Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgoruidheacht na gCearrbhach.
Title
Sgoruidheacht na gCearrbhach.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgoruidheacht na gCearrbhach. (Ar leanamhaint). CONCHUBHAR Ó DEASMÚMHNA do sholáthruigh. Fear an Tighe [ag imirt trí an hart]. - Tá m'imirt-se déanta. Geallaim dhuit ná sgarfainn lem' chuireata, an uair úd, mara mbeadh é bheith in' aonar agam. Seághan Óg, [ag bailiughadh suas na gcártaí imiortha, agus ag imirt naoi muiltheat]. - Seo-thíg díbh ceann eile aca. Cúl-Chearrbhach, [leis an gcárta]. - 'Sé máighistir a bhúird anois é. Tá an tAon a hart agus na muiltheataí móra go léir imthighthe. Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt ceathair an hart] - Dheineas-sa fear de lem' thabhairt, mar phioc sé an bórd. Is dócha gur cluiche riain é. Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt trí triuth]. - Cluiche riain, mhuise. Ní'l dabht ná gur b'ort a bhí an tiospach led' dhó bréan muiltheat.
Seághan Saoír, [ag imirt Aon triuth]. - "Buadh 'gus biseach leat," a Sheaghain Óig. Go mbuadhair an rás. Acht is eagal liom ná buadhfair, mar má bhuadhann tú beidh an sean-fhocal sárúighthe agat: "Aon muiltheat do'n chearrbhach, nú eascú do'n iasgaire," arsa an sean-duine. Conchúbhar Máighistir, [ag gáiridhe, agus ag imirt banríoghain hart]. - Féach airiú, 'sé Seághan Óg comrádaidhe Sheághain Saoír. Siné an chúis go bhfuil rathamhnachas Sheághain Óig ag dul chómh maith dho, agus ná cáisimheann sé a bhochtineacht féin. Mac na Baintreabhaighe. - Buachaill breágh is eadh Seághan Saoír. B'fhéidir go mbainfí iad araon fós d'á bprapaireacht. Coingídh greim ar chárta an stúmpa. Fear an Tighe, [ag imirt seacht triuth]. - Is dócha ná fuil an stúmpa ann, mar go bhfuil an fear daithte. Seághan Óg, [ag imirt ceathair muiltheat]. - "Cuirfead an donas ar déanaighe" go háirithe. Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt chuireata triuth]. - Greim ar chárta an stúmpa. Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt sé an hart]. - Ní'l an stúmpa féin ag cuid againn. Seághan Saoír, [ag imirt rígh triuth]. - Ní fheaca aon rath riamh ar aoinne bheadh ag gabháil d'á n-iomarca ceisnimh. Mara mbeadh agat acht "tigh ar béal bóthair cuímhnigh nách aistear é acht cómhgar." Cúl-Chearrbhach. - Tá seódh shaoghail de'n cheart agat. Conchubhar Máighistir, [ag breith ar chárta is gach láimh leis, a's ag bualadh na gcártaí go mion tiubh ar a chéile]. - Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom. Micil Sheághain Donchadh. - Greim ar chárta an stúmpa. [Caitheann Conchúbhar Máighistir rígh an hart ar an mbórd]. Fear an Tighe, [ag imirt ocht spéarthait]. - Ní'l faic agam-sa le cimeád. Seághan Óg. - 'Seadh, táim-se cuachta anois go háirithe. [Imirigheann sé dó spéarthait]. Cúl-Chearrbhach - Ca bhfuil cárta an stúmpa? Conchúbhar Máighistir, [ag caitheamh Aon spéarthait ar an mbórd]. - Siné é. [Caitheann na cearrbhaigh eile a gcárta ar an mbórd. Tá an chúig ag an máighistir].
