Spailpín Fánach.
MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh.
CAIB. III.
(Ar leanamhaint).
"Rud beag biorrach é, ní hé an searrach é, tá féasóg air, 's 
ní hé an gabhar é.  Cad é sin anois?" 
"Níl fhios agam," ar Mártín, "acht má táir ag lorg eoluis 
seo pas duit a réidhteochaidh gach bealach duit: 
"'Sé ainm an duine seo Donnchadh Ó Dúbhartaigh,
Bíonn sé 'g sodar 's a bhrollach gan dúnadh,
Ní dheineann sé dochair i mbaile ná 'ndúthaigh,
Sgaoiligidh tharaibh an breallach gan mhúineadh."
Tháinig racht gáiridhe ar an gCrobhaltach.
"Fad-saoghail chughat," ar seisean.  "Agus tá sé chomh maith 
againn an sgéal só do shocrughadh anois.  Deir tusa gur 
shaothruighis an t-airgead so; a Dhonnchadh, cá bhfuairis-se an 
t-airgead?" 
"Duine-uasal a bhí ar bórd luinge do thug dam mar luach 
saothair é.  Do thuit sé sa bhfairge agus do phreab mise 'na 
dhiaidh agus chongbhaigh mé ós cionn uisge é nó gur deineadh fóir-
ithin orainn." 
"Éistidh liom-sa" ar an Crobhaltach, "tá éileamh agaibh 
araon ar an airgead; éilmhighim-sa an tríomhadh cuid de mar ní 
fheadar cia leis é.  Is amhlaidh caithfear an cheist do réidhteach 
an t-airgead go léir do chur ar chluiche chártaidhe.  Ní dhéanfaidh 
na cártaidhe éagcóir ar aoinne.  Imreochaimíd ár dtriúr trí 
chluiche; an té is lugha áireamh caithfidh sé tabhairt suas, agus 
leigint do'n bheirt eile é dh'imirt i dtrí chluiche; an té bhuaidhfidh 
dhá chluiche as na trí chluichíbh sin is leis an t-airgead.  Cad deir 
tú leis sin, a Dhonncadh, an bhfuil ceart agus cóir leis an moladh 
soin?" 
"Ní fhéadfaidhe ceart cóir ná cothrom do dheanamh níos 
fearr." 
"Agus cad deir tusa leis, a fhir bhig?"
 
"Deirim-se leat ná fuil ceart cóir na cothrom ann damh-sa. 
Do thuill mise an t-airgead soin le allus mo chnámh agus sibh-se 
araon ar bhur soghmas sa mbothán so.  Tá mo bhean agus mo 
leanbhaidhe bochta ag fuireach ar mo theacht ar ais a bhaile chúcha 
marab amhlaidh tá siad caillte leis an ocras cheana.  An leigfeá 
dham a gcuid do chur ar chluiche cártaidhe, nó an duine daonda 
thú i n-aon chor?" 
"Féach, a dhuine," ar an Crobhaltach, "is cearrbhach mise, agus 
ní dheárnadh mé féin ná na cártaidhe éagcóir ar aoinne riamh. 
Má's leat an t-airgead ní baoghal duit.  Caithfidh tú é fhágaint 
fe sna cártaidhibh anois, níl dul as agat. 
CAIB. IV.
"An mhuileat mhaol a mheilt,
An cuireat caol a cheilt."
Rug an Crobhaltach ar an mbórd agus do shocruigh é ar aghaidh 
na teine amach, do las coinneal agus do chaith paca cártaidhe 
ar an gclár.  Do shuidh féin ag ceann an bhúird agus do chuir 
Donnchadh ar a láimh dheis agus Máirtín ar a láimh chlé. 
"An té dhéanfaidh éagcóir ar na cártaidhibh díolfaidh sé as," 
ar seisean. 
Do chóimhrimh sé na cártaidhe agus do shuathaidh iad agus do 
leag ar lár an bhúird iad. 
"Deighilimís."
Bhaineadar díobh: deich muileat ag an gCrobhaltach, a dó 
triuch ag Máirtín, rí spéireat ag Donnchadh.  Ba le Máirtín an 
chéad riar.  Do dhein sé na cártaidhe agus do dheighil an 
Crobhaltach iad.  Do riar sé annsain iad agus d'iompuigh mádh, 
.i. rí airt.  Do ghabh gach fear a bheart féin de réir mar thuit 
luighe na birte air nó go raibh beart an duine aca.  Do rug 
Máirtín an dá bheart eile. 
"Fiche annso," ar Máirtín.
Do riar Donnchadh na cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon 
a muileat. 
"Fáinne óir ort," ar an Crobhaltach.
"Fáinne gan seod," ar Donnchadh.
D'iompuigh Máirtín a chuid chártaidhe béal fútha ar an mbórd.
 
