Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Spailpín Fánach. (ar leanamhaint).

Title
Spailpín Fánach. (ar leanamhaint).
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Spailpín Fánach.



MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh.



CAIB. III.
(Ar leanamhaint).



"Rud beag biorrach é, ní hé an searrach é, tá féasóg air, 's
ní hé an gabhar é. Cad é sin anois?"



"Níl fhios agam," ar Mártín, "acht má táir ag lorg eoluis
seo pas duit a réidhteochaidh gach bealach duit:



"'Sé ainm an duine seo Donnchadh Ó Dúbhartaigh,
Bíonn sé 'g sodar 's a bhrollach gan dúnadh,
Ní dheineann sé dochair i mbaile ná 'ndúthaigh,
Sgaoiligidh tharaibh an breallach gan mhúineadh."



Tháinig racht gáiridhe ar an gCrobhaltach.



"Fad-saoghail chughat," ar seisean. "Agus tá sé chomh maith
againn an sgéal só do shocrughadh anois. Deir tusa gur
shaothruighis an t-airgead so; a Dhonnchadh, cá bhfuairis-se an
t-airgead?"



"Duine-uasal a bhí ar bórd luinge do thug dam mar luach
saothair é. Do thuit sé sa bhfairge agus do phreab mise 'na
dhiaidh agus chongbhaigh mé ós cionn uisge é nó gur deineadh fóir-
ithin orainn."



"Éistidh liom-sa" ar an Crobhaltach, "tá éileamh agaibh
araon ar an airgead; éilmhighim-sa an tríomhadh cuid de mar ní
fheadar cia leis é. Is amhlaidh caithfear an cheist do réidhteach
an t-airgead go léir do chur ar chluiche chártaidhe. Ní dhéanfaidh
na cártaidhe éagcóir ar aoinne. Imreochaimíd ár dtriúr trí
chluiche; an té is lugha áireamh caithfidh sé tabhairt suas, agus
leigint do'n bheirt eile é dh'imirt i dtrí chluiche; an té bhuaidhfidh
dhá chluiche as na trí chluichíbh sin is leis an t-airgead. Cad deir
tú leis sin, a Dhonncadh, an bhfuil ceart agus cóir leis an moladh
soin?"



"Ní fhéadfaidhe ceart cóir ná cothrom do dheanamh níos
fearr."



"Agus cad deir tusa leis, a fhir bhig?"


L. 84


"Deirim-se leat ná fuil ceart cóir na cothrom ann damh-sa.
Do thuill mise an t-airgead soin le allus mo chnámh agus sibh-se
araon ar bhur soghmas sa mbothán so. Tá mo bhean agus mo
leanbhaidhe bochta ag fuireach ar mo theacht ar ais a bhaile chúcha
marab amhlaidh tá siad caillte leis an ocras cheana. An leigfeá
dham a gcuid do chur ar chluiche cártaidhe, nó an duine daonda
thú i n-aon chor?"



"Féach, a dhuine," ar an Crobhaltach, "is cearrbhach mise, agus
ní dheárnadh mé féin ná na cártaidhe éagcóir ar aoinne riamh.
Má's leat an t-airgead ní baoghal duit. Caithfidh tú é fhágaint
fe sna cártaidhibh anois, níl dul as agat.



CAIB. IV.



"An mhuileat mhaol a mheilt,
An cuireat caol a cheilt."



Rug an Crobhaltach ar an mbórd agus do shocruigh é ar aghaidh
na teine amach, do las coinneal agus do chaith paca cártaidhe
ar an gclár. Do shuidh féin ag ceann an bhúird agus do chuir
Donnchadh ar a láimh dheis agus Máirtín ar a láimh chlé.



"An té dhéanfaidh éagcóir ar na cártaidhibh díolfaidh sé as,"
ar seisean.



Do chóimhrimh sé na cártaidhe agus do shuathaidh iad agus do
leag ar lár an bhúird iad.



"Deighilimís."



Bhaineadar díobh: deich muileat ag an gCrobhaltach, a dó
triuch ag Máirtín, rí spéireat ag Donnchadh. Ba le Máirtín an
chéad riar. Do dhein sé na cártaidhe agus do dheighil an
Crobhaltach iad. Do riar sé annsain iad agus d'iompuigh mádh,
.i. rí airt. Do ghabh gach fear a bheart féin de réir mar thuit
luighe na birte air nó go raibh beart an duine aca. Do rug
Máirtín an dá bheart eile.



"Fiche annso," ar Máirtín.



Do riar Donnchadh na cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon
a muileat.



"Fáinne óir ort," ar an Crobhaltach.



