Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuaird i n-Aisdear. II.

Title
Cuaird i n-Aisdear. II.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cuaird i n-Aisdear.



II.



Do stadamar go léir suas annsain, agus má stadamair,
níor bh'fhadha dhúinn amhlaidh go bhfeacamair buidhean bheag fear
chughainn. Nídh nách iongnadh, bhí a dtaoiseach ar a dtosach.
Déantar beagán beag foighidne, go gcuiread síos air sin,
ádhbhairín. Bhí sé caol árd agus é sa mhéid mheadhónach, is dóigh
liom. Ní ró-bheag ná ró-mhór ná ró-reamhar a bhí sé. Ceapaim
féin nár bh'olc an deallradh agus an déanamh a bhí air. Acht a
ghreannmhaire an chulaith éadaigh a bhí uime! Is mór do leath mo
shúile orm nuair a leigeas air iad, agus é "gabhtha suas 'na
chórughadh" agus "'na chulaith ghaisge." Mo dhá láimh agus
m'fhocal daoibh gur bhaineas lán mo dhá shúil de, an túisge go
bhfeaca é, agus do cuireadh comh mór son tré chéile mé le
sgannradh agus uathbhás an radhairc sin gur ar éigin atá sé
ionnam cur síos air anois féin. Is dóigh liom nách feacthas a
leithéid de chulaith i gCorca Dhuibhne riamh roimhe sin. Bhí caipín
ar a cheann a bhí go mór ag dul i gcosamhlacht leis an sadhas úd
a chuirid Basgaigh iarthar-dheiscirt na Frainnce fá n-a gceann.
Seaicéidín gearr ar a uachtar a chuir i gcuimhne dham na
seaicéidí gearra gearr-earballacha Turcacha gan chom a
chaithid mór-chuid de bhanntracht na hEorpa ins gach aon tír anois.
Peitiocóid ghearr fá n-a lár nár shroich go glúinibh air, agus dath
donn nó donn-ruadh uirthi. Ní fheadar an nglaodhtar filleadh
beag ar a leithéid nó nách glaodhtar, acht ba chosmhail le filleadh
beag na nAlbanach é ar éin-stlighe, acht amháin nách breacán a bhí
ann. Ní fhéadfainn a rádh anois ciaca bhí miodóg ar a thaobh ag
an ngaisgidheach so nó nách raibh, acht dá mbeadh féin, ní chuirfeadh
sé aon iongnadh orm. Giosáin (nó stocaidhe tuaithe) ar a chosaibh
nár fholuigh na colpaí aige, ar chuma gur fhágadar leis iad ó
bhárr na glúine go bun an cholpa. Cuaráin nó bróga sgríbe
éigin dá sórt úmpa soin arís. Dá ghreannmhaire an t-éadach a
bhí air, ba bhreagh an t-inneall agus an t-ordughadh a bhí air gan
amhras, agus deirim féin, agus an fuadar a bhí faoi, nár bh'aon
dóighthín é.


L. 122


Acht mar leis siúd de, do labhair fear na cairteach agus
dubhairt:



"Seo chughainn Seaghán óg."



Thug mo chroidhe léim suas. Bhí ár n-eolaidhe ann agus
fuireann na naomhóige le na shálaibh! Badh ghiorra a mhoill
orainn feasta iongantaisí an Oileáin Tiar d'fheiscint, agus
ortha sain Marstrander, an sanasaidhe mór úd ó Chuan na
Beirbhe Lochlannaighe! Agus Seaghán óg a bhí ann, d'éis teacht
'n-ár gcoinnibh! Má ba mhór an iongnadh bhí orm-sa fá n-a
fheicsint ar an inneall soin, ba dhá mhó ná soin d'iongnadh agus
d'ollsacht a bhíodh ar mhuintir Chorca Dhuibhne nuair a chídís mar
sin ar dtúis é, agus chuala gur bh'é an sgéal ag na sean-daoinibh
é, nách raibh dhá mbaint dhe'n tsaoghal acht aon radharc amháin
d'fhágháil ar Seaghán óg Ó Ciabháin fá n-a fhilleadh beag uair
bheag sul a bhfaighidís bás!



Do dhírigheamair ar chaint do dhéanamh annsoin agus arsa
Seaghán óg:



"Nach déidheanach a thánghabhair? Badh cheart díbh bheith annso
ar maidin. Beidh an doircheacht ann sul a mbeimíd san Oileán
Tiar!"



Bhí bolg-lár an chirt aige. Dob' amaideach an toisg againn
é. Bhí sé ceathramha dhá cúig um an dtaca sain, agus fuineadh
néal nóna ag druidim linn cheana féin! Mar sin féin, ó tharla
go raibh an méid sin siubhalta againn, b'fhearr linn talamh a
bhualadh san oileán, agus a fhios againn nách beadh lá eile ar a
chaothamhlacht againn, i mbliadhna go háirighthe.



Seo ag triall ar an bport sinn, dá réir sin. Casán an
phuirt sin, is mór an t-iongantas é féin. Tá sé gearrtha as an
aill, agus aill an-árd í sin. Téidheann an casán cam camógach
so síos an cnoc go bruach na fairrge - é ag dul le fánaidh ar
fiar agus ar fán ar fhad na haille go sroichidh sé an port. Is
doimhin an fánán atá ann, comh doimhin sin gurab éigean do
dhuine é féin do sheachaint air, ar eagla go rachadh sé síos go
ró-mhear nó go dtiocfadh míothapadh éigin eile air. Naomhóga
taobh síos suas ar an gcasán. Dréimire staighrí ar an dtaobh
istigh de'n phort, agus tráigh bheag fá n-a bhun soin a bhíos leis
nuair a bhíos an trághadh ann.



'Seadh, do chuamair síos chum na trágha soin, acht d'fhan fear na


L. 123


cairteach agus aintín Charl Reuning thuas ar bharr na haille. Mór-
sheisear a chuaidh isteach sa naomhóig. Acht, arsa tusa, a léigh-
theoir, caidé an sadhas roda naomhóg? Inneosad duit. Sórt
báid chroicinn is eadh í; cuirtear croiceann canfáis os cionn
slatacha adhmaid agus tearra os a chionn sain arís chum í dhéanamh
iontsnámha intseolta. Is sia í go mór ná an curach, agus is
deise cruth agus cuma í. Naomhóg úrnua a bhí againne, agus
shaoileas féin gur bhreagh álainn an déanamh agus an deallradh
bhí uirthi, toisg nach sean-cheann a bhí ann, is dócha. Má's breagh
an bád an naomhóg, tá a locht féin uirthi. Tá sí an-ghuagach an-
chorrthónach, a ndubhairt Seaghán óg féin, ag dul ar fairrge
dhúinn. Caithtear comhthrom ceart do chur innti, ar eagla go
n-iompóchadh sí taobh síos suas. Seo mar do shocruigh Seaghán óg
gach suidheachán. A dheirbhshiuirín bheag, Máirghréad, agus an
óigbhean a tháinig le nar gcois-ne ó Cheann Trágha, do chuir sé
iad i ndeireadh na naomhóige. Chuir sé mé féin im' shuidhe ar an
gcéad tsuidheachán ó n-a deireadh, shuidh sé féin ar an gcéad
tsuidheacháin eile im' aice-se, shuidh fear na naomhóige ar an
suidheachán ar a aghaidh sin, an Breathnach, duine de na rámhaidhthibh,
ar an suidheachán ar a aghaidh sin arís, agus chuaidh Carl Reuning
sall ar fad go raibh sé i dtosach an bháid, i n-a aonar, agus ní
abraim ná gur bh'fhearr leis bheith mar sin, agus go mbadh mhaith
leis bheith ar an dTiaracht nách fuil uirthi de áitreabh acht teach
soluis agus í go haonaránach amuigh sa bhfairrge, an t-oileáinín
de'n Eoraip is goire do Thalamh an Éisg!



'Seadh, bhí an naomhóg comhthrom againn fá dheireadh. Bhí
Seaghán óg ar an dtráigh fós, bhuail sé buille dá chois ins an
ghaineamh agus thug súnc do'n naomhóig le na linn sin, agus
léim isteach innti, agus bhí sí ag snámh ar uachtar uisge.
Cloisim gur fliuchadh Seaghán óg go glúinibh ag cur na naomh-
óige ar cuan dó, acht má fliuchadh féin, níor leig sé aon rud air
féin linne mar gheall air. Do chualamair 'na dhiaidh soin leis,
ó aintín Charl Reuning, go ndeachaidh tosach na naomhóige de léim
árd éanamhail as an uisge san am soin, ar chuma go raibh sé go
headarbhuasach os a chionn, agus gur bhain an radharc soin an-
gheit aisti, nídh nach iongnadh agus a nia díleas féin 'na shuidhe
ins an roinn sin de'n bhád.



Do bhíomair ar fairrge agus ba ghearr gur bhaineamair béal


L. 124


an chuain amach. Bhí naomhóg eile le nar gcois - sean-naomhóg
ab' eadh í - acht d'fhágamair 'n-ár ndiaidh í gan mhoill. Is iong-
antach an obair a rinne ár bhfuireann-ne le na maidíbh rámha.
Is ceart an ainm ortha súd maidí rámha - is ceart go díreach.
Ní rámhaí iad i n-éan-chor acht maidí chum iomartha. Ní'l liach ná
ladar ortha, acht ceann an mhaide nach mór comh caol leis an
gceann eile. Tá fáth leis sin; ní clampa báid atá do ghléas
ins an naomhóig acht cnuga curaigh, agus poll ins an mhaide
rámha i n-a gcuirtear an cnuga; i gcás nár bh'fhéidir an liach nó
an ladar d'iompódh, dá mbeadh sé amháin ar an maide, chum an
uisge thógtar as an bhfairrge do dhortadh thar n-ais innti.



'Seadh, nuair a bhíomair ag druidim ó'n naomhóig eile, do
chrom Seaghán óg ar chaint do dhéanamh liom féin. Bhí sé ag cur
síos ar fhoclaibh d'áirithe atá aca ins an dúthaigh sin, .i. "corra-
thónach," "soranna," "doranna," "leithreachais," "gréis (=tios-
bach: "ní le gréis a dheineas é") agus "sraic". Agus is dóigh
liom go bhfuil daoine éigin ann adéarfadh go gcaithfimís "duine
gur deacair duit deighleáil a bheith agat leis" do sgríobhadh i
n-ionad "duine doranna" agus a leithéid de chleas d'imirt ar
"soranna" leis (.i. "duine gur furus, agus rl."), etc.". Nach iad atá ag
dul amugha? Tá níos mó de Ghaedhilg na n-ughdar léighinn ar
marthain ná mar a cheapaid siad súd. An rud eile ar ar thrácht
Seaghán óg, Piaras Feirtéir, agus dubhairt sé dán do cheap an
file blasta úd - dán do bhí ar fheabhas an domhain, acht níor
bh'fhiú le duine d'áirithe é chur i gcló, mar nár thárla sé air i
n-aon láimhsgríbhinn!



Acht ní hé siúd é acht é seo. Le linn dul amach sa chaolas bhío-
mair ag déanamh ar Rinn Dhúin Mhóir. Níor bh'fhada go rabhamair i
bhfíor-aice na rinne féin. Bhíomair comh gar soin di go bhfuaras
an méid seo dhéanamh, rud nár shaoileas - do chomhairigheas aon
cheann amháin d'éanlaithibh fairrge bhí 'na seasamh ar thaobh na
splince - faoileanna bána agus fiacha fairrge a n-urmhór - agus
is féidir le héinne a thuigsint a ghoire bhíos do'n rinn as rud
eile, do chonnac an ceann, na sgiatháin, an clúmh, agus na cosa
go soiléir, gach aon éan díobh ó n-a bhun go dtí n-a bhárr!
Bhíomair i lár an-shrotha fairrge um an dtaca so agus é go
fíor-chontabharthach, dar liom féin, an sruth nó, b'fhéidir, dhá shruth
ag bualadh um a chéile, ag rith anonn 's anall, agus cairrgeacha


L. 125


leath-bháidhte annso 's annsúd i n-a lár. Dá mbuailfeadh an
naomhóg 'na gcoinnibh, bhí poll ar a taobh agus deireadh linne
go bráth, is dócha. Acht ní i dtaobh le droch-fhuirinn a bhíomair.
Dubhairt Seaghán óg gur bh'éigean dóibh an bád do iomradh isteach
ins an tsruth chum bo mbeadh fagháil aca ar threo na taoide chum
an oileáin. Bhíomair gan mhoill i gceart-lár an chaolais agus
na fichidí fiach fairrge 'n-ár dtimcheall, iad ag iasgach gach re
nóimiot agus dá dtumadh féin faoi loch le na linn sin agus ag
teacht aníos chum an uachtair arís, ar mhodh go mbeadh iarracht
eile aca ar an iasg bhocht - nach cíocrach mar éanaibh iad? Agus
ní hé sin éan iasgaigh do thugas faoi ndeara i gConnachtaibh nó i
nUltaibh, acht an duibhéan nó an fhaocha mhór.



I gceann deich nóimiot 'na dhiaidh sin bhíomair ag port an
Oileáin Tiar. Tá sé go díreach os comhair an phuirt eile atá i
nDún Chuinn. Idir Bheiginis (oileán beag íseal atá annsúd)
agus Cheann an Dúin Mhóir atá an snámh mar a ngnáthuighid na
naomhóga ag gabháil thar caladh dhóibh. Nuair a bhíomair le hais
an phuirt, dar liom féin go raibh an sgéal dona go leor agam.
Bhí sadhas pice fairrge ar an bhfánán, ar chuma go raibh sé an-
shleamhain ar fad, comh sleamhain le gloine, nó, dá n-abrainn, le
lic oighre go mbeifidhe d'éis sleamhnuighthe tamall fada uirthi.
Is dóigh liom gur thuit mo chroidhe orm ádhbhairín, acht dubhairt
duine éigin liom mo chos do leigean i gcomhnaidhe isna háit-
eannaibh go raibh na puill bheaga déanta ag na hoileánachaibh,
chum greim a choise thabhairt do dhuine ar an bhfánán. D'fhéachas
níos cruinne agus chonnac na puill seo, agus gan iad i bhfíor-
ghar dá chéile, mar shaoileas. Mar sin féin, do chuireas cos i
bpoll aca agus an leathchos eile sa chéad pholl eile theangmhuigh
liom, agus shiubhlas go haireach ciuin socair suaimhneach, ag
céimniughadh ó pholl go poll go dtí go rabhas thuas ar an
dtalamh thirm, agus nach mé bhí buidheach de'n stáir bhig chéimnidh-
eachta sain do dhul thorm gan mé thuitim ar bhior mo chinn sa phic
ghránna úd d'fhág an taoide ar an bhfánán?



(Ní críoch).



SEOSAMH LAOIDE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services