Cúl-Chearrbhach. - Is dócha go bhfuil fios ag an máighistir. Féach cad a dhein sé: rígh an hart a chaitheamh uaidh, agus Aon spéarthait a chimeád. Conchúbhar Máighistir. - Im' briathar gur dhóbhair dam an rígh a bheith coingibhthe agam. Ní raibh acht a rádh go raibh rugaithe agam ar bharra eireabail ar an Aon spéarthait nuair a chuímhnigheas ar chaint fhir an tíghe nuair a hiompuigheadh an mádh: "muiltheat an mádh, 's is maith an drá an spéarthait," arsa eisean. Fear an Tighe. - Féach cé go ndúbhart an chaint sin níor chuireas aon ghubh ann. Is leat-sa suathadh anois, a Mhicil. [Cuireann Micil a chrúcaí ar na muiltheataíbh a bhí ar an mbórd. Bailigheann na cearrbhaigh eile na cártaí 'n-a theannta. Tugann Seághan Saoír fé ndeara gnóthaí Mhicil. Seághan Saoír. - Fair an builcín, a Sheághain Óig. Tá builcín curtha isteach ag Micil. Seághan Óg. - "A rún san fúm-sa acht fág fúm féin é," a ndúbhairt cléireach Foilplí. [Suadhann Micil Sheághain Donchadh na cártaí]. Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr díobh. Seághan Óg. - Is beag an bearradh is gádh dhóibh. Tá an builcín thíos i mbun agat, [ag tógaint an chárta mullaigh de'n phaca, agus d'á chaitheamh ar an mbórd. Leogann Micil amach na cártaí; agus, annsa leogaint amach do, castar rígh triuth múchta air]. Cúl-Chearrbhach. - Ha, ha, a Mhicil, tá do thuaiplis déanta agat. Micil Sheághain Donchadh. - Go deimhin ní'l, mhuise. Bhíodar go léir ag bailiughadh suas na gcártaí chómh maith liom-sa. Fear an Tighe. - Suaidh arís iad, a Mhicil. D'imtheóchadh an méid sin ar dhuine nár phós riamh. [Bailigheann Micil chuige arís na cártaí, agus suadhann sé iad]. Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr arís díobh. Seághan Óg, [ag tógaint béalóig mhóir díobh]. - "Cearrbhaigh ag cailleamhaint nuair ná bearraid siad doimhinn." [Sgaoileann Micil amach na cártaí arís. Nuair thigeann sé leis an tarna sraith go dtí Mac na Baintreabhaighe tá a mbíonn de chártaí d'á raibh 'n-a láimh, i ndiaidh an bhearradh, ídighthe aige acht aon chárta
amháin. Tógann na cártaí a bearradh de'n bhórd, agus líonann sé lámh Mhic na Baintreabhaighe]. Micil Sheághain Donchadh. - Tá íochtar a's uachtar agat. Cúl-Chearrbhach. - "Íochtar a's uachtar, is maith an t-adhbhar cuigine iad." [Tá na lámha go léir lán ag Micil. Iompuigheann sé deich triuth]. Micil Sheághain Donchadh. - Triuth, an mádh. Fear an Tighe. - "Triuthanna a's treabhaid siad." Ba cheart duit an imirt 'áireamh sara n-iontuíghthá mádh. Micil Sheághain Donchadh. - Cúig fichead, chúig. Tá an dá Sheághan cúig fichead, agus tá an máighistir cúig. Imir, a Mhic na Baintreabhaighe. Mac na Baintreabhaighe. - Ní fhéadfad imirt go fóil. Tá tuaiplis eile déanta ag Micil. Tá sé chárta agam-sa, [ag caitheamh a chártaí ar a mbéal fútha ar an mbórd, agus d'á gcómhaireamh]. Micil Sheághain Donchadh. - Tá, im' briathar. Ní fheadar conus imthigh san orm. Suaidh-se anois iad, a Mhic na Baintreabhaighe. [Suadhann Mac na Baintreabhaighe iad. Bearrann Micil díobh. Sgaoíleann Mac na Baintreabhaighe amach iad, agus iontuigheann sé rígh an hart]. Fear an Tighe. - Cad is mádh? Mac na Baintreabhaighe. - Rígh an hart. Seághan Saoír, [ag caitheamh an chíoná amach ar an mbórd]. - 'Seadh, déanfad-sa imirt ghairid de seo dhíbh. Conchúbhar Máighistir. - Ambasa ní raibh an lámh so i bhfad 'á imirt. Suaidh iad, a Sheághain Saoír. [Luigheann Seághan Saoír agus Mac na Baintreabhaighe ar a ngnó féin. Labhrann Con- chúbhar Máighistir]. Bhís chun 'ínsint dúinn ó chiainibh, a fhir an tighe, mar gheall ar chluiche an trír. Innis dúinn anois é, led' thoil. Fear an Tighe. - Airiú sgéilín is eadh é aireófá 'á insint i seacht gcuma dhéag. Triúr buachaillí muínteartha a bhí ag imirt chártaí le chéile i sráid thíos amuigh. Buachaillí breághtha Gaedheal- acha ab eadh beirt aca, agus bodaichín de ghalldúda ab eadh an tríomhadh duine aca. Ní raibh aon mheas ar Ghaedhealaing ná ar lucht a labhartha aige. D'oir do'n bheirt eile a ghalldúdaidheacht 'agairt air. Luigh an bheirt aca ar bheith ag imirt a láimh a
chéile 'n-a choinnibh. "Bhuadhfaidís Cáit a's na páistí" uaidh dá mbeidís aige. Conchúbhar Máighistir. - An raibh breith 'dir lá' aca? Fear an Tighe. - Do bhí gan amhras, acht seo mar shocruigheadar iad féin 'n-a choinnibh. Labhradar Gaedhealaing le chéile agus Béarla le heisean. "An bhfuil agat?" a deireadh duine aca. "Tá," a deireadh an duine eile. Sgaoílidís féin le chéile, agus gach duine aca sa tár ar an ngalldúda. Bhí a raibh d'airgead d'á raibh ag fágaint a phóca san 'n-a ndá stiúicín ar aghaidh na beirte eile amach ar an mbórd. Do thómhais duine aca an dá stiúicín le na mhéir. Ba mhó a stiúicín féin ná stiúicín an fhir eile. Má's eadh, ba mhaith an mhaise sin aige: do luigh sé ar bheith ag baint as a stiúicín féin agus d'á chuir ar an stiúicín eile chun go raibh an dá stiúicín ar chómh- aoírde aige. Thug an fear eile crothadh lámh do de bhárr a dheágh-oibre. Thuig an bodaichín as san go rabhadar ag stealla- mhagadh fé féin. D'eirigh sé ar buile. "Hang it", arsa eisean, ag stealladh cúpla cárta bhí 'n-a láimh aige fé'n mbórd, agus ag eirghe chun an tseómra 'fhágaint, "if I ever again play the game "an bhfuil agat tá"." "Foidhnneach breágh! a fhir mhóir," arsa an bheirt eile i mBéarla; "cuir chúghat do stiúicíní. Ní'l aon ghnó againn-na dhíobh." Seághan Óg. - Do dheineadar an ceart díreach. Cúl-Chearrbhach. - Do dheineadar, a lán. B'fheárr liom iad do chaitheamh le fánaidh na habhann ná iad a thabhairt thar n-ais do, tar éis iad a bhuadhachtaint uaidh. Conchúbhar Máighistir. - Airiú ní hé a chuid airgid a bhí uatha acht a ghalldúdaidheacht 'agairt air. Nár chun é 'árdach sa' ghréin brígh thómhas na stiúicíní. Fear an Tighe. - Airiú b'eadh, a dhuine. Seághan Saoír. - 'Seadh, ní hé siúd acht é seo. Tosnuighidh. Táimíd-na cluiche amuigh [ag iompáil an mhádh]. Cíoná triuth ar ceann. Thabharfainn lá ar cómhar do'n Aon. Ní hé go bhfuil sé agat, a mháighistir? Conchubhar Máighistir. - Ní'l, ná a dhath, mhuise, acht cíonáthacha cuíthacha. Seo ceann aca [ag imirt chíoná an hart]. Cúl-Chearrbhach. - Deir siad gur mairg imireóchadh a mháthair ortha. An mbeadh an tAon agat-sa, a fhir an tighe?
Fear an Tighe. - "Nuair a dhúbhaid siad dearegaid siad" [ag imirt trí na hart]; sidé mo dhath-sa, a mhic ó. Seághan Óg [ag imirt seacht muiltheat]. - Mo dhuine-se an buachaill. Micil Sheághain Donchadh [ag imirt rígh triuth]. - Ach, im' briath- ar go gceapann sibh-se an saoghal go léir a shlogadh chúghaibh féin. Mac na Baintreabhaighe [ag imirt naoi an hart] - Do shloig- fidís, agus dá shaoghal, dá bhféadfaidís é. Seághan Óg. - Andaigh mhuise, is leas-mháthair a thogfadh san orainn. "Fáinne óir ar mo sheabhac-sa." Mac na Baintreabhaighe. - Nár théidh do ghuidhe thar bhonn do bhróige. Seághan Saoír. - Ba chuma liom i dtaobh bonn mo bhróige, dá dtéidheadh sé go bonn an stoca. Cúl-Chearrbhach. - Stocaí atá agaibh á imirt. Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí]. - Stocaí, mhuise, agus is olc é mo thuairim nú tá a n-imirt déanta an turas so. Seághan Óg. - Airiú! an bhfuil an tAon agat? Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí 'n-a gceann a's 'n-a gceann]. - Tá, agus dá Aon, trí Aon: is me breallán na nAon- taí i gceart [ag díol as an gcíoná, 'á thógaint de'n cheann, agus d'á bhualadh anuas ar rígh triuth]. Cúl-Chearrbhac. - Is milleánach a bheifí ar thosnóir 'á ndéan- fadh sé an obair sin. Seághan Saoír. - Leog dam, a dhuine; táim daithte le toghadh an phaca. Sid iad i dteannta a chéile agaibh iad ['á leogaint anuas ar an mbórd]. Féachaidh an cuireata, an tAon a hArt, an tAon triuth, agus an bhainríoghain triuth. Seághan Óg [ag síneadh a lá' de dhruím an bhúird chun Seághan Saoír]. - Tabhair dham do lám, a shaoír. Is sinn-na ba cheart a chuir go Parliament, mar bheadh an rath ar ár ngnó. Fear an Tighe. - Leighis fiadh ort féin agus ar do Pharliament. Nách seóidh mar chaitheann tú bheith i gcómhnuidhe ag gabháil do ghleóisínteacht. Bean an Tighe. - Sgaoíl leis féin, a Thaidhg. "Is unúth le Dia duine bocht súgach." Cúl-Chearrbhach. - "Tá sé chómh súgach le miúil go mbeadh mairc uirthe."
Fear an Tighe. - 'Seadh, is fearra dho'n tseisear eile seo luighe isteach anois. Bean an Tighe. - Im' briathar, a Thaidhg, gur fearra dhóibh eirghe asta anois. Ar nóin ní hé deireadh an tsaoghail é. Beidh oidhche eile 's oidhche eile chómh maith leis an oidhche anocht. Conchúbhar Máighistir. - Déarfainn é, a bhean an tighe. Bheadh an oidhche imthighthe thar fóir sara mbeadh na stocaí glan-imiortha. Féach, tá sé ag déanamh suas ar a deich. Duine thall 's abhus. - Téidhmís abhaile. Beidh an oidhche amáireach chómh maith leis an oidhche anocht. Conchúbhar Máighistir [ag eirghe 'n-a sheasamh]. - Siné an ceart. Buail rómham amach a shaoír. [Imthighid]. CONCHÚBHAR Ó DEASMHÚMHNA. A fhir ud dom chur amach As an dteach n-a bhfuil mé ag dul, Buidheachus le Rígh na bhfeart Nach féidir mo chur amach amuigh. CEIST: Ceist agam ort, a Chléirigh, Ó's tusa léigheas an Bíobla, Créad do-bheir an t-óinseach sonaí 'S an duine donaí críonna? FREAGRA: Ní ceist orm é, ar san Cléireach, Is léir dam gach ní aca: Bíonn an sonus i ndiaidh na céille 'S na tréithe ag an gcríonnacht. Ceist agam ort, a shagairt léith, Ó's agat féin atá an t-eól: Ciaca is girre do Fhlaitheas Dé Cill Chré nó an Domhnach Mór? Ní bhfuaireas an freagra. Seo rann adubhairt Ó Súilleabháin le n-a mhnaoi phósta féin, agus é ar leabaidh a bháis: Ó oiream araon dá chéile i n-anbhfhúinnibh, Go sileam go géar sruth déar tré neart cumhadh guil; Cionta an tsaoghail chlaéin go ndearmhadam, 'S go bhfeiceam go léir a chéile i bhflaitheamhnus.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services