"Fáinne gan seod," ar Donnchadh.



D'iompuigh Máirtín a chuid chártaidhe béal fútha ar an mbórd.


L. 85


"Comharthaidhe, an eadh?" ar seisean. "Agus an é seo an
fuadar cirt atá fúibh?"



"Is maith an sgéal mé," ar an Crobhaltach. "Ba chóir dom
mo bhéal do chongbháil 'na chomhnuidhe, acht bheirim duit briathar an
tseana-chearrbhaigh ná fuil comharthaidhe ar bith eadrainn".

Do chromadar ar an imirt arís. Do dhíol Donnchadh as an
aon. Bhí an cuireat agus a haon a hairt ag Máirtín. Ghabh-
adar trí bearta díreach mar do dheineadar cheana. D'imir
Donnchadh aon a muileat agus do ghabh Máirtín an bheart soin
leis an gcuireat. Do rug Donnchadh an bheart deireannach le
sean-drabh de triuch.



"Fiche, dhá dheich," ar an Crobhaltach, agus do dhein sé na
cártaidhe, agus do riar iad. Rug sé féin agus Máirtín dá
bheart do'n duine, ní bhfuair Donnchadh acht aon bheart amháin don
chor soin.



"Úd fiche, agus deich, agus beidh luighe na birte ar an úd.
Seachain, a Dhonnchaidh."



Do shuathaigh Máirtín na cártaidhe go maith agus do dhein
riaradh. D'iompuigh rí triuch. Bhí an t-aon ag Máirtín agus
do sháthaidh an Crobhaltach a haon a hairt chuige isteach. Bhí
Máirtín ag breathnughadh a chod' chártaidhe féin féachaint cad do
chuirfeadh sé síos, agus ní raibh fhois aige cia de'n bheirt a
thug a haon a hairt.



"Cad a tháinig ó bhonn?" ar seisean.



"Tabhair aire do'n chlár," ar an Crobhaltach.



Ní fheidir sé cad ba cheart dho a chaitheamh. Fé dheire cheap sé
go mb'fhearra dho mádh do sgaoileadh uaidh ar eagla go gceilfeadh
sé ar aon a hairt agus go gcrochfaidhe é. Do chaith sé an t-aon.
Do sgairt an bheirt eile amach ar gháiridhe agus ba shearbhusach é
Máirtín de féin. D'imir an Crobhaltach rí muileat, chuir
Máirtín muileat air agus ní raibh breith na beirte sin ag
Donnchadh. In san chéad turus eile do chur Máirtín an rí chuige.
Annsain do leag Máirtín rí airt ar an gCrobhaltach, agus do
bhain sé sin géim as mar ní raibh aige acht an cíoná agus b'éigean
do sgaramhaint leis. Bhí bainríoghain triuch ag Máirtín agus do
bhuaidh sé an chéad chluiche leis.



"Ní bhíonn ádh ar an gcéad chluiche," ar Donnchadh.



"Ní raibh an t-ádh ar an té chaill é," ar Máirtín.


L. 86


Do luigheadar leis an imirt arís agus do tháinig an mí-ádh ar
Mháirtín. D'éirigh le Donnchadh an tarna cluiche agus leis an
gCrobhalthach an tríomhadh cluiche do ghnóthughadh, agus ba é an
t-áireamh aca é ar chríochnughadh an chluiche dheireannaigh, acht;



An cluiche ag an gCrobhaltach, úd ag Donnchadh, agus deich ag
Máirtín.



Bhí Máírtín bocht caithte. Bhí sé caithte as a chuid airgid le
"ceart chártaidhe." "Acht tagann maith le cáirde agus grásta
le foidne," agus cheap Máirtín má bhí aon bhearna amháin dúnta
air go n-osglóchadh Dia bearna eile dhó. Bhí an baitín draighin sa
chúinne.



Do thosnuigh an bheirt eile ar an imirt annsoin. Do bhuaidh
gach duine aca a chluiche riartha de ghlan-rian. Bhí cluiche
eile le himirt. Do shuathaigh Donnchadh na cártaidhe
agus do riar iad. Beag nár bhain sé an cluiche
buidhe asta dho féin; ní raibh i n-easnamh air acht an cíoná agus
bhí sé sin ag an gCrobhaltach.



