Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clódhanna Nua.



ÉRIU: The Journal of the School of Irish Learning, Dublin. Vol. III., Part II.
School of Irish Learning, 33 Dawson Street, Dublin. 6s. net.; annual
subscription, 10/ — (two parts).



Éinne a chuireann suim i bhfíorscoláireacht na Gaedhilge is riachtanus dó
ÉRIU a bheith aige. Fé dhó sa bhliadhain do thagann sí amach, agus an té gur mhór
leis a leathshobharn a thabhairt uirthi ní baoghal go raghaidh Éire féin le craobh-
chaibh dá shearc. Beidh leabhar dá thosnughadh aca gan mhoill, agus anois an t-am
ag lucht iúil na Banban a síntiúisí a chur uatha. Tá súil againn ná déanfaid
léightheóirí an IRISLEABHAIR dearmhad de sin. Is mór an obair é sean-leabhair
na nGaedheal do mhíniughadh is do chur i gcló, agus badh cheart don uile dhuine
againn cabhrughadh leis de réir a ghustail. I Scoil na Sean-Ghaedhilge táid
óga dá n-ullmhughadh i gcóir na hoibre seo, agus i nÉRIU gheibhmíd toradh a
saothair. Tá an leabhar — nó an páipéar — so á chur amach i nÉirinn, agus is ar
mhuinntir na hÉireann a bheidh ag braith chun í chothughadh is í choimeád ar siubhal.
Is féidir rud éigin ag baint le hÉirinn d'fhoghluim as gach ball is as gach alt
dá bhfuil ann.



Ní ar thírghrádh Mhuinntir na Gaedhilge atá a seasamh. Is fiú go maith í an
leathshobharn i n-agaidh na bliadhna go bfuiltar á iarraidh uirthi. I ngach uimhir
bíd sóghluistí taitneamhacha, i gcás nach baoghal go mbeidh cathughadh ar éinne a
chuireann fios air. San uimhir seo tá dhá aiste i mBéarla, ceanna aca Alfred
Annscombe ar "The Exordium of the "Annales Cambriae"," agus ceann an-léigh-
eanta ó Mrs Green ar "Irish Land in the Sixteenth Century". Tá an seann-
téacs ud ar Ionnarbadh na nDéise i gcló ag Cúnó Meighear ann. Dubhairt
Zimmer gur chéadscríobadh an aiste seo timcheall bliadhain a 750. Tá seann-
laoi ar an Domhnach fé eagar ann ag Séamus Ó Caoimh, agus Eachtra Airt mic
Chuinn Céadchathaigh ag R. I. Best. Tá an tseann-laoi bhreagh úd "Crist
rocrochad" as Leabhar Uíbh Máine ann fé eagar ag Tomás Ó Máille. N-a
bhfochair sin gheobhthar ann gluais ar fhoclaibh áirithe ó Éadbhard Mag Fhinn; dán
i Laidin "Colman's Farewell to Colman" do sholáthruigh Cuno Meighear, agus
giota beag ana-dheas "Me Eba ben Adhaimh uill" do fuair an tOllam
céadna i leabhar de leabhraibh Stowe. Mar bhárr sonuis tá i ndeireadh an
leabhair sé leathanach déag eile dhen Táin Bó Cuailgne. Sidé an cúigmhadh cuid
de, agus féadfar iad go léir a bhaint as ar ball is iad a dhéanamh i n-aon
leabhar amháin. Ní beag an méid sin chun tuairim a thabhairt do dhuine ar an
obair atá gá dhéanamh ag ÉRIU is ag Scoil na Sean Ghaedhilge. Tuillid uainn-
na buidheachus agus costus, agus tá súil agam ná heiteóghaidh éinne iad.



Mo dhearmhad, tá pictiúir Sheóin Strachan san uimhir seo, maraon le gearr-
chunntus ar a bheatha agus áireamh ar na hoibreacha do rin sé ar son na
Gaedhilge. Ní haon áireamh beag an t-áireamh soin. Ár dheis an Athar go raibh
a anam.