"Comharthaidhe, an eadh?" ar seisean.  "Agus an é seo an 
fuadar cirt atá fúibh?" 
"Is maith an sgéal mé," ar an Crobhaltach.  "Ba chóir dom 
mo bhéal do chongbháil 'na chomhnuidhe, acht bheirim duit briathar an 
tseana-chearrbhaigh ná fuil comharthaidhe ar bith eadrainn". 
 
Do chromadar ar an imirt arís.  Do dhíol Donnchadh as an 
aon.  Bhí an cuireat agus a haon a hairt ag Máirtín.  Ghabh-
adar trí bearta díreach mar do dheineadar cheana.  D'imir 
Donnchadh aon a muileat agus do ghabh Máirtín an bheart soin 
leis an gcuireat.  Do rug Donnchadh an bheart deireannach le 
sean-drabh de triuch. 
"Fiche, dhá dheich," ar an Crobhaltach, agus do dhein sé na 
cártaidhe, agus do riar iad.  Rug sé féin agus Máirtín dá 
bheart do'n duine, ní bhfuair Donnchadh acht aon bheart amháin don 
chor soin. 
"Úd fiche, agus deich, agus beidh luighe na birte ar an úd. 
Seachain, a Dhonnchaidh." 
Do shuathaigh Máirtín na cártaidhe go maith agus do dhein 
riaradh.  D'iompuigh rí triuch.  Bhí an t-aon ag Máirtín agus 
do sháthaidh an Crobhaltach a haon a hairt chuige isteach.  Bhí 
Máirtín ag breathnughadh a chod' chártaidhe féin féachaint cad do 
chuirfeadh sé síos, agus ní raibh fhois aige cia de'n bheirt a 
thug a haon a hairt. 
"Cad a tháinig ó bhonn?" ar seisean.
"Tabhair aire do'n chlár," ar an Crobhaltach.
Ní fheidir sé cad ba cheart dho a chaitheamh.  Fé dheire cheap sé 
go mb'fhearra dho mádh do sgaoileadh uaidh ar eagla go gceilfeadh 
sé ar aon a hairt agus go gcrochfaidhe é.  Do chaith sé an t-aon. 
Do sgairt an bheirt eile amach ar gháiridhe agus ba shearbhusach é 
Máirtín de féin.  D'imir an Crobhaltach rí muileat, chuir 
Máirtín muileat air agus ní raibh breith na beirte sin ag 
Donnchadh.  In san chéad turus eile do chur Máirtín an rí chuige. 
Annsain do leag Máirtín rí airt ar an gCrobhaltach, agus do 
bhain sé sin géim as mar ní raibh aige acht an cíoná agus b'éigean 
do sgaramhaint leis.  Bhí bainríoghain triuch ag Máirtín agus do 
bhuaidh sé an chéad chluiche leis. 
"Ní bhíonn ádh ar an gcéad chluiche," ar Donnchadh.
"Ní raibh an t-ádh ar an té chaill é," ar Máirtín. 
 
Do luigheadar leis an imirt arís agus do tháinig an mí-ádh ar 
Mháirtín.  D'éirigh le Donnchadh an tarna cluiche agus leis an 
gCrobhalthach an tríomhadh cluiche do ghnóthughadh, agus ba é an 
t-áireamh aca é ar chríochnughadh an chluiche dheireannaigh, acht; 
An cluiche ag an gCrobhaltach, úd ag Donnchadh, agus deich ag 
Máirtín. 
Bhí Máírtín bocht caithte.  Bhí sé caithte as a chuid airgid le 
"ceart chártaidhe."  "Acht tagann maith le cáirde agus grásta 
le foidne," agus cheap Máirtín má bhí aon bhearna amháin dúnta 
air go n-osglóchadh Dia bearna eile dhó.  Bhí an baitín draighin sa 
chúinne. 
Do thosnuigh an bheirt eile ar an imirt annsoin.  Do bhuaidh 
gach duine aca a chluiche riartha de ghlan-rian.  Bhí cluiche 
eile le himirt.  Do shuathaigh Donnchadh na cártaidhe 
agus do riar iad.  Beag nár bhain sé an cluiche 
buidhe asta dho féin; ní raibh i n-easnamh air acht an cíoná agus 
bhí sé sin ag an gCrobhaltach. 
"Fiche chum an airgid," ar Donnchadh, agus bhí critheán 'na 
láimh le neart sainnte: 
D'imrigheadar arís; do ghnóthuigh an Crobhaltach bun.  In san 
dá dhul 'na dhiaidh sin dheineadar bun an duine, ionnus go 
rabhadar dá úd chum an airgid.  Do dhein an Crobhaltach na 
cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon a spéireat, agus do 
dhein díol as.   Bhí trí cinn de lag-mhádhaibh eile aige.  Rug sé 
dhá bheart, do rug Donnchadh an tríomhadh beart agus do thug an 
cíoná.  Annsoin do thug Donnchadh a haon a hairt.  Do shíl 
Máirtín go raibh buaidhte ag Donnchadh acht níorbh' é sin do'n 
Chrobhaltach é.  Ní raibh néal ar bith ar a shúil sin.  Do stad sé 
de'n imirt agus do thóg an t-aon a hairt 'na láimh agus do 
bhreathnuigh go géar é.  Annsoin do chuardaigh sé an paca gur 
chaith sé asta a haon a hairt.  D'éirigh dearg-bhuile air. 
"Cá bhfuairis é sin?" ar seisean.
"Uait-se," ar Dhonnchadh.
"Tá tú dearg bhréagach a bhitheamhnaigh, ní lem' phaca-sa é 
sin i n-aon chor.  Is léir dam anois, a dhuine bhig mhacánta, gur 
deineadh an éagchóir ort.  D'imirighis na cártaidhe go fearamhail 
macánta, níor thugais tarcuisne ná droch-mheas dóibh.  Acht 
maidir leat-sa a mhic na croiche," ar sé le Donnchadh, "ní 
 
