Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Spailpín Fánach. (ar leanamhaint).
Title
Spailpín Fánach. (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Spailpín Fánach. MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh. CAIB. III. (Ar leanamhaint). "Rud beag biorrach é, ní hé an searrach é, tá féasóg air, 's ní hé an gabhar é. Cad é sin anois?" "Níl fhios agam," ar Mártín, "acht má táir ag lorg eoluis seo pas duit a réidhteochaidh gach bealach duit: "'Sé ainm an duine seo Donnchadh Ó Dúbhartaigh, Bíonn sé 'g sodar 's a bhrollach gan dúnadh, Ní dheineann sé dochair i mbaile ná 'ndúthaigh, Sgaoiligidh tharaibh an breallach gan mhúineadh." Tháinig racht gáiridhe ar an gCrobhaltach. "Fad-saoghail chughat," ar seisean. "Agus tá sé chomh maith againn an sgéal só do shocrughadh anois. Deir tusa gur shaothruighis an t-airgead so; a Dhonnchadh, cá bhfuairis-se an t-airgead?" "Duine-uasal a bhí ar bórd luinge do thug dam mar luach saothair é. Do thuit sé sa bhfairge agus do phreab mise 'na dhiaidh agus chongbhaigh mé ós cionn uisge é nó gur deineadh fóir- ithin orainn." "Éistidh liom-sa" ar an Crobhaltach, "tá éileamh agaibh araon ar an airgead; éilmhighim-sa an tríomhadh cuid de mar ní fheadar cia leis é. Is amhlaidh caithfear an cheist do réidhteach an t-airgead go léir do chur ar chluiche chártaidhe. Ní dhéanfaidh na cártaidhe éagcóir ar aoinne. Imreochaimíd ár dtriúr trí chluiche; an té is lugha áireamh caithfidh sé tabhairt suas, agus leigint do'n bheirt eile é dh'imirt i dtrí chluiche; an té bhuaidhfidh dhá chluiche as na trí chluichíbh sin is leis an t-airgead. Cad deir tú leis sin, a Dhonncadh, an bhfuil ceart agus cóir leis an moladh soin?" "Ní fhéadfaidhe ceart cóir ná cothrom do dheanamh níos fearr." "Agus cad deir tusa leis, a fhir bhig?"
"Deirim-se leat ná fuil ceart cóir na cothrom ann damh-sa. Do thuill mise an t-airgead soin le allus mo chnámh agus sibh-se araon ar bhur soghmas sa mbothán so. Tá mo bhean agus mo leanbhaidhe bochta ag fuireach ar mo theacht ar ais a bhaile chúcha marab amhlaidh tá siad caillte leis an ocras cheana. An leigfeá dham a gcuid do chur ar chluiche cártaidhe, nó an duine daonda thú i n-aon chor?" "Féach, a dhuine," ar an Crobhaltach, "is cearrbhach mise, agus ní dheárnadh mé féin ná na cártaidhe éagcóir ar aoinne riamh. Má's leat an t-airgead ní baoghal duit. Caithfidh tú é fhágaint fe sna cártaidhibh anois, níl dul as agat. CAIB. IV. "An mhuileat mhaol a mheilt, An cuireat caol a cheilt." Rug an Crobhaltach ar an mbórd agus do shocruigh é ar aghaidh na teine amach, do las coinneal agus do chaith paca cártaidhe ar an gclár. Do shuidh féin ag ceann an bhúird agus do chuir Donnchadh ar a láimh dheis agus Máirtín ar a láimh chlé. "An té dhéanfaidh éagcóir ar na cártaidhibh díolfaidh sé as," ar seisean. Do chóimhrimh sé na cártaidhe agus do shuathaidh iad agus do leag ar lár an bhúird iad. "Deighilimís." Bhaineadar díobh: deich muileat ag an gCrobhaltach, a dó triuch ag Máirtín, rí spéireat ag Donnchadh. Ba le Máirtín an chéad riar. Do dhein sé na cártaidhe agus do dheighil an Crobhaltach iad. Do riar sé annsain iad agus d'iompuigh mádh, .i. rí airt. Do ghabh gach fear a bheart féin de réir mar thuit luighe na birte air nó go raibh beart an duine aca. Do rug Máirtín an dá bheart eile. "Fiche annso," ar Máirtín. Do riar Donnchadh na cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon a muileat. "Fáinne óir ort," ar an Crobhaltach. "Fáinne gan seod," ar Donnchadh. D'iompuigh Máirtín a chuid chártaidhe béal fútha ar an mbórd.
