <lb n="213"/><span>agus an leamh-gháire ar a bhéal. Acht ba mhinic don mhagadh </span> <lb n="214"/><span>n-a dharíribh aige, mar do bhí sé go héachtach chun aor do cheapadh. </span> <lb n="215"/><span>Éinne nár thatin leis do dhein sé iad d'aoradh. Ní gádh a rádh gur </span> <lb n="216"/><span>aor sé an rí agus a lucht leanamhna. Do dhein sé an chléir </span> <lb n="217"/><span>d'aoradh mar an gcéadna mar do bhí an chléir ar thaoibh an ríogh, </span> <lb n="218"/><span>agus níor bh'fhéidir dó-san gan a bheith i gcoinnibh na cléire. </span></p> <lb n="219"/> <lb n="220"/><p><span>Is baoghlach ná raibh aon chreideamh ag Beránger. Ní hiongnadh </span> <lb n="221"/><span>dhó an chléir do cháineadh i dtaoibh poilitidheachta, acht is 'mdhó </span> <lb n="222"/><span>amhrán do cheap sé ag cáineadh an Chreidimh, agus ag stealla-</span> <lb n="223"/><span>mhagadh fé rudaíbh gur gnáth le lucht an chreidimh urraim a </span> <lb n="224"/><span>thabhairt dóibh. Amhrán acu-san do cheap sé ag magadh fé an </span> <lb n="225"/><span>urraim is gnáth don Caitiliceach a thabhairt d'iarsmaí na naomh. </span> <lb n="226"/><span>Tá rudaí eile 'n-a amhránaibh leis ná taithneóchadh le muintir na </span> <lb n="227"/><span>tíre seo, acht is dócha ná cuirfidís aon imnidhe ar mhuinntir na </span> <lb n="228"/><span>Frainnce. </span></p> <lb n="229"/> <lb n="230"/><p><span>(Ní críoch).</span></p> <lb n="231"/> <lb n="232"/><p><span>Is deacair bheith bocht macánta.</span> <lb n="233"/><span>Ní'l an gaduidhe deaslámhach marab eól dó folach.</span> <lb n="234"/><span>Ní'l rún sa chroidhe ná craobhscaoileann ár n-imtheacht.</span> <lb n="235"/><span>Dóchus an tabharthas deireannach a chaillimíd.</span> <lb n="236"/><span>Bíonn an óige dathamhail - bhí an d-l féin dathamhail nuair bhí sé óg.</span> <lb n="237"/><span>Mac na sainnte agus athair an mhí-dóchuis is eadh an cearrbhach.</span> <lb n="238"/><span>Ní bhíonn easbha ar ógánaigh as compánaigh, agus ní túisce bhíonn soin aca </span> <lb n="239"/><span>'ná bíonn gach aon easbha ortha.</span> <lb n="240"/><span>Ní'l tuicsint i milseáin ag an té nár bhlais searbhas.</span> <lb n="241"/><span>Ná tarr thar do namhaid, acht labhair go maith ar do chara.</span> <lb n="242"/><span>Is mór fhios a bhuadhann an té scarann le brón.</span> <lb n="243"/><span>Ná tarr thar téid le haon treabh 'nar crochad duine as.</span> <lb n="244"/><span>Corruigheann Dia cuideachta bóthair.</span></p> <lb n="245"/> <lb n="246"/><p> <lb n="247"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services