Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgoruidheacht na gCearrbhach.

Title
Sgoruidheacht na gCearrbhach.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 143


Sgoruidheacht na gCearrbhach.



(Ar leanamhaint).



CONCHUBHAR Ó DEASMÚMHNA do sholáthruigh.



Fear an Tighe [ag imirt trí an hart]. -
Tá m'imirt-se déanta. Geallaim dhuit ná
sgarfainn lem' chuireata, an uair úd, mara
mbeadh é bheith in' aonar agam.



Seághan Óg, [ag bailiughadh suas na gcártaí
imiortha, agus ag imirt naoi muiltheat]. - Seo-thíg
díbh ceann eile aca.



Cúl-Chearrbhach, [leis an gcárta]. - 'Sé máighistir
a bhúird anois é. Tá an tAon a hart agus na muiltheataí
móra go léir imthighthe.



Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt ceathair an hart] -
Dheineas-sa fear de lem' thabhairt, mar phioc sé an bórd. Is
dócha gur cluiche riain é.



Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt trí triuth]. - Cluiche riain,
mhuise. Ní'l dabht ná gur b'ort a bhí an tiospach led' dhó bréan
muiltheat.


L. 144


Seághan Saoír, [ag imirt Aon triuth]. - "Buadh 'gus biseach
leat," a Sheaghain Óig. Go mbuadhair an rás. Acht is eagal liom ná
buadhfair, mar má bhuadhann tú beidh an sean-fhocal sárúighthe
agat: "Aon muiltheat do'n chearrbhach, nú eascú do'n iasgaire,"
arsa an sean-duine.



Conchúbhar Máighistir, [ag gáiridhe, agus ag imirt banríoghain
hart]. - Féach airiú, 'sé Seághan Óg comrádaidhe Sheághain Saoír.
Siné an chúis go bhfuil rathamhnachas Sheághain Óig ag dul chómh
maith dho, agus ná cáisimheann sé a bhochtineacht féin.



Mac na Baintreabhaighe. - Buachaill breágh is eadh Seághan
Saoír. B'fhéidir go mbainfí iad araon fós d'á bprapaireacht.
Coingídh greim ar chárta an stúmpa.



Fear an Tighe, [ag imirt seacht triuth]. - Is dócha ná fuil an
stúmpa ann, mar go bhfuil an fear daithte.



Seághan Óg, [ag imirt ceathair muiltheat]. - "Cuirfead an
donas ar déanaighe" go háirithe.



Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt chuireata triuth]. - Greim
ar chárta an stúmpa.



Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt sé an hart]. - Ní'l an
stúmpa féin ag cuid againn.



Seághan Saoír, [ag imirt rígh triuth]. - Ní fheaca aon rath riamh
ar aoinne bheadh ag gabháil d'á n-iomarca ceisnimh. Mara mbeadh
agat acht "tigh ar béal bóthair cuímhnigh nách aistear é acht
cómhgar."



Cúl-Chearrbhach. - Tá seódh shaoghail de'n cheart agat.



Conchubhar Máighistir, [ag breith ar chárta is gach láimh leis,
a's ag bualadh na gcártaí go mion tiubh ar a chéile]. - Ní
fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom.



Micil Sheághain Donchadh. - Greim ar chárta an stúmpa.
[Caitheann Conchúbhar Máighistir rígh an hart ar an mbórd].



Fear an Tighe, [ag imirt ocht spéarthait]. - Ní'l faic agam-sa
le cimeád.



Seághan Óg. - 'Seadh, táim-se cuachta anois go háirithe.
[Imirigheann sé dó spéarthait].



Cúl-Chearrbhach - Ca bhfuil cárta an stúmpa?



Conchúbhar Máighistir, [ag caitheamh Aon spéarthait ar an
mbórd]. - Siné é. [Caitheann na cearrbhaigh eile a gcárta ar an
mbórd. Tá an chúig ag an máighistir].


L. 145


Cúl-Chearrbhach. - Is dócha go bhfuil fios ag an máighistir.
Féach cad a dhein sé: rígh an hart a chaitheamh uaidh, agus Aon
spéarthait a chimeád.



Conchúbhar Máighistir. - Im' briathar gur dhóbhair dam an rígh a
bheith coingibhthe agam. Ní raibh acht a rádh go raibh rugaithe agam
ar bharra eireabail ar an Aon spéarthait nuair a chuímhnigheas ar
chaint fhir an tíghe nuair a hiompuigheadh an mádh: "muiltheat
an mádh, 's is maith an drá an spéarthait," arsa eisean.