"Comharthaidhe, an eadh?" ar seisean. "Agus an é seo an fuadar cirt atá fúibh?" "Is maith an sgéal mé," ar an Crobhaltach. "Ba chóir dom mo bhéal do chongbháil 'na chomhnuidhe, acht bheirim duit briathar an tseana-chearrbhaigh ná fuil comharthaidhe ar bith eadrainn". Do chromadar ar an imirt arís. Do dhíol Donnchadh as an aon. Bhí an cuireat agus a haon a hairt ag Máirtín. Ghabh- adar trí bearta díreach mar do dheineadar cheana. D'imir Donnchadh aon a muileat agus do ghabh Máirtín an bheart soin leis an gcuireat. Do rug Donnchadh an bheart deireannach le sean-drabh de triuch. "Fiche, dhá dheich," ar an Crobhaltach, agus do dhein sé na cártaidhe, agus do riar iad. Rug sé féin agus Máirtín dá bheart do'n duine, ní bhfuair Donnchadh acht aon bheart amháin don chor soin. "Úd fiche, agus deich, agus beidh luighe na birte ar an úd. Seachain, a Dhonnchaidh." Do shuathaigh Máirtín na cártaidhe go maith agus do dhein riaradh. D'iompuigh rí triuch. Bhí an t-aon ag Máirtín agus do sháthaidh an Crobhaltach a haon a hairt chuige isteach. Bhí Máirtín ag breathnughadh a chod' chártaidhe féin féachaint cad do chuirfeadh sé síos, agus ní raibh fhois aige cia de'n bheirt a thug a haon a hairt. "Cad a tháinig ó bhonn?" ar seisean. "Tabhair aire do'n chlár," ar an Crobhaltach. Ní fheidir sé cad ba cheart dho a chaitheamh. Fé dheire cheap sé go mb'fhearra dho mádh do sgaoileadh uaidh ar eagla go gceilfeadh sé ar aon a hairt agus go gcrochfaidhe é. Do chaith sé an t-aon. Do sgairt an bheirt eile amach ar gháiridhe agus ba shearbhusach é Máirtín de féin. D'imir an Crobhaltach rí muileat, chuir Máirtín muileat air agus ní raibh breith na beirte sin ag Donnchadh. In san chéad turus eile do chur Máirtín an rí chuige. Annsain do leag Máirtín rí airt ar an gCrobhaltach, agus do bhain sé sin géim as mar ní raibh aige acht an cíoná agus b'éigean do sgaramhaint leis. Bhí bainríoghain triuch ag Máirtín agus do bhuaidh sé an chéad chluiche leis. "Ní bhíonn ádh ar an gcéad chluiche," ar Donnchadh. "Ní raibh an t-ádh ar an té chaill é," ar Máirtín.
Do luigheadar leis an imirt arís agus do tháinig an mí-ádh ar Mháirtín. D'éirigh le Donnchadh an tarna cluiche agus leis an gCrobhalthach an tríomhadh cluiche do ghnóthughadh, agus ba é an t-áireamh aca é ar chríochnughadh an chluiche dheireannaigh, acht; An cluiche ag an gCrobhaltach, úd ag Donnchadh, agus deich ag Máirtín. Bhí Máírtín bocht caithte. Bhí sé caithte as a chuid airgid le "ceart chártaidhe." "Acht tagann maith le cáirde agus grásta le foidne," agus cheap Máirtín má bhí aon bhearna amháin dúnta air go n-osglóchadh Dia bearna eile dhó. Bhí an baitín draighin sa chúinne. Do thosnuigh an bheirt eile ar an imirt annsoin. Do bhuaidh gach duine aca a chluiche riartha de ghlan-rian. Bhí cluiche eile le himirt. Do shuathaigh Donnchadh na cártaidhe agus do riar iad. Beag nár bhain sé an cluiche buidhe asta dho féin; ní raibh i n-easnamh air acht an cíoná agus bhí sé sin ag an gCrobhaltach. "Fiche chum an airgid," ar Donnchadh, agus bhí critheán 'na láimh le neart sainnte: D'imrigheadar arís; do ghnóthuigh an Crobhaltach bun. In san dá dhul 'na dhiaidh sin dheineadar bun an duine, ionnus go rabhadar dá úd chum an airgid. Do dhein an Crobhaltach na cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon a spéireat, agus do dhein díol as. Bhí trí cinn de lag-mhádhaibh eile aige. Rug sé dhá bheart, do rug Donnchadh an tríomhadh beart agus do thug an cíoná. Annsoin do thug Donnchadh a haon a hairt. Do shíl Máirtín go raibh buaidhte ag Donnchadh acht níorbh' é sin do'n Chrobhaltach é. Ní raibh néal ar bith ar a shúil sin. Do stad sé de'n imirt agus do thóg an t-aon a hairt 'na láimh agus do bhreathnuigh go géar é. Annsoin do chuardaigh sé an paca gur chaith sé asta a haon a hairt. D'éirigh dearg-bhuile air. "Cá bhfuairis é sin?" ar seisean. "Uait-se," ar Dhonnchadh. "Tá tú dearg bhréagach a bhitheamhnaigh, ní lem' phaca-sa é sin i n-aon chor. Is léir dam anois, a dhuine bhig mhacánta, gur deineadh an éagchóir ort. D'imirighis na cártaidhe go fearamhail macánta, níor thugais tarcuisne ná droch-mheas dóibh. Acht maidir leat-sa a mhic na croiche," ar sé le Donnchadh, "ní
lugha liom an sioc ná an smulc bradach atá ort; bailigh leat as mo radharc, a shomacháin ghránda leag-bheartaigh, sula ngeobhaidh me do chosaibh ionnat. Do leithéid-se de chleiteachán a bheith a leigint ort gur cearrbhach tu! Faire go deo!" D'éirigh Donnchadh 'na sheasamh, agus faghairt 'na shúil. Bhí sé ar thí labhartha an tan do phreab Máirtín 'na sheasamh. "Éist do bhéal, a ropaire!" ar seisean, agus do dhranntaigh sé an bata isteach sa chlab ar Dhonnchadh. Annsoin dob' eadh d'éirigh an t-ár. CAIB. V. "Do ghlac Oscur goimh. 's fraoch 'S do thóg a lann lán-bhuadhach Le mire meanman 's neart lámh Gur theilg fó lár Meargach cruaidh." Bhí cochal ar Mháirtín. B'ait leis sásamh do bhaint as Donnchadh mar gheall ar a ndearnadh sé air féin. Do phreab Donnchadh i leath-taoibh agus do tharraing anuas claidheamh chuige as frathachaibh an tighe, agus má dhein, do dhein an Crobhaltach an rud céadna. Do thug Donnchadh rop de'n chlaidheamh fé Mháirtín acht níor ghoin sé é mar do choisg an Crobhaltach an buille. "Tá droch-fhuadar fút," ar an Crobhaltach. "Druid uaim amach nó bainfidh duit," arsa Donnchadh go nimhneach tre n-a fhiaclaibh. Acht ní thabharfadh an Crobhaltach cead a chinn do agus óir ná tabharfadh do thug Donnchadh aghaidh air féin. Do dhruid Máirtín uatha i leath-taobh agus d'fhág faid agus leithead an urláir aca. D'ionnsuigheadar a chéile go tréan neamh-eaglach, agus ba hiad a bhí láidir cliste. Má bhí faobhar ar na claidhmhtibh bhí faobhar agus cruadhas ins na fearaibh. Do leangadar a chéile síos suas ar fhaid an urláir ó theallach go dorus agus ó'n dtáirsigh, ar ais go leic na teine agus anonn 's anall gan díth sos na suaimhneas do thabhairt d'á chéile sa gcomhrac. Do sheasaimh Máirtín annsoin ag faireadh ortha agus iongantas air mar ní fhaca sé a leithéid de throid riamh. Bhí cuma sheannda ar an gCrobhaltach acht má bhí féin bhí sé cumasach cliste lúthmhar glic. Ní mór ná go raibh na cosa chomh tapa agus chomh aicillidhe fé agus do bhíodar fé Dhonnchadh féin. Bí neart agus fuinneamh 'na chuislinn, agus tapa agus stuaim