lugha liom an sioc ná an smulc bradach atá ort; bailigh leat as 
mo radharc, a shomacháin ghránda leag-bheartaigh, sula ngeobhaidh me 
do chosaibh ionnat.  Do leithéid-se de chleiteachán a bheith a leigint 
ort gur cearrbhach tu!  Faire go deo!" 
D'éirigh Donnchadh 'na sheasamh, agus faghairt 'na shúil.  Bhí sé 
ar thí labhartha an tan do phreab Máirtín 'na sheasamh. 
"Éist do bhéal, a ropaire!" ar seisean, agus do dhranntaigh 
sé an bata isteach sa chlab ar Dhonnchadh.  Annsoin dob' eadh 
d'éirigh an t-ár. 
CAIB. V.
"Do ghlac Oscur goimh. 's fraoch
'S do thóg a lann lán-bhuadhach
Le mire meanman 's neart lámh
Gur theilg fó lár Meargach cruaidh."
Bhí cochal ar Mháirtín.  B'ait leis sásamh do bhaint as 
Donnchadh mar gheall ar a ndearnadh sé air féin.  Do phreab 
Donnchadh i leath-taoibh agus do tharraing anuas claidheamh chuige 
as frathachaibh an tighe, agus má dhein, do dhein an Crobhaltach an rud 
céadna.  Do thug Donnchadh rop de'n chlaidheamh fé Mháirtín acht 
níor ghoin sé é mar do choisg an Crobhaltach an buille. 
"Tá droch-fhuadar fút," ar an Crobhaltach.
"Druid uaim amach nó bainfidh duit," arsa Donnchadh go 
nimhneach tre n-a fhiaclaibh.  Acht ní thabharfadh an Crobhaltach 
cead a chinn do agus óir ná tabharfadh do thug Donnchadh aghaidh 
air féin.  Do dhruid Máirtín uatha i leath-taobh agus d'fhág faid 
agus leithead an urláir aca.  D'ionnsuigheadar a chéile go 
tréan neamh-eaglach, agus ba hiad a bhí láidir cliste.  Má bhí 
faobhar ar na claidhmhtibh bhí faobhar agus cruadhas ins na fearaibh. 
Do leangadar a chéile síos suas ar fhaid an urláir ó theallach 
go dorus agus ó'n dtáirsigh, ar ais go leic na teine agus 
anonn 's anall gan díth sos na suaimhneas do thabhairt d'á chéile 
sa gcomhrac.  Do sheasaimh Máirtín annsoin ag faireadh ortha 
agus iongantas air mar ní fhaca sé a leithéid de throid riamh. 
Bhí cuma sheannda ar an gCrobhaltach acht má bhí féin bhí sé 
cumasach cliste lúthmhar glic.  Ní mór ná go raibh na cosa chomh 
tapa agus chomh aicillidhe fé agus do bhíodar fé Dhonnchadh féin. 
Bí neart agus fuinneamh 'na chuislinn, agus tapa agus stuaim 
 