"Fiche chum an airgid," ar Donnchadh, agus bhí critheán 'na
láimh le neart sainnte:



D'imrigheadar arís; do ghnóthuigh an Crobhaltach bun. In san
dá dhul 'na dhiaidh sin dheineadar bun an duine, ionnus go
rabhadar dá úd chum an airgid. Do dhein an Crobhaltach na
cártaidhe agus d'iompuigh chuige a haon a spéireat, agus do
dhein díol as. Bhí trí cinn de lag-mhádhaibh eile aige. Rug sé
dhá bheart, do rug Donnchadh an tríomhadh beart agus do thug an
cíoná. Annsoin do thug Donnchadh a haon a hairt. Do shíl
Máirtín go raibh buaidhte ag Donnchadh acht níorbh' é sin do'n
Chrobhaltach é. Ní raibh néal ar bith ar a shúil sin. Do stad sé
de'n imirt agus do thóg an t-aon a hairt 'na láimh agus do
bhreathnuigh go géar é. Annsoin do chuardaigh sé an paca gur
chaith sé asta a haon a hairt. D'éirigh dearg-bhuile air.



"Cá bhfuairis é sin?" ar seisean.



"Uait-se," ar Dhonnchadh.



"Tá tú dearg bhréagach a bhitheamhnaigh, ní lem' phaca-sa é
sin i n-aon chor. Is léir dam anois, a dhuine bhig mhacánta, gur
deineadh an éagchóir ort. D'imirighis na cártaidhe go fearamhail
macánta, níor thugais tarcuisne ná droch-mheas dóibh. Acht
maidir leat-sa a mhic na croiche," ar sé le Donnchadh, "ní


L. 87


lugha liom an sioc ná an smulc bradach atá ort; bailigh leat as
mo radharc, a shomacháin ghránda leag-bheartaigh, sula ngeobhaidh me
do chosaibh ionnat. Do leithéid-se de chleiteachán a bheith a leigint
ort gur cearrbhach tu! Faire go deo!"



D'éirigh Donnchadh 'na sheasamh, agus faghairt 'na shúil. Bhí sé
ar thí labhartha an tan do phreab Máirtín 'na sheasamh.



"Éist do bhéal, a ropaire!" ar seisean, agus do dhranntaigh
sé an bata isteach sa chlab ar Dhonnchadh. Annsoin dob' eadh
d'éirigh an t-ár.



CAIB. V.



"Do ghlac Oscur goimh. 's fraoch
'S do thóg a lann lán-bhuadhach
Le mire meanman 's neart lámh
Gur theilg fó lár Meargach cruaidh."



Bhí cochal ar Mháirtín. B'ait leis sásamh do bhaint as
Donnchadh mar gheall ar a ndearnadh sé air féin. Do phreab
Donnchadh i leath-taoibh agus do tharraing anuas claidheamh chuige
as frathachaibh an tighe, agus má dhein, do dhein an Crobhaltach an rud
céadna. Do thug Donnchadh rop de'n chlaidheamh fé Mháirtín acht
níor ghoin sé é mar do choisg an Crobhaltach an buille.



"Tá droch-fhuadar fút," ar an Crobhaltach.



"Druid uaim amach nó bainfidh duit," arsa Donnchadh go
nimhneach tre n-a fhiaclaibh. Acht ní thabharfadh an Crobhaltach
cead a chinn do agus óir ná tabharfadh do thug Donnchadh aghaidh
air féin. Do dhruid Máirtín uatha i leath-taobh agus d'fhág faid
agus leithead an urláir aca. D'ionnsuigheadar a chéile go
tréan neamh-eaglach, agus ba hiad a bhí láidir cliste. Má bhí
faobhar ar na claidhmhtibh bhí faobhar agus cruadhas ins na fearaibh.
Do leangadar a chéile síos suas ar fhaid an urláir ó theallach
go dorus agus ó'n dtáirsigh, ar ais go leic na teine agus
anonn 's anall gan díth sos na suaimhneas do thabhairt d'á chéile
sa gcomhrac. Do sheasaimh Máirtín annsoin ag faireadh ortha
agus iongantas air mar ní fhaca sé a leithéid de throid riamh.
Bhí cuma sheannda ar an gCrobhaltach acht má bhí féin bhí sé
cumasach cliste lúthmhar glic. Ní mór ná go raibh na cosa chomh
tapa agus chomh aicillidhe fé agus do bhíodar fé Dhonnchadh féin.
Bí neart agus fuinneamh 'na chuislinn, agus tapa agus stuaim


