Sgoruidheacht na gCearrbhach.
(Ar leanamhaint).
CONCHUBHAR Ó DEASMÚMHNA do sholáthruigh.
Fear an Tighe [ag imirt trí an hart]. - 
Tá m'imirt-se déanta.  Geallaim dhuit ná 
sgarfainn lem' chuireata, an uair úd, mara 
mbeadh é bheith in' aonar agam. 
Seághan Óg, [ag bailiughadh suas na gcártaí 
imiortha, agus ag imirt naoi muiltheat]. - Seo-thíg 
díbh ceann eile aca. 
Cúl-Chearrbhach, [leis an gcárta]. - 'Sé máighistir 
a bhúird anois é.  Tá an tAon a hart agus na muiltheataí 
móra go léir imthighthe. 
Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt ceathair an hart] - 
Dheineas-sa fear de lem' thabhairt, mar phioc sé an bórd.  Is 
dócha gur cluiche riain é. 
Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt trí triuth]. - Cluiche riain, 
mhuise.  Ní'l dabht ná gur b'ort a bhí an tiospach led' dhó bréan 
muiltheat. 
 
Seághan Saoír, [ag imirt Aon triuth]. - "Buadh 'gus biseach 
leat," a Sheaghain Óig.  Go mbuadhair an rás.  Acht is eagal liom ná 
buadhfair, mar má bhuadhann tú beidh an sean-fhocal sárúighthe 
agat: "Aon muiltheat do'n chearrbhach, nú eascú do'n iasgaire," 
arsa an sean-duine. 
Conchúbhar Máighistir, [ag gáiridhe, agus ag imirt banríoghain 
hart]. - Féach airiú, 'sé Seághan Óg comrádaidhe Sheághain Saoír. 
Siné an chúis go bhfuil rathamhnachas Sheághain Óig ag dul chómh 
maith dho, agus ná cáisimheann sé a bhochtineacht féin. 
Mac na Baintreabhaighe. - Buachaill breágh is eadh Seághan 
Saoír.  B'fhéidir go mbainfí iad araon fós d'á bprapaireacht. 
Coingídh greim ar chárta an stúmpa. 
Fear an Tighe, [ag imirt seacht triuth]. - Is dócha ná fuil an 
stúmpa ann, mar go bhfuil an fear daithte. 
Seághan Óg, [ag imirt ceathair muiltheat]. - "Cuirfead an 
donas ar déanaighe" go háirithe. 
Micil Sheághain Donchadh, [ag imirt chuireata triuth]. - Greim 
ar chárta an stúmpa. 
Mac na Baintreabhaighe, [ag imirt sé an hart]. - Ní'l an 
stúmpa féin ag cuid againn. 
Seághan Saoír, [ag imirt rígh triuth]. - Ní fheaca aon rath riamh 
ar aoinne bheadh ag gabháil d'á n-iomarca ceisnimh.  Mara mbeadh 
agat acht "tigh ar béal bóthair cuímhnigh nách aistear é acht 
cómhgar." 
Cúl-Chearrbhach. - Tá seódh shaoghail de'n cheart agat.
Conchubhar Máighistir, [ag breith ar chárta is gach láimh leis, 
a's ag bualadh na gcártaí go mion tiubh ar a chéile]. - Ní 
fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom. 
Micil Sheághain Donchadh. - Greim ar chárta an stúmpa. 
[Caitheann Conchúbhar Máighistir rígh an hart ar an mbórd]. 
Fear an Tighe, [ag imirt ocht spéarthait]. - Ní'l faic agam-sa 
le cimeád. 
Seághan Óg. - 'Seadh, táim-se cuachta anois go háirithe. 
[Imirigheann sé dó spéarthait]. 
Cúl-Chearrbhach - Ca bhfuil cárta an stúmpa?
Conchúbhar Máighistir, [ag caitheamh Aon spéarthait ar an 
mbórd]. - Siné é.  [Caitheann na cearrbhaigh eile a gcárta ar an 
mbórd.  Tá an chúig ag an máighistir]. 
 
Cúl-Chearrbhach. - Is dócha go bhfuil fios ag an máighistir. 
Féach cad a dhein sé: rígh an hart a chaitheamh uaidh, agus Aon 
spéarthait a chimeád. 
Conchúbhar Máighistir. - Im' briathar gur dhóbhair dam an rígh a 
bheith coingibhthe agam.  Ní raibh acht a rádh go raibh rugaithe agam 
ar bharra eireabail ar an Aon spéarthait nuair a chuímhnigheas ar 
chaint fhir an tíghe nuair a hiompuigheadh an mádh: "muiltheat 
an mádh, 's is maith an drá an spéarthait," arsa eisean. 
Fear an Tighe. - Féach cé go ndúbhart an chaint sin níor 
chuireas aon ghubh ann.  Is leat-sa suathadh anois, a Mhicil. 
[Cuireann Micil a chrúcaí ar na muiltheataíbh a bhí ar an mbórd. 
Bailigheann na cearrbhaigh eile na cártaí 'n-a theannta.  Tugann 
Seághan Saoír fé ndeara gnóthaí Mhicil. 
Seághan Saoír. - Fair an builcín, a Sheághain Óig.  Tá builcín 
curtha isteach ag Micil. 
Seághan Óg. - "A rún san fúm-sa acht fág fúm féin é," a 
ndúbhairt cléireach Foilplí.  [Suadhann Micil Sheághain Donchadh 
na cártaí]. 
Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr díobh.
Seághan Óg. - Is beag an bearradh is gádh dhóibh.  Tá an 
builcín thíos i mbun agat, [ag tógaint an chárta mullaigh de'n 
phaca, agus d'á chaitheamh ar an mbórd.  Leogann Micil amach 
na cártaí; agus, annsa leogaint amach do, castar rígh triuth 
múchta air]. 
Cúl-Chearrbhach. - Ha, ha, a Mhicil, tá do thuaiplis déanta 
agat. 
Micil Sheághain Donchadh. - Go deimhin ní'l, mhuise.  Bhíodar 
go léir ag bailiughadh suas na gcártaí chómh maith liom-sa. 
Fear an Tighe. - Suaidh arís iad, a Mhicil.  D'imtheóchadh an 
méid sin ar dhuine nár phós riamh.  [Bailigheann Micil chuige arís 
na cártaí, agus suadhann sé iad]. 
Micil Sheághain Donchadh. - Seo, a Sheághain Óig, beárr arís 
díobh. 
Seághan Óg, [ag tógaint béalóig mhóir díobh]. - "Cearrbhaigh 
ag cailleamhaint nuair ná bearraid siad doimhinn."  [Sgaoileann
Micil amach na cártaí arís.  Nuair thigeann sé leis an tarna 
sraith go dtí Mac na Baintreabhaighe tá a mbíonn de chártaí d'á 
raibh 'n-a láimh, i ndiaidh an bhearradh, ídighthe aige acht aon chárta 
 
amháin.  Tógann na cártaí a bearradh de'n bhórd, agus líonann 
sé lámh Mhic na Baintreabhaighe]. 
Micil Sheághain Donchadh. - Tá íochtar a's uachtar agat.
Cúl-Chearrbhach. - "Íochtar a's uachtar, is maith an t-adhbhar 
cuigine iad."  [Tá na lámha go léir lán ag Micil.  Iompuigheann 
sé deich triuth]. 
Micil Sheághain Donchadh. - Triuth, an mádh.
Fear an Tighe. - "Triuthanna a's treabhaid siad."  Ba cheart 
duit an imirt 'áireamh sara n-iontuíghthá mádh. 
Micil Sheághain Donchadh. - Cúig fichead, chúig.  Tá an dá 
Sheághan cúig fichead, agus tá an máighistir cúig.  Imir, a Mhic 
na Baintreabhaighe. 
Mac na Baintreabhaighe. - Ní fhéadfad imirt go fóil.  Tá 
tuaiplis eile déanta ag Micil.  Tá sé chárta agam-sa, [ag 
caitheamh a chártaí ar a mbéal fútha ar an mbórd, agus d'á 
gcómhaireamh]. 
Micil Sheághain Donchadh. - Tá, im' briathar.  Ní fheadar conus 
imthigh san orm.  Suaidh-se anois iad, a Mhic na Baintreabhaighe. 
[Suadhann Mac na Baintreabhaighe iad.  Bearrann Micil díobh. 
Sgaoíleann Mac na Baintreabhaighe amach iad, agus iontuigheann 
sé rígh an hart]. 
Fear an Tighe. - Cad is mádh?
Mac na Baintreabhaighe. - Rígh an hart.
Seághan Saoír, [ag caitheamh an chíoná amach ar an mbórd]. - 
'Seadh, déanfad-sa imirt ghairid de seo dhíbh. 
Conchúbhar Máighistir. - Ambasa ní raibh an lámh so i bhfad 'á 
imirt.  Suaidh iad, a Sheághain Saoír.  [Luigheann Seághan Saoír 
agus Mac na Baintreabhaighe ar a ngnó féin.  Labhrann Con-
chúbhar Máighistir].  Bhís chun 'ínsint dúinn ó chiainibh, a fhir an 
tighe, mar gheall ar chluiche an trír.  Innis dúinn anois é, led' 
thoil. 
Fear an Tighe. - Airiú sgéilín is eadh é aireófá 'á insint i 
seacht gcuma dhéag.  Triúr buachaillí muínteartha a bhí ag imirt 
chártaí le chéile i sráid thíos amuigh.  Buachaillí breághtha Gaedheal-
acha ab eadh beirt aca, agus bodaichín de ghalldúda ab eadh an 
tríomhadh duine aca.  Ní raibh aon mheas ar Ghaedhealaing ná ar 
lucht a labhartha aige.  D'oir do'n bheirt eile a ghalldúdaidheacht 
'agairt air.  Luigh an bheirt aca ar bheith ag imirt a láimh a 
 
chéile 'n-a choinnibh.  "Bhuadhfaidís Cáit a's na páistí" uaidh dá 
mbeidís aige. 
Conchúbhar Máighistir. - An raibh breith 'dir lá' aca?
Fear an Tighe. - Do bhí gan amhras, acht seo mar shocruigheadar 
iad féin 'n-a choinnibh.  Labhradar Gaedhealaing le chéile agus 
Béarla le heisean.  "An bhfuil agat?" a deireadh duine aca. 
"Tá," a deireadh an duine eile.  Sgaoílidís féin le chéile, 
agus gach duine aca sa tár ar an ngalldúda.  Bhí a raibh 
d'airgead d'á raibh ag fágaint a phóca san 'n-a ndá stiúicín ar 
aghaidh na beirte eile amach ar an mbórd.  Do thómhais duine 
aca an dá stiúicín le na mhéir.  Ba mhó a stiúicín féin 
ná stiúicín an fhir eile.  Má's eadh, ba mhaith an mhaise 
sin aige: do luigh sé ar bheith ag baint as a stiúicín féin agus 
d'á chuir ar an stiúicín eile chun go raibh an dá stiúicín ar chómh-
aoírde aige.  Thug an fear eile crothadh lámh do de bhárr a 
dheágh-oibre.  Thuig an bodaichín as san go rabhadar ag stealla-
mhagadh fé féin.  D'eirigh sé ar buile.  "Hang it", arsa eisean, 
ag stealladh cúpla cárta bhí 'n-a láimh aige fé'n mbórd, agus 
ag eirghe chun an tseómra 'fhágaint, "if I ever again play the 
game "an bhfuil agat tá"."  "Foidhnneach breágh! a fhir mhóir," 
arsa an bheirt eile i mBéarla; "cuir chúghat do stiúicíní.  Ní'l 
aon ghnó againn-na dhíobh." 
Seághan Óg. - Do dheineadar an ceart díreach.
Cúl-Chearrbhach. - Do dheineadar, a lán.  B'fheárr liom iad 
do chaitheamh le fánaidh na habhann ná iad a thabhairt thar n-ais 
do, tar éis iad a bhuadhachtaint uaidh. 
Conchúbhar Máighistir. - Airiú ní hé a chuid airgid a bhí uatha 
acht a ghalldúdaidheacht 'agairt air.  Nár chun é 'árdach sa' 
ghréin brígh thómhas na stiúicíní. 
Fear an Tighe. - Airiú b'eadh, a dhuine.
Seághan Saoír. - 'Seadh, ní hé siúd acht é seo.  Tosnuighidh. 
Táimíd-na cluiche amuigh [ag iompáil an mhádh].  Cíoná triuth ar 
ceann.  Thabharfainn lá ar cómhar do'n Aon.  Ní hé go bhfuil sé 
agat, a mháighistir? 
Conchubhar Máighistir. - Ní'l, ná a dhath, mhuise, acht cíonáthacha 
cuíthacha.  Seo ceann aca [ag imirt chíoná an hart]. 
Cúl-Chearrbhach. - Deir siad gur mairg imireóchadh a mháthair 
ortha.  An mbeadh an tAon agat-sa, a fhir an tighe? 
 
Fear an Tighe. - "Nuair a dhúbhaid siad dearegaid siad" [ag 
imirt trí na hart]; sidé mo dhath-sa, a mhic ó. 
Seághan Óg [ag imirt seacht muiltheat]. - Mo dhuine-se an 
buachaill. 
Micil Sheághain Donchadh [ag imirt rígh triuth]. - Ach, im' briath-
ar go gceapann sibh-se an saoghal go léir a shlogadh chúghaibh féin. 
Mac na Baintreabhaighe [ag imirt naoi an hart] - Do shloig-
fidís, agus dá shaoghal, dá bhféadfaidís é. 
Seághan Óg. - Andaigh mhuise, is leas-mháthair a thogfadh san 
orainn.  "Fáinne óir ar mo sheabhac-sa." 
Mac na Baintreabhaighe. - Nár théidh do ghuidhe thar bhonn do 
bhróige. 
Seághan Saoír. - Ba chuma liom i dtaobh bonn mo bhróige, dá 
dtéidheadh sé go bonn an stoca. 
Cúl-Chearrbhach. - Stocaí atá agaibh á imirt.
Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí]. - Stocaí, mhuise, 
agus is olc é mo thuairim nú tá a n-imirt déanta an turas so. 
Seághan Óg. - Airiú! an bhfuil an tAon agat?
Seághan Saoír [ag féachaint ar a chártaí 'n-a gceann a's 'n-a 
gceann]. - Tá, agus dá Aon, trí Aon: is me breallán na nAon-
taí i gceart [ag díol as an gcíoná, 'á thógaint de'n cheann, 
agus d'á bhualadh anuas ar rígh triuth]. 
Cúl-Chearrbhac. - Is milleánach a bheifí ar thosnóir 'á ndéan-
fadh sé an obair sin. 
Seághan Saoír. - Leog dam, a dhuine; táim daithte le toghadh 
an phaca.  Sid iad i dteannta a chéile agaibh iad ['á leogaint 
anuas ar an mbórd].  Féachaidh an cuireata, an tAon a hArt, 
an tAon triuth, agus an bhainríoghain triuth. 
Seághan Óg [ag síneadh a lá' de dhruím an bhúird chun Seághan 
Saoír]. - Tabhair dham do lám, a shaoír.  Is sinn-na ba cheart a 
chuir go Parliament, mar bheadh an rath ar ár ngnó. 
Fear an Tighe. - Leighis fiadh ort féin agus ar do Pharliament. 
Nách seóidh mar chaitheann tú bheith i gcómhnuidhe ag gabháil do 
ghleóisínteacht. 
Bean an Tighe. - Sgaoíl leis féin, a Thaidhg.  "Is unúth le 
Dia duine bocht súgach." 
Cúl-Chearrbhach. - "Tá sé chómh súgach le miúil go mbeadh 
mairc uirthe." 
 
Fear an Tighe. - 'Seadh, is fearra dho'n tseisear eile seo 
luighe isteach anois. 
Bean an Tighe. - Im' briathar, a Thaidhg, gur fearra dhóibh 
eirghe asta anois.  Ar nóin ní hé deireadh an tsaoghail é.  Beidh 
oidhche eile 's oidhche eile chómh maith leis an oidhche anocht. 
Conchúbhar Máighistir. - Déarfainn é, a bhean an tighe.  Bheadh 
an oidhche imthighthe thar fóir sara mbeadh na stocaí glan-imiortha. 
Féach, tá sé ag déanamh suas ar a deich. 
Duine thall 's abhus. - Téidhmís abhaile.  Beidh an oidhche 
amáireach chómh maith leis an oidhche anocht. 
Conchúbhar Máighistir [ag eirghe 'n-a sheasamh]. - Siné an 
ceart.  Buail rómham amach a shaoír.  [Imthighid]. 
CONCHÚBHAR Ó DEASMHÚMHNA.
A fhir ud dom chur amach
As an dteach n-a bhfuil mé ag dul,
Buidheachus le Rígh na bhfeart
Nach féidir mo chur amach amuigh.
CEIST:
Ceist agam ort, a Chléirigh,
Ó's tusa léigheas an Bíobla,
Créad do-bheir an t-óinseach sonaí
'S an duine donaí críonna?
FREAGRA:
Ní ceist orm é, ar san Cléireach,
Is léir dam gach ní aca:
Bíonn an sonus i ndiaidh na céille
'S na tréithe ag an gcríonnacht.
Ceist agam ort, a shagairt léith,
Ó's agat féin atá an t-eól:
Ciaca is girre do Fhlaitheas Dé
Cill Chré nó an Domhnach Mór?
Ní bhfuaireas an freagra.
Seo rann adubhairt Ó Súilleabháin le n-a mhnaoi phósta féin, agus é ar 
leabaidh a bháis:
Ó oiream araon dá chéile i n-anbhfhúinnibh,
Go sileam go géar sruth déar tré neart cumhadh guil;
Cionta an tsaoghail chlaéin go ndearmhadam,
'S go bhfeiceam go léir a chéile i bhflaitheamhnus.