TÓRNA.



FÉITHE FÓDLA: Gill's Irish Reciter. Edited by J. J. O'Kelly (Sceilg).
Second Edition. Gill & Son, Dublin. 2/6 net.



Seanchara againn an leabhar so "Sceilg na Sceól is na Seól", agus badh
lag an mhaise dhúinn gan fáilte a chur roimis chomh luath agus do bheadh an chaoi
againn air. Ní'l puinn thar leathbhliadhain istigh ó chéadchuireadh an saothar so
amach, agus féach go bhfuil os cionn trí mhíle cóib díolta cheana féin. Tes-
peánann soin go raibh gábhadh le leabhar den tsórd so, agus gur dhein Sceilg a
chion féin go maith is go stuamdha.



Ó b'é seo an tárna cur amach ar an leabhar do mheas Muinntir an Ghoill
nár mhiste dhóibh beagán a chur leis. Seo mar adeirid féin ag tagairt d'aistíbh
Béarla ann: …



Ar shon ná fuil tagartha


L. 92


annsoin d'aistíbh i nGaedhilg ní fhágann soin ná go bhfuil roinnt díobh ann tar
mar bhí sa chéad leabhar, mar atá giotaí ó Chéitinn is ó Sheán Ó Tuama, Marbhna
ar Eoghan Ruadh Ó Néill, Caithréim Phádraig Sáirséal ó Dháth Ó Bhruadair, agus
giota ana-bhreágh eile ar an Sáirséalach a cheap file gur bh'ainm dó Tadhg mac
Pheadair Uí Shúilleabháin.



Dar liom gurab é an Remhrádh ó Sceilg féin an chuid is fearr agus is luach-
mhaire dhen leabhar go léir. Is iomdha amhrán atá bailighthe agus curtha i gcló
sa leabhar so go bhfuil sprid an tír-ghrádh go soléir le feicsint ann. Badh
dhóigh le duine gur ag callaireacht a bheadh sé a chuid aca — agus ní háil linn an
tírghrádh ag callaireacht. Acht corp an tírgrádh fé n-a ilghnéithibh seadh reamhrádh
Sceilg i mbrollach a Fhéithe. Bíonn i bhfolach uaireanta; uaireanta eile
lingeann mar dhéanfadh lasracha teine; tá sé ann sa ghreann is sa tromdhacht, i
lár an chogaidh, i láthair na himearta is sa leabaidh báis. Cuarduigh do, a
gharsúna is a chailíní. Gheóbha sibh sásamh ann, agus ní baoghal gur lughaide bhur
meas ar Éirinn bhur gcroidhe ná ar Sceilg na sceól dá bhárr.



Ní hé an chuid is measa den leabhar so na pictiúirí atá ann. Tá tosach ag
ár "gCraoibhín Aoibhinn" féin, agus is maith a thuilleann sé é. Ní healadha
dham an chuid eile d'ainmniughadh: tá dosaon éigin aca ann, agus an tAthair
Pádraig Ó Duinnín ortha. Tá Muinntir an Ghoill á gheallamhaint dúinn go
mbeidh a thuilleadh aca ann an chéad turas eile. M'athchuinghe-se ortha gan
dearmhad a dhéanamh de "Mogh Ruith, draoi, an uair sin. Do b'fhéidir a chur i
gcló n-a theannta an aithris bhreagh úd do cheap "Mogh Ruith" féin, darab líne
deireannach: "Sin agaibh mo sceól is geóbhadh leis an gCailín Deas Ruad."



LOG SOCAIR.