agus meanm ann.  Níor tháire do Dhonnchadh é.  Bhí an óige aige 
sin, agus ní raibh ceal meisnigh air, agus 'na bhfochair sin do bhí 
lonus an leomhain ann.  Bhíodar araon cliste gasta, agus 
ní fheidir Máirtín cé aca a bhuaidhfeadh ar an bhfear eile. 
Bhíodar tamall maith ó n-a chéile agus na claidhmhte sínte amach 
agus iad araon i dtaca ceart troda.  Bhí gach duine aca 
bailighthe crapaighthe le chéile ionnus go raibh dronn thiar ar chaol 
a dhroma aige.  Ní raibh céim dá tabhairt ar aghaidh ag duine 
aca ná raibh a chomh-fhaid de chéim ag an bhfear eile dá tabhairt 
i ndiaidh a chúil — uaireanta do théidis ar aghaidh agus ar gcúl de 
phreab aibidh lúthmhar agus uaireanta eile ní dheinidís acht an chos 
do thógaint go socair — ní raibh sáth buille ná béim ag duine aca 
ná raibh cleas a gcosgtha ag an bhfear eile.  Bhí na claidhmhte dá 
gcasadh, dá lúbadh, dá sáthadh agus dá dtarraingt go mear aca. 
B'fhuruis aithne do Mháirtín go rabhadar an-oilte ar an 
gclaidheamh agus gurab é an fuadar a bhí fútha bás anobadh do 
thabhairt dá chéile.  Géilleadh na locadh ní dhéanfadh ceachtar aca. 
Bhí cuma mhalluighthe millteach ar Dhonnchadh.  Bhí na súile dubha 
ag lonnradh 'ná cheann mar bheadh súile naithreach, agus leath-
sgamh ar a bhéal agus na fiacla nochtuighte aige agus an fhéasóg 
'na seasamh ar a phus.  Bhí eagla ag teacht ar Mháirtín go 
mbuaidhfeadh an óige ar an gcríne, agus go mba chruaidh dho féin 
annsoin.  Do bheartaigh sé an réidhteach do dheanamh, acht ní 
thagann fear an eadragáin as. 
"Stadaidh," ar seisean, "an airigheann sibh libh mé? 
Stadaidh."  Rug sé ar a bhata agus do sháthaidh isteach é, agus 
do chrom ar na claidhmhtibh do bhualadh.  Bhí sé 'na sheasamh ar 
taobh thiar de Donnchadh.  Do thug Donnchadh léim i ndiaidh a chúil 
agus d'aimsidh Máirtín i gclár an éadain le urlann an chlaidhimh 
agus do thug ceart a dhroma dhó ar an urlár.  Annsoin do 
theanntuigh sé an Crobhaltach isteach fé'n gclabhradh nó gur bhuail 
iosgadaidhe an Chrobhaltaigh fé stól agus gur cuireadh ar fhleasg 
a dhroma é.  Le linn tuitim do'n Chrobhaltach d'éirigh Máirtín 
agus fuil go troigh leis.  Shíl sé go raibh sé millte ar fad, agus 
do ghabh fearg agus fraoch é.  Bhí an claidheamh agá dhíriughadh ag 
Donnchadh ar chroidhe an Chrobhaltaigh an tan do bhain Máirtín 
fuaim as an leath-ceann aige le buille dá bhata.  Chuir an buille 
sin 'na chomhnuidhe é go ceann tamaill. 
 
Nuair a tháinig sé chuige féin arís ní troid a bhí ag déanamh 
tinnis do.  Bhí dubhdán 'na cheann aige agus fuil go flúirseach 
leis.  Chuaidh an Crobhaltach amach fé'n gcnoc, agus fuar slán-
lus agus do chogain é agus do chuir an luibh leis na créachtaibh 
a bhí ar an mbeirt eile.  Annsoin d'éirigh Donnchadh agus do 
thug a bhóthar air, gan oiread agus aon fhocal amháin a labhairt. 
(Ní chríoch.)
FÉILIRE NA GAEDHILGE, 1908.
Tá ár bhféilire-na ar fagháil anois agus é go greanta is go taidhseach fé 
mar is gnáth leis.  Tá rian láimhe an Bhuachaillín Bhuidhe air; agus dálta an 
fhile, má táid siad araon buidhe "tá croidhe geal aca."  Tá mórchuid eóluis i 
dtaobh Chonnradh na Gaedhilge i bhFéilire na bliadhna so, eólus gur minic a bhí 
sé i n-easnamh orainn féin is ar lucht ár n-aitheantuis.  Ní'l craobh dá mbain-
eann leis an gConnradh ná fuil a ainm is ainm a rúnuidhe is a sheóladh go beacht 
agus go slachtmhar ann.  Déanfaidh soin áis do rúnuidhthibh Feiseann is do lucht 
siopaí, &rl.  Ní fuláir nó beidh ceannach mór air, ar shon go mb'fhéidir gur 
mhór le na lán réal a thabhairt air.  An Cló-Chumann a chuir i gcló é, agus ní 
miste a rádh na gur dheineadar a gcion go maith is go cúramach. 
T.