Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clódhanna Nua. ÉRIU: The Journal of the School of Irish Learning, Dublin. Vol. III., Part II. School of Irish Learning, 33 Dawson Street, Dublin. 6s. net.; annual subscription, 10/ — (two parts). Éinne a chuireann suim i bhfíorscoláireacht na Gaedhilge is riachtanus dó ÉRIU a bheith aige. Fé dhó sa bhliadhain do thagann sí amach, agus an té gur mhór leis a leathshobharn a thabhairt uirthi ní baoghal go raghaidh Éire féin le craobh- chaibh dá shearc. Beidh leabhar dá thosnughadh aca gan mhoill, agus anois an t-am ag lucht iúil na Banban a síntiúisí a chur uatha. Tá súil againn ná déanfaid léightheóirí an IRISLEABHAIR dearmhad de sin. Is mór an obair é sean-leabhair na nGaedheal do mhíniughadh is do chur i gcló, agus badh cheart don uile dhuine againn cabhrughadh leis de réir a ghustail. I Scoil na Sean-Ghaedhilge táid óga dá n-ullmhughadh i gcóir na hoibre seo, agus i nÉRIU gheibhmíd toradh a saothair. Tá an leabhar — nó an páipéar — so á chur amach i nÉirinn, agus is ar mhuinntir na hÉireann a bheidh ag braith chun í chothughadh is í choimeád ar siubhal. Is féidir rud éigin ag baint le hÉirinn d'fhoghluim as gach ball is as gach alt dá bhfuil ann. Ní ar thírghrádh Mhuinntir na Gaedhilge atá a seasamh. Is fiú go maith í an leathshobharn i n-agaidh na bliadhna go bfuiltar á iarraidh uirthi. I ngach uimhir bíd sóghluistí taitneamhacha, i gcás nach baoghal go mbeidh cathughadh ar éinne a chuireann fios air. San uimhir seo tá dhá aiste i mBéarla, ceanna aca Alfred Annscombe ar "The Exordium of the "Annales Cambriae"," agus ceann an-léigh- eanta ó Mrs Green ar "Irish Land in the Sixteenth Century". Tá an seann- téacs ud ar Ionnarbadh na nDéise i gcló ag Cúnó Meighear ann. Dubhairt Zimmer gur chéadscríobadh an aiste seo timcheall bliadhain a 750. Tá seann- laoi ar an Domhnach fé eagar ann ag Séamus Ó Caoimh, agus Eachtra Airt mic Chuinn Céadchathaigh ag R. I. Best. Tá an tseann-laoi bhreagh úd "Crist rocrochad" as Leabhar Uíbh Máine ann fé eagar ag Tomás Ó Máille. N-a bhfochair sin gheobhthar ann gluais ar fhoclaibh áirithe ó Éadbhard Mag Fhinn; dán i Laidin "Colman's Farewell to Colman" do sholáthruigh Cuno Meighear, agus giota beag ana-dheas "Me Eba ben Adhaimh uill" do fuair an tOllam céadna i leabhar de leabhraibh Stowe. Mar bhárr sonuis tá i ndeireadh an leabhair sé leathanach déag eile dhen Táin Bó Cuailgne. Sidé an cúigmhadh cuid de, agus féadfar iad go léir a bhaint as ar ball is iad a dhéanamh i n-aon leabhar amháin. Ní beag an méid sin chun tuairim a thabhairt do dhuine ar an obair atá gá dhéanamh ag ÉRIU is ag Scoil na Sean Ghaedhilge. Tuillid uainn- na buidheachus agus costus, agus tá súil agam ná heiteóghaidh éinne iad. Mo dhearmhad, tá pictiúir Sheóin Strachan san uimhir seo, maraon le gearr- chunntus ar a bheatha agus áireamh ar na hoibreacha do rin sé ar son na Gaedhilge. Ní haon áireamh beag an t-áireamh soin. Ár dheis an Athar go raibh a anam. TÓRNA. FÉITHE FÓDLA: Gill's Irish Reciter. Edited by J. J. O'Kelly (Sceilg). Second Edition. Gill & Son, Dublin. 2/6 net. Seanchara againn an leabhar so "Sceilg na Sceól is na Seól", agus badh lag an mhaise dhúinn gan fáilte a chur roimis chomh luath agus do bheadh an chaoi againn air. Ní'l puinn thar leathbhliadhain istigh ó chéadchuireadh an saothar so amach, agus féach go bhfuil os cionn trí mhíle cóib díolta cheana féin. Tes- peánann soin go raibh gábhadh le leabhar den tsórd so, agus gur dhein Sceilg a chion féin go maith is go stuamdha. Ó b'é seo an tárna cur amach ar an leabhar do mheas Muinntir an Ghoill nár mhiste dhóibh beagán a chur leis. Seo mar adeirid féin ag tagairt d'aistíbh Béarla ann: … Ar shon ná fuil tagartha