Gearán tá d'á dhéanamh ag "muinntir na Leabhar Gaedhilge" mar gheall ar
gan scríbhinní an Athar Pheadair áirighthe ag lucht roinnte oideachais i nÉirinn
ar na leabhraibh atá le léigheamh ag na macaibh léighinn i gcóir a scrúduighthe.
'Sé tá deanta aca, ag muinntir na leabhar, scríobhadar chum na nOidí atá
luaidhte agam thuas, 'ghá chur i n-iúil dóibh cionnus mar ná raibh scríbhinní an
Athar Pheadair leagaithe amach dos na macaibh léighinn, agus 'ghá fhiafruighe dhíobh
cad é a meas féin ortha mar scríbhinníbh. Agus annsoin, nuair fuaireadar
freagraí ó's na hoidíbh, bhuaileadar idir ceisteanna agus freagraí, mar aon
le gearr-chúntus ar an scéal ar fad, fé chló i bhfuirm leabharáin. Do'n
leabhrán so is eadh táim ag tagairt anois. Tá sé le fághail ag an gcoitchian-
tacht ar leath-thuisdiún.



Acht cad do thiocfaidh as mar ghearán? Cad dhéanfaidh lucht na sgol? Tá
na hoidí ar aon fhocal i dtaoibh Gaedhilge an Athar Pheadair. Deirid nach fuil
aon bhreith ag aoinne dá bhfuil ag scríobadh Gaedhilge indiu ar chuimilt do
dheanamh leis mar scríobhnóir, ná ná raibh ag aoinne d'ár scríobh le bliadhantaibh
fada. An gcuirfear aon tsuim i gcainnt na n-oidí? Nó an ndéanfar a
gcomhairle? Agus mara gcuirfear nó mara ndéanfar, cad dhéanfamaoid-ne
nó cad dhéarfamaoid? An ngeobhaidh muintir na Gaedhilge páirt le


L. 93


"muintir na leabhar Gaedhilge" sa scéal annsoin? Measaim féin go mbadh
chóir go ndéanfaidís. Ní headh acht 's é mheasaim gur dhóibh, gur chóir thabhairt
fé an olc do leigheas an cheud uair agus gan a fhágaint fé aon "mhuintir" eile
é dhéanamh. Ní ghábhadh a rádh gur ar an Athair Peadar bhí seasamh na Connartha
chun Gaedhilge do thál ar mhacaibh léighinn na hÉireann go dtí so. Mara mbeadh
é, bheadh lucht foghlumtha na teangan i n-an-chás. Bheadh focail go leór
Gaedhilge aca b'fhéidir, agus riaghlacha graiméir. Sin a mbeadh.



Acht feuch! ní'l lucht stiúruighthe na sgol gan leath-sceul aca is dócha.
Déarfaid, b'fhéidir, nach bhfuil leabhair an Athar Pheadair oireamhnach dos na
macaibh léighinn? Go bhfuilid ró-mhór? Go bhfuilid ró-dhaor? Nach bhfuil
foclóir ná aistriughadh ag gabháil leótha? Tá san le rádh, gan amhras, i dtaobh
cod' aca, acht ní ar "mhuintir na leabhar" badh cheart a mhilleán do bheith.
B'aimideach an obair dóibh siúd foclóir agus aistriughadh do chur le "Niamh",
cuir i gcás, gan fios cad chuige nó cad 'n-á chóir. Deineadh lucht na sgol na
leabhair d'áireamh i gcóir na sgol mar sin, agus ní dheinim dabht ná go ndéan-
faidh Muinntir na Leabhar a gcion féin gan ró-mhoill chun na leabhar do chur i
n-oireamhaint dos na sgolaibh. Agus ar an adhbhar sin, 'sé chómhairleóghainn-se
— muintir na Gaedhilge do dhul chun cainnte le muintir na mbórd, — gach bórd
aca fé leith, — agus a chur ar a súilibh dóibh nach fuil "Fir Éireann" sásta le
gan scríbinní an Athar Pheadair d'á léigheamh ag leanbhaibh Éireann. 'Sé mo
thuairim go ndéanfadh muintir na mbórd rud ar Fhearaibh Éireann.



"MARBHÁN".






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services