agus meanm ann. Níor tháire do Dhonnchadh é. Bhí an óige aige sin, agus ní raibh ceal meisnigh air, agus 'na bhfochair sin do bhí lonus an leomhain ann. Bhíodar araon cliste gasta, agus ní fheidir Máirtín cé aca a bhuaidhfeadh ar an bhfear eile. Bhíodar tamall maith ó n-a chéile agus na claidhmhte sínte amach agus iad araon i dtaca ceart troda. Bhí gach duine aca bailighthe crapaighthe le chéile ionnus go raibh dronn thiar ar chaol a dhroma aige. Ní raibh céim dá tabhairt ar aghaidh ag duine aca ná raibh a chomh-fhaid de chéim ag an bhfear eile dá tabhairt i ndiaidh a chúil — uaireanta do théidis ar aghaidh agus ar gcúl de phreab aibidh lúthmhar agus uaireanta eile ní dheinidís acht an chos do thógaint go socair — ní raibh sáth buille ná béim ag duine aca ná raibh cleas a gcosgtha ag an bhfear eile. Bhí na claidhmhte dá gcasadh, dá lúbadh, dá sáthadh agus dá dtarraingt go mear aca. B'fhuruis aithne do Mháirtín go rabhadar an-oilte ar an gclaidheamh agus gurab é an fuadar a bhí fútha bás anobadh do thabhairt dá chéile. Géilleadh na locadh ní dhéanfadh ceachtar aca. Bhí cuma mhalluighthe millteach ar Dhonnchadh. Bhí na súile dubha ag lonnradh 'ná cheann mar bheadh súile naithreach, agus leath- sgamh ar a bhéal agus na fiacla nochtuighte aige agus an fhéasóg 'na seasamh ar a phus. Bhí eagla ag teacht ar Mháirtín go mbuaidhfeadh an óige ar an gcríne, agus go mba chruaidh dho féin annsoin. Do bheartaigh sé an réidhteach do dheanamh, acht ní thagann fear an eadragáin as. "Stadaidh," ar seisean, "an airigheann sibh libh mé? Stadaidh." Rug sé ar a bhata agus do sháthaidh isteach é, agus do chrom ar na claidhmhtibh do bhualadh. Bhí sé 'na sheasamh ar taobh thiar de Donnchadh. Do thug Donnchadh léim i ndiaidh a chúil agus d'aimsidh Máirtín i gclár an éadain le urlann an chlaidhimh agus do thug ceart a dhroma dhó ar an urlár. Annsoin do theanntuigh sé an Crobhaltach isteach fé'n gclabhradh nó gur bhuail iosgadaidhe an Chrobhaltaigh fé stól agus gur cuireadh ar fhleasg a dhroma é. Le linn tuitim do'n Chrobhaltach d'éirigh Máirtín agus fuil go troigh leis. Shíl sé go raibh sé millte ar fad, agus do ghabh fearg agus fraoch é. Bhí an claidheamh agá dhíriughadh ag Donnchadh ar chroidhe an Chrobhaltaigh an tan do bhain Máirtín fuaim as an leath-ceann aige le buille dá bhata. Chuir an buille sin 'na chomhnuidhe é go ceann tamaill.
Nuair a tháinig sé chuige féin arís ní troid a bhí ag déanamh tinnis do. Bhí dubhdán 'na cheann aige agus fuil go flúirseach leis. Chuaidh an Crobhaltach amach fé'n gcnoc, agus fuar slán- lus agus do chogain é agus do chuir an luibh leis na créachtaibh a bhí ar an mbeirt eile. Annsoin d'éirigh Donnchadh agus do thug a bhóthar air, gan oiread agus aon fhocal amháin a labhairt. (Ní chríoch.) FÉILIRE NA GAEDHILGE, 1908. Tá ár bhféilire-na ar fagháil anois agus é go greanta is go taidhseach fé mar is gnáth leis. Tá rian láimhe an Bhuachaillín Bhuidhe air; agus dálta an fhile, má táid siad araon buidhe "tá croidhe geal aca." Tá mórchuid eóluis i dtaobh Chonnradh na Gaedhilge i bhFéilire na bliadhna so, eólus gur minic a bhí sé i n-easnamh orainn féin is ar lucht ár n-aitheantuis. Ní'l craobh dá mbain- eann leis an gConnradh ná fuil a ainm is ainm a rúnuidhe is a sheóladh go beacht agus go slachtmhar ann. Déanfaidh soin áis do rúnuidhthibh Feiseann is do lucht siopaí, &rl. Ní fuláir nó beidh ceannach mór air, ar shon go mb'fhéidir gur mhór le na lán réal a thabhairt air. An Cló-Chumann a chuir i gcló é, agus ní miste a rádh na gur dheineadar a gcion go maith is go cúramach. T.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services