annsoin d'aistíbh i nGaedhilg ní fhágann soin ná go bhfuil roinnt díobh ann tar mar bhí sa chéad leabhar, mar atá giotaí ó Chéitinn is ó Sheán Ó Tuama, Marbhna ar Eoghan Ruadh Ó Néill, Caithréim Phádraig Sáirséal ó Dháth Ó Bhruadair, agus giota ana-bhreágh eile ar an Sáirséalach a cheap file gur bh'ainm dó Tadhg mac Pheadair Uí Shúilleabháin. Dar liom gurab é an Remhrádh ó Sceilg féin an chuid is fearr agus is luach- mhaire dhen leabhar go léir. Is iomdha amhrán atá bailighthe agus curtha i gcló sa leabhar so go bhfuil sprid an tír-ghrádh go soléir le feicsint ann. Badh dhóigh le duine gur ag callaireacht a bheadh sé a chuid aca — agus ní háil linn an tírghrádh ag callaireacht. Acht corp an tírgrádh fé n-a ilghnéithibh seadh reamhrádh Sceilg i mbrollach a Fhéithe. Bíonn i bhfolach uaireanta; uaireanta eile lingeann mar dhéanfadh lasracha teine; tá sé ann sa ghreann is sa tromdhacht, i lár an chogaidh, i láthair na himearta is sa leabaidh báis. Cuarduigh do, a gharsúna is a chailíní. Gheóbha sibh sásamh ann, agus ní baoghal gur lughaide bhur meas ar Éirinn bhur gcroidhe ná ar Sceilg na sceól dá bhárr. Ní hé an chuid is measa den leabhar so na pictiúirí atá ann. Tá tosach ag ár "gCraoibhín Aoibhinn" féin, agus is maith a thuilleann sé é. Ní healadha dham an chuid eile d'ainmniughadh: tá dosaon éigin aca ann, agus an tAthair Pádraig Ó Duinnín ortha. Tá Muinntir an Ghoill á gheallamhaint dúinn go mbeidh a thuilleadh aca ann an chéad turas eile. M'athchuinghe-se ortha gan dearmhad a dhéanamh de "Mogh Ruith, draoi, an uair sin. Do b'fhéidir a chur i gcló n-a theannta an aithris bhreagh úd do cheap "Mogh Ruith" féin, darab líne deireannach: "Sin agaibh mo sceól is geóbhadh leis an gCailín Deas Ruad." LOG SOCAIR. … Gearán tá d'á dhéanamh ag "muinntir na Leabhar Gaedhilge" mar gheall ar gan scríbhinní an Athar Pheadair áirighthe ag lucht roinnte oideachais i nÉirinn ar na leabhraibh atá le léigheamh ag na macaibh léighinn i gcóir a scrúduighthe. 'Sé tá deanta aca, ag muinntir na leabhar, scríobhadar chum na nOidí atá luaidhte agam thuas, 'ghá chur i n-iúil dóibh cionnus mar ná raibh scríbhinní an Athar Pheadair leagaithe amach dos na macaibh léighinn, agus 'ghá fhiafruighe dhíobh cad é a meas féin ortha mar scríbhinníbh. Agus annsoin, nuair fuaireadar freagraí ó's na hoidíbh, bhuaileadar idir ceisteanna agus freagraí, mar aon le gearr-chúntus ar an scéal ar fad, fé chló i bhfuirm leabharáin. Do'n leabhrán so is eadh táim ag tagairt anois. Tá sé le fághail ag an gcoitchian- tacht ar leath-thuisdiún. Acht cad do thiocfaidh as mar ghearán? Cad dhéanfaidh lucht na sgol? Tá na hoidí ar aon fhocal i dtaoibh Gaedhilge an Athar Pheadair. Deirid nach fuil aon bhreith ag aoinne dá bhfuil ag scríobadh Gaedhilge indiu ar chuimilt do dheanamh leis mar scríobhnóir, ná ná raibh ag aoinne d'ár scríobh le bliadhantaibh fada. An gcuirfear aon tsuim i gcainnt na n-oidí? Nó an ndéanfar a gcomhairle? Agus mara gcuirfear nó mara ndéanfar, cad dhéanfamaoid-ne nó cad dhéarfamaoid? An ngeobhaidh muintir na Gaedhilge páirt le
"muintir na leabhar Gaedhilge" sa scéal annsoin? Measaim féin go mbadh chóir go ndéanfaidís. Ní headh acht 's é mheasaim gur dhóibh, gur chóir thabhairt fé an olc do leigheas an cheud uair agus gan a fhágaint fé aon "mhuintir" eile é dhéanamh. Ní ghábhadh a rádh gur ar an Athair Peadar bhí seasamh na Connartha chun Gaedhilge do thál ar mhacaibh léighinn na hÉireann go dtí so. Mara mbeadh é, bheadh lucht foghlumtha na teangan i n-an-chás. Bheadh focail go leór Gaedhilge aca b'fhéidir, agus riaghlacha graiméir. Sin a mbeadh. Acht feuch! ní'l lucht stiúruighthe na sgol gan leath-sceul aca is dócha. Déarfaid, b'fhéidir, nach bhfuil leabhair an Athar Pheadair oireamhnach dos na macaibh léighinn? Go bhfuilid ró-mhór? Go bhfuilid ró-dhaor? Nach bhfuil foclóir ná aistriughadh ag gabháil leótha? Tá san le rádh, gan amhras, i dtaobh cod' aca, acht ní ar "mhuintir na leabhar" badh cheart a mhilleán do bheith. B'aimideach an obair dóibh siúd foclóir agus aistriughadh do chur le "Niamh", cuir i gcás, gan fios cad chuige nó cad 'n-á chóir. Deineadh lucht na sgol na leabhair d'áireamh i gcóir na sgol mar sin, agus ní dheinim dabht ná go ndéan- faidh Muinntir na Leabhar a gcion féin gan ró-mhoill chun na leabhar do chur i n-oireamhaint dos na sgolaibh. Agus ar an adhbhar sin, 'sé chómhairleóghainn-se — muintir na Gaedhilge do dhul chun cainnte le muintir na mbórd, — gach bórd aca fé leith, — agus a chur ar a súilibh dóibh nach fuil "Fir Éireann" sásta le gan scríbinní an Athar Pheadair d'á léigheamh ag leanbhaibh Éireann. 'Sé mo thuairim go ndéanfadh muintir na mbórd rud ar Fhearaibh Éireann. "MARBHÁN". …
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services