L. 88


agus meanm ann. Níor tháire do Dhonnchadh é. Bhí an óige aige
sin, agus ní raibh ceal meisnigh air, agus 'na bhfochair sin do bhí
lonus an leomhain ann. Bhíodar araon cliste gasta, agus
ní fheidir Máirtín cé aca a bhuaidhfeadh ar an bhfear eile.
Bhíodar tamall maith ó n-a chéile agus na claidhmhte sínte amach
agus iad araon i dtaca ceart troda. Bhí gach duine aca
bailighthe crapaighthe le chéile ionnus go raibh dronn thiar ar chaol
a dhroma aige. Ní raibh céim dá tabhairt ar aghaidh ag duine
aca ná raibh a chomh-fhaid de chéim ag an bhfear eile dá tabhairt
i ndiaidh a chúil — uaireanta do théidis ar aghaidh agus ar gcúl de
phreab aibidh lúthmhar agus uaireanta eile ní dheinidís acht an chos
do thógaint go socair — ní raibh sáth buille ná béim ag duine aca
ná raibh cleas a gcosgtha ag an bhfear eile. Bhí na claidhmhte dá
gcasadh, dá lúbadh, dá sáthadh agus dá dtarraingt go mear aca.
B'fhuruis aithne do Mháirtín go rabhadar an-oilte ar an
gclaidheamh agus gurab é an fuadar a bhí fútha bás anobadh do
thabhairt dá chéile. Géilleadh na locadh ní dhéanfadh ceachtar aca.
Bhí cuma mhalluighthe millteach ar Dhonnchadh. Bhí na súile dubha
ag lonnradh 'ná cheann mar bheadh súile naithreach, agus leath-
sgamh ar a bhéal agus na fiacla nochtuighte aige agus an fhéasóg
'na seasamh ar a phus. Bhí eagla ag teacht ar Mháirtín go
mbuaidhfeadh an óige ar an gcríne, agus go mba chruaidh dho féin
annsoin. Do bheartaigh sé an réidhteach do dheanamh, acht ní
thagann fear an eadragáin as.



"Stadaidh," ar seisean, "an airigheann sibh libh mé?
Stadaidh." Rug sé ar a bhata agus do sháthaidh isteach é, agus
do chrom ar na claidhmhtibh do bhualadh. Bhí sé 'na sheasamh ar
taobh thiar de Donnchadh. Do thug Donnchadh léim i ndiaidh a chúil
agus d'aimsidh Máirtín i gclár an éadain le urlann an chlaidhimh
agus do thug ceart a dhroma dhó ar an urlár. Annsoin do
theanntuigh sé an Crobhaltach isteach fé'n gclabhradh nó gur bhuail
iosgadaidhe an Chrobhaltaigh fé stól agus gur cuireadh ar fhleasg
a dhroma é. Le linn tuitim do'n Chrobhaltach d'éirigh Máirtín
agus fuil go troigh leis. Shíl sé go raibh sé millte ar fad, agus
do ghabh fearg agus fraoch é. Bhí an claidheamh agá dhíriughadh ag
Donnchadh ar chroidhe an Chrobhaltaigh an tan do bhain Máirtín
fuaim as an leath-ceann aige le buille dá bhata. Chuir an buille
sin 'na chomhnuidhe é go ceann tamaill.


L. 89


Nuair a tháinig sé chuige féin arís ní troid a bhí ag déanamh
tinnis do. Bhí dubhdán 'na cheann aige agus fuil go flúirseach
leis. Chuaidh an Crobhaltach amach fé'n gcnoc, agus fuar slán-
lus agus do chogain é agus do chuir an luibh leis na créachtaibh
a bhí ar an mbeirt eile. Annsoin d'éirigh Donnchadh agus do
thug a bhóthar air, gan oiread agus aon fhocal amháin a labhairt.



(Ní chríoch.)



FÉILIRE NA GAEDHILGE, 1908.



Tá ár bhféilire-na ar fagháil anois agus é go greanta is go taidhseach fé
mar is gnáth leis. Tá rian láimhe an Bhuachaillín Bhuidhe air; agus dálta an
fhile, má táid siad araon buidhe "tá croidhe geal aca." Tá mórchuid eóluis i
dtaobh Chonnradh na Gaedhilge i bhFéilire na bliadhna so, eólus gur minic a bhí
sé i n-easnamh orainn féin is ar lucht ár n-aitheantuis. Ní'l craobh dá mbain-
eann leis an gConnradh ná fuil a ainm is ainm a rúnuidhe is a sheóladh go beacht
agus go slachtmhar ann. Déanfaidh soin áis do rúnuidhthibh Feiseann is do lucht
siopaí, &rl. Ní fuláir nó beidh ceannach mór air, ar shon go mb'fhéidir gur
mhór le na lán réal a thabhairt air. An Cló-Chumann a chuir i gcló é, agus ní
miste a rádh na gur dheineadar a gcion go maith is go cúramach.



T.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services