Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuaird i n-Aisdear. II.
Title
Cuaird i n-Aisdear. II.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuaird i n-Aisdear. II. Do stadamar go léir suas annsain, agus má stadamair, níor bh'fhadha dhúinn amhlaidh go bhfeacamair buidhean bheag fear chughainn. Nídh nách iongnadh, bhí a dtaoiseach ar a dtosach. Déantar beagán beag foighidne, go gcuiread síos air sin, ádhbhairín. Bhí sé caol árd agus é sa mhéid mheadhónach, is dóigh liom. Ní ró-bheag ná ró-mhór ná ró-reamhar a bhí sé. Ceapaim féin nár bh'olc an deallradh agus an déanamh a bhí air. Acht a ghreannmhaire an chulaith éadaigh a bhí uime! Is mór do leath mo shúile orm nuair a leigeas air iad, agus é "gabhtha suas 'na chórughadh" agus "'na chulaith ghaisge." Mo dhá láimh agus m'fhocal daoibh gur bhaineas lán mo dhá shúil de, an túisge go bhfeaca é, agus do cuireadh comh mór son tré chéile mé le sgannradh agus uathbhás an radhairc sin gur ar éigin atá sé ionnam cur síos air anois féin. Is dóigh liom nách feacthas a leithéid de chulaith i gCorca Dhuibhne riamh roimhe sin. Bhí caipín ar a cheann a bhí go mór ag dul i gcosamhlacht leis an sadhas úd a chuirid Basgaigh iarthar-dheiscirt na Frainnce fá n-a gceann. Seaicéidín gearr ar a uachtar a chuir i gcuimhne dham na seaicéidí gearra gearr-earballacha Turcacha gan chom a chaithid mór-chuid de bhanntracht na hEorpa ins gach aon tír anois. Peitiocóid ghearr fá n-a lár nár shroich go glúinibh air, agus dath donn nó donn-ruadh uirthi. Ní fheadar an nglaodhtar filleadh beag ar a leithéid nó nách glaodhtar, acht ba chosmhail le filleadh beag na nAlbanach é ar éin-stlighe, acht amháin nách breacán a bhí ann. Ní fhéadfainn a rádh anois ciaca bhí miodóg ar a thaobh ag an ngaisgidheach so nó nách raibh, acht dá mbeadh féin, ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm. Giosáin (nó stocaidhe tuaithe) ar a chosaibh nár fholuigh na colpaí aige, ar chuma gur fhágadar leis iad ó bhárr na glúine go bun an cholpa. Cuaráin nó bróga sgríbe éigin dá sórt úmpa soin arís. Dá ghreannmhaire an t-éadach a bhí air, ba bhreagh an t-inneall agus an t-ordughadh a bhí air gan amhras, agus deirim féin, agus an fuadar a bhí faoi, nár bh'aon dóighthín é.
Acht mar leis siúd de, do labhair fear na cairteach agus dubhairt: "Seo chughainn Seaghán óg." Thug mo chroidhe léim suas. Bhí ár n-eolaidhe ann agus fuireann na naomhóige le na shálaibh! Badh ghiorra a mhoill orainn feasta iongantaisí an Oileáin Tiar d'fheiscint, agus ortha sain Marstrander, an sanasaidhe mór úd ó Chuan na Beirbhe Lochlannaighe! Agus Seaghán óg a bhí ann, d'éis teacht 'n-ár gcoinnibh! Má ba mhór an iongnadh bhí orm-sa fá n-a fheicsint ar an inneall soin, ba dhá mhó ná soin d'iongnadh agus d'ollsacht a bhíodh ar mhuintir Chorca Dhuibhne nuair a chídís mar sin ar dtúis é, agus chuala gur bh'é an sgéal ag na sean-daoinibh é, nách raibh dhá mbaint dhe'n tsaoghal acht aon radharc amháin d'fhágháil ar Seaghán óg Ó Ciabháin fá n-a fhilleadh beag uair bheag sul a bhfaighidís bás! Do dhírigheamair ar chaint do dhéanamh annsoin agus arsa Seaghán óg: "Nach déidheanach a thánghabhair? Badh cheart díbh bheith annso ar maidin. Beidh an doircheacht ann sul a mbeimíd san Oileán Tiar!" Bhí bolg-lár an chirt aige. Dob' amaideach an toisg againn é. Bhí sé ceathramha dhá cúig um an dtaca sain, agus fuineadh néal nóna ag druidim linn cheana féin! Mar sin féin, ó tharla go raibh an méid sin siubhalta againn, b'fhearr linn talamh a bhualadh san oileán, agus a fhios againn nách beadh lá eile ar a chaothamhlacht againn, i mbliadhna go háirighthe. Seo ag triall ar an bport sinn, dá réir sin. Casán an phuirt sin, is mór an t-iongantas é féin. Tá sé gearrtha as an aill, agus aill an-árd í sin. Téidheann an casán cam camógach so síos an cnoc go bruach na fairrge - é ag dul le fánaidh ar fiar agus ar fán ar fhad na haille go sroichidh sé an port. Is doimhin an fánán atá ann, comh doimhin sin gurab éigean do dhuine é féin do sheachaint air, ar eagla go rachadh sé síos go ró-mhear nó go dtiocfadh míothapadh éigin eile air. Naomhóga taobh síos suas ar an gcasán. Dréimire staighrí ar an dtaobh istigh de'n phort, agus tráigh bheag fá n-a bhun soin a bhíos leis nuair a bhíos an trághadh ann. 