Fear an Tighe. - Féach cé go ndúbhart an chaint sin níor
chuireas aon ghubh ann. Is leat-sa suathadh anois, a Mhicil.
[Cuireann Micil a chrúcaí ar na muiltheataíbh a bhí ar an mbórd.
Bailigheann na cearrbhaigh eile na cártaí 'n-a theannta. Tugann
Seághan Saoír fé ndeara gnóthaí Mhicil.



Seághan Saoír. - Fair an builcín, a Sheághain Óig. Tá builcín
curtha isteach ag Micil.



Seághan Óg. - "A rún san fúm-sa acht fág fúm féin é," a
ndúbhairt cléireach Foilplí. [Suadhann Micil Sheághain Donchadh
na cártaí].



Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr díobh.



Seághan Óg. - Is beag an bearradh is gádh dhóibh. Tá an
builcín thíos i mbun agat, [ag tógaint an chárta mullaigh de'n
phaca, agus d'á chaitheamh ar an mbórd. Leogann Micil amach
na cártaí; agus, annsa leogaint amach do, castar rígh triuth
múchta air].



Cúl-Chearrbhach. - Ha, ha, a Mhicil, tá do thuaiplis déanta
agat.



Micil Sheághain Donchadh. - Go deimhin ní'l, mhuise. Bhíodar
go léir ag bailiughadh suas na gcártaí chómh maith liom-sa.



Fear an Tighe. - Suaidh arís iad, a Mhicil. D'imtheóchadh an
méid sin ar dhuine nár phós riamh. [Bailigheann Micil chuige arís
na cártaí, agus suadhann sé iad].



Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr arís
díobh.



Seághan Óg, [ag tógaint béalóig mhóir díobh]. - "Cearrbhaigh
ag cailleamhaint nuair ná bearraid siad doimhinn." [Sgaoileann
Micil amach na cártaí arís. Nuair thigeann sé leis an tarna
sraith go dtí Mac na Baintreabhaighe tá a mbíonn de chártaí d'á
raibh 'n-a láimh, i ndiaidh an bhearradh, ídighthe aige acht aon chárta


L. 146


amháin. Tógann na cártaí a bearradh de'n bhórd, agus líonann
sé lámh Mhic na Baintreabhaighe].



Micil Sheághain Donchadh. - Tá íochtar a's uachtar agat.



Cúl-Chearrbhach. - "Íochtar a's uachtar, is maith an t-adhbhar
cuigine iad." [Tá na lámha go léir lán ag Micil. Iompuigheann
sé deich triuth].



Micil Sheághain Donchadh. - Triuth, an mádh.



Fear an Tighe. - "Triuthanna a's treabhaid siad." Ba cheart
duit an imirt 'áireamh sara n-iontuíghthá mádh.



Micil Sheághain Donchadh. - Cúig fichead, chúig. Tá an dá
Sheághan cúig fichead, agus tá an máighistir cúig. Imir, a Mhic
na Baintreabhaighe.



Mac na Baintreabhaighe. - Ní fhéadfad imirt go fóil. Tá
tuaiplis eile déanta ag Micil. Tá sé chárta agam-sa, [ag
caitheamh a chártaí ar a mbéal fútha ar an mbórd, agus d'á
gcómhaireamh].



Micil Sheághain Donchadh. - Tá, im' briathar. Ní fheadar conus
imthigh san orm. Suaidh-se anois iad, a Mhic na Baintreabhaighe.
[Suadhann Mac na Baintreabhaighe iad. Bearrann Micil díobh.
Sgaoíleann Mac na Baintreabhaighe amach iad, agus iontuigheann
sé rígh an hart].



Fear an Tighe. - Cad is mádh?



Mac na Baintreabhaighe. - Rígh an hart.



Seághan Saoír, [ag caitheamh an chíoná amach ar an mbórd]. -
'Seadh, déanfad-sa imirt ghairid de seo dhíbh.



Conchúbhar Máighistir. - Ambasa ní raibh an lámh so i bhfad 'á
imirt. Suaidh iad, a Sheághain Saoír. [Luigheann Seághan Saoír
agus Mac na Baintreabhaighe ar a ngnó féin. Labhrann Con-
chúbhar Máighistir]. Bhís chun 'ínsint dúinn ó chiainibh, a fhir an
tighe, mar gheall ar chluiche an trír. Innis dúinn anois é, led'
thoil.



Fear an Tighe. - Airiú sgéilín is eadh é aireófá 'á insint i
seacht gcuma dhéag. Triúr buachaillí muínteartha a bhí ag imirt
chártaí le chéile i sráid thíos amuigh. Buachaillí breághtha Gaedheal-
acha ab eadh beirt aca, agus bodaichín de ghalldúda ab eadh an
tríomhadh duine aca. Ní raibh aon mheas ar Ghaedhealaing ná ar
lucht a labhartha aige. D'oir do'n bheirt eile a ghalldúdaidheacht
'agairt air. Luigh an bheirt aca ar bheith ag imirt a láimh a


L. 147


chéile 'n-a choinnibh. "Bhuadhfaidís Cáit a's na páistí" uaidh dá
mbeidís aige.



Conchúbhar Máighistir. - An raibh breith 'dir lá' aca?



Fear an Tighe. - Do bhí gan amhras, acht seo mar shocruigheadar
iad féin 'n-a choinnibh. Labhradar Gaedhealaing le chéile agus
Béarla le heisean. "An bhfuil agat?" a deireadh duine aca.
"Tá," a deireadh an duine eile. Sgaoílidís féin le chéile,
agus gach duine aca sa tár ar an ngalldúda. Bhí a raibh
d'airgead d'á raibh ag fágaint a phóca san 'n-a ndá stiúicín ar
aghaidh na beirte eile amach ar an mbórd. Do thómhais duine
aca an dá stiúicín le na mhéir. Ba mhó a stiúicín féin
ná stiúicín an fhir eile. Má's eadh, ba mhaith an mhaise
sin aige: do luigh sé ar bheith ag baint as a stiúicín féin agus
d'á chuir ar an stiúicín eile chun go raibh an dá stiúicín ar chómh-
aoírde aige. Thug an fear eile crothadh lámh do de bhárr a
dheágh-oibre. Thuig an bodaichín as san go rabhadar ag stealla-
mhagadh fé féin. D'eirigh sé ar buile. "Hang it", arsa eisean,
ag stealladh cúpla cárta bhí 'n-a láimh aige fé'n mbórd, agus
ag eirghe chun an tseómra 'fhágaint, "if I ever again play the
game "an bhfuil agat tá"." "Foidhnneach breágh! a fhir mhóir,"
arsa an bheirt eile i mBéarla; "cuir chúghat do stiúicíní. Ní'l
aon ghnó againn-na dhíobh."



Seághan Óg. - Do dheineadar an ceart díreach.



Cúl-Chearrbhach. - Do dheineadar, a lán. B'fheárr liom iad
do chaitheamh le fánaidh na habhann ná iad a thabhairt thar n-ais
do, tar éis iad a bhuadhachtaint uaidh.



Conchúbhar Máighistir. - Airiú ní hé a chuid airgid a bhí uatha
acht a ghalldúdaidheacht 'agairt air. Nár chun é 'árdach sa'
ghréin brígh thómhas na stiúicíní.



Fear an Tighe. - Airiú b'eadh, a dhuine.



Seághan Saoír. - 'Seadh, ní hé siúd acht é seo. Tosnuighidh.
Táimíd-na cluiche amuigh [ag iompáil an mhádh]. Cíoná triuth ar
ceann. Thabharfainn lá ar cómhar do'n Aon. Ní hé go bhfuil sé
agat, a mháighistir?



Conchubhar Máighistir. - Ní'l, ná a dhath, mhuise, acht cíonáthacha
cuíthacha. Seo ceann aca [ag imirt chíoná an hart].



Cúl-Chearrbhach. - Deir siad gur mairg imireóchadh a mháthair
ortha. An mbeadh an tAon agat-sa, a fhir an tighe?


L. 148


Fear an Tighe. - "Nuair a dhúbhaid siad dearegaid siad" [ag
imirt trí na hart]; sidé mo dhath-sa, a mhic ó.



Seághan Óg [ag imirt seacht muiltheat]. - Mo dhuine-se an
buachaill.



Micil Sheághain Donchadh [ag imirt rígh triuth]. - Ach, im' briath-
ar go gceapann sibh-se an saoghal go léir a shlogadh chúghaibh féin.



Mac na Baintreabhaighe [ag imirt naoi an hart] - Do shloig-
fidís, agus dá shaoghal, dá bhféadfaidís é.



Seághan Óg. - Andaigh mhuise, is leas-mháthair a thogfadh san
orainn. "Fáinne óir ar mo sheabhac-sa."



Mac na Baintreabhaighe. - Nár théidh do ghuidhe thar bhonn do
bhróige.



Seághan Saoír. - Ba chuma liom i dtaobh bonn mo bhróige, dá
dtéidheadh sé go bonn an stoca.



Cúl-Chearrbhach. - Stocaí atá agaibh á imirt.



Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí]. - Stocaí, mhuise,
agus is olc é mo thuairim nú tá a n-imirt déanta an turas so.



Seághan Óg. - Airiú! an bhfuil an tAon agat?



Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí 'n-a gceann a's 'n-a
gceann]. - Tá, agus dá Aon, trí Aon: is me breallán na nAon-
taí i gceart [ag díol as an gcíoná, 'á thógaint de'n cheann,
agus d'á bhualadh anuas ar rígh triuth].



Cúl-Chearrbhac. - Is milleánach a bheifí ar thosnóir 'á ndéan-
fadh sé an obair sin.



Seághan Saoír. - Leog dam, a dhuine; táim daithte le toghadh
an phaca. Sid iad i dteannta a chéile agaibh iad ['á leogaint
anuas ar an mbórd]. Féachaidh an cuireata, an tAon a hArt,
an tAon triuth, agus an bhainríoghain triuth.



Seághan Óg [ag síneadh a lá' de dhruím an bhúird chun Seághan
Saoír]. - Tabhair dham do lám, a shaoír. Is sinn-na ba cheart a
chuir go Parliament, mar bheadh an rath ar ár ngnó.



Fear an Tighe. - Leighis fiadh ort féin agus ar do Pharliament.
Nách seóidh mar chaitheann tú bheith i gcómhnuidhe ag gabháil do
ghleóisínteacht.



Bean an Tighe. - Sgaoíl leis féin, a Thaidhg. "Is unúth le
Dia duine bocht súgach."



Cúl-Chearrbhach. - "Tá sé chómh súgach le miúil go mbeadh
mairc uirthe."


L. 149


Fear an Tighe. - 'Seadh, is fearra dho'n tseisear eile seo
luighe isteach anois.



Bean an Tighe. - Im' briathar, a Thaidhg, gur fearra dhóibh
eirghe asta anois. Ar nóin ní hé deireadh an tsaoghail é. Beidh
oidhche eile 's oidhche eile chómh maith leis an oidhche anocht.



Conchúbhar Máighistir. - Déarfainn é, a bhean an tighe. Bheadh
an oidhche imthighthe thar fóir sara mbeadh na stocaí glan-imiortha.
Féach, tá sé ag déanamh suas ar a deich.



Duine thall 's abhus. - Téidhmís abhaile. Beidh an oidhche
amáireach chómh maith leis an oidhche anocht.



Conchúbhar Máighistir [ag eirghe 'n-a sheasamh]. - Siné an
ceart. Buail rómham amach a shaoír. [Imthighid].



CONCHÚBHAR Ó DEASMHÚMHNA.



A fhir ud dom chur amach
As an dteach n-a bhfuil mé ag dul,
Buidheachus le Rígh na bhfeart
Nach féidir mo chur amach amuigh.



CEIST:
Ceist agam ort, a Chléirigh,
Ó's tusa léigheas an Bíobla,
Créad do-bheir an t-óinseach sonaí
'S an duine donaí críonna?



FREAGRA:
Ní ceist orm é, ar san Cléireach,
Is léir dam gach ní aca:
Bíonn an sonus i ndiaidh na céille
'S na tréithe ag an gcríonnacht.



Ceist agam ort, a shagairt léith,
Ó's agat féin atá an t-eól:
Ciaca is girre do Fhlaitheas Dé
Cill Chré nó an Domhnach Mór?



Ní bhfuaireas an freagra.




Seo rann adubhairt Ó Súilleabháin le n-a mhnaoi phósta féin, agus é ar
leabaidh a bháis:



Ó oiream araon dá chéile i n-anbhfhúinnibh,
Go sileam go géar sruth déar tré neart cumhadh guil;
Cionta an tsaoghail chlaéin go ndearmhadam,
'S go bhfeiceam go léir a chéile i bhflaitheamhnus.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services