'Seadh, do chuamair síos chum na trágha soin, acht d'fhan fear na
cairteach agus aintín Charl Reuning thuas ar bharr na haille. Mór- sheisear a chuaidh isteach sa naomhóig. Acht, arsa tusa, a léigh- theoir, caidé an sadhas roda naomhóg? Inneosad duit. Sórt báid chroicinn is eadh í; cuirtear croiceann canfáis os cionn slatacha adhmaid agus tearra os a chionn sain arís chum í dhéanamh iontsnámha intseolta. Is sia í go mór ná an curach, agus is deise cruth agus cuma í. Naomhóg úrnua a bhí againne, agus shaoileas féin gur bhreagh álainn an déanamh agus an deallradh bhí uirthi, toisg nach sean-cheann a bhí ann, is dócha. Má's breagh an bád an naomhóg, tá a locht féin uirthi. Tá sí an-ghuagach an- chorrthónach, a ndubhairt Seaghán óg féin, ag dul ar fairrge dhúinn. Caithtear comhthrom ceart do chur innti, ar eagla go n-iompóchadh sí taobh síos suas. Seo mar do shocruigh Seaghán óg gach suidheachán. A dheirbhshiuirín bheag, Máirghréad, agus an óigbhean a tháinig le nar gcois-ne ó Cheann Trágha, do chuir sé iad i ndeireadh na naomhóige. Chuir sé mé féin im' shuidhe ar an gcéad tsuidheachán ó n-a deireadh, shuidh sé féin ar an gcéad tsuidheacháin eile im' aice-se, shuidh fear na naomhóige ar an suidheachán ar a aghaidh sin, an Breathnach, duine de na rámhaidhthibh, ar an suidheachán ar a aghaidh sin arís, agus chuaidh Carl Reuning sall ar fad go raibh sé i dtosach an bháid, i n-a aonar, agus ní abraim ná gur bh'fhearr leis bheith mar sin, agus go mbadh mhaith leis bheith ar an dTiaracht nách fuil uirthi de áitreabh acht teach soluis agus í go haonaránach amuigh sa bhfairrge, an t-oileáinín de'n Eoraip is goire do Thalamh an Éisg! 'Seadh, bhí an naomhóg comhthrom againn fá dheireadh. Bhí Seaghán óg ar an dtráigh fós, bhuail sé buille dá chois ins an ghaineamh agus thug súnc do'n naomhóig le na linn sin, agus léim isteach innti, agus bhí sí ag snámh ar uachtar uisge. Cloisim gur fliuchadh Seaghán óg go glúinibh ag cur na naomh- óige ar cuan dó, acht má fliuchadh féin, níor leig sé aon rud air féin linne mar gheall air. Do chualamair 'na dhiaidh soin leis, ó aintín Charl Reuning, go ndeachaidh tosach na naomhóige de léim árd éanamhail as an uisge san am soin, ar chuma go raibh sé go headarbhuasach os a chionn, agus gur bhain an radharc soin an- gheit aisti, nídh nach iongnadh agus a nia díleas féin 'na shuidhe ins an roinn sin de'n bhád. Do bhíomair ar fairrge agus ba ghearr gur bhaineamair béal
an chuain amach. Bhí naomhóg eile le nar gcois - sean-naomhóg ab' eadh í - acht d'fhágamair 'n-ár ndiaidh í gan mhoill. Is iong- antach an obair a rinne ár bhfuireann-ne le na maidíbh rámha. Is ceart an ainm ortha súd maidí rámha - is ceart go díreach. Ní rámhaí iad i n-éan-chor acht maidí chum iomartha. Ní'l liach ná ladar ortha, acht ceann an mhaide nach mór comh caol leis an gceann eile. Tá fáth leis sin; ní clampa báid atá do ghléas ins an naomhóig acht cnuga curaigh, agus poll ins an mhaide rámha i n-a gcuirtear an cnuga; i gcás nár bh'fhéidir an liach nó an ladar d'iompódh, dá mbeadh sé amháin ar an maide, chum an uisge thógtar as an bhfairrge do dhortadh thar n-ais innti. 'Seadh, nuair a bhíomair ag druidim ó'n naomhóig eile, do chrom Seaghán óg ar chaint do dhéanamh liom féin. Bhí sé ag cur síos ar fhoclaibh d'áirithe atá aca ins an dúthaigh sin, .i. "corra- thónach," "soranna," "doranna," "leithreachais," "gréis (=tios- bach: "ní le gréis a dheineas é") agus "sraic". Agus is dóigh liom go bhfuil daoine éigin ann adéarfadh go gcaithfimís "duine gur deacair duit deighleáil a bheith agat leis" do sgríobhadh i n-ionad "duine doranna" agus a leithéid de chleas d'imirt ar "soranna" leis (.i. "duine gur furus, agus rl."), etc.". Nach iad atá ag dul amugha? Tá níos mó de Ghaedhilg na n-ughdar léighinn ar marthain ná mar a cheapaid siad súd. An rud eile ar ar thrácht Seaghán óg, Piaras Feirtéir, agus dubhairt sé dán do cheap an file blasta úd - dán do bhí ar fheabhas an domhain, acht níor bh'fhiú le duine d'áirithe é chur i gcló, mar nár thárla sé air i n-aon láimhsgríbhinn! Acht ní hé siúd é acht é seo. Le linn dul amach sa chaolas bhío- mair ag déanamh ar Rinn Dhúin Mhóir. Níor bh'fhada go rabhamair i bhfíor-aice na rinne féin. Bhíomair comh gar soin di go bhfuaras an méid seo dhéanamh, rud nár shaoileas - do chomhairigheas aon cheann amháin d'éanlaithibh fairrge bhí 'na seasamh ar thaobh na splince - faoileanna bána agus fiacha fairrge a n-urmhór - agus is féidir le héinne a thuigsint a ghoire bhíos do'n rinn as rud eile, do chonnac an ceann, na sgiatháin, an clúmh, agus na cosa go soiléir, gach aon éan díobh ó n-a bhun go dtí n-a bhárr! Bhíomair i lár an-shrotha fairrge um an dtaca so agus é go fíor-chontabharthach, dar liom féin, an sruth nó, b'fhéidir, dhá shruth ag bualadh um a chéile, ag rith anonn 's anall, agus cairrgeacha
leath-bháidhte annso 's annsúd i n-a lár. Dá mbuailfeadh an naomhóg 'na gcoinnibh, bhí poll ar a taobh agus deireadh linne go bráth, is dócha. Acht ní i dtaobh le droch-fhuirinn a bhíomair. Dubhairt Seaghán óg gur bh'éigean dóibh an bád do iomradh isteach ins an tsruth chum bo mbeadh fagháil aca ar threo na taoide chum an oileáin. Bhíomair gan mhoill i gceart-lár an chaolais agus na fichidí fiach fairrge 'n-ár dtimcheall, iad ag iasgach gach re nóimiot agus dá dtumadh féin faoi loch le na linn sin agus ag teacht aníos chum an uachtair arís, ar mhodh go mbeadh iarracht eile aca ar an iasg bhocht - nach cíocrach mar éanaibh iad? Agus ní hé sin éan iasgaigh do thugas faoi ndeara i gConnachtaibh nó i nUltaibh, acht an duibhéan nó an fhaocha mhór. I gceann deich nóimiot 'na dhiaidh sin bhíomair ag port an Oileáin Tiar. Tá sé go díreach os comhair an phuirt eile atá i nDún Chuinn. Idir Bheiginis (oileán beag íseal atá annsúd) agus Cheann an Dúin Mhóir atá an snámh mar a ngnáthuighid na naomhóga ag gabháil thar caladh dhóibh. Nuair a bhíomair le hais an phuirt, dar liom féin go raibh an sgéal dona go leor agam. Bhí sadhas pice fairrge ar an bhfánán, ar chuma go raibh sé an- shleamhain ar fad, comh sleamhain le gloine, nó, dá n-abrainn, le lic oighre go mbeifidhe d'éis sleamhnuighthe tamall fada uirthi. Is dóigh liom gur thuit mo chroidhe orm ádhbhairín, acht dubhairt duine éigin liom mo chos do leigean i gcomhnaidhe isna háit- eannaibh go raibh na puill bheaga déanta ag na hoileánachaibh, chum greim a choise thabhairt do dhuine ar an bhfánán. D'fhéachas níos cruinne agus chonnac na puill seo, agus gan iad i bhfíor- ghar dá chéile, mar shaoileas. Mar sin féin, do chuireas cos i bpoll aca agus an leathchos eile sa chéad pholl eile theangmhuigh liom, agus shiubhlas go haireach ciuin socair suaimhneach, ag céimniughadh ó pholl go poll go dtí go rabhas thuas ar an dtalamh thirm, agus nach mé bhí buidheach de'n stáir bhig chéimnidh- eachta sain do dhul thorm gan mé thuitim ar bhior mo chinn sa phic ghránna úd d'fhág an taoide ar an bhfánán? (Ní críoch). SEOSAMH